{"id":13131,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=13131"},"modified":"2024-04-08T01:13:44","modified_gmt":"2024-04-08T01:13:44","slug":"s-a-o-i-r-s-e-c-a-i-n-t-e","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/s-a-o-i-r-s-e-c-a-i-n-t-e\/","title":{"rendered":"S a o i r s e     C a i n t e"},"content":{"rendered":"<p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">St. Jude\u2019s,<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">B\u00f3thar Phort L\u00e1irge,<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Cill Chainnigh.<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">27. 11. \u201902.<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">A Eagarthoir a chara,<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Alt beag chugat.  N\u2019fheadar an mbeadh aon sp\u00e9is agat ann.  Ag s\u00fail le sc\u00e9ala uait.<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Beir Bua agus Beannacht<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u00f3<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">***************************************************<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">S a o i r s e     C a i n t e .<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">**************************<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Daonlathas at\u00e1 againn sa t\u00edr seo,  agus sa chine\u00e1l sin rialtais, cuirtear saoirs\u00ed faoi leith in \u00e1irithe do shaor\u00e1naigh uilig an St\u00e1it.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">C\u00e9n cine\u00e1l saoirs\u00ed, an ea ?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Saoirse tion\u00f3il, saoirse caidrimh, agus saoirse cainte, na cinn a thagann chun cuimhne, ar an bpointe boise, ach do thuras na huaire seo, is \u00ed an tsaoirse cainte is m\u00f3 a bheidh idir cham\u00e1in agam.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Tuige, an ea?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, chuile thuige, mar i nd\u00e1ir\u00edre,  nach \u00ed an tsaoirse ch\u00e9anna seo bun agus barr an daonlathais.  Mura bhfuil saoirse cainte againn, n\u00ed fi\u00fa an deich triuf ceann ar bith de na saoirs\u00ed eile a ghealltar d\u00fainn sa mBunreacht.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Agus c\u00e9ard \u00e9 go d\u00edreach at\u00e1 i gceist sa tsaoirse iontach seo, a chuireann saoirse cainte in \u00e1irithe don saor\u00e1nach?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">T\u00e1 seo, go ngealltar don saor\u00e1nach, go bhf\u00e9achfaidh an dl\u00ed chuige, go mbeidh cead agus ceart aige a thuairim\u00ed d\u00edlse fh\u00e9in a nochtadh, os \u00edseal, n\u00f3 os ard, chomh fada is nach n-\u00fas\u00e1idtear an tsaoirse sin le huisce faoi thalamh a choth\u00fa i gcoinne an St\u00e1it, n\u00f3 i gcoinne an phobail. Sea, agus chomh fada is nach gcuirtear isteach ar shaoirse \u00e9inne eile.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach, tuige a\u2019 bhfuil t\u00fa ag seinm ar an dt\u00e9ad seo inniu?  Nach bhfuil chuile shaor\u00e1nach s\u00e1sta an ceart sin a bhronnadh ort, agus ar chuile shaor\u00e1nach eile, chomh maith leat?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">B\u2019fh\u00e9idir go bhfuil, agus b\u2019fh\u00e9idir nach bhfuil.  Is d\u00f3cha go mbeadh s\u00e9 n\u00edos c\u00f3ngara\u00ed don bhf\u00edrinne, d\u00e1 nd\u00e9arfainn go bhfuil an St\u00e1t s\u00e1sta an tsaoirse sin a bhronnadh orm, ach an bhfuil chuile shaor\u00e1nach sa St\u00e1t s\u00e1sta a leith\u00e9id c\u00e9anna a dh\u00e9anamh?  D\u00e9arfainn fh\u00e9in nach bhfuil.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Conas a th\u00e1inig t\u00fa ar an tuairim sin?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, n\u00edl le d\u00e9anamh agat ach \u00e9isteacht le daoine ag comhr\u00e1, ar chl\u00e1racha Raidi\u00f3, n\u00f3 ar chl\u00e1racha teilif\u00edse fi\u00fa, agus tabharfaidh t\u00fa fh\u00e9in faoi deara, go bhfuil tuairim\u00ed \u00e1irithe nach bhfuil glacadh ag an bpobal leo, n\u00f3 ag l\u00e1ithreoir\u00ed na gcl\u00e1r \u00fad, d\u00e1 nd\u00e9arfainn \u00e9, ach oiread.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">C\u00e9n cine\u00e1l \u00e1bhair at\u00e1 i gceist agam sa mh\u00e9id sin?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, nach cuimhin leat an chomhairle a thugta\u00ed do dhaoine \u00f3ga, agus iad ag f\u00e1g\u00e1il an bhaile fad\u00f3, le dul ar scoil ch\u00f3naithe, n\u00f3 ag dul amach chun oibre d\u00f3ibh, n\u00f3 roimh dhul ar an mb\u00e1d b\u00e1n n\u00f3 a leith\u00e9id, d\u00f3ibh.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed cuimhin liom go d\u00edreach anois.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, ba \u00e9 adeirt\u00ed leo, n\u00e1 \u00e1bhair \u00e1irithe comhr\u00e1 a sheachaint, \u00e1bhair a raibh baint acu le Creideamh n\u00f3 le Polait\u00edocht, agus d\u00e9arfainn go bhfuil cuid mhaith den bhf\u00edrinne ag baint leis an gcomhairle c\u00e9anna sin, fi\u00fa sa l\u00e1 at\u00e1 inniu fh\u00e9in ann.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach, nach f\u00e9idir le duine rud ar bith is maith leis a r\u00e1 ar chl\u00e1racha raidi\u00f3, n\u00f3 teilif\u00edse, na laethe seo?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">D\u2019fh\u00e9adfadh s\u00e9 go bhfuil, ach m\u00e1 breathna\u00edonn t\u00fa ar ch\u00farsa\u00ed, feicfidh t\u00fa, go n-itear beo beatha\u00edoch an t\u00e9 a dh\u00e9anann iarracht ar thuairim\u00ed \u00e1irithe a chur os comhair an phobail, ar raidi\u00f3, n\u00f3 ar theilif\u00eds, gan tr\u00e1cht in aon chor ar na nuacht\u00e1in, agus go minic, is iad fiacla an l\u00e1ithreora is g\u00e9ire san ithe c\u00e9anna sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Nach bhfuil s\u00e9 deacair sin a chreidi\u00faint sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, agus go h\u00e1irithe, \u00f3 thuigtear do na l\u00e1ithreoir\u00ed c\u00e9anna sin, gurb iad fh\u00e9in t\u00fas agus deireadh na saoirse cainte, agus, ag an am gc\u00e9anna, nach minic a thugann siad ard\u00e1n do bhoic\u00edn\u00ed aite, nach n-\u00e9istfeadh amad\u00e1n an choirn\u00e9il fh\u00e9in leo<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Tagaim leat sa mh\u00e9id sin, go dtugann siad ard\u00e1n do bhoic\u00edn\u00ed aite, gan dabht ar domhan, ach de ghn\u00e1th, cuireann na boic\u00edn\u00ed c\u00e9anna sin tuairim\u00ed aite an l\u00e1ithreora fh\u00e9in os comhair an phobail.  Sea, b\u00edonn cl\u00e1r oibre faoi leith ag na l\u00e1ithreoir\u00ed c\u00e9anna sin, n\u00f3 nach ionann le heaspaig iad, agus iad ag \u00e9isteacht le faoistin\u00ed na cosmhuintire, agus ag cur comhairle orthu, d\u00edreach faoi mar ba shagairt phar\u00e1iste, ar a laghad, iad. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar an dtaobh eile den sc\u00e9al, m\u00e1 dh\u00e9anann tusa iarracht ar thuairim\u00ed nach n-aonta\u00edonn an l\u00e1ithreoir leo, a chur i l\u00e1thair, b\u00ed cinnte, go mbainfear sclaimh asat, agus chomh maith le sin, b\u00ed cinnte freisin, gur gearr go ruaigfear den aer th\u00fa, t\u00fa fh\u00e9in is do thuairim\u00ed coime\u00e1dacha!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sea, ach c\u00e9n cine\u00e1l tuairim\u00ed coime\u00e1dacha at\u00e1 i gceist agam, an ea?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, le blianta fada anois, nach deacair do thuairim\u00ed faoi ch\u00farsa\u00ed n\u00e1isi\u00fanta a nochtadh go neamheaglach, mac\u00e1nta, ar cheann ar bith de na me\u00e1in chumars\u00e1ide.  N\u2019fheadar m\u00e9 anois go d\u00edreach, c\u00e9ard is c\u00fais le sin.  Ach, ar an gc\u00e9ad dul s\u00edos, t\u00e1 fait\u00edos ar dhaoine a dtuairim\u00ed mac\u00e1nta fh\u00e9in a nochtadh, ar eagla go mbainf\u00ed as a gcn\u00e1mha \u00e9, ar ball.  T\u00e1\u2019s ag chuile dhuine againn, nach bhfuil pion\u00f3is phr\u00edobh\u00e1ideacha, thuaidh n\u00f3 theas, thar mholadh beirte, le m\u00e1m maith blianta anois.  T\u00e1\u2019s ag chuile dhuine, go bhfuil pion\u00f3is uaf\u00e1sacha \u00e1 ngearradh ar dhaoine, agus n\u00edlim ag labhairt faoin bpion\u00f3s a ghearann an St\u00e1t, tr\u00edna ch\u00faireanna,  ar dhaoine, ach oiread, ach an pion\u00f3s a ghearann na param\u00edlitigh, ar a mbaill fh\u00e9in, i dtosach, agus ar bhaill an phobail freisin, nuair a bhriseann siad rialacha \u00e1irithe, i measc na cosmhuintire.  Bhuel, anois, n\u00ed go r\u00f3-mhinic a bh\u00edonn tuairisc\u00ed na bpion\u00f3s c\u00e9anna sin le f\u00e1il againn ar na me\u00e1in chumars\u00e1ide.  Sea, agus d\u2019fh\u00e9adf\u00e1 a bheith cinnte dearfa de, gur l\u00fa n\u00e1 sin f\u00f3s, na tagairt\u00ed d\u00f3ibh si\u00fad a ghearrann na pion\u00f3is sin, a bheidh le f\u00e1il agat ar na me\u00e1in.  N\u00edor den ch\u00e9ill \u00e9, a leith\u00e9id a dh\u00e9anamh, b\u00edodh go ngeallann an St\u00e1t saoirs\u00ed d\u00e1 leith\u00e9id d\u00fainn! <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">T\u00e1 \u00e1bhair eile ann freisin, nach maith le daoine a dtuairim\u00ed d\u00edlse fh\u00e9in a nochtadh f\u00fathu.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">C\u00e9n cine\u00e1l \u00e1bhair at\u00e1 i gceist agam, an ea?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, n\u00ed chuile dhuine a nochtfadh tuairim nach mbeadh ag teacht le tuairim\u00ed na gceartchreidmheach, i gc\u00farsa\u00ed creidimh, i gc\u00farsa\u00ed s\u00f3isialta, n\u00f3 i gc\u00farsa\u00ed gn\u00e9is.  N\u00edl dabht ar domhan, ach gur chalma an saighdi\u00fair a raghadh ag arg\u00f3int faoi ch\u00farsa\u00ed gn\u00e9is, ar chl\u00e1r raidi\u00f3, n\u00f3 ar chl\u00e1r teilif\u00edse, agus \u00e9 ag iarraidh dearcadh coime\u00e1dach a chur ar a s\u00faile don lucht \u00e9isteachta.  Chonaic muid uilig an chaoi ar deineadh daoine \u00e1irithe a mhug\u00e1il ar chl\u00e1racha d\u00e1 leith\u00e9id.  Smaoinigh ar an t\u00e9 a bheadh ag iarraidh a chur ina lu\u00ed ar a lucht \u00e9isteachta, n\u00e1r ch\u00f3ir do mhn\u00e1 p\u00f3sta dul amach ag obair! n\u00f3 n\u00e1r ch\u00f3ir do l\u00e1n\u00fanacha aonghn\u00e9is bheith ag iarraidh p\u00f3sadh, n\u00f3 p\u00e1iste a ucht\u00fa, ach oiread, N\u00f3 fi\u00fa, n\u00e1r dheacair an c\u00faram a bheadh ar dhuine, agus \u00e9 ag iarraidh a chur ina lu\u00ed ar a lucht \u00e9isteachta, gur daoine mac\u00e1nta, d\u00edograiseacha, neamhleithleasacha iad, lucht polait\u00edochta.  N\u00e1 s\u00edltear anois go mbeadh fonn orm fh\u00e9in na tuairim\u00ed sin a chur os comhair an phobail, ach n\u00ed chuirfeadh s\u00e9 as dom \u00e9isteacht le duine eile agus \u00e9 ag iarraidh dearcadh d\u00e1 leith\u00e9id a chur ar a chosa, os ard.  Ach s\u00e9 an chaoi a bhfuil c\u00farsa\u00ed anois, n\u00f3 nach dtabharfa\u00ed deis ar bith do dhuine d\u00e1 leith\u00e9id, a dhearcadh, n\u00f3 a chuid arg\u00f3int\u00ed, a shl\u00f3gadh, ar mhachaire na harg\u00f3na, n\u00f3 is amhlaidh a dh\u00e9anfa\u00ed \u00e9 a ionsa\u00ed ar an toirt, ar eagla go mbeadh deis aige dul i gcionn ar an bpobal, nuair ba chiallmhaire, go m\u00f3r fada, deis labhartha a thabhairt d\u00f3, sa chaoi go bhfeicf\u00ed, an raibh ar a chumas a ch\u00e1s a shonr\u00fa agus a chosaint.   <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Is cuimhin liom, blianta \u00f3 shoin, nuair a bh\u00ed lucht Jehovah ag dul timpeall na mbailte, ag iarraidh a soisc\u00e9al a chraobhscaoileadh, i measc daoine, bhuel, ba \u00e9 mo thuairim fh\u00e9in, ag an am, n\u00e1r ch\u00f3ir an cead sin a thabhairt d\u00f3ibh, ach bh\u00ed cara agam, ag an am, agus nuair a dheineamar an sc\u00e9al a ch\u00edoradh, ba \u00e9 an tuairim a bh\u00ed aigesean, n\u00f3 gur ch\u00f3ir l\u00e1nchead a thabhairt d\u00f3ibh a ndearcadh a chur i l\u00e1thair an phobail, cead acusan, ag an bpobal, ansin, glacadh leis, n\u00f3 di\u00falt\u00fa d\u00f3.  Ar ball, thuig m\u00e9 ciall agus eagna an dearcaidh ch\u00e9anna sin.  Anois, n\u00edl dabht ar domhan, ach go dtugann an Bunreacht s\u2019againne an ceart agus an tsaoirse sin d\u00e1r saor\u00e1naigh, ach n\u00ed haon mhaith \u00e9 sin, mura bhfuil na saor\u00e1naigh s\u00e1sta agus toilteanach d\u00e9anamh mar a mholtar d\u00f3ibh sa Bhunreacht c\u00e9anna sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar na mallaibh, th\u00e1inig \u00e1bhar eile os comhair an phobail, \u00e1bhar at\u00e1 i bhfad \u00c9ireann n\u00edos cigilt\u00ed, agus n\u00edos tinnealla\u00ed, f\u00f3s, n\u00e1 na cinn at\u00e1 luaite agam, go nuige seo.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Agus c\u00e9n t-\u00e1bhar \u00e9 fh\u00e9in, in ainm an R\u00ed?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Is d\u00f3cha go bhf\u00e9adfa\u00ed m\u00ed-\u00fas\u00e1id gn\u00e9is, ar dhaoine \u00f3ga, ag baill \u00e1irithe den chl\u00e9ir a ainmni\u00fa anseo.  T\u00e1\u2019s ag madra\u00ed an bhaile fh\u00e9in, faoin am seo, gur tharla a leith\u00e9id, go r\u00e9as\u00fanta forleathan, \u00f3 cheann ceann na t\u00edre seo, agus gur tharla sin, le roinnt mhaith blianta anuas anois.  Gn\u00edomhartha dochosanta iad na gn\u00edomhartha c\u00e9anna sin, agus admha\u00edtear gur deineadh leithcheal trom ar na daoine sin, ar deineadh an mh\u00ed-\u00fas\u00e1id sin orthu, cuma c\u00e9 dh\u00e9anfadh \u00e9, ach t\u00e1 s\u00e9 i bhfad \u00c9ireann n\u00edos measa f\u00f3s nuair a dh\u00e9anann baill den chl\u00e9ir \u00e9, n\u00f3 bh\u00ed de dhualgas ar na daoine c\u00e9anna sin an \u00f3ige a chosaint, agus a gc\u00faram a th\u00f3g\u00e1il orthu fh\u00e9in, agus d\u00e1 bhr\u00ed sin, bh\u00ed de cheart ag an \u00f3ige bheith muin\u00edneach astu.  Ach anois, samhlaigh duit fh\u00e9in duine ar chl\u00e1r teilif\u00edse, n\u00f3 ar chl\u00e1r raidi\u00f3, agus \u00e9 ag iarraidh na baill sin den chl\u00e9ir a chosaint, n\u00f3 a bheith ag iarraidh na hEaspaig a bh\u00ed ina bhfeighil, a chosaint, ach oiread!   An dtabharfa\u00ed deis d\u00f3 a ch\u00e1s a leagan os comhair a lucht \u00e9isteachta, gan cur isteach, gan trasna\u00edl?  Ag magadh f\u00fam at\u00e1 t\u00fa!  D\u2019\u00edosfa\u00ed \u00e9 beo, beatha\u00edoch, gan salann, gan anlann.   <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach, i ndeireadh na d\u00e1la, caithfimid \u00e9isteacht leis an d\u00e1 thaobh den sc\u00e9al, n\u00f3 n\u00ed bheidh s\u00edoch\u00e1in go deo againn n\u00f3 go dtuigfimid bun agus barr, agus fios f\u00e1tha, an sc\u00e9il, \u00f3 th\u00fas deireadh.  N\u00edlim ag ma\u00edomh anois go mbeidh s\u00e9 \u00e9asca sin a dh\u00e9anamh, n\u00f3 n\u00ed bheidh, ach m\u00e1s uainn seolta a ard\u00fa ar\u00eds, agus b\u00f3thar a bhuaileadh chun an dara Earraigh sin at\u00e1 romhainn amach, caithfear rud eic\u00ednt d\u00e1 leith\u00e9id a dh\u00e9anamh.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sea, mh\u2019anam, is crua iad na greamanna ina bhfuil pobal D\u00e9 gafa, i l\u00e1thair na huiare seo, ach m\u00e1 chreidimid an deasc\u00e9al, n\u00ed tr\u00e1th ar bith \u00e9ad\u00f3chais \u00e9, seo an t-am le leorghn\u00edomh a dh\u00e9anamh, maithi\u00fanas a lorg, agus ansin tabhairt faoin todhcha\u00ed go misni\u00fail ar\u00eds, ar lorg an Spioraid.   N\u00edl an dara su\u00ed sa bhuaile againn, ach glacadh leis, go bhfuil buille trom buailte ar an Eaglais Chaitliceach Romh\u00e1nach, agus b\u00edodh go dtugann sin an-deis do dhaoine \u00e1irithe smit\u00edn eile a bhuaileadh uirthi, agus an chloch sa mhainchille a oibri\u00fa uirthi, caithfear glacadh leis, go bhfuil sin uilig tuillte, agus tuillte go maith, aice, ach n\u00e1 caithimis uainn an leanbh in \u00e9ind\u00ed leis an uisce folcaidh.   <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Chun oibre linn, m\u00e1 sea, mar tiocfaidh an dara Earrach sin, mar a bheadh tuar faoin tairngreacht, m\u00e1 t\u00e1 an fonn orainn chuige.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">******************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">******************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>St. Jude\u2019s, B\u00f3thar Phort L\u00e1irge, Cill Chainnigh. 27. 11. \u201902. . A Eagarthoir a chara, Alt beag chugat. N\u2019fheadar an mbeadh aon sp\u00e9is agat ann. Ag s\u00fail le sc\u00e9ala uait. Beir Bua agus Beannacht \u00f3 Peadar Bair\u00e9ad. *************************************************** S a o i r s e C a i n t e . ************************** . Daonlathas [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-13131","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13131","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=13131"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13131\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":13132,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13131\/revisions\/13132"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=13131"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=13131"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=13131"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}