{"id":13139,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=13139"},"modified":"2024-04-08T01:07:28","modified_gmt":"2024-04-08T01:07:28","slug":"s-a-o-l-t-a-a-g-a-t-h-r-u-4","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/s-a-o-l-t-a-a-g-a-t-h-r-u-4\/","title":{"rendered":"S a o l t a    a g     A t h r u"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong>S a o l t a    a g     A t h r \u00fa .<\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong>***********************<\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Nach n\u00e1d\u00fartha an rud \u00e9, an tr\u00e1th seo bliana, agus muid ag bogadh linn go misni\u00fail isteach i mbliain 2002, s\u00fail a chaitheamh siar, ar na hathruithe at\u00e1 tagtha ar an saol, go nuige seo, ach go h\u00e1irithe, \u00f3 thosach na bliana seo 2001, agus nach bhfuil s\u00e9 d\u00edreach chomh n\u00e1d\u00fartha, an ts\u00fail eile a chaitheamh romhainn, f\u00e9achaint cad iad na hathruithe at\u00e1 le teacht, n\u00f3 is f\u00e9idir linn uilig a bheith cinnte de rud amh\u00e1in,  nach bhfanfaidh an saol ina stad, ach go leanfaidh s\u00e9 ag s\u00edor-athr\u00fa \u00f3 l\u00e1 go l\u00e1,  \u00f3 bhliain go ch\u00e9ile, agus \u00f3 aois go haois.   <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">C\u00e9 chreidfeadh, bliain \u00f3 shoin, go leagfa\u00ed na T\u00fair Thr\u00e1d\u00e1la Domhanda sin i gcathair Nua Eabhrac, agus go gcaillf\u00ed na m\u00edlte san \u00e1r gan \u00e1ireamh \u00fad, a imr\u00edodh ar phobal Mheirice\u00e1, ar an l\u00e1 cinni\u00fanach \u00fad an 11, Me\u00e1n F\u00f3mhair, 2001?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">C\u00e9 chreidfeadh, ach oiread, go bhf\u00f3gr\u00f3fa\u00ed cogadh buan ar sceimhlitheoireacht idirn\u00e1isi\u00fanta, de bharr an \u00e1ir ch\u00e9anna sin, gan choinne, a deineadh i dt\u00edr \u00fad na saor?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed g\u00e1 a r\u00e1, nach bhfuil an cogadh sin ach tosaithe, agus n\u2019fheadar \u00e9inne againn go d\u00edreach c\u00e1 bhfuil c\u00f3na\u00ed ar an namhaid, a bhfuiltear sa t\u00f3ir air, sa chogadh neamhghn\u00e1ch seo, n\u00f3 n\u00edl fhios againn, ach oiread, cathain a bheidh an troid sin cr\u00edochnaithe, ach faoi mar at\u00e1 c\u00farsa\u00ed faoi l\u00e1thair, is cos\u00fail go leanfaidh an troid ch\u00e9anna sin p\u00edosa fada eile.  Is d\u00f3cha gurb \u00e9 an cine\u00e1l cogaidh a bheidh ann, n\u00f3 cath \u00e1 chur anseo, agus s\u00edoch\u00e1in tamall d\u00e1 \u00e9is, agus ansin cogadh \u00e1 fh\u00f3gairt san \u00e1it \u00fad eile, go dt\u00ed sa deireadh, go mbeidh cr\u00edoch curtha leis an sceimhlitheoireacht idirn\u00e1isi\u00fanta  sin, a raibh s\u00e9 de chuspoir aici, cos i bpoll a chur leis an tsibhialtacht, faoi mar a bhfuil aithne againne uirthi.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed g\u00e1 a r\u00e1, gur th\u00e1inig athruithe eile ar ch\u00farsa\u00ed, le tamall anuas.  Is d\u00f3cha go bhf\u00e9adfa\u00ed a r\u00e1, gur th\u00e1inig feabhas ar ch\u00farsa\u00ed \u00f3 thuaidh, le scathamh anuas.  N\u2019fheadar an bhfuil baint ar bith ag an gcogadh \u00fad a f\u00f3gra\u00edodh ar an sceimhlitheoireacht idirn\u00e1isi\u00fanta leis an maol\u00fa a th\u00e1inig ar an gcoga\u00edocht \u00f3 thuaidh.  N\u00ed f\u00e9idir a sh\u00e9anadh, ag an am gc\u00e9anna, go bhfuil bu\u00edonta \u00e1irithe ann f\u00f3s, n\u00e1r thug aird d\u00e1 laghad ar pholasa\u00ed Mheirice\u00e1 agus a Chomhghuallaithe Idirn\u00e1isi\u00fanta i leith na sceimhlitheoireachta, mar ghl\u00e9as polait\u00edochta, le troid a chur ar St\u00e1t oifigi\u00fail, a bhfuil aitheantas faighte aige \u00f3n gcomhluadar idirn\u00e1isi\u00fanta.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed g\u00e1 a r\u00e1, ach oiread, go bhfuil athruithe bun\u00fasacha tagtha ar ch\u00farsa\u00ed sa Mhe\u00e1n-Oirthear, \u00f3 th\u00fas na bliana seo, fi\u00fa.  I dt\u00fas na bliana seo, bh\u00ed daoine ag ceapadh, go raibh na triobl\u00f3id\u00ed sa limist\u00e9ar sin ag druidim chun cr\u00edche.  Bh\u00ed iarracht eic\u00ednt \u00e1 d\u00e9anamh le socruithe \u00e1irithe a choimhl\u00edonadh, ar an d\u00e1 thaobh, agus ansin, n\u00edorbh fhada gur cuireadh ar \u00e1r s\u00faile d\u00fainn, nach raibh daoine \u00e1irithe s\u00e1sta leis an m\u00e9id a bh\u00ed le f\u00e1il ag a dtaobh fh\u00e9in, agus n\u00ed raibh bealach ar bith eile acu le tuilleadh a \u00e9ileamh ach tr\u00ed filleadh ar an mbuama agus ar an bpil\u00e9ar.  Pl\u00e9ascadh buama\u00ed i mbailte agus i gcathracha Iosrael, agus mar a tharlaionn i gc\u00e1s d\u00e1 leith\u00e9id, bhain Iosrael d\u00edoltas amach, gan aon r\u00f3-mhoill.  Ba \u00e9 toradh a bh\u00ed ar an nd\u00edoltas sin n\u00f3 tuilleadh buama\u00ed agus tuilleadh pil\u00e9ar.  In olcas at\u00e1 na c\u00farsa\u00ed sin ag dul, i l\u00e1thair na huaire seo, agus leis an sc\u00e9al a dh\u00e9anamh n\u00edos measa f\u00f3s, d\u00e1 bhf\u00e9adfa\u00ed a leith\u00e9id a dh\u00e9anamh, thaobhaigh Uachtar\u00e1n Mheirice\u00e1, George W. Bush, le Rialtas Iosrael, \u00e1 dhearbh\u00fa go raibh an ceart acu smacht a chur ar na sceimhlitheoir\u00ed, agus ag moladh freisin d\u00e1 chomhghuallaithe, c\u00fanamh a thabhairt d\u00f3ibh, sa bhfiontar sin.  B\u2019fh\u00e9idir nach raibh an dara rogha aige, sa ch\u00e1s seo, n\u00f3 d\u00e1 nd\u00e9arfadh s\u00e9 gur ch\u00f3ir d\u2019Iosrael \u00e9ir\u00ed as an gcoga\u00edocht, agus sl\u00ed na s\u00edoch\u00e1na a lorg feasta, d\u2019fh\u00e9adfadh Iosrael a r\u00e1 leis, nach raibh \u00e1 dh\u00e9anamh acusan sa Mhe\u00e1n-Oirthear ach d\u00edreach mar a bh\u00ed \u00e1 dh\u00e9anamh ag an gComhghualla\u00edocht i dt\u00edr na hAfganast\u00e1ine, sin n\u00f3 b\u2019fh\u00e9idir go nd\u00e9arfadh Pr\u00edomhaire Iosrael leis dul ag feada\u00edl!  C\u00e9ard d\u2019fh\u00e9adfadh an tUachtar\u00e1n Bush a dh\u00e9anamh i gc\u00e1s d\u00e1 leith\u00e9id, go h\u00e1irithe, nuair a chuireann t\u00fa san \u00e1ireamh, go bhfuil chuile sheans ann go mbeidh c\u00fanamh Iosrael ag teast\u00e1il go g\u00e9ar uaidh, amach anseo, nuair a bheidh cath eile, sa chogadh i gcoinne na sceimhlitheoireachta idirn\u00e1isi\u00fanta, le bualadh. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Nach ait freisin mar a th\u00e1inig Meirice\u00e1 agus an R\u00fais n\u00edos c\u00f3ngara\u00ed d\u00e1 ch\u00e9ile, le bliain anuas.  I l\u00e1thair na huaire seo, is comhghuallaithe iad, ag cur catha ar fh\u00f3rsa\u00ed na sceimhlitheoireachta idirn\u00e1isi\u00fanta.  B\u00ed ag caint ar athr\u00fa!  N\u00ed hathr\u00fa go dt\u00ed \u00e9!  An t\u00edr a scanraigh an t-anam asainn uilig, ar feadh tarraingt ar dh\u00e1 sc\u00f3r bliain, breathnaigh uirthi anois, agus \u00e1r seasamh uilig uirthi  i gcoinne fh\u00f3rsa\u00ed \u00e1r mbasctha.  Sea, is ait an mac an saol, gan aon ag\u00f3!  Agus nach ait freisin a r\u00e1 is go raibh an domhan i bhfad n\u00edos s\u00e1bh\u00e1ilte, nuair a bh\u00ed na St\u00e1it Aontaithe agus an R\u00fais in adharca a ch\u00e9ile, \u00f3 l\u00e1 go l\u00e1 agus \u00f3 bhliain go bliain!  Tharla sin toisc nach raibh me\u00e1 na cumhachta ag st\u00e1t acu thar an st\u00e1t eile, agus d\u00e1 bharr sin, bh\u00ed eagla orthu, go bhfaigheadh an fear eile an l\u00e1mh in uachtar orthu i gcoimheascar ar bith a tharl\u00f3dh eatarthu.  Sea, agus muidinne ag ceapadh, go mbeadh linn, d\u00e1 bhf\u00e9adfa\u00ed an R\u00fais a chlo\u00ed!  Sea, ait an mac an saol, geallaimse dhuit \u00e9.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Leanamar linn, sa t\u00edr seo, ag f\u00e1il tuilleadh amach faoi na daoine a bh\u00ed thuas, tamall de bhlianta \u00f3 shoin.  De r\u00e9ir a ch\u00e9ile, t\u00e1 s\u00e9 ag \u00e9ir\u00ed soileir, nach raibh i roinnt mhaith d\u00edobh ach scabhait\u00e9ir\u00ed den ch\u00e9ad ghr\u00e1d.  Gan dabht ar domhan, d\u2019\u00e9irigh leo dallamull\u00f3g ceart cr\u00edochnaithe a chur orainn, tr\u00e1th raibh chuile chamasta\u00edl n\u00edos measa n\u00e1 a ch\u00e9ile \u00e9 dh\u00e9anamh acu.  Sea, mh\u2019anam, agus n\u00edorbh iad na sagairt amh\u00e1in a bh\u00ed ag baint a bhfaic amach.  N\u00edorbh ea, muis, bh\u00ed chuile dhream, n\u00edos ghradama\u00ed n\u00e1 a ch\u00e9ile, ag briseadh chuile riail ina mbunreacht fh\u00e9in, ar mhaithe leo fh\u00e9in, faoi mar a dh\u00e9anann an cat cr\u00f3n\u00e1n!  Ach uisce faoin droichead \u00e9 sin uilig anois, agus scaoilimis tharainn \u00e9.<\/p><h1 style=\"text-align:justify;margin-top:12pt;padding-top:0;margin-bottom:3pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:12pt\">B\u2019uaf\u00e1sach an bhliain \u00ed, ar bhealach eile, n\u00f3 c\u00e9 go raibh an t\u00edogar Ceilteach f\u00f3s ag guairdeall thart in\u00e1r measc, agus ag l\u00edonadh spar\u00e1in anseo is ansi\u00fad, ag an am gc\u00e9anna, th\u00e1inig an galar cr\u00fab is b\u00e9il, le sinn a chr\u00e1.  Cuireadh rialacha dochta i bhfeidhm ar fud an St\u00e1it uili<\/span><span style=\"font-size:12pt\">g, agus caithfear a r\u00e1, gur deineadh pobal amh\u00e1in d\u00ednn i gcoinne an anachain, agus de bharr an chur le ch\u00e9ile uilig sin, d\u2019\u00e9irigh linn cosc ioml\u00e1n a chur le leathadh na bhfr\u00edd\u00edn\u00ed diobh\u00e1lacha sin, sa t\u00edr seo.  Ba mh\u00f3r an t-\u00e9acht \u00e9 sin, i dt\u00edr chomh beag leis an t\u00edr s\u2019againne, ach n\u00ed gan dua a deineadh sin,  n\u00f3 chaill roinnt mhaith daoine cib\u00e9 sochar a bhainfeadh siad amach, de ghn\u00e1th, an tr\u00e1th sin bliana, ina n-iarrachtai, le srian a chur le leathadh an ghalair dhiabhalta sin.  T\u00e1id ann ad\u00e9arfadh n\u00e1r \u00edoc na <\/span><span style=\"font-size:12pt\">feirmeoir\u00ed an comhar leis an bpobal s\u2019againne, nuair a chuir siad stop ioml\u00e1n le forbairt \u00e1r bhfostrucht\u00fair, i gc\u00e1s na mb\u00f3ithre ach go h\u00e1irithe, go dt\u00ed go bhfuair siad an craiceann is a luach, mar \u00edoca\u00edocht as a gcuid talaimh.  Ach sin an saol agat adeirtear, mura bhfuil agat ach pocaide gabhair b\u00ed i l\u00e1r an aonaigh leis, n\u00f3 sin an \u00e1it a bhainfidh t\u00fa an phingin is airde amach air, agus n\u00edor dhein \u00e1r bhfeirmeoir\u00ed ach mar a dh\u00e9anfadh duine ar bith eile sa <\/span><span style=\"font-size:12pt\">st\u00e1t<\/span><span style=\"font-size:12pt\"> seo \u2018gainne, d\u00e1 dteast\u00f3dh \u00f3n Rialtas beart a dh\u00e9an<\/span><span style=\"font-size:12pt\">amh a mhillfeadh, n\u00f3 a bhearn\u00f3dh a sl\u00ed bheatha, n\u00f3 sin mar a tharla\u00edonn go minic, nuair a chuirtear b\u00f3thar n\u00f3 bealach m\u00f3r tr\u00ed l\u00e1r feirme.  N\u00edor ch\u00f3ir go mbeadh triobl\u00f3id ar bith againn feasta i dt\u00f3g\u00e1il b\u00f3ithre sa t\u00edr seo, agus nach m\u00f3r an gar \u00e9 sin, d\u00fainn uilig? <\/span><\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Athr\u00fa ollmh\u00f3r eile a chuirfear i gcr\u00edch, t\u00fas na bliana seo chugainn, 2002, agus sin breith an Euro ( \u20ac ), n\u00f3 \u00f3 L\u00e1 Coille na bliana sin, beidh an Euro c\u00e9anna ina airgead reatha, \u00f3 cheann ceann an Aontais Eorpaigh, geall leis, n\u00f3 t\u00e1 cupla t\u00edr san Aontas, nach bhfuil r\u00e9idh le p\u00e1irt a ghlacadh sa bhfiontar sin, go f\u00f3ill beag.  Cheana f\u00e9in, t\u00e1 muid uilig ar na mine gh\u00e9ire ag ullmh\u00fa don athr\u00fa ollmh\u00f3r c\u00e9anna sin.  N\u00ed call dom a r\u00e1, go mbeidh deacrachta\u00ed ag baint leis an l\u00e9im seo sa dorchadas, go h\u00e1irithe, do na daoine at\u00e1 imithe anonn sna blianta, ach, \u201cnuair is crua don chailleach caithfidh s\u00ed rith\u201d, mar adeireadh an seandream fad\u00f3, agus mar a gc\u00e9anna linne, caithfimid glacadh leis an athr\u00fa Alpach seo.  T\u00e1 dream amh\u00e1in sa t\u00edr, d\u00e1r nd\u00f3igh, agus n\u00ed chuirfidh athr\u00fa d\u00e1 leith\u00e9id str\u00f3 ar bith orthu, n\u00f3 nach bhfuil cleachtadh laeth\u00fail acusan ar bheith ag deighle\u00e1il le hairgead \u00f3 th\u00edortha \u00e9ags\u00fala a l\u00e1imhse\u00e1il go cruinn \u00e9ifeachtach, agus do bhar\u00fail, nach bhfuil lab airgead le f\u00e1il acusan as deighle\u00e1il leis an athr\u00fa seo \u00f3n bPunt s\u2019againne go dt\u00ed an Euro!  Agus ar smaoinigh \u00e9inne ar lab beag, fi\u00fa, a bhronnadh ar an gcosmhuintir s\u2019againne, a bhfuil a n-airgead reatha \u00e1 chur ar ceal, agus airgead nua \u00e1 thabhairt d\u00f3ibh ina \u00e1it.  Nach mbeidh s\u00e9 i bhfad n\u00edos deacra d\u00f3ibhsean deighle\u00e1il leis an ollathr\u00fa seo, n\u00e1 mar a bheidh s\u00e9 ar lucht na mBanc?  C\u00e9ard a tharl\u00f3dh, d\u00e1 nd\u00e9arfadh an chosmhuintir, nach raibh f\u00fathusan glacadh leis an airgead nua seo, mura nd\u00e9anfa\u00ed c\u00faiteamh a thabhairt d\u00f3ibh ann?  An bhf\u00e9adfa\u00ed a leith\u00e9id a dh\u00e9anamh?  Cinnte, d\u2019fh\u00e9adfa\u00ed, ach cur chuige.  Sea, agus bheadh toradh ar bheart d\u00e1 leith\u00e9id freisin, agus nach bhfuil fhios ag an saol Fodlach, gurb iad an chosmhuintir ch\u00e9anna sin a dh\u00e9anfar a lomadh, amach anseo, de bharr an athraithe ch\u00e9anna seo.  Deirimse \u2018Cothrom na F\u00e9inne\u2019 leat!  N\u00ed fhaigheann \u00e9inne dinn\u00e9ar saor ar an saol seo, n\u00f3 n\u00ed call a r\u00e1, go mb\u00edonn ar dhuine eic\u00ednt \u00edoc as, i ndeireadh na feide.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">B\u2019fh\u00e9idir go bhfuil mo sh\u00e1ith chlamhs\u00e1in d\u00e9anta agam don bhabhta seo, ach \u00f3 tharla go bhfuil bliain nua romhainn uilig anois, n\u00e1r mhaith an r\u00fan athbhliana againn uilig \u00e9, s\u00fail gh\u00e9ar, s\u00fail an tseabhaic fh\u00e9in, a choime\u00e1d orthu si\u00fad a dhr\u00e9aachtann, agus a dh\u00e9anann na dlithe d\u00fainn, n\u00f3 n\u00e1r ch\u00f3ir d\u00fainn uilig f\u00e9achaint chuige, go nd\u00e9anfadh an dream c\u00e9anna na dlithe c\u00e9anna sin a choime\u00e1d, go cruinn, pointe\u00e1ilte, agus gan a bheith ar n\u00f3s an Tr\u00e9ada\u00ed \u00fad, a nd\u00e9anann Shakespeare tagairt d\u00f3, an Tr\u00e9ada\u00ed sin, a mholann an tsl\u00ed chaol, anacair, chun na bhFlaitheas d\u00e1 thr\u00e9ad uilig, fad is a leanann seisean fh\u00e9in cas\u00e1n s\u00e1mh, \u00e9asca, an phl\u00e9isi\u00fair.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed g\u00e1 dhom a r\u00e1, go leanfaidh m\u00e9 fh\u00e9in n\u00f3s an \u2018Ch\u00e9adchois\u00ed\u2019, n\u00f3 an \u201cfirstfooter\u201d ar\u00eds i mbliana.  N\u00f3s ba ea \u00e9 sin, a th\u00f3g m\u2019athair abhaile leis \u00f3 Albain, mar ar chaith s\u00e9 blianta a \u00f3ige ag n\u00e1ibh\u00edocht.  S\u00e9 sin, rachaidh m\u00e9 amach as an teach, d\u00edreach roimh mhe\u00e1no\u00edche, agus ansin, tiocfaidh m\u00e9 isteach ar\u00eds tar \u00e9is bhuille an mhe\u00e1no\u00edche, le rath, agus \u00e1dh, na bliana \u00faire a thabhairt isteach liom.  Is d\u00f3cha go gceapf\u00e1 nach bhfuil ansin ach amaid\u00ed, agus pisreoga, ach nach doiligh cr\u00edoch a chur le n\u00f3s a lean m\u00e9 ar feadh mo laethe, agus ar lean m\u2019athair romham?  N\u00e1 d\u00e9an n\u00f3s agus n\u00e1 bris n\u00f3s, mar adeirt\u00ed fad\u00f3.  Beidh m\u00e9 ag smaoineamh oraibhse freisin, agus an bhliain \u00far sin \u00e1 thabhairt isteach agam, agus beidh m\u00e9 ag gu\u00ed chuile shonas oraibhse freisin, ag an n\u00f3im\u00e9ad sin, a bheidh ina dhroichead idir dh\u00e1 bhliain.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00edl le d\u00e9anamh agam anois, ach athbhliain faoi sh\u00e9an agus faoi mhaise a ghu\u00ed orainn uilig.   Go mbeirimid beo ag an am seo aris, agus gura seacht fearr a bheidh chuile dhuine againn, bliain \u00f3 anocht. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">********************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">********************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>S a o l t a a g A t h r \u00fa . *********************** . Nach n\u00e1d\u00fartha an rud \u00e9, an tr\u00e1th seo bliana, agus muid ag bogadh linn go misni\u00fail isteach i mbliain 2002, s\u00fail a chaitheamh siar, ar na hathruithe at\u00e1 tagtha ar an saol, go nuige seo, ach go h\u00e1irithe, \u00f3 [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-13139","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13139","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=13139"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13139\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":13140,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13139\/revisions\/13140"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=13139"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=13139"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=13139"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}