{"id":13141,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=13141"},"modified":"2024-04-08T01:07:28","modified_gmt":"2024-04-08T01:07:28","slug":"s-c-e-a-l-c-r-a-i-t-e","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/s-c-e-a-l-c-r-a-i-t-e\/","title":{"rendered":"S c \u00e9 a l     C r \u00e1 i t e"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">S c \u00e9 a l     C r \u00e1 i t e .<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong>************************<\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Nach ioma\u00ed sin sc\u00e9al a l\u00e9ann muid, agus a chloiseann muid, na laethe seo, a bhaineann stanagadh asainn.  T\u00e1 sin f\u00edor i gc\u00e1s chuile dhuine againn, n\u00f3 t\u00e1 an saol seo  \u2019gainne ag eir\u00ed n\u00edos cru\u00e1la\u00ed, n\u00edos fuarch\u00fais\u00ed, agus n\u00edos scoite, \u00f3 l\u00e1 go l\u00e1.  B\u00edodh sin mar at\u00e1, ach ag an am gc\u00e9anna, tharla\u00edonn, anois is ar\u00eds, go mbuaileann sc\u00e9al \u00e1irithe linn, a bhaineann deoir asainn, agus ar bhealach amh\u00e1in, n\u00f3 ar bhealach eile, a dh\u00e9anann a shl\u00ed isteach go smior na gcn\u00e1mh ionainn.  Admha\u00edm anois, go mb\u00edonn na nuacht\u00e1in loml\u00e1n de sc\u00e9alta cr\u00e1ite, c\u00e9asta, chuile l\u00e1 d\u00e1 dtagann, sc\u00e9alta nach gcuireann fiacail i m\u00eddhaonnacht an duine daonna i leith a chomhdhaonna\u00ed.  Nach minic a l\u00e9ann muid faoi dh\u00fanmharuithe, agus faoi dh\u00fanorgana, faoi bhr\u00faid\u00faileacht, agus faoi bhatr\u00e1il, agus nach dt\u00e9ann na sc\u00e9alta c\u00e9anna sin i bhfeidhm go m\u00f3r orainn, n\u00f3 nuair a th\u00e9ann t\u00fa go cn\u00e1mh na huillinne leis an sc\u00e9al, is \u00e9 at\u00e1 d\u00e1r scanr\u00fa, n\u00f3 an baol at\u00e1 ann go dtarl\u00f3dh an rud c\u00e9anna d\u00fainne, n\u00f3 nach f\u00e9idir linn sinn fh\u00e9in a shamhl\u00fa sa ch\u00e1s c\u00e9anna sin  Ach th\u00e1inig m\u00e9 ar sc\u00e9al, ar na mallaibh, a chuaigh i bhfeidhm go m\u00f3r ar fad orm, sea agus ba bheag n\u00e1r bhain s\u00e9 deoir asam.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Cen sc\u00e9al \u00e9 fh\u00e9in, an ea?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sc\u00e9al a l\u00e9igh m\u00e9 ar \u201cIrish Independent\u201d an 10 Samhain, 2001, sc\u00e9al le David Sapsted i Londain, fear a scr\u00edobhann don Daily Telegraph.  Anois ba \u00e9 an ch\u00e9ad rud a rith liom, n\u00f3 a mhinic\u00ed a thuigtear d\u00fainne anseo in \u00c9irinn, nach bhfuil cine ar bith ar dhroim tal\u00fan chomh cru\u00e1lach, cruachro\u00edoch, len\u00e1r muintir fhein, go h\u00e1irithe nuair a smaoin\u00edonn t\u00fa ar an \u00edde, n\u00f3 an droch\u00edde, a thugtar ar ainmhithe sa t\u00edr seo \u2018gainne.  Ach nuair a l\u00e9igh m\u00e9 an sc\u00e9al \u00fad le David Sapsted, tuigeadh dom, nach bhfuil aon mhonoplacht againne ar na du\u00e1ilc\u00ed c\u00e9anna sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach le filleadh ar an sc\u00e9al \u00fad a dteasta\u00edonn uaim a chur i mb\u00e9al an phobail, an tseachtain seo, ba \u00e9 an ceannteideal a bhain stangadh asam i dtosach.  F\u00e9ach ar seo mar cheannteideal&#8230;.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">\u201cBoys guilty of burning tramp to death \u2018for a laugh\u2019.\u201d<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00edorbh aon chur i gc\u00e9ill, n\u00f3 mugadh magadh a bh\u00ed i gceist ag \u00fadar an sc\u00e9il sin, ach oiread, n\u00edorbh ea muis, ach lomchl\u00e1r na f\u00edrinne.  B\u2019in \u00e9 d\u00edreach a dheineadar.  Loisceadar an cr\u00e9at\u00far bocht ina bheatha.  Agus leis an sc\u00e9al a dh\u00e9anamh n\u00edos measa, d\u00e1 bhfeadfa\u00ed sin a dheanamh, b\u2019fhear si\u00fail \u00e9, a bh\u00ed ag d\u00e9anamh codladh<span style=\"font-size:16pt\"> <\/span>na ho\u00edche ar bhinse faiche, ag an am.  Anois, n\u00edor sheanfhear in aon chor \u00e9 an fear si\u00fail c\u00e9anna sin, n\u00f3 n\u00ed raibh s\u00e9 ach bliain is daichead d\u2019aois, ag an am, agus d\u00e1 nd\u00e9arfainn \u00e9, n\u00edor ghas\u00fair r\u00f3-\u00f3g a bh\u00ed sna gas\u00fair ch\u00e9anna sin, ach oiread, n\u00f3 bh\u00ed duine acu tr\u00ed bliana d\u00e9ag, agus bh\u00ed a leathbh\u00e1d\u00f3ir s\u00e9 bliana d\u00e9ag  d\u2019aois.  D\u00e9ag\u00f3ir\u00ed ba ea an bheirt acu, mar sin, agus \u00f3n n\u00f3im\u00e9ad a rinne siad an gn\u00edomh barbartha sin, go dt\u00ed an n\u00f3imead a ghearr an breitheamh s\u00e9 bliana go leith pr\u00edos\u00fantachta orthu, diabhal doil\u00edos, n\u00f3 aithreachas, n\u00f3 tada d\u00e1 leith\u00e9id, a bh\u00ed le l\u00e9amh orthu, ach iad ar n\u00f3s cuma liom, an t-am ar fad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach conas a tharla gur dheineadar an gn\u00edomh barbartha sin?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Casadh an bheirt ghas\u00far sin ar a ch\u00e9ile i ndiaidh scoile, agus adhantaithe fulachta, n\u00f3 Barbecue lighters, acu.  Thugadar aghaidh ar fhaiche an bhaile, i Dartford, Kent.  Chonaic siad fear si\u00fail \u00f3lta, ina chodladh, ar bhinse faiche.  Chraitheadar cuid de ph\u00fadar adhanta\u00ed fulachta ar a fh\u00e9as\u00f3g, agus chuir tr\u00ed thine \u00e9.  Ba mh\u00f3r an sport acu an fear si\u00fail bocht ag d\u00faisi\u00fa as a mheisce, agus \u00e9 ag iarraidh an tine sin a mh\u00fachadh.  D\u2019\u00e9irigh leis, ach m\u00e1 sea, n\u00ed raibh an bheirt \u00e1ilteoir cr\u00edochnaithe leis f\u00f3s.  Nuair a fuaireadar ina chodladh ar\u00eds \u00e9, d\u2019fhilleadar, agus dheineadar a bhr\u00f3ga agus a ch\u00f3ta a phac\u00e1il le hadhanthaithe fulachta lasta.  Agus leis an sc\u00e9al a dh\u00e9anamh n\u00edos measa, tharla go raibh nuacht\u00e1n taobh istigh d\u00e1 ch\u00f3ta ag an bhfear si\u00fail bocht le c\u00fal a chur ar an bhfuacht, agus dhein sin an donas ar fad air, agus ba \u00e9 deireadh an sc\u00e9il \u00e9 n\u00f3 gur d\u00f3dh ina bheatha an fear bocht sin, d\u00e1rbh ainm George Johnstone.  N\u2019fheadar arbh \u00c9ireannach \u00e9?   Cuireadh an dl\u00ed ar an mbeirt, agus fuarthas amach nach raibh ag Brookes, an duine ba shine den bheirt ghas\u00far, ach aois intinne d\u2019aon bhliain d\u00e9ag, c\u00e9 go raibh na s\u00e9 bliana d\u00e9ag bailithe aige, ag an am.  N\u00edor aontaigh an bheirt acu agus iad os comhair na c\u00fairte, ach chuile dhuine acu ag iarraidh an mille\u00e1n a chur ar an bhfear eile, agus gan bhuairt, n\u00f3 doil\u00edos, ar dhuine acu thar an duine eile.  N\u00ed g\u00e1 a r\u00e1, gur baineadh stangadh as idir bhreitheamh agus ph\u00f3il\u00edn\u00ed, nuair a leagadh an c\u00e1s cru\u00e1lach, \u00e9igiallda seo, os a gcomhair amach sa ch\u00fairt.  I gc\u00e1s dhearth\u00e1r an t\u00e9 a d\u00f3dh, bh\u00ed seisean s\u00e1sta go maith leis an t\u00e9arma pr\u00edos\u00fantachta a gearradh ar na gas\u00fair, ach ba \u00e9 an rud ba mh\u00f3 a chuaigh i gcionn air, n\u00f3 nuair a d\u2019admhaigh siad, gur dhein siad an beart gr\u00e1nna sin, ar mhaithe le p\u00edosa sp\u00f3irt a bheith acu&#8230;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\">\u201cWe did it for a laugh&#8230;\u201d   <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">ad\u00fairt siad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Anois, n\u00e1 ceapadh \u00e9inne, nach bhf\u00e9adfadh a leith\u00e9id a tharl\u00fa anseo, i dT\u00edr seo na Naomh is na nOllamh, n\u00f3 d\u2019fh\u00e9adfadh, agus n\u00edl le d\u00e9anamh againn ach s\u00fail a choinne\u00e1il ar \u00e1r nuacht\u00e1in fh\u00e9in, le sc\u00e9alta d\u00e1 leith\u00e9id a fhail iontu, go rialta.  Uaireanta, is iad \u00e1r gcairde, na hainmhithe, a bh\u00edonn th\u00edos leis an ndroch-\u00edde i imr\u00edtear orthu, agus uaireanta eile, is iad \u00e1r gcomhdhaonnaithe bochta, a fhulaing\u00edonn pianta sin an fhuatha, an leithliseachais agus an aineolais.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">C\u00e9ard is c\u00fais leis an gcru\u00e1ltacht seo uilig at\u00e1 fr\u00e9amhaithe i gcro\u00ed an duine, go h\u00e1irithe i gcro\u00ed na n-\u00f3g?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Nach deacair an cheist sin a fhreagairt, ach t\u00e1 an chuma ar an sc\u00e9al, gur toisc go bhfuil dearmad d\u00e9anta againn uilig, idir \u00f3g is aosta, ar bhr\u00e1ithreachas an chine s\u2019againne.  M\u00e1 thuigtear gur duine daonna at\u00e1 os \u00e1r gcomhair amach, duine cos\u00fail linn fh\u00e9in, ansin t\u00e1 s\u00e9 i bhfad n\u00edos deacra \u00edde na muc is na madra\u00ed a imirt air, agus m\u00e1 smaoin\u00edtear gur ch\u00f3ir d\u00fainn deighle\u00e1il le daoine eile, faoi mar ba mhaith linn go nd\u00e9anfadh siadsan linne, is f\u00e9idir a bheith cinnte ansin, nach nd\u00e9anfadh muid m\u00f3r\u00e1n dochair d\u00f3ibh.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">T\u00e1 rud eile i gceist freisin, agus caithfear tagairt a dh\u00e9anamh d\u00f3 anseo, agus sin go bhfuil \u00e1r socha\u00ed, socha\u00ed an Iarthair, fr\u00ed cheile, s\u00e1sta glacadh le hiompar d\u00e1 leith\u00e9id.  Breathnaigh ar ch\u00farsa\u00ed, agus c\u00e1s d\u00e1 leith\u00e9id os comhair c\u00fairte.  \u00c9ist leis na dl\u00edodoir\u00ed ag pl\u00e9ad\u00e1il os comhair an bhreithimh.  Leagann siad leithsc\u00e9al i ndiaidh leithsc\u00e9il os comhair an bhreithimh, ag iarraidh ciontacht an ch\u00fais\u00ed a mhaol\u00fa, n\u00f3 a laghd\u00fa, sa chaoi go gceapf\u00e1 gur ar dhuine eile, n\u00f3 ar an socha\u00ed fr\u00ed ch\u00e9ile, a bh\u00ed an locht.  Sea, agus ar deireadh thiar, breathnaigh ar bhreith an bhreithimh, agus tuigfidh t\u00fa go nd\u00e9anann seisean freisin, chuile iarracht ar shochar an amhrais a bhronnadh ar an gc\u00fais\u00ed, agus ar\u00eds feicfidh t\u00fa go bhfuil me\u00e1 an dl\u00ed l\u00fabtha i bhf\u00e1bhar an ch\u00fais\u00ed ch\u00e9anna sin.   Caithfear an leagan amach sin a athr\u00fa, m\u00e1 theasta\u00edonn uainn, deireadh a chur leis an gcru\u00e1ltacht seo uilig in \u00e1r measc.  N\u00edor ch\u00f3ir go mbeadh a leitheid de iompar inghlactha feasta.  C\u00e9ard faoin \u201c<strong><em>Zero Tolerance<\/em><\/strong>\u201d \u00fad, a raibh an chaint sin uilig faoi roimh an Olltoghch\u00e1n deiridh?  Bhuel, t\u00e1 Olltoghch\u00e1n eile os \u00e1r gcomhair amach ar\u00eds, agus nach bhfuil s\u00e9 thar am againn an <strong><em>Zero Tolerance<\/em><\/strong> sin a \u00e9ileamh \u00f3n\u00e1r bpolaiteoir\u00ed anois, agus sa tsl\u00ed sin, b\u2019fh\u00e9idir go n\u2019\u00e9ireodh linn druidim beag\u00e1in\u00edn n\u00edos c\u00f3ngara\u00ed don \u00dat\u00f3ipe sin, a mb\u00edonn chuile dhuine againn ag briongl\u00f3ideach faoi. N\u00f3, faoi mar at\u00e1 c\u00farsa\u00ed, faoi l\u00e1thair, t\u00e1 muid uilig ag druidim le luas lasrach i dtreo na barbarthachta, agus an anoird, sna laethe at\u00e1 romhainn amach.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sea, agus muidinne ag ceapadh go raibh c\u00farsa\u00ed ag dul i bhfeabhas!  Ach nach \u00e9 sin sc\u00e9al na sibhialtachta i gc\u00f3na\u00ed riamh? tr\u00ed ch\u00e9im chun tosaigh, agus dh\u00e1 ch\u00e9im ar gc\u00fal, ach mar sin fh\u00e9in, m\u00e1 leanann muid den dul chun cinn sin, \u00e9ireoidh linn, ar deireadh thiar, cr\u00edoch a chur le mar\u00fa is le batr\u00e1il, le h\u00e9igni\u00fa agus le slad, le goid is le fuadach.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach fan ort n\u00f3im\u00e9ad anois, an \u00e9 ata a r\u00e1 agam ansin, n\u00f3 go nglacfadh chuile dhuine leis na Deich nAithne,amach anseo?   <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, nach bhf\u00e9adfadh siad beart n\u00edos measa a dh\u00e9anamh na glacadh leis na rialacha c\u00e9anna sin, a scr\u00edobhadh go doscriosta, \u00f3 th\u00fas ama, ar choinsias an daonna\u00ed.  M\u00e1 \u00e9ir\u00edonn linn riamh an bhuaic sin a shroichint ar an saol seo, n\u00ed g\u00e1 a r\u00e1, go mbeidh c\u00f3na\u00ed orainn feasta sa \u00dat\u00f3ipe.   N\u00ed g\u00e1 a r\u00e1 go mbeadh muid uilig s\u00e1sta le feabhas ar bith a bhaint amach, len\u00e1r linn fh\u00e9in, ar \u00e1r mbealach i dtreo na h\u00dat\u00f3ipe c\u00e9anna sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00e1ra fada uainn an l\u00e1 c\u00e9anna sin!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">******************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">******************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>S c \u00e9 a l C r \u00e1 i t e . ************************ . Nach ioma\u00ed sin sc\u00e9al a l\u00e9ann muid, agus a chloiseann muid, na laethe seo, a bhaineann stanagadh asainn. T\u00e1 sin f\u00edor i gc\u00e1s chuile dhuine againn, n\u00f3 t\u00e1 an saol seo \u2019gainne ag eir\u00ed n\u00edos cru\u00e1la\u00ed, n\u00edos fuarch\u00fais\u00ed, agus n\u00edos scoite, [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-13141","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13141","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=13141"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13141\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":13142,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13141\/revisions\/13142"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=13141"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=13141"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=13141"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}