{"id":13143,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=13143"},"modified":"2024-04-08T01:07:28","modified_gmt":"2024-04-08T01:07:28","slug":"s-e-i-p-e-i-l","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/s-e-i-p-e-i-l\/","title":{"rendered":"S \u00e9 i p \u00e9 i l"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">S \u00e9 i p \u00e9 i l ,    S a g a i r t ,    a g u s    A i f r i n n t \u00ed  .<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">***********************<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Nach m\u00f3r go deo idir inn\u00e9 agus inniu?  Go h\u00e1irithe, nuair at\u00e1 duine ag cur s\u00edos ar na h\u00e1bhair thuasluaite.  Is cuimhin liom fhein, breis agus tr\u00ed sc\u00f3r bliain \u00f3 shoin anois, nuair a th\u00e9adh chuile dhuine sa phar\u00e1iste s\u2019againne chun an Aifrinn, chuile Dhomhnach agus L\u00e1 Saoire d\u2019fh\u00e9adf\u00e1 a r\u00e1, s\u00e9 sin, mura raibh s\u00e9 tinn, n\u00f3 ag tabhairt aire do ruda\u00ed beaga, n\u00f3 a leitheid.  B\u2019ord\u00fa s\u00f3isialta, chomh maith le hord\u00fa creidimh \u00e9, freastal ar na hAifrinnt\u00ed sin, ag an am.  Ach d\u2019imigh sin is th\u00e1inig seo, agus sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, n\u00ed hord\u00fa s\u00f3isialta \u00e9 a thuilleadh, agus n\u00ed g\u00e1 a r\u00e1, ach oiread, nach nglactar, chomh d\u00e1ir\u00edreach, leis an ord\u00fa creidimh, sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann.  Anois, bh\u00ed s\u00e9 \u00e9asca go maith, an tr\u00e1th \u00fad, teacht ar Aifreann, Domhnach n\u00f3 D\u00e1lach ar bith, mar bh\u00ed fl\u00fairse s\u00e9ip\u00e9al agus fl\u00fairse sagart ar f\u00e1il i ngach par\u00e1iste sa t\u00edr, murab ionann is an l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, nuair at\u00e1 an d\u00e1 earra c\u00e9anna sin ag \u00e9ir\u00ed n\u00edos gainne, agus n\u00edos gainne, in aghaidh na bliana.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">C\u00e9ard a tharla dhom an tseachtain seo, an ea?  N\u00f3 an amhlaidh go bhfuil m\u00e9 tagtha chun creidimh, i ndeireadh mo laethe thiar?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, mar a tharla go minic cheana, is amhlaidh a chuir col\u00fan an Athar Brendan Hoban, \u201cJust a Thought\u201d,  sa Western People, ag tochrais ar an gceirtl\u00edn sin m\u00e9.  N\u00f3 sin iad na h\u00e1bhair at\u00e1 idir cham\u00e1in ag an bhfear c\u00e9anna sin, sa \u201cWestern\u201d, d\u00e1r d\u00e1ta 8\u00fa Bealtaine, 2002.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Is \u00e9 an t\u00fas a chuireann s\u00e9 lena chol\u00fan san eagr\u00e1n sin n\u00f3, tr\u00edd is tr\u00edd, go bhfuil an iomarca s\u00e9ip\u00e9il, agus an iomarca Aifrinnt\u00ed, curtha ar f\u00e1il do Chaitlicigh na t\u00edre seo.  T\u00f3gadh na s\u00e9ip\u00e9il sin an-ghar d\u00e1 ch\u00e9ile, sna seanlaethe, ionas go mbeadh ar chumas chuile dhuine sa t\u00edr freastal ar Aifreann Domhnaigh agus Saoire, gan aon r\u00f3-str\u00f3 a chur air fh\u00e9in, cuma c\u00e1 h\u00e1it sa t\u00edr a raibh c\u00f3na\u00ed air, agus d\u00e1r nd\u00f3igh, luigh s\u00e9 sin le r\u00e9as\u00fan, an tr\u00e1th \u00fad, nuair nach raibh de ch\u00f3ir iompair ag bun\u00fas na cosmhuintire ach an chois\u00edocht.  Ach, sc\u00e9al eile ar fad at\u00e1 i dtreis, sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, n\u00f3 is beag duine anois nach bhfuil carr aige, n\u00f3 nach f\u00e9idir leis s\u00edob chun an tseip\u00e9il a fh\u00e1il, le freastal ar Aifreann i bhfad n\u00edos faide \u00f3 bhaile, n\u00e1 mar a bh\u00edodh, sna seanlaethe. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00edl dabht ar domhan, ach nach mbeidh an dara rogha againn, sa todhcha\u00ed, ach glacadh leis, nach mbeidh fl\u00fairse sagart againn le freastal ar na s\u00e9ip\u00e9il iomad\u00fala, a t\u00f3gadh i mblianta \u00fad na bhfu\u00edoll, agus go gcaithfear bheith s\u00e1sta fuineadh in aice na mine, agus bheith s\u00e1sta leis an m\u00e9id is f\u00e9idir a chur ar f\u00e1il d\u00fainn le freastal ar \u00e1r riachtanais\u00ed, sna laethe at\u00e1 romhainn amach.  Ach n\u00ed hionann sin is a r\u00e1, gur ch\u00f3ir d\u00fainn na s\u00e9ip\u00e9il \u00e1ille sin a leagan, n\u00f3 a dh\u00edol.  Ba ch\u00f3ir iad a choinne\u00e1il mar \u00e1iseanna do phobal an phar\u00e1iste, \u00e1it ina bhf\u00e9adfaid\u00eds teacht le ch\u00e9ile mar phobal, le gu\u00ed, b\u2019fheidir, n\u00f3 fi\u00fa, le l\u00e9amh, n\u00f3 le ham a chaitheamh ann i bhfochair a ch\u00e9ile.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Caithfear glacadh leis freisin, nach mb\u00edonn an fonn c\u00e9anna ar Chaitlicigh, an lae inniu, freastal ar Aifreann chuile Dhomhnach agus Saoire, faoi mar a bh\u00edodh, agus i nd\u00e1ir\u00edre, go bhfuil muid ag druidim, go mall, r\u00e9idh, s\u00edos an b\u00f3ithr\u00edn at\u00e1 taistealta ag bun\u00fas Chaitlicigh na hEorpa, le c\u00e9ad bliain anuas.  Is cuimhin liom an chaoi a mbreathna\u00edmis, \u00e1bhair sagairt, ar chomh fuarch\u00faiseach is a bh\u00ed na hEorpaigh i gc\u00farsa\u00ed creidimh, agus l\u00e9ann an tsagairt \u00e1 chur orm, thart ar leathch\u00e9ad bliain \u00f3 shoin anois.  Is beag nach nd\u00e9anadh muid fiodmhagadh faoi \u00e9adan na ndaoine sin Caitlicigh a thabhairt orthu fh\u00e9in, ar a laghad c\u00faise!  Ba \u00e9 an sc\u00e9al a bh\u00ed amuigh orthu, n\u00f3 nach mb\u00edodh aon bhaint acu leis an Eaglais, ach amh\u00e1in, do bhaisteadh, do ph\u00f3sadh, agus do l\u00e1 na lice freisin.  Idir na h\u00f3c\u00e1id\u00ed sin, thugadh siad corr chuairt ar an s\u00e9ip\u00e9al, ar eagla go gcaillfeadh siad fios na sl\u00ed! Ach, bun\u00fas an ama, d\u2019fh\u00e1gadh siad na c\u00farsaa\u00ed sin ag na mn\u00e1 agus ag na ruda\u00ed beaga.  Bhuel, sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, t\u00e1id ann ad\u00e9arfadh, go raibh muidinne fh\u00e9in ag smaoineamh ar aghaidh a thabhairt ar an r\u00f3d c\u00e9anna sin, mura bhfuil roinnt mhaith d\u00ednn p\u00edosa maith s\u00edos an b\u00f3ithr\u00edn c\u00e9anna sin, cheana f\u00e9in!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Agus, c\u00e9 go bhfuil s\u00e9 soil\u00e9ir, nach mbeidh an oiread c\u00e9anna Aifrinnt\u00ed \u00e1 gceili\u00faradh in \u00e1r measc, amach anseo, agus nach mbeidh s\u00e9 ind\u00e9anta \u00fas\u00e1id a bhaint as na s\u00e9ip\u00e9il uilig sin at\u00e1 againn, i l\u00e1thair na huaire seo, deir an tAthair Brendan, go gcaithfear t\u00e1bhacht an Aifrinn a chur abhaile ar na f\u00edr\u00e9in feasta, m\u00e1s uainn iad a mhealladh chun an ts\u00e9ip\u00e9il maidin Domhnaigh agus Saoire.   Agus b\u00edodh nach gn\u00f3 \u00e9asca, n\u00f3 simpl\u00ed \u00e9 sin, ag an am gc\u00e9anna n\u00edor ch\u00f3ir smaoineamh air mar fh\u00e1l go haer, n\u00f3 is gn\u00f3 ind\u00e9anta \u00e9, ach cur chuige le flosc agus le fonn, ach n\u00ed m\u00f3r c\u00fanamh eic\u00ednt \u00f3n Spiorad Naomh fh\u00e9in a chur leis an bhflosc agus leis an bhfonn c\u00e9anna sin, n\u00f3 n\u00ed gn\u00f3 daonna, amach is amuigh, \u00e9. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> T\u00e1 ceata\u00ed beag eile sa s\u00e9eal seo \u00e1fach, n\u00f3 ag am seo an gh\u00e1tair, nuair at\u00e1 fonn agus flosc ag teast\u00e1il go g\u00e9ar uainn, caithfear a admh\u00e1il go bhfuil bun\u00fas \u00e1r sagart sleamhnaithe anonn sna blianta, agus gan an fuinneamh, n\u00f3 an spleodar, c\u00e9anna ionntu anois is a bh\u00edodh iontu blianta \u00f3 shoin, ach mar sin fh\u00e9in, nach bre\u00e1 le Dia fh\u00e9in, corruair, \u00e9acht oibre a dh\u00e9anamh tr\u00ed dhaoine mar iad, mar i nd\u00e1ir\u00edre, n\u00edl Dia ag brath ar fhuinneamh, n\u00f3 ar spleadar, a dheisceabail, lena thoil a chur i gcr\u00edch \u201car Thalamh, faoi mar a dh\u00e9antar ar Neamh\u201d.   Nach minic a oibr\u00edonn s\u00e9 tr\u00edd an lag, leis an mustar gan ghustal a bhaint den l\u00e1idir?  Ach, caithfear brath ar thuata\u00ed i bhfad n\u00edos m\u00f3 sa todhcha\u00ed, freisin, n\u00f3 nach cuid bhun\u00fasach den eaglais fh\u00e9in iad? N\u00e1r baisteadh sa Chr\u00edosta\u00edocht iad?  Agus n\u00e1r deineadh iad a ch\u00f3ineart\u00fa sa chreideamh c\u00e9anna sin, nuair a chuaigh siad faoi l\u00e1imh an Easpaig?   Agus m\u00e1 sea, n\u00e1r ch\u00f3ir d\u00f3ibh anois p\u00e1irt ghn\u00edomhach a ghlacadh i dt\u00f3gail, agus i gcoth\u00fa, na heaglaise sin, anseo in\u00e1r measc?  Tuigtear don Athair Brendan nach leor do shagart a Aifreann a l\u00e9amh feasta, ach go gcaithfidh s\u00e9 a Aifreann a cheili\u00faradh do phobal gn\u00edomhach, pobal a ghlacann p\u00e1irt leis sa cheili\u00faradh sin, mar chl\u00e9irigh, mar l\u00e9itheoir\u00ed, mar mhinistr\u00ed, mar ch\u00f3r, n\u00f3 mar chantair\u00ed.  Tuigtear d\u00f3 n\u00e1r ch\u00f3ir Aifreann a cheili\u00faradh mura bhfuil an pobal gn\u00edomhach sin ar an bhf\u00f3d, le dul i gcomhar leis an sagart fh\u00e9in, sa cheili\u00faradh sin.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Is cuimhin liom fh\u00e9in, go dt\u00ed an l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, Misean a d\u2019eagraigh na Sl\u00e1naitheoraigh, sa phar\u00e1iste s\u2019againne, le linn m\u2019\u00f3ige-se.  Bh\u00edodh Aifreann faoi leith do na daoine \u00f3ga, chuile mhaidin, agus bh\u00edodh an tAthair M\u00f3r \u00d3 Conaola ansin in \u00e1r measc, le chuile sh\u00f3rt, a bh\u00ed ar si\u00fal ag an sagart ar an alt\u00f3ir, a mh\u00edni\u00fa d\u00fainn.  B\u2019in an sagart a thugadh na seanm\u00f3ir\u00ed m\u00f3ra uaidh, faoi phoit\u00edn, agus faoi chuile olc a lean \u00fas\u00e1id na d\u00ed diabhla\u00ed sin.  Mh\u00edn\u00edodh seisean c\u00farsa\u00ed an cheili\u00fartha sin d\u00fainn agus \u00e9 ag si\u00fal s\u00edos suas, in\u00e1r measc, agus \u00e9 ag m\u00edni\u00fa chuile ghn\u00edomh a dh\u00e9anadh an sagart, le linn an Aifrinn. Le cluasa na cuimhne, cloisim f\u00f3s g\u00edosc\u00e1n a bhr\u00f3g le linn na si\u00fal\u00f3ide sin.  D\u2019fhan ar dh\u00fairt s\u00e9 glas im chuimhne, anuas go dt\u00ed an l\u00e1 at\u00e1 inniu ann.  N\u00ed call dom a r\u00e1, gur chuir m\u00e9 leis an eolas sin le linn na mblianta fada a chaith m\u00e9 im \u00e1bhar sagairt.  N\u00ed g\u00e1 dhom a r\u00e1, gur ch\u00f3ir c\u00farsa d\u00e1 leith\u00e9id a reacht\u00e1il i ngach par\u00e1iste, ionas go bhf\u00e9adfa\u00ed a bheith cinnte, gur thuig chuile dhuine den phobal a raibh ar si\u00fal ag an sagart ag an alt\u00f3ir.  Ba ch\u00f3ir freisin, go mbeadh chuile ph\u00e1irt den Aifreann cleachtaithe, snasta, sa tsl\u00ed go mbainfeadh pobal D\u00e9 taitneamh agus tairbhe as an gceili\u00faradh sin.  Nach cuimhin linn uilig l\u00e9itheoir\u00ed a chlos, agus iad ag iarraidh teorainn luais eic\u00ednt a bhriseadh, sa tsl\u00ed nach raibh ar chumas \u00e9inne, a raibh \u00e1 l\u00e9amh ag an l\u00e9itheoir sin, a thuiscint.  Uaireannta eile, chloisfe\u00e1 duine ag l\u00e9amh, ar bhealach a thabharfadh le fios d\u00e1 lucht \u00e9isteachta, n\u00e1r chleachtaigh s\u00e9, n\u00f3 n\u00e1r ullmhaigh s\u00e9, a raibh \u00e1 l\u00e9amh aige, roimh theacht os a gcomhair amach d\u00f3.   N\u00edl a leith\u00e9id inghlactha feasta.  B\u2019fhearr bheith d\u00e1 \u00e9agmais n\u00e1 glacadh lena leith\u00e9id de l\u00e9itheoireacht.  N\u00ed call dom a r\u00e1, gur ch\u00f3ir don sagart fh\u00e9in, ullmh\u00fach\u00e1n agus cleachtadh a dh\u00e9anamh ar a raibh le d\u00e9anamh aigesean freisin, n\u00f3 ceili\u00faradh i gcomhar isea an tAifreann, ceili\u00faradh ina gcuid\u00edonn pobal D\u00e9 leis an sagart aithl\u00e9iri\u00fa a dh\u00e9anamh ar \u00edobairt an tSl\u00e1naithe.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Agus os ag caint ar cheili\u00faradh muid, nach bhfuil fhios ag chuile dhuine, nach ceili\u00faradh go cantain, agus c\u00e1 bhfuil an cantain sin le f\u00e1il anois in\u00e1r nAifrinnt\u00ed?   M\u00e1 chuireann t\u00fa ceist ar na h\u00fadar\u00e1is faoi na c\u00farsa\u00ed seo, is \u00e9 is d\u00f3ich\u00ed go nd\u00e9arfaidh said leat, nach bhfuil f\u00e9ith an cheoil sna Gaeil, agus d\u00e1 thairbhe sin n\u00e1r mhaith leo an n\u00f3s sin a thos\u00fa ina measc.   Sin, n\u00f3 nach maith leo bheith ar \u00e9isteacht le hiomainn, n\u00f3 le ceol cr\u00e1ifeach, le linn d\u00f3ibhsean bheith ag r\u00e1 a bpaidreacha.  N\u00edl i gceist sa mh\u00e9id sin ach leithsc\u00e9alta, agus lena chois sin, n\u00edl iontu ach leithsc\u00e9alta ar leathchois.  N\u00f3 m\u00e1 cheist\u00edonn t\u00fa na daoine, a th\u00e9ann chuig an Aifreann, faoi na c\u00farsa\u00ed sin, inseoidh siadsan duit, gur bre\u00e1 ar fad leo ionainn a chanadh, agus gur bre\u00e1 leo freisin, dreas ceoil chr\u00e1ifigh a chloisint, ag an am ceart, le linn an cheili\u00fartha.  Ach, d\u00e9arfadh duine, b\u2019fh\u00e9idir, nach bhfuil na hiomainn sin ar eolas ag na daoine, agus conas mar sin a d\u2019fh\u00e9adf\u00e1 iad a chur ag ceol?  \u00c9asca go maith, mar nach eol do chuile dhuine, nach bhfuil m\u00f3r\u00e1n deacrachta ag baint leis na hiomainn a chantar sna s\u00e9ip\u00e9il a fhoghlaim, agus go dtiocfadh an pobal isteach orthu, gan str\u00f3 ar bith.  D\u00e1r nd\u00f3igh, d\u2019fh\u00e9adfadh c\u00f3r beag a bheith ag s\u00e9ip\u00e9al freisin, le c\u00fanamh a thabhairt don phobal, le linn d\u00f3ibhsean bheith ag canadh.  Is maith ann an c\u00f3r freisin, le ceol casta, s\u00e9as\u00farach, a chur ar f\u00e1il, in am tr\u00e1th, ach n\u00ed h\u00e9 mo thuairimse fhein, gur ch\u00f3ir d\u00fainn c\u00f3r a \u00fas\u00e1id le labhairt thar cheann an phobail, n\u00f3 le freagairt thar a gceann, ach oiread.  Caithfear an pobal a spreagadh le seilbh a ghlacadh ar a gcuid fh\u00e9in den Aifreann, agus gan an chuid sin a ligean le h\u00e9inne, c\u00f3r n\u00f3 cl\u00e9ir.   N\u00ed bheadh s\u00e9 do-dh\u00e9anta leabhr\u00e1n iomann a chur i dtoll a ch\u00e9ile, sa chaoi go mbeadh thart ar thr\u00ed sc\u00f3r iomann, de na hiomainn is coitianta, ar f\u00e1il ann, sa chaoi go mbeadh na focail le f\u00e1il go h\u00e9asca ag chuile dhuine sa s\u00e9ip\u00e9al, n\u00f3 bheadh leabhar iomann f\u00e1gtha ar an su\u00edochan teampaill ansin, os comhair chuile chr\u00edosta\u00ed acu.   <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">An bhfuil a leith\u00e9id ind\u00e9anta?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Cinnte t\u00e1, n\u00f3 nach cuimhin le chuile dhuine, a rinne freastal ar mhisean, go n-\u00e9ir\u00edonn le lucht eagraithe an mhisin sin, an pobal a chur ag canadh, tr\u00ed chleachtadh gearr a chur sa tsi\u00fal, tamall roimh chuile Aifreann.  Tagann na daoine isteach go h\u00e9asca ar, idir cheol agus fhocail, agus n\u00ed h\u00e9 sin amh\u00e1in \u00e9, ach baineann siad ard-taitneamh as freisin, n\u00f3 teann siad amach abhaile agus ceol ina gcro\u00ed leo.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed g\u00e1 don sagart an l\u00e1 uilig a chaitheamh ag l\u00e9amh an Aifrinn, ach n\u00edor ch\u00f3ir d\u00f3, ach oiread, dul tr\u00edd an searmanas ar chosa in airde.  T\u00e1 g\u00e1 le cr\u00e1ifeacht agus le d\u00e1ir\u00edreacht le linn cheili\u00faradh an Aifrinn, n\u00f3 caithfear anam agus spiorad phobal D\u00e9 a ard\u00fa, agus a mhealladh tr\u00edd an gcuirt\u00edn caol sin, a scarann an d\u00e1 shaol \u00f3na ch\u00e9ile.  T\u00e1 an pobal c\u00e9anna sin ar th\u00f3ir bheatha a n-anamacha, agus m\u00e1 deintear iad a bheath\u00fa sa tsl\u00ed sin, fillfidh siad ar\u00eds, agus ar\u00eds eile, ar na hAifrinnt\u00ed a riarann an bheatha spiorad\u00e1lta sin orthu.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">C\u00e9 go mbainim fh\u00e9in taitneamh agus tairbhe as na hAifrinnt\u00ed Domhnaigh agus Saoire, faoi mar a cheili\u00fartar iad abhus, anseo in \u00c9irinn, ag an am gc\u00e9anna, caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il go ndeachaigh ceili\u00faradh an Aifrinn sna St\u00e1it i gcionn go m\u00f3r orm, agus chomh maith le sin, c\u00e1 bhf\u00e1gf\u00e1 na hAifrinnt\u00ed bre\u00e1tha sin a cheili\u00fartar i measc na Sp\u00e1inneach?  N\u00ed fh\u00e9adf\u00e1 gan suntas a thabhairt don chr\u00e1ifeacht agus don d\u00e1ir\u00edreacht a l\u00e9ir\u00edtear lena linn, sea, agus an ph\u00e1irt ghn\u00edomhach a bh\u00edonn ag an bpobal i gc\u00farsa\u00ed agus iad ag d\u00e9anamh comhair leis an sagart, le linn an cheili\u00fartha.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach, b\u2019fh\u00e9idir go bhfuil an iomarca r\u00e1ite agam faoi seo, agus b\u2019fh\u00e9idir freisin, gur ch\u00f3ir dom na c\u00farsa\u00ed sin a fh\u00e1g\u00e1il f\u00fathu sin, a bhfuil scil faoi leith acu iontu, ach nach cr\u00edosta\u00ed m\u00e9 fh\u00e9in, chomh maith le duine, agus is d\u00e1 bharr sin, a thuigtear dom, go bhfuil chuile cheart agam mo ladar a chur sa sc\u00e9al, ag s\u00fail, go spreagfainn daoine eile chun smaointe, agus chun gn\u00edmh.  N\u00f3 b\u2019fh\u00e9idir, gur mar sin a oibr\u00edonn an Spiorad Naomh fh\u00e9in, agus \u00e9 ag baint \u00fas\u00e1ide as an lag, leis an l\u00e1idir a spreagadh.  Agus m\u00e1 tharla\u00edonn ganntanas sagart orainn, amach anseo, n\u00e1r ch\u00f3ir smaoineamh ar na mna at\u00e1 ag fanacht go foighdeach ar na cliath\u00e1in, le m\u00e1m maith blianta anois, sea, agus nach bhfuil fir ph\u00f3sta ansin freisin, a bheadh s\u00e1sta seal a chaitheamh ag freastal ar an dtr\u00e9ad, d\u00e1 n-iarrfa\u00ed orthu a leith\u00e9id a dh\u00e9anamh.  M\u00e1 tharla\u00edonn an ganntanas sin, l\u00e9ireofar a leigheas d\u00fainn.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Leor sin do thuras na huaire seo.  Go dt\u00ed an ch\u00e9ad bhabhta eile&#8230;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sl\u00e1n&#8230;&#8230;..<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">*******************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">*******************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>S \u00e9 i p \u00e9 i l , S a g a i r t , a g u s A i f r i n n t \u00ed . *********************** . Nach m\u00f3r go deo idir inn\u00e9 agus inniu? Go h\u00e1irithe, nuair at\u00e1 duine ag cur s\u00edos ar na h\u00e1bhair thuasluaite. Is cuimhin liom [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-13143","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13143","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=13143"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13143\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":13144,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13143\/revisions\/13144"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=13143"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=13143"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=13143"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}