{"id":13153,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=13153"},"modified":"2024-04-08T01:13:44","modified_gmt":"2024-04-08T01:13:44","slug":"saoire-lunasa-1","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/saoire-lunasa-1\/","title":{"rendered":"Saoire  L\u00fanasa. 1."},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">I    m B \u00e9 a l    a n     P h o b a i l .<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">*****************************<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"text-decoration:underline;font-size:16pt\">The  August  Holiday .<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u00d3 tharla go dtiteann chom\u00f3radh l\u00e1 mo ph\u00f3sta i rith na saoire c\u00e9anna seo, t\u00e1 de n\u00f3s againn, s\u00e9 sin, m\u00e9 fh\u00e9in is mo bhean, scuabadh linn an tr\u00e1th seo chuile bhliain, le roinnt laethe a chaitheamh linn fh\u00e9in, \u00e1it eic\u00ednt \u00e1lainn, suimi\u00fail, i dt\u00edr seo na h\u00c9ireann, agus i mbliana, shocraigh muid ar na laethe sin a chaitheamh th\u00edos i R\u00edocht \u00e1rsa Chiarra\u00ed.  Anois, t\u00e1\u2019s ag an l\u00e1, go bhfuil an oiread sin \u00e1iteacha \u00e1ille, suimi\u00fala, th\u00edos sa taobh sin t\u00edre, nach raibh s\u00e9 \u00e9asca, in aon chor, teacht ar ionad a d\u2019oiri\u00fanfadh don bhliain \u00e1irithe seo.  Bhuel, tar \u00e9is roinnt mhaith ama a chaitheamh ar \u00e1r marana, ba \u00e9 a shocraigh muid, i ndeire na feide, n\u00f3 aghaidh a thabhairt ar an gCom, i leithinis Chorca Dhuibhne <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"text-decoration:underline;font-size:16pt\">In  time  for  the   Match !<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuaileamar b\u00f3thar luath go leor ar an Satharn an 31u d\u2019I\u00fail, agus mar is eol do ch\u00e1ch, bh\u00ed b\u00f3thar fada, tuirsi\u00fail, anacair, os \u00e1r gcomhair amach, ach faoi mar tharla, n\u00edor mhotha\u00edomar an t-am ag sleamhn\u00fa tharainn, agus shroicheamar an Com luath go leor le bheith in ann breathn\u00fa ar an gCluiche iom\u00e1na\u00edochta idir Chill Chainnigh agus Port L\u00e1irge.  N\u00ed g\u00e1 dhom a r\u00e1, gurbh fhi\u00fa an tairbhe an triobl\u00f3id, ar an \u00f3c\u00e1id \u00e1irithe sin!  Ar ais linn ansin go dt\u00ed \u00e1r dteach l\u00f3ist\u00edn, teach l\u00f3ist\u00edn Bhearnard agus Fionuala Mhic Gearailt, \u201cSuan na Mara\u201d, at\u00e1 suite tamall gearr amach \u00f3n gCom, ar Bh\u00f3thar Chaisle\u00e1n Ghriaire.  N\u00ed call dom an teach c\u00e9anna sin a mholadh, n\u00f3 t\u00e1 s\u00e9 molta agus mise i mo thost.  Leor a r\u00e1, gur thaitin s\u00e9 thar barr linne, agus t\u00e1 socraithe againn athchuairt a thabhairt air, an ch\u00e9ad bhabhta eile a bheidh muid sna b\u00f3la\u00ed c\u00e9anna sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Agus muid ag cur f\u00fainn sa taobh sin t\u00edre, bh\u00ed c\u00f3ngar tr\u00e1 agus sl\u00e9ibhe againn, agus mura raibh radharcra den ch\u00e9ad scoth againn \u00f3 mhaidin go ho\u00edche, n\u00ed l\u00e1 f\u00f3s \u00e9!   An tr\u00e1thn\u00f3na sin, agus idir ocras agus tart orainn, thugamar aghaidh ar Phroinnteach an Aghasaigh, i l\u00e1r an Choim.  Chomh luath is a chuamar thar tairseach isteach, bh\u00ed a fhios againn go raibh an rogha ceart d\u00e9anta againn, n\u00f3 bh\u00ed an \u00e1it ag cur thar maoil le daoine, rud a d\u2019inis d\u00fainne, go raibh tarraingt na d\u00faiche ar an bProinnteach c\u00e9anna sin, ar fheabhas agus ar bhlastacht na mb\u00e9il\u00ed a dh\u00e1iltear ar a cuid a\u00edonna.  Cuireadh an fh\u00edrinne ch\u00e9anna sin ar \u00e1r s\u00faile d\u00fainn, nuair a leagadh dinn\u00e9ar r\u00edoga os \u00e1r gcomhair amach.  N\u00ed br\u00e9ag a r\u00e1, go s\u00e1s\u00f3dh na b\u00e9il\u00ed ceanna sin goile fathaigh, gan tr\u00e1cht in aon chor ar an nduine daonna fh\u00e9in.  N\u00ed call a r\u00e1, gur chodla\u00edomar go s\u00e1mh an o\u00edche sin, \u00e1r gc\u00e9ad o\u00edche riamh ar an gCom.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"text-decoration:underline;font-size:16pt\">The  Trip  to  Dingle .<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar an nDomhnach, tar \u00e9is Aifreann a \u00e9isteacht i s\u00e9ipeal \u00e1lainn an bhaile, thugamar aghaidh ar an nDaingean, ach in \u00e1it dhul amach ar Bh\u00f3thar an Daingin, is amhlaidh a chuamar amach thar na sl\u00e9ibhte arda \u00fad a dtugtar Sliabh Mis orthu.  Chuaigh chuile sh\u00f3rt ar aghaidh go bre\u00e1 i dtosach, ach de r\u00e9ir mar a chuamar chun tosaigh, is ea ba mh\u00f3 a chuaigh s\u00e9 i bhfeidhm orainn, n\u00e1rbh aon \u201cFreeway\u201d, n\u00f3 \u201cMotorway\u201d ach oiread, a bh\u00ed sa bh\u00f3ithr\u00edn caol, anacair, casta, a roghna\u00edomar.  Scait\u00ed, bheadh fonn ar dhuine casadh ar ais, ach c\u00e1 bhfaigheadh s\u00e9 an sp\u00e1s lena ghluaiste\u00e1n a chasadh ar bh\u00f3ithr\u00edn chom caol sin?  N\u00ed raibh ach rud amh\u00e1in le d\u00e9anamh agat, agus b\u2019in treabhadh leat chun cinn, ag s\u00fail go sroichfe\u00e1 \u00e1it eic\u00ednt, i ndeireadh na d\u00e1la!  Chuamar thar an nD\u00fan \u00e1rsa \u00fad, Cathair Con R\u00ed, agus go gearr ina dhiaidh sin, shroicheamar an pointe is airde ar an mb\u00f3thar c\u00e9anna sin, agus go gearr ina dhiaidh sin, fuaireamar an radharc ab ionta\u00ed d\u00e1 bhfaca m\u00e9 fh\u00e9in le mo sh\u00faile cinn, riamh, n\u00f3 i bhfad, i bhfad, th\u00edos f\u00fainn, agus os \u00e1r gcomhair amach d\u00edreach, bh\u00ed radharc \u00e1lainn le f\u00e1il againn ar Bh\u00e1 an Daingin.  B\u2019\u00e9igean d\u00fainn an gluaiste\u00e1n a stopadh tamall, leis an radharcra c\u00e9anna sin a \u00f3l isteach, agus a chur i dtaisce i measc na radharcanna \u00e1ille a bh\u00ed st\u00f3railte againn i gc\u00f3ifr\u00edn na cuimhne, ionas go mbeadh f\u00e1il againn orthu, amach anseo, nuair a bheadh gruamacht agus gr\u00e1ice an Gheimhridh d\u00e1r gcr\u00e1.  Ar deireadh, shroicheamar an c\u00f3sta, c\u00f3ngarach do baile \u201cAughils Bridge\u201d.  Ar dheis linn ansin, agus leanamar linn ar aghaidh tr\u00ed Abhainn na Sc\u00e1il, Lios P\u00f3il, agus ar deireadh thiar, shroicheamar  baile dosh\u00e1raithe an Daingin fh\u00e9in.  Smaoinigh m\u00e9 ansin ar Pheig bhocht Sayers, agus \u00ed ag cur s\u00edos ar thithe m\u00f3ra, arda, an bhaile sin, agus ar l\u00e1 an aonaigh, nuair a bh\u00ed na sr\u00e1ideanna dubh le daoine.  C\u00e9ard d\u00e9arfadh an cr\u00e9at\u00far d\u00e1 mbeadh radharc le f\u00e1il aice anois ar na sr\u00e1ideanna c\u00e9anna sin, arsa mise liom fh\u00e9in, n\u00f3 n\u00edor bhr\u00e9ag ar bith a r\u00e1, go raibh na sr\u00e1ideanna sin pl\u00f3daithe le daoine, ach bh\u00ed difir mh\u00f3r idir na sluaite a bh\u00ed ag si\u00fal leo, fan na sr\u00e1ideanna sin anois, agus na sluaite a bh\u00ed le feice\u00e1il ag Peig ina l\u00e1 fh\u00e9in.  Ciarra\u00edgh uilig, d\u2019fh\u00e9adf\u00e1 a r\u00e1, a bh\u00ed le feice\u00e1il ag Peig, ach na sluaite a bh\u00ed le feice\u00e1il agamsa an l\u00e1 \u00e1lainn sin, bh\u00edodar ann \u00f3 cheithre hairde an tsaoil mh\u00f3ir, agus a sc\u00e9al fh\u00e9in, sea mh\u2019anam, agus a theanga fh\u00e9in freisin, ag chuile dhuine acu.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"text-decoration:underline;font-size:16pt\">On  Board  the  Jeannie  Johnston .<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar deireadh, thugamar faoi deara go raibh an-bhr\u00fa daoine th\u00edos bealach na c\u00e9.  C\u00e9ard a bh\u00ed \u00e1 dtarraingt uilig sa treo sin? ad\u00faramar linn fh\u00e9in.  Ba gherar go raibh freagra na ceiste sin le f\u00e1il againn, n\u00f3 th\u00edos ansin, feistithe agus ar ancaire, bh\u00ed an \u201cJeannie Johnston\u201d, macasamhail na loinge \u00fad a d\u2019iompar na m\u00edlte thar tonnta na Farraige M\u00f3ire, siar go Meirice\u00e1 agus go Ceanada, thart ar aimsir an Ghora Mh\u00f3ir, sea, agus bh\u00ed na c\u00e9adta ina scuaine mh\u00f3r, fhada, ruballach, ansin, ag s\u00edneadh siar \u00f3n long sin, agus iad ag fanacht, ar a seal, le dul ar bord, go bhfeicfid\u00eds an cine\u00e1l loinge a d\u2019iompar na m\u00edlte sin uilig, agus iad ar a dteicheadh \u00f3n nGorta c\u00e9anna sin, agus iad ag s\u00fail le saol n\u00edos fearr a chur in \u00e1irithe d\u00f3ibh fh\u00e9in, agus d\u00e1 s\u00edol, thall.  Shocra\u00edomar fh\u00e9in gur mhaith linn dul ar bord, agus leis an sc\u00e9al a dh\u00e9anamh n\u00edos \u00e9asca d\u00fainn, tharla beirt orainn, nach raibh an t-am acu fanacht ar a seal fh\u00e9in le dul ar bord, ach bh\u00ed tic\u00e9id acu, agus thugadar d\u00fainne iad, saor in aisce.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, chuamar isteach ag deireadh na scuaine sin, agus d\u2019fhanamar ar \u00e1r seal.  Chuamar ar bord ansin, agus caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il, gur bheag n\u00e1r bhain an radharc istigh deoir asainn.  Chonaiceamar an ch\u00fainge agus an doircheacht inar mhaireadar, na himircigh bhochta sin, ar feadh breis is s\u00e9 seachtaine, ar a dturas chun an domhain \u00fair, sea, agus gan m\u00f3r\u00e1n acu, i bhfoirm bia n\u00f3 d\u00ed, fan an aistir fhada ch\u00e9anna sin.  Ach, thuigeamar, ag an am gc\u00e9anna, n\u00e1rbh aon \u201cCoffin Ship\u201d \u00ed an Jeannie Johnston c\u00e9anna sin, n\u00f3 n\u00edor cailleadh duine ar bith ar bord na loinge c\u00e9anna sin, i rith a turasanna fada \u00f3 Chiarra\u00ed go dt\u00ed an domhan \u00far, i rith bhlianta uaf\u00e1sacha \u00fad an Ghorta Mh\u00f3ir.  Chonaiceamar na leapacha loinge agus daoine br\u00e9ige iontu, agus a sc\u00e9al \u00e1 r\u00edomh d\u00fainn ag gleas taifeadta ar bord.   Caithfidh me a admhail go ndeachaigh an chuairt ud ar an Jeannie Johnston i bhfeidhm go mor orainn, agus ni doigh liom go ndeanfaimid dearmad uirthi go luath.  Ar ball, chuamar abhaile, agus n\u00ed g\u00e1 a r\u00e1 gur chaitheamar seal an o\u00edche sin ag cur sc\u00e9al an Jeannie Johnston tr\u00ed ch\u00e9ile, agus m\u00e1 fhaigheann t\u00fa fh\u00e9in an deis cuairt a thabhairt ar an long ch\u00e9anna sin, b\u00ed cinnte go dtap\u00f3idh do dheis chuige sin, n\u00f3 t\u00e1 m\u00e9 cinnte go mbainfidh t\u00fa taitneamh as.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">****************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">****************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>I m B \u00e9 a l a n P h o b a i l . ***************************** The August Holiday . \u00d3 tharla go dtiteann chom\u00f3radh l\u00e1 mo ph\u00f3sta i rith na saoire c\u00e9anna seo, t\u00e1 de n\u00f3s againn, s\u00e9 sin, m\u00e9 fh\u00e9in is mo bhean, scuabadh linn an tr\u00e1th seo chuile bhliain, le roinnt [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-13153","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13153","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=13153"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13153\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":13154,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13153\/revisions\/13154"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=13153"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=13153"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=13153"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}