{"id":13157,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=13157"},"modified":"2024-04-08T01:13:44","modified_gmt":"2024-04-08T01:13:44","slug":"saoire-an-lunasa-2","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/saoire-an-lunasa-2\/","title":{"rendered":"Saoire an Lunasa 2"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"text-decoration:underline;font-size:16pt\">I    m B \u00e9 a l     a n     P h o b a i l  .<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"text-decoration:underline;font-size:16pt\">August Monday.  2.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar L\u00e1 Saoire L\u00fanasa, shocra\u00edomar ar ghe\u00e1bh a thabhairt siar go D\u00fan Chaoin, le go bhfeicfimis ar\u00eds, \u00e1illeacht agus \u00e9ags\u00falacht na d\u00faiche sin.  N\u00ed dheachamar amach thar na sl\u00e9ibhte an babhta seo, faoi mar a dheineamar ar an nDomhnach, ach is amhlaidh a thugamar an b\u00f3thar tr\u00ed Abhainn na Sc\u00e1il orainn fh\u00e9in, agus tar \u00e9is d\u00fainn tamall a chaitheamh sa Daingean, ag tabhairt chuile sh\u00f3rt faoi deara, leanamar orainn i dtreo Fionn Tr\u00e1, agus uaidh sin ar\u00eds i dtreo Cheann Sleibhe, mar a raibh an Fharraige Mh\u00f3r ar thaobh na ciot\u00f3ige, agus Sliabh scanraitheach an Fhiolair ar thaobh na l\u00e1imhe deise againn.  Nach deachair do thiom\u00e1na\u00ed ar bith s\u00fail a choinne\u00e1il ar an mb\u00f3thar roimhe amach, agus \u00e9 ag treabhadh leis tr\u00ed dh\u00faiche chomh h\u00e1lainn sin?  Cinnte, d\u2019fh\u00e9adfadh duine stopadh anois is ar\u00eds, agus b\u00e9ile na h\u00e1illeachta sin a chaitheamh ar a sh\u00e1stacht, ach ag an am gc\u00e9anna, nach deacair dul thar radharcra chomh corraitheach sin gan l\u00e1n na s\u00fal a bhaint as, anois is ar\u00eds, fi\u00fa.  Ach, sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, agus an oiread sin tr\u00e1chta sin ar bh\u00f3ithre d\u00e1 leith\u00e9id seo, n\u00ed bh\u00edonn an dara rogha ag duine, ach na s\u00faile a choinne\u00e1il d\u00edrithe ar an r\u00f3d a shn\u00edonn roimhe amach.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"text-decoration:underline\">Slea  Head .<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Nach \u00e1lainn, amach is amuigh, an t\u00edr sin a sh\u00edneann \u00f3 Cheann Sl\u00e9ibhe go D\u00fan Chaoin?  An f\u00e9idir na radharcanna mara is sl\u00e9ibhe sin a sh\u00e1r\u00fa, \u00e1it ar bith ar domhan?  B\u2019\u00e9igean d\u00fainn stopadh ag na Leataobhanna speisialta tamall, le deis a thabhairt d\u00fainn na radharcanna c\u00e9anna a thabhairt faoi deara i gceart.  Ach b\u00edodh gur chaith muid tamall maith i mbun an ghn\u00f3 sin, i nd\u00e1ir\u00edre, n\u00edor chucu a bh\u00edomar.  Ba \u00e9 an ceann scr\u00edbe a bh\u00ed socraithe againn don l\u00e1 \u00e1irithe sin n\u00f3 \u201cIonad an Bhlascaoid Mh\u00f3ir\u201d, at\u00e1 suite c\u00f3ngaraach do bhaile Dh\u00fan Chaoin fh\u00e9in.  N\u00edorbh \u00ed seo an ch\u00e9ad uair againn cuairt a thabhairt ar an Ionad c\u00e9anna seo, ach caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il, go n-\u00e9ir\u00edonn leis m\u00e9 fh\u00e9in a chur faoi gheasa, agus m\u00e9 a mhealladh ar ais chuige, chuile uair a tharla\u00edonn sna b\u00f3la\u00ed c\u00e9anna sin m\u00e9.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"text-decoration:underline\">The  Great  Blasket  Centre .<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar deireadh, shroicheamar an tIonad.  Ph\u00e1irce\u00e1il muid an gluaiste\u00e1n in ionad p\u00e1irce\u00e1la an Ionaid, agus ar aghaidh linn isteach.  Nuair a bh\u00ed m\u00e9 ansin, roinnt blianta \u00f3 shoin anois, tuigeadh dom, n\u00e1r r\u00f3-fh\u00e1ilti\u00fail an \u00e1it \u00ed, agus lena chois sin, mhothaigh m\u00e9 nach raibh aon r\u00f3-fhonn ar fhoireann an Ionaid an Ghaeilge a labhairt liom, ach an babhta seo, a mhalairt ar fad a bh\u00ed le tabhairt faoi deara agam.  Bh\u00ed togha na Gaeilge blasta le f\u00e1il ag an t\u00e9 ar theastaigh a leith\u00e9id uaidh, sea agus fl\u00fairse di freisin.  Caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il, gur thaitin sin go m\u00f3r liom.  Fuaireamar \u00e1r dtic\u00e9id, agus isteach linn san Ionad \u00e1lainn dea-th\u00f3gtha, dea-fheistithe, sin.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00ed daoine \u00f3ga linn, agus bh\u00ed ceisteanna acusan le cur orainn, agus thug sin deis d\u00fainne, sc\u00e9al an oile\u00e1in agus a phobail a mh\u00edni\u00fa d\u00f3ibh, chomh fada is a d\u2019fh\u00e9adfaimis \u00e9 sin a dh\u00e9anamh, agus chuamar ar thuras leo, \u00f3 sheomra go seomra, le sc\u00e9al uilig an oile\u00e1in a l\u00e9amh, agus a fheice\u00e1il sna picti\u00fair iomad\u00fala a bh\u00ed crochta chomh cliste sin ar falla\u00ed na seomra\u00ed c\u00e9anna sin.  I l\u00e1r na hoibre sin go l\u00e9ir, tugadh leid d\u00fainn, go raibh an Scann\u00e1n Faisn\u00e9ise faoi\u2019n mBlascaod ar t\u00ed tos\u00fa san Amharclann \u00e1lainn at\u00e1 acu san Ionad M\u00ednithe sin.  Thugamar cluas don leid ch\u00e9anna sin, agus thugamar aghaidh ar an Amharclann.  N\u00ed raibh ann ach go raibh muid suite go deas, comp\u00f3rdach, istigh ansin, nuair a cuireadh t\u00fas leis an Scann\u00e1n sin faoi Oidhreacht an Bhlascaoid.  N\u00ed br\u00e9ag ar bith a r\u00e1, gur thaitin an se\u00f3 sin thar barr linne.  Fuaireamar an-tuiscint ar phobal an oile\u00e1in, agus ar a sl\u00ed bheatha agus maireacht\u00e1la, sular chuir eacnama\u00edocht an fichi\u00fa haois cr\u00edoch lena r\u00e9 mar oilean\u00e1igh, agus mar iascair\u00ed, a bh\u00ed s\u00e1sta dul i ngleic le cumhacht agus le f\u00edochmhaireacht na Farraige M\u00f3ire, l\u00e1 i ndiaidh lae.   B\u2019fhearr, agus ba shoil\u00e9ire \u00e1r dtuiscint, ar shaol agus ar shaothar mhuintir an Bhlascaod, tar \u00e9is d\u00fainn an scann\u00e1n \u00fad a fheice\u00e1il.   Chuamar isteach ansin i seoimr\u00edn eile, agus istigh ansin, bh\u00ed mionsamhail an oile\u00e1in fh\u00e9in, leata os \u00e1r gcomhair amach, ar bhord.  B\u2019\u00e9asca d\u00fainn ansin, c\u00f3sta, c\u00e9, tithe, p\u00e1irceanna, b\u00f3ithre, agus eile, a thabhairt faoi deara ansin, agus ar\u00eds, chuir an mhionsamhair sin len\u00e1r dtuiscint ar an timpeallacht inar mhair oilean\u00e1igh ch\u00e1ili\u00fala \u00fad an Bhlascaoid.   In \u00e1it eile f\u00f3s, bh\u00ed sc\u00e9al na             n-oile\u00e1nach \u00fad a thug an tOile\u00e1n \u00dar orthu fh\u00e9in, tr\u00e1th raibh r\u00e9 a n-oile\u00e1in fh\u00e9in thart.  Bhainfeadh na picti\u00fair ch\u00e9anna sin deoir asat, n\u00f3 thuigfe\u00e1, d\u00e1 mbeadh an gustal ag an t\u00edr s\u2019againne, an tr\u00e1th \u00fad, n\u00e1r ch\u00f3ir d\u00fainn saibhreas na hoidhreachta sin uilig a ligean le sruth, ach nach \u2018in an saol agat a mhiceo!  <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"text-decoration:underline;font-size:16pt\">Beautiful   D\u00fan   Chaoin .<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed call dom a r\u00e1, nach bhfuil ansin ach roinnt an-bheag den mh\u00e9id a bh\u00ed le feice\u00e1il againn in Ionad Oidhreachta an Bhlascaoid, Ionad \u00e1lainn a t\u00f3gadh ansin i nD\u00fan Chaoin, agus \u00e9 ag breathn\u00fa amach ar an mBlascaod M\u00f3r agus ar an \u00e1l oile\u00e1n at\u00e1 scaipthe thart air, amuigh ansin i ngiorracht fad urchar m\u00e9ar\u00f3ige don t\u00edr mh\u00f3r, faoi mar a cheapf\u00e1.  Sular fh\u00e1gamar an tIonad, chaitheamar seal ag breathn\u00fa ar na leabhair, agus ar na cuimhneach\u00e1in uilig, at\u00e1 ar d\u00edol ansin i siopa an Ionaid, le freastal ar na cuairteoir\u00ed iomad\u00fala a mb\u00edonn a dtrial ar an Ionad c\u00e9anna sin, le linn s\u00e9as\u00far na cuarta\u00edochta.  Chhomh luath is a d\u2019fh\u00e1gamar D\u00fan Chaoin, ar \u00e1r mbealach arais, d\u2019\u00edsligh dl\u00fathchheo dra\u00edochta anuas ar mhuir is ar t\u00edr, ionas nach raibh radharc le f\u00e1il againn a thuilleadh, ar oile\u00e1n \u00e1lainn an Bhlascaoid, n\u00f3 ar na hoile\u00e1in eile a mhaireann faoina sc\u00e1th.  Ach, n\u00e1r chuma linne, nach raibh \u00e1r nd\u00f3thair feicthe againn don l\u00e1 \u00e1irithe sin, agus nach mbeid\u00eds uilig ansin, nuair a d\u2019fhillfeadh muid an ch\u00e9ad bhabhta eile.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar \u00e1r mbealach ar ais ar an gCom, bhuaileamar isteach tigh Phaud\u00ed U\u00ed Sh\u00e9, i bhFionn Tr\u00e1, agus geallaimse dhuit \u00e9, gur cuireadh c\u00f3ir mhaith orainn sa tigh c\u00e9anna sin, n\u00f3 chaitheamar l\u00f3n bre\u00e1, s\u00e1s\u00fail, ann, l\u00f3n a chuir c\u00fal ar \u00e1r dtart agus ar \u00e1r n-ocras, go ceann scathaimh mhaith, ach go h\u00e1irithe.  Thugamar cuairt ar Sh\u00e1ip\u00e9al Chaitl\u00edona at\u00e1 in aice l\u00e1imhe, agus chuir \u00e1illeacht agus atmosf\u00e9ar ci\u00fain,s\u00edoch\u00e1nta, an tSaip\u00e9il cheanna faoi gheasa sinn.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"text-decoration:underline\">The  Son  of  the  Virgin   Lives !<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Chuireamar an-sp\u00e9is go deo sa phicti\u00far at\u00e1 deartha go heala\u00edonta taobh thiar den alt\u00f3ir, sa tS\u00e1ip\u00e9al c\u00e9anna sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">C\u00e9n picti\u00far, an ea?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Coileach, ina sheasamh ar imeall phota, agus \u00e9 ag glaoch&#8230;..  \u201cMac na h\u00d3ighe Sl\u00e1n.\u201d Sea, agus bh\u00ed daoine sa timpeall, sa phicti\u00far sin freisin, agus ionadh an domhain orthusan, cheapf\u00e1.  N\u00ed call dom a r\u00e1, gur smaoinigh m\u00e9 l\u00e1ithreach ar Pheig Sayers, agus ar an sc\u00e9al at\u00e1 le l\u00e9amh ag duine, sa leabhar sin \u201cPeig\u201d, faoin ais\u00e9ir\u00ed.  Nach cuimhin leat, nuair ad\u00fairt mo dhuine, go raibh s\u00e9 ina sc\u00e9al imeasc a dheisceabal in Iar\u00fasail\u00e9im, go n-\u00e9ireodh \u00cdosa \u00f3 mhairbh, agus an freagra a tugadh airsean, go raibh an seans c\u00e9anna ag an gcoileach a bh\u00ed \u00e1 bhruith sa phota, a bh\u00ed crochta os cionn na tine, \u00e9ir\u00ed as an bpota sin, is a bh\u00ed ag \u00cdosa \u00e9ir\u00ed \u00f3 mhairbh.  Ag an bpointe sin, d\u2019\u00e9irigh an coileach de l\u00e9im ar imeall an phota, agus chuir glaoch as, ach in ionad a ghn\u00e1thghlaoch, ag f\u00f3gairt an lae, a dh\u00e9anamh, b\u2019amhlaidh a scread s\u00e9 \u201cMac na h\u00d3ighe Sl\u00e1n\u201d.  Nach bre\u00e1 mar a shn\u00edomhadh an sc\u00e9al sin \u00f3n mb\u00e9aloideas isteach sa phicti\u00far sin, le cro\u00edthe daoine a th\u00f3gail, agus sc\u00e9al na hAis\u00e9ir\u00ed a chur i gcuimhne d\u00f3ibh, chuile uair a bhreathn\u00f3id\u00eds ar an alt\u00f3ir, agus ar an dtaibearnacal. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">I ndiaidh an tsosa sin i bhFionn Tr\u00e1, thugamar aghaidh ar\u00eds ar an gCom, agus n\u00ed haithristear sc\u00e9ala ar bith orainn gur bhaineamar ceann \u00e1r scr\u00edbe amach.  Agus le sin, cuirfidh m\u00e9 cr\u00edoch le sc\u00e9ala \u00e1r saoire ar an gCom, i L\u00fanasa na bliana seo.  Mar chr\u00edoch, seo cupla v\u00e9arsa a chum m\u00e9, i bhfad siar, i seascaid\u00ed na haoise seo caite, faoi thigh Pheig Sayers.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong>Tigh Pheig Sayers.<\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Tigh Pheig Sayers sa Bhlascaod tr\u00e9ighte, N\u00e1ire shaolta do chine Gael, Fothrach fuar go hainnis spr\u00e9ite, Anuas ar theaghlach geal na sc\u00e9al.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">D\u00edon lag l\u00fabach, pollta r\u00e9abtha, Doras g\u00edoscach, cistin lom, Fuinneog dhallta, a mogall caillte, Os cionn m\u00f3rmhara ard na dtonn.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach t\u00f3gtar M\u00fasa\u00e9im in iarthar t\u00edre I mbuanchuimhne lucht scr\u00edofa sc\u00e9al M\u00fasa\u00e9im daonna, d\u2019\u00f3g is d\u2019aosta, San oile\u00e1n cianda, i dtigh Pheig Sayers.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>I m B \u00e9 a l a n P h o b a i l . . August Monday. 2. Ar L\u00e1 Saoire L\u00fanasa, shocra\u00edomar ar ghe\u00e1bh a thabhairt siar go D\u00fan Chaoin, le go bhfeicfimis ar\u00eds, \u00e1illeacht agus \u00e9ags\u00falacht na d\u00faiche sin. N\u00ed dheachamar amach thar na sl\u00e9ibhte an babhta seo, faoi mar a [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-13157","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13157","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=13157"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13157\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":13158,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13157\/revisions\/13158"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=13157"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=13157"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=13157"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}