{"id":13165,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=13165"},"modified":"2024-04-08T01:25:25","modified_gmt":"2024-04-08T01:25:25","slug":"saoire-thiar","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/saoire-thiar\/","title":{"rendered":"Saoire Thiar."},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong>S A O I R E     T H I A R  .<\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong>***********************<\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Chaith m\u00e9 seachtain saoire in Inis Crabhann, ar na mallaibh, agus caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il dhuit anois, gur bhain m\u00e9 sult agus taitneamh as an tsaoire ch\u00e9anna sin ar bhruach ch\u00e1ili\u00fail Chuan Chill Ala.   Mar is eol duit, chaith m\u00e9 seal ansin anuraidh freisin, agus is d\u00f3cha gurbh iad cuimhn\u00ed na saoire sin a mheall thar nais ar\u00eds i mbliana m\u00e9.  Ach n\u00edorbh \u00e9 sin amh\u00e1in a mheall siar ansin m\u00e9, n\u00f3 ba mhinic mo chuairt  ar an ionad saoire c\u00e9anna  sin, thart ar leathch\u00e9ad bliain \u00f3 shoin, agus is \u00e9 an bua is m\u00f3 at\u00e1 ag an ionad sin domsa, ach go h\u00e1irithe, n\u00f3 a laghad athr\u00fa at\u00e1 tagtha ar an \u00e1it , n\u00f3 ar a muintir, i rith na tr\u00e9imhse fada sin.  T\u00e1 na dumhacha, an tr\u00e1, agus an baile fh\u00e9in fi\u00fa, d\u00edreach mar a bh\u00ed, agus mise ag teacht anseo im\u2019 fhear \u00f3g.  \u00d3, glacaim leis, gur t\u00f3gadh roinnt mhaith tithe, agus foirgnimh feice\u00e1lacha eile, san idirlinn, ach ar bhealach eic\u00ednt nach dtuigim, n\u00edor athraigh na hathruithe c\u00e9anna sin pearsantacht, n\u00f3 anam, an bhaile \u00e1lainn seo cois cuain, olc, maith, n\u00f3 dona.  Is d\u00f3cha gurb iad an tr\u00e1 bh\u00e1n, leathan, fhairsing, agus caiple Mhanann\u00e1in ag r\u00e1s go buacach chun na tr\u00e1, is c\u00fais leis an gcuma do-athraithe seo a bheith ar Inis Crabhann cois cuain.  \u00d3, sea, agus m\u00e1 th\u00e1inig aon athr\u00fa ar phobal an ionaid seo, is amhlaidh a mh\u00e9adaigh ar a gcairdi\u00falacht, agus ar a gcarthannacht, san idirlinn, agus c\u00e1 bhfuil an dara ionad saoire eile sa t\u00edr \u00e1lainn seo, a d\u2019fh\u00e9adf\u00e1 a leith\u00e9id a r\u00e1 faoi?   C\u00e9n \u00e1it eile sa t\u00edr, in a mbeann\u00f3dh an oiread sin daoine leat, ar shr\u00e1id, n\u00f3 ar thr\u00e1, ar bh\u00f3thar n\u00f3 ar bhealach, i siopa n\u00f3 in oifig leat, is a dh\u00e9anann, chuile thr\u00e1th, sa bhaile cairdi\u00fail seo?  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Dheamhan a raibh basctha dhe, i mbliana, ach an aimsir!  N\u00f3 i dt\u00fas na saoire, ach go h\u00e1irithe, bh\u00ed s\u00e9 gruama, scamallach, bun\u00fas an ama, agus bhainfeadh an ghaoth gh\u00e9ar, gh\u00e1ifeach, an tsr\u00f3n anuas d\u00edot, a th\u00faisce is a chuirfe\u00e1 do shr\u00f3n taobh amuigh den doras!  Ach t\u00e1 m\u00e9 cinnte nach bhfuil san aimsir seo ach rud sealadach, agus t\u00e1 s\u00fail agam, go mbainfidh an ghrian gheal na c\u00f3ta\u00ed m\u00f3ra d\u00ednn, sul m\u00e1 dt\u00ed i bhfad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00e1 s\u00edl anois, gur choinnigh an aimsir ch\u00e9anna istigh muid, n\u00f3 n\u00edor choinnigh, n\u00f3 baol air!  N\u00f3 bhuaileamar amach ar fud na bhfud, cupla babhta,  chuile l\u00e1, agus caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il, go mbeadh s\u00e9 deacair \u00e1it n\u00edos oiri\u00fana\u00ed n\u00e1 Inis Crabhann a fh\u00e1il le si\u00fal\u00f3id a dh\u00e9anamh, n\u00f3 t\u00e1 an \u00e1it leagtha amach ar bhealach a chuireann ar chumas an turas\u00f3ra si\u00fal\u00f3id bhre\u00e1, fhada, a dheanamh, gan dul i gcont\u00fairt a anama, chuile bhabhta.  Is f\u00e9idir leis dul s\u00edos chun na c\u00e9ibhe, agus thart ansin go dt\u00ed an tr\u00e1 bhre\u00e1, fhairsing, a sh\u00edneann na m\u00edlte sl\u00ed \u00f3n mbaile siar.  D\u00e1 mbeadh tr\u00e1 chomh fairsing sin suite ar an gc\u00f3sta thoir, t\u00e1 m\u00e9 cinnte go mbeadh tarraingt na m\u00edlte uirthi, chuile uair sa l\u00e1, Domhnach is D\u00e1lach.   Briseann tonnta bre\u00e1tha, arda, c\u00farbh\u00e1na, ar an tr\u00e1 seo isteach, agus chonaic m\u00e9 fh\u00e9in, cheana, roinnt daoine amuigh ag \u201csurf\u00e1il\u201d ar na tonnta c\u00e9anna sin.  Cheapf\u00e1 gur amuigh ar Bondi Beach, san Astr\u00e1il, a bh\u00ed t\u00fa.  D\u00e1r nd\u00f3igh, t\u00e1 tonnta n\u00edos fearr f\u00f3s le f\u00e1il, th\u00edos an b\u00f3thar, in Iascaigh, agus tugann roinnt mhaith surf\u00f3ir\u00ed aghaidh ar an mbaile iascaigh ch\u00e9anna sin, leis an sp\u00f3rt is ansa leo a chleachtadh ansin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar an Domhnach, chuaigh muid ar thuras chomh fada siar le Baile an Chaisil, agus  ar\u00eds, bheadh s\u00e9 deacair an taobh t\u00edre tr\u00ednar ghabhamar a sh\u00e1r\u00fa, ar a h\u00e1illeacht, ar a haduaine, n\u00f3 ar a loime.  Tr\u00ed Bh\u00e9al an \u00c1tha is ea chuamar, agus ar dt\u00fas thar Dhroichead \u201cHam\u201d anonn linn, agus thabharfadh duine faoi deara, an caoi ar deineadh uchtbhalla\u00ed an droichid \u00e1rsa sin, maraon le bruacha na habhann, a mhaisi\u00fa, a fhorbairt agus a ghlanadh, thar mar a bh\u00edodh, nuair a mhair m\u00e9 fh\u00e9in sna b\u00f3la\u00ed seo, tarraingt ar leathchead bliain \u00f3 shoin anois.  Thar Leacht Humbert linn, agus s\u00edos linn ansin B\u00f3thar Chill Ala, s\u00edos thar St\u00e1isi\u00fain \u00e1ille na gCros a t\u00f3gadh ansin, ar imeall an bhaile, mar chuimhneach\u00e1n, san \u00e1it ar bhaist Naomh P\u00e1draig fh\u00e9in Taoiseach na D\u00faiche sin, gona chlann agus a theaghlach, i dt\u00fas r\u00e9 na Cr\u00edosta\u00edochta in \u00c9irinn. B\u2019fhi\u00fa don turas\u00f3ir seal gearr a chaitheamh ansin, le naofacht, agus iarg\u00faltacht, an ionaid sin a bhlaiseadh ina ioml\u00e1ine.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Chun tosaigh linn ansin, s\u00edos fan bhruach chl\u00e9 na Muaidhe.  Chuir an f\u00e1s agus an forbairt at\u00e1 curtha i gcr\u00edch sa limist\u00e9ar sin ionadh agus \u00e1thas orainn, n\u00f3 bheadh s\u00e9 deacair \u00e1illeacht, dearadh, agus m\u00e9ad, na forbartha c\u00e9anna sin a sh\u00e1r\u00fa, \u00e1it ar bith sa t\u00edr. Th\u00edos sa d\u00faiche seo freisin, f\u00e1n Bh\u00f3thar Chill Ala, a t\u00f3gadh na Mainistreacha c\u00e1ili\u00fala sin, Mainistir na Maighne, agus Mainistir Ros Eirc, Mainistreacha a bhfuil \u00e1illeacht agus d\u00ednit neamhghn\u00e1ch ag baint leo f\u00f3s, b\u00edodh nach bhfuil iontu anois ach fothracha.  Sin rud a thugann duine faoi deara sa taobh seo t\u00edre, go bhfuil s\u00e9, an t-am ar fad, geall leis, ag taisteal cois ar chois leis na gl\u00fanta a chuir f\u00fathu sa d\u00faiche seo, le sinsearacht, sea, agus ag si\u00fal na gcas\u00e1n a shi\u00fail siadsan fad\u00f3.  Sea, b\u00edonn cos amh\u00e1in agat i saol corraitheach an lae inniu, agus an sp\u00e1g eile feistithe agat i r\u00edocht r\u00edoga na staire.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar ball, shroich muid Cill Ala, baile \u00e1lainn, \u00e1rsa, i mb\u00e9al Chuan Chill Ala.  B\u00edodh gur \u00e9irigh leis an mbaile seo si\u00fal isteach go spleodrach san aon\u00fa haois fichead, ag an am gc\u00e9anna, d\u2019\u00e9irigh leis a chuma is a phearsantacht \u00e1rsa a chaomhn\u00fa agus a choth\u00fa.  A chon\u00e1ch sin orthu! n\u00f3 n\u00edor \u00e9irigh le m\u00f3r\u00e1n bailte sa t\u00edr an t-\u00e9acht c\u00e9anna sin a dh\u00e9anamh.  I gc\u00e1s roinnt mhaith bailte, is amhlaidh a leagadar an sean, le d\u00fashraith a dh\u00e9anamh don nua, gn\u00edomh nach bhfuil inmholta i dt\u00edr shibhialta ar bith.  Chun tosaigh linn ansin fan an ch\u00f3sta, agus b\u00edodh nach raibh radharc againn ar an gc\u00f3sta c\u00e9anna sin, ach go hannamh, bh\u00ed fhios againn, ag an am gc\u00e9anna, go raibh s\u00e9 gar d\u00fainn, an t-am ar fad.  Anois is ar\u00eds, \u00e1fach, thagadh an c\u00f3sta c\u00e9anna sin faoi raon \u00e1r s\u00fal, agus geallaimse dhuit \u00e9, go mbainfeadh cuid de na radharcanna c\u00e9anna sin an an\u00e1il d\u00edot, lena n-\u00e1illeacht, lena bhfi\u00e1ntas, agus lena n-\u00e9ags\u00falacht.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Shroicheamar Baile an Chaisil ar deireadh thiar, agus geallaimse dhuit \u00e9, gur deas, comharsanuil, teolai, an baile \u00e9, suite mar at\u00e1 s\u00e9, os cionn na mara m\u00f3ire.  Th\u00e1inig f\u00e1s as cuimse air le tamall de bhlianta anuas.  F\u00e1s na turas\u00f3ireachta sa d\u00faiche seo is c\u00fais le sin, n\u00ed fol\u00e1ir, n\u00f3 nach bhfuil an domhan m\u00f3r is a mh\u00e1thair ag tarraingt ar Achaidh Ch\u00e9ide,(\u201cThe C\u00e9ide Fields\u201d), le traidhfil blianta anuas anois.  Sea, mh\u2019anam! dheamhan m\u00f3r\u00e1n a fuair an taobh seo t\u00edre seo \u00f3 \u00fath bisiuil, silteach, an T\u00edogair Cheiltigh, ach is d\u00f3cha gurb \u00ed an turas\u00f3ireacht, a d\u2019fh\u00e1s as cuimse sa taobh seo t\u00edre, a chuaigh i gcionn ar \u00e1iteacha cos\u00fail le Baile an Chaisil, agus d\u00e1r nd\u00f3igh, d\u2019fh\u00e9adfadh duine a r\u00e1, gur de thoradh chuairt an T\u00edogair Cheiltigh ch\u00e9anna sin, a th\u00e1inig an f\u00e1s as cuimse sin ar thionscail na turas\u00f3ireachta in \u00e1r measc.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Shocraigh muid ag an bpointe sin, go raibh \u00e1r nd\u00f3thain feicthe againn don l\u00e1 sin, agus go bhf\u00e1gfadh muid Achaidh Ch\u00e9ide do l\u00e1 eic\u00ednt eile, n\u00f3 theast\u00f3dh l\u00e1 ioml\u00e1n, le taitneamh agus tairbhe ioml\u00e1n a bhaint as an ionad \u00e1rsa, stairi\u00fail sin.  Mar sin, n\u00ed raibh le d\u00e9anamh againn, ach filleadh ar Inis Crabhann ar\u00eds.  An babhta seo \u00e1fach, chaitheamar tamall ag breathn\u00fa ar na tr\u00e1nna bre\u00e1tha, fairsinge, \u00e1ille, at\u00e1 thart le c\u00f3sta, c\u00f3ngarach do Chill Ala.  Agus chomh maith le sin, bh\u00edomar ag smaoineamh ar Bhliain mh\u00ed-\u00e1mharach \u00fad na bhFranncach, agus an trup agus an fuirseadh a bh\u00ed thart ar na h\u00e1iteacha sin, nuair a bh\u00ed na saighdi\u00fair\u00ed Franncacha ag teacht i dt\u00edr ansin, agus ag f\u00e1il r\u00e9idh do na cathanna, a bh\u00ed rompu amach.  N\u2019fheadar ar thaitin an radharcra leo? N\u00f3 an bhfaca siad a leath, n\u00f3 n\u00edos l\u00fa fh\u00e9in, leis an bhfustar faobhrach a bh\u00ed thart orthu, chuile \u00e1it.  Nach bre\u00e1 an smaoineamh \u00e9, comhartha\u00ed b\u00f3thair anois, ag tabhairt m\u00e9ar an eolais d\u00fainn, ar bhealach Humbert, n\u00f3 ar \u201cSl\u00ed Humbert\u201d, s\u00e9 sin, an b\u00f3thar a lean arm Humbert, ar a mbealach go B\u00e9al an \u00c1tha.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar ais tr\u00ed Bh\u00e9al an \u00c1tha linn, ach an babhta seo, thugamar cuairt ar Ardeaglais Mhuireadhaigh, sa bhaile sin, ionas go bhfeicfeadh muid, mar a deineadh athch\u00f3iri\u00fa ar an bhfoirgneamh bre\u00e1, feice\u00e1lach sin.  Deineadh an-ghlanadh-suas ar an dtaobh amuigh, agus cuireadh bail cheart ar an ionad ar fad, ach n\u00edor dhada \u00e9 sin i gcompar\u00e1id leis na deisi\u00fach\u00e1in, agus an maisi\u00fa, a deineadh taobh istigh.  Bh\u00ed chuile sh\u00f3rt istigh go deas, geal, spreag\u00fail, ach b\u00edodh go raibh, ag an am gc\u00e9anna, d\u2019\u00e9irigh leo, soll\u00fantacht chr\u00e1ifeach an t\u00ed bheannaithe sin, a choime\u00e1d.  Rinneadar gloine dhaite na bhfuinneoga \u00e1ille a athnuachan, a neart\u00fa, agus a chaomhn\u00fa, do na gl\u00fanta at\u00e1 le teacht.  Agus is ar \u00e9igean a d\u2019aithneof\u00e1 St\u00e1isi\u00fain na gCros, n\u00f3 deineadh iadsan a ghlanadh go gairmi\u00fail, agus geallaimse dhuit \u00e9, gur bheag tuairim a bh\u00ed againn, caoga bliain \u00f3 shoin, go raibh dathanna chomh beomhar, br\u00edomhar, iontu, is at\u00e1 le feice\u00e1il iontu anois.  Caithfidh m\u00e9 a r\u00e1 anois, go mbeidh fonn ormsa feasta, uair ar bith a bheidh m\u00e9 sna b\u00f3la\u00ed sin, cuairt a thabhairt ar an Ardeaglais ch\u00e9anna sin, n\u00f3 th\u00f3gfadh s\u00e9 do chro\u00ed, is d\u2019anam, seal a chaitheamh istigh ansin, ag paidreoireacht, n\u00f3 fi\u00fa, ag sui\u00ed s\u00edos ansin seal, ag smaoineamh ar ch\u00farsa\u00ed an tsaoil seo.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach bh\u00ed s\u00e9 in am d\u00fainn dul abhaile go hInis Crabhann, agus ba ghearr an mhoill orainn \u00e1r dteach saoire a bhaint amach, agus ansin, thosa\u00edomar ag plean\u00e1il don ch\u00e9ad l\u00e1 eile, n\u00f3 sin mar a chaitheann muid \u00e1r saoire, muid ag dul \u00f3 l\u00e1 go l\u00e1, agus go minic, tugann eachtra\u00ed an lae sin leide d\u00fainn ar ch\u00e9ard ba cheart d\u00fainn a dh\u00e9anamh, an l\u00e1 d\u00e1r gcionn.  Ach leor sin don bhabhta seo.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Go dt\u00ed an ch\u00e9ad uair eile&#8230;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sl\u00e1n&#8230;..<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">*********************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">********************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;<span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>S A O I R E T H I A R . . *********************** . Chaith m\u00e9 seachtain saoire in Inis Crabhann, ar na mallaibh, agus caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il dhuit anois, gur bhain m\u00e9 sult agus taitneamh as an tsaoire ch\u00e9anna sin ar bhruach ch\u00e1ili\u00fail Chuan Chill Ala. Mar is eol duit, chaith m\u00e9 [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-13165","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13165","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=13165"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13165\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":13166,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13165\/revisions\/13166"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=13165"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=13165"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=13165"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}