{"id":13183,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=13183"},"modified":"2024-04-08T01:15:59","modified_gmt":"2024-04-08T01:15:59","slug":"saolta-ag-athru","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/saolta-ag-athru\/","title":{"rendered":"Saolta   ag   athr\u00fa"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Saolta   ag   athr\u00fa<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Is ioma\u00ed seanfhocal a bh\u00ed ag \u00e1r sinsear, le neamhbhuaine an tsaoil seo a chur in i\u00fal. \u201cIs buaine gach rud na an duine\u201d, adeireadh siad, agus iad ag iarraidh giorra an tsaoil seo a chur ar a sh\u00faile do dhuine, sea, agus ar\u00eds nach minic a bhainid\u00eds leas as \u201cN\u00ed bh\u00edonn in aon rud ach seal\u201d le cur i dtuiscint do dhuine, go mb\u00edonn na saolta ag athr\u00fa de sh\u00edor. Sea, mh\u2019anam, tuigeadh d\u00f3ibh go raibh chuile sh\u00f3rt thart orthu ag f\u00f3gairt d\u00f3ibh nach raibh cathair bhuan acu abhus. \u201cM\u00e1s fada an l\u00e1 tiocfaidh an tr\u00e1thn\u00f3na,\u201d agus sa tsl\u00ed ch\u00e9anna, m\u00e1s fada fh\u00e9in r\u00e9im an daonna\u00ed i ngn\u00e9 \u00e1irithe den saol, n\u00edl buaine i nd\u00e1n d\u00f3 abhus, ach oiread.<\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">Ag dul ar scor<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">B\u2019in iad na smaointe a rith liom, ar na mallaibh, nuair a thug m\u00e9 faoi deara, go raibh curaidh \u00e1irithe dem chuid, ag smaoineamh ar dhul amach ar scor. Caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il dhuit anseo, gur ch\u00fais bhr\u00f3in dom a leitheid a chlos, ach ar an dtaobh eile den sc\u00e9al, caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il, go bhfuil a sos tuillte ag na curaidh ch\u00e9anna sin, agus caithfidh m\u00e9 \u201cad multos annos\u201d a ghu\u00ed orhtu, agus m\u00e9 ag s\u00fail go mbainfidh siad sult agus s\u00e1samh as a laethe ar scor.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">C\u00e9 hiad na curaidh at\u00e1 i gceist agam anseo, an ea?<\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">Easpag<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel! tos\u00f3idh m\u00e9 leis an Easpag fh\u00e9in, an Docht\u00fair R\u00f3-Oir. Laurence Foristal. Chuala, agus l\u00e9igh m\u00e9 sa nuacht\u00e1n, go raibh beartaithe ag an Easpag c\u00e9anna \u00e9ir\u00ed as oifig go luath, agus ba \u00ed c\u00fais a luadh leis an gcinneadh seo, n\u00f3 go raibh an aois scoir sroichte, geall leis, aige. Caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il go moth\u00f3idh muid uainn \u00e9, n\u00f3 ba Aoire tuisceanach, d\u00edograiseach, cine\u00e1lta, carthannach \u00e9, an fear c\u00e9anna sin, agus Eaglaiseach gradamach, c\u00e9imi\u00fail, \u00fadar\u00e1sach. N\u00edl le d\u00e9anamh againn anois ach fad saoil, agus sl\u00e1inte an bhrad\u00e1in, a ghu\u00ed air, sna blianta at\u00e1 romhainn amach. Ach, d\u00e1r nd\u00f3igh, n\u00ed hionann sin go l\u00e9ir is a r\u00e1 go n-\u00e9ireoidh an t-easpag s\u2019againne as oifig, l\u00e1ithreach bonn baill, n\u00f3 deirtear liom, go bhfanfaidh s\u00e9 ina phost go gceapfar a chomharba, agus chuile sheans go dt\u00f3gfaidh s\u00e9 p\u00edosa le sin a dh\u00e9anamh. Mar sin, d\u2019fh\u00e9adfadh s\u00e9, le c\u00fanamh D\u00e9, go mbeadh an Docht\u00fair Laurence Foristal linn, mar easpag, go ceann scathaimh mhaith eile, agus thabharfadh sin deis don Eaglais comharba oiri\u00fanach a lorg, a fh\u00e1il, is a cheapadh, san idirlinn.<\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">Iom\u00e1na\u00ed<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Agus c\u00e9 eile at\u00e1 ag \u00e9ir\u00ed as a phost, an ea?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, b\u2019fh\u00e9idir nach dtabharf\u00e1 post ar a raibh \u00e1 dh\u00e9anamh ag an bhfear seo d\u00fainn, le m\u00e1m maith blianta anois, ach mura dtabharf\u00e1 fh\u00e9in, ba chos\u00fail le post \u00e9, a bh\u00ed \u00e1 dh\u00e9anamh aige, go deonach, ina chuid saor-am fh\u00e9in. Sea, agus geallaimse dhuit \u00e9, n\u00e1rbh aon iom\u00e1na\u00ed ar an gcla\u00ed a bh\u00ed sa bhfear c\u00e1ili\u00fail seo, n\u00edorbh ea mh\u2019anam, ach iom\u00e1na\u00ed a chuir an t\u00edr uilig seo faoi dhra\u00edocht, agus faoi gheasa, lena scil agus lena eala\u00edn, leis an gcam\u00e1n fuinseoige.  N\u00ed g\u00e1 a ainm uilig a lua ach oiread, i nd\u00e1ir\u00edre, n\u00edl le d\u00e9anamh agam ach D.J. a lua, le go n-aithneodh madra\u00ed an bhaile, n\u00f3 fi\u00fa na cait fh\u00e9in! c\u00e9 d\u00f3 a bhfuilim ag tagairt. Sea, agus gan deacracht ar bith, bronnaim an curadh mh\u00edr ar D.J. s\u2019againne, n\u00f3 glactar leis anois, gurbh \u00e9 an t-iom\u00e1na\u00ed ab fhearr sa ghl\u00fan seo \u00e9 an D.J. Carey c\u00e9anna sin, agus t\u00e1 roinnt mhaith saineolaithe sa chluiche seo, a d\u00e9arfadh, gurbh \u00e9 an t-iom\u00e1na\u00ed ab fherr riamh \u00e9. Ba sa bhliain 1970 a rugadh \u00e9, agus tharla go raibh m\u00e9 fh\u00e9in im mh\u00fainteoir anseo i gCol\u00e1iste Chiar\u00e1in ag an am, agus bh\u00ed m\u00e9 im\u2019 mhuinteoir f\u00f3s sa Chol\u00e1iste c\u00e9anna sin, thart ar dh\u00e1 bhliain d\u00e9ag ina dhiaidh sin, nuair a roghnaigh D.J. agus a mhuintir an Col\u00e1iste c\u00e9anna sin mar Alma Mater don iom\u00e1na\u00ed \u00f3g. Sea, agus th\u00e1inig s\u00e9 go dt\u00ed an Col\u00e1iste, agus \u00e9 cheana f\u00e9in ina iom\u00e1na\u00ed d\u00e9anta. Is cuimhin liom ag an am, an sc\u00e9al a chlos \u00f3 dhuine dem\u2019 chomhleacaithe, nach bhfaca s\u00e9 fh\u00e9in \u00f3g\u00e1nach d\u00e1 aois riamh, a raibh an leibh\u00e9al c\u00e9anna scileanna, agus cleasa, leis an gcam\u00e1n, ar a dheis aige, cheana fein.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">C\u00e9n cine\u00e1l scol\u00e1ire a bh\u00ed i D.J. an ea?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, bheadh s\u00e9 deacair locht a fh\u00e1il air, mar mhac l\u00e9inn, n\u00f3 bh\u00ed s\u00e9 cine\u00e1lta, d\u00edograiseach, l\u00e1ch, carthannach, comhoibritheach, agus \u00e9 s\u00e1sta, i gc\u00f3na\u00ed, rud a dh\u00e9anamh ort. Is f\u00e9idir liom an gas\u00far \u00f3g sin a fheice\u00e1il, anois fh\u00e9in, i scath\u00e1n na cuimhne, \u00e9 l\u00e1ch, gealgh\u00e1iritheach, d\u00e1ir\u00edreach. N\u00ed raibh s\u00e9 chomh m\u00f3r, n\u00f3 chomh l\u00e1idir le roinnt mhaith d\u00e1 chomhscol\u00e1ir\u00ed, ach mura raibh fh\u00e9in, is d\u00f3cha gur thuig s\u00e9 an seanfhocal sin, \u201can t\u00e9 nach bhfuil l\u00e1idir, n\u00ed fol\u00e1ir d\u00f3 bheith glic\u201d, agus n\u00e1rbh \u00e9 an Dodger fh\u00e9in a bh\u00ed cleasach ar Ph\u00e1irc a\u2019 Bh\u00e1ire? Is cuimhin liom f\u00f3s, \u00e9 a fheice\u00e1il, le linn cluiche amh\u00e1in. Th\u00e1inig an sliotar ina threo. D\u2019ardaigh go scili\u00fail. Th\u00e1inig duine \u00f3n bhfoireann eile ina threo, agus drochfhuadar faoi. Tharraing s\u00e9 go tr\u00e9an, d\u00edcheallach, trasna ar loirgne D.J. Thuig seisean go seoigh a raibh ag tarl\u00fa, agus n\u00edor dhein s\u00e9 ach l\u00e9im a ghearradh thar an gcam\u00e1n namhadach sin, cupla c\u00e9im chun tosaigh ansin, agus bhuail an sliotar go cruinn gleoite thar an trasn\u00e1n. Fanann an chuimhne sin im aigne f\u00f3s, tar \u00e9is na mblianta a chuaigh isteach i muileann an ama, san idirlinn. Ach n\u00ed raibh san eachtra beag sin ach an t\u00fas, n\u00f3 \u00f3n am sin i leith, choinnigh m\u00e9 s\u00fail gh\u00e9ar ar an iom\u00e1na\u00ed scili\u00fail sin, agus chuile bhabhta, d\u2019\u00e9irigh leis m\u00e9 a chur faoi gheasa, lena scil, agus lena dhra\u00edocht. Fanann a chuimhne liom f\u00f3s, agus i gc\u00f3na\u00ed, is \u00e9 an gas\u00far \u00f3g g\u00e1iritheach sin, a casadh orm i gCol\u00e1iste Chiar\u00e1in i dt\u00fas na n-ocht\u00f3id\u00ed, a fheicim ar sc\u00e1ile\u00e1n na cuimhne, nuair a smaoin\u00edm ar D.J. s\u2019againne.  N\u00e1r laga an R\u00ed fh\u00e9in \u00e9, agus go maire s\u00e9 an c\u00e9ad.<\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">Agus Docht\u00fair<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u00d3 tharla ag caint ar dhaoine ag dul ar scor m\u00e9, n\u00edor ch\u00f3ir dom dearmad a dh\u00e9anamh ar dhuine amh\u00e1in eile, a bhfuil socraithe aige \u00e9ir\u00ed as chleachtadh a cheirde, ceann de na laethe seo.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">C\u00e9 h\u00e9 fh\u00e9in, an ea?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">An Docht\u00fair Frank Bradbury at\u00e1 i gceist agam anseo.  Anois, th\u00e1inig m\u00e9 fh\u00e9in go Cill Chainnigh, thart ar dh\u00e1 sc\u00f3r bliain \u00f3 shoin anois, agus d\u00e9arfainn gur shocraigh m\u00e9 ar an Docht\u00fair Bradbury a roghn\u00fa mar dhochtuir don teaghlach, breis is sc\u00f3r bliain \u00f3 shoin anois. N\u00ed raibh a chath\u00fa sin riamh orm \u00f3 shoin, n\u00f3 ba \u00e9 an docht\u00fair ab fhearr a casadh ormsa riamh \u00e9. Bh\u00ed s\u00e9 l\u00e1ch, cabhraitheach, scili\u00fail, gairmi\u00fail, agus st\u00edl oibre aige, a chuirfeadh duine ar a shuaimhneas, chuile bhabhta. Ach thar aon thr\u00e9ith d\u00e1 chuid, ba \u00e9 an ceann ba mh\u00f3 a chuaigh i gcionn orm fh\u00e9in, n\u00f3 a fhoighid. Bh\u00ed s\u00e9 s\u00e1sta, i gc\u00f3na\u00ed, a chuid ama a roinnt go fial, flaithi\u00fail, ort. Moth\u00f3idh m\u00e9 uaim \u00e9, gan dabht ar domhan, ach ag an am gc\u00e9anna, nach bhfuil a shos tuillte aige, nach bhfuil a sheal caite aige ag freastal ar an bpobal s\u2019againne, agus anois, n\u00edl le d\u00e9anamh againne, ach fad saoil, agus scor faoin dtor, a ghu\u00ed air fh\u00e9in is ar a ch\u00faram. N\u00e1r laga an R\u00ed \u00e9, agus gura seacht fearr a bheidh s\u00e9 bliain \u00f3 anocht.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">Leanann an Roth ag casadh<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, sin iad mo thri\u00far curadh agat anois, don tseachtain seo, agus iad uilig dom thr\u00e9igean! Fear acu a thug aire do m\u2019anam, fear eile a thog c\u00faram mo cholainne air fh\u00e9in, agus an tr\u00ed\u00fa duine, a chuir caitheamh aimsire taitneamhach, spreag\u00fail, corraitheach, ar f\u00e1il dom, thar thr\u00e9imhse bhreis is sc\u00f3r bliain, \u00f3na laethe i gCol\u00e1iste Chiar\u00e1in i leith. Ach, mar ad\u00fairt an fear fad\u00f3, caithfear bheith d\u00e1 n-\u00e9agmhais sin uilig feasta, n\u00f3 nach \u2018in an saol agat, a mhiceo?  Leanann Roth m\u00f3r an tsaoil ag casadh de sh\u00edor, sa chaoi go mb\u00edonn chuile dhuine, th\u00edos seal, agus thuas seal.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Saolta ag athr\u00fa Is ioma\u00ed seanfhocal a bh\u00ed ag \u00e1r sinsear, le neamhbhuaine an tsaoil seo a chur in i\u00fal. \u201cIs buaine gach rud na an duine\u201d, adeireadh siad, agus iad ag iarraidh giorra an tsaoil seo a chur ar a sh\u00faile do dhuine, sea, agus ar\u00eds nach minic a bhainid\u00eds leas as \u201cN\u00ed bh\u00edonn [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-13183","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13183","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=13183"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13183\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":13184,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13183\/revisions\/13184"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=13183"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=13183"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=13183"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}