{"id":13227,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=13227"},"modified":"2024-04-08T01:25:01","modified_gmt":"2024-04-08T01:25:01","slug":"seasamh-deiridh-mhic-eochaidh","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/seasamh-deiridh-mhic-eochaidh\/","title":{"rendered":"Seasamh deiridh Mhic Eochaidh"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:24pt\">Seasamh deiridh Mhic Eochaidh.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Peadar Bair\u00e9ad<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Caithfidh m\u00e9 a r\u00e1 gur chuir m\u00e9 suim, agus dh\u00e1 shuim, in alt le Se\u00e1<\/span><span style=\"font-size:14pt\">n Hurley, sa Kilkenny Reporter, d\u00e1r d\u00e1ta, 28\u00fa I\u00fail 2010. San alt sin, rinne Se\u00e1n cur s\u00edos ar eachtra\u00ed an Chaipt\u00edn Myles Walter Keogh, i gcoga\u00edocht agus i dtroid, feadh a shaoil. Tar \u00e9is dom an t-alt sin a l\u00e9amh, chuir m\u00e9 romham p\u00edosa a scr\u00edobh faoin saighdi\u00fair calma cr\u00f3ga sin, agus thug Se\u00e1n fh\u00e9in cead dom \u00fas\u00e1id a bhaint as a thaighde seisean, d\u00e1 dtogr\u00f3inn \u00e9.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Rugadh Myles Walter Keogh in Orchard, c\u00f3ngarach do Leithghlinn an Droichid, thar theorainn Chill Chainnigh isteach, i gContae Cheatharlach, ar an 25\u00fa <\/span><span style=\"font-size:14pt\">M\u00e1rta, sa bhliain 1840. Mac le John Keogh agus Margaret Blanchfield ba ea \u00e9. Faoin mbliain 1860, agus \u00e9 ina fhear bre\u00e1, \u00f3g scaf\u00e1nta, thug s\u00e9 an R\u00f3imh air fh\u00e9in, ar th\u00f3ir eachtra\u00ed. <\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">In Arm an Ph\u00e1pa<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Liost\u00e1il s\u00e9 in Arm an Ph\u00e1pa, Pius IX, d\u2019fhonn St\u00e1it an Ph\u00e1pa a chosaint orthu si\u00fad, ar mhian leo an Iod\u00e1il a aont\u00fa. Deineadh foleifteanant de i rith an chogaidh sin, agus b\u00edodh nach raibh a chathl\u00e1n thar mholadh beirte, bhain s\u00e9 fh\u00e9in  c\u00e1il amach d\u00f3 fh\u00e9in, i gcoinne Victor Emmanuel, i gcosaint Ancona. <\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Sa bhliain 1861, nuair a bh\u00ed coga\u00ed an Ph\u00e1pa thart, chuala Myles go raibh an Cogadh idir na St\u00e1it tosaithe, thall i Meirice\u00e1, agus ar an \u00e1bhar sin, agus toisc gur theastaigh a thuilleadh eachtra\u00ed m\u00edleata uaidh, thug Meirice\u00e1 air fh\u00e9in, agus liost\u00e1il ansin ar thaobh an Aontais. Caithfidh gur throid s\u00e9 go calma sa chogadh sin, n\u00f3 i rith an chogaidh sin, tugadh ard\u00fa c\u00e9ime d\u00f3 cupla uair. Deineadh Maor de i dtosach, agus ansin, chr\u00edochnaigh s\u00e9 mar Leifteanantchoirn\u00e9al, in arm an Aontais. I rith cheithre bliana an chogaidh sin, ghlac s\u00e9 p\u00e1irt i gcathanna go leor, agus fi\u00fa, i gCath Gettysburg fh\u00e9in,                                                                                                                                                                                                                                                    agus bhain c\u00e1il agus cl\u00fa amach d\u00f3 fh\u00e9in, as a chalmacht, as a dh\u00e1nacht, as a chr\u00f3gacht, agus as a ghal\u00e1ntacht. Agus b\u00edodh gur throid s\u00e9 an oireadh sin comhraic, bh\u00ed de ch\u00e1il air, n\u00e1r gorta\u00edodh oiread is uair amh\u00e1in \u00e9! <\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Sa Seacht\u00fa Reisimint Marcra<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">I ndiaidh an chogaidh, sa bhliain 1865, theastaigh \u00f3 Myles Keogh liost\u00e1il san Arm Seasta. Glacadh leis, agus deineadh buanoifigeach de, agus ar ball, nuair a buna\u00edodh an 7<\/span><span style=\"font-size:14pt\"><sup>th<\/sup><\/span><span style=\"font-size:14pt\"> U.S. Cavalry Regiment, faoi George Armstrong Custer, deineadh Caipt\u00edn de, agus ceapadh \u00e9 mar an ceathr\u00fa Oifigeach Sinsear, sa Seacht\u00fa Reisimint Marcra, agus bh\u00ed marcshlua d\u2019ochtar is n\u00f3cha marcach d\u00edreach faoina cheannas. An-\u00e9acht d\u2019fhear \u00f3g nach raibh ach s\u00e9 bliana is fiche s\u00e1raithe aige, ag an am!  Nuair a bh\u00ed coga\u00ed na nIndiach thart, agus nuair nach raibh eachtra\u00ed corraitheacha, troda, ansin, le Myles a mhealladh chucu, bh\u00ed s\u00e9 ag smaoineamh ar \u00e9ir\u00ed as a shaol mar shaighdi\u00fair sna St\u00e1it, agus i ndeiread<\/span><span style=\"font-size:14pt\">h na seascaid\u00ed, thug s\u00e9 chuairt ar fh\u00f3d a dh\u00fachais anseo, i gCeatharlach agus i gCill Chainnigh. Nuair a d\u2019fhill s\u00e9 ar na St\u00e1it afach, d\u2019athliost\u00e1il s\u00e9 sa 7<\/span><span style=\"font-size:14pt\"><sup>th<\/sup><\/span><span style=\"font-size:14pt\"> Cavalry. Faoin mbliain 1873, chuaigh an 7<\/span><span style=\"font-size:14pt\"><sup>th<\/sup><\/span><span style=\"font-size:14pt\"> go dt\u00ed an Dakota Territory, \u00e1it a rabhthas le <\/span><span style=\"font-size:14pt\">hiarnr\u00f3d a th\u00f3g\u00e1il. Diaidh ar ndiaidh, thug na hIndiaigh faoi deara, go raibh a dtailte \u00e1 dt\u00f3g\u00e1il uathu, agus go raibh na tr\u00e9ada buabhall \u00e1 n-\u00eddi\u00fa ag na fir gheala. Ba \u00e9 toradh a bh\u00ed ar an obair sin go l\u00e9ir, n\u00f3 gur spreagadh na Sioux chun troda, rud a chuir t\u00fas l<\/span><span style=\"font-size:14pt\">e Cogadh na Sioux, sa bhliain 1876. Cogadh b\u00e1is n\u00f3 beatha a bhi sa gcogadh seo do na Sioux, agus ba ghearr go raibh an 7<\/span><span style=\"font-size:14pt\"><sup>th<\/sup><\/span><span style=\"font-size:14pt\"> Cavalry tarraingte isteach sa choimheascar c\u00e9anna sin, agus b\u2019in mar a tharla, gur tarraing\u00edodh an Marcshlua c\u00e9anna sin go dt\u00ed an Little Big Horn, ar an l\u00e1 cinni\u00fanach c\u00e9anna sin, ar an 25\u00fa l\u00e1 de Mheitheamh na bliana, 1876.<\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Custers Last Stand<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">N\u00ed g\u00e1 cur s\u00edos a dh\u00e9anamh ar an gcath c\u00e9anna sin, ar Custers Last Stand, n\u00f3 nach bhfuil fios f\u00e1tha an sc\u00e9il uilig sin, ag chuile dhuine, faoi l\u00e1thair, n\u00f3 nach minic a l\u00e9ir\u00edodh na heachtra\u00ed c\u00e9anna sin sna scann\u00e1in d\u00fainn. Leor a r\u00e1, n\u00e1r fagadh, fi\u00fa fear inste sc\u00e9il, den 7<\/span><span style=\"font-size:14pt\"><sup>th<\/sup><\/span><span style=\"font-size:14pt\"> Cavalry, beo ar phairc an chatha i ndiaidh an \u00e1ir.  leis an bhf\u00edrinne a r\u00e1, n\u00edor fagadh beo \u00f3n sl\u00e9acht, agus \u00f3n \u00e1r uilig a deineadh an l\u00e1 sin, ach capall Mhyles Keogh, Comanche, b\u00edodh gur gorta\u00edodh eisean sa ghleo freisin, ach tar \u00e9is togha na haire a fh\u00e1il on Arm, th\u00e1inig s\u00e9 chuige fh\u00e9in ar ball, agus ba \u00e9 an capall ba ch\u00e1ili\u00fala sna St\u00e1it \u00e9, \u00f3n l\u00e1 sin amach, go dt\u00ed gur cailleadh \u00e9. Sea, agus nach ndeirtear freisin, n\u00e1r \u00e9alaigh le craiceann a chinn sl\u00e1n aige \u00f3n \u00e1r sin, ach Myles fh\u00e9in agus an Ginear\u00e1l Cu<\/span><span style=\"font-size:14pt\">ster.  Arbh amhlaidh a thug na hIndiaigh on\u00f3ir iarbh\u00e1is do na laochra sin, a throid chomh calma, cr\u00f3ga, sin ina gcoinne, ag Little Big Horn? T\u00e1id ann adeir, gurbh \u00e9 f\u00e1th <\/span><span style=\"font-size:14pt\">n\u00e1r deineadh ciorr\u00fa orthusan beirt, n\u00f3 i ngeall ar a gcalmacht i gcath, c\u00e1il\u00edocht a raibh meas thar na bearta ag Indiaigh air. Deir daoine eile, gurbh amhlaidh a chonaic na hIndiaigh, agus iad ag baint a chuid eadaigh de Mhac Eochaidh, chonaic siad Crois an Ph\u00e1pa, agus tuigeadh d\u00f3ibh, go mba dhuine ar leith \u00e9, ar bhealach n\u00e1r thuig siadsan.<\/span><span style=\"font-size:14pt\">  Ar aon chuma, mhol Taoiseach na Sioux an Caiptin Keogh go hard na sp\u00e9ire, agus d\u00fairt n\u00e1r throid s\u00e9 riamh, fear chomh chr\u00f3ga leis.<\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">In far foreign fields&#8230;&#8230;<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">B\u2019<\/span><span style=\"font-size:14pt\">in mar a cailleadh an t\u00c9ireannach calma c\u00e1ili\u00fail sin, An Caipt\u00edn Myles Walter Keogh, i bhfad \u00f3 bhaile, agus \u00e9 ag cleachtadh an cheird ab ansa lena chro\u00ed, an tsaighdi\u00faireacht, agus gan \u00e9 ach thart ar s\u00e9 bliana is triocha ag an am! C\u00e9ard a tharl\u00f3dh d\u00e1 bhfillfeadh s\u00e9 ar \u00c9irinn, an tr\u00e1th \u00fad? An mbeadh an t\u00edr seo fairsing a dh\u00f3thain le spiorad calma, cr\u00f3ga, corraitheach, an fhir sin a sh\u00e1samh? Ag Dia amh\u00e1in at\u00e1 a fhios sin, ach n\u00ed haon dochar d\u00fainne \u00e9, ag an am seo, spiorad cr\u00f3ga an tsaighdi\u00fara sin a mh\u00f3radh, ag<\/span><span style=\"font-size:14pt\">us a mholadh. Mhair s\u00e9 i r\u00e9 chorraithe, mh\u00edshocair, trodach, ach tuigtear d\u00fainn, go mba fhear calma, gal\u00e1nta, daonna, \u00e9, an Caipt\u00edn Myles Walter Keogh, agus n\u00edor dhochar d\u00fainne tr\u00ed choisc\u00e9im na tr\u00f3caire a shi\u00fal le c\u00f3nra a chuimhne.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">T\u00e1 m\u00e9 ag ceapadh, go bhfillfidh m\u00e9 ar an \u00e1bhar seo, amach anseo, ar\u00eds, n\u00f3 t\u00e1 tuilleadh le scr\u00edobh agam faoi \u2018Keogh\u2019s last Stand\u2019, agus faoi ch\u00e1il an Ghaeil chr\u00f3ga, chalma, c\u00e9anna, sin.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">&nbsp;&nbsp;<\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Seasamh deiridh Mhic Eochaidh. Peadar Bair\u00e9ad Caithfidh m\u00e9 a r\u00e1 gur chuir m\u00e9 suim, agus dh\u00e1 shuim, in alt le Se\u00e1n Hurley, sa Kilkenny Reporter, d\u00e1r d\u00e1ta, 28\u00fa I\u00fail 2010. San alt sin, rinne Se\u00e1n cur s\u00edos ar eachtra\u00ed an Chaipt\u00edn Myles Walter Keogh, i gcoga\u00edocht agus i dtroid, feadh a shaoil. Tar \u00e9is dom [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-13227","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13227","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=13227"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13227\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":13228,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13227\/revisions\/13228"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=13227"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=13227"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=13227"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}