{"id":13275,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=13275"},"modified":"2024-04-08T01:27:26","modified_gmt":"2024-04-08T01:27:26","slug":"spiorad-a-n-s-p-o-i-r-t","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/spiorad-a-n-s-p-o-i-r-t\/","title":{"rendered":"Spiorad      a n      S p \u00f3 i r t"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">Spiorad  an  Sp\u00f3irt.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Nach iontach go deo \u00e9 an sport, mar chaitheamh aimsire, mar th\u00f3g\u00e1il anama, agus mar leigheas ar an ngalar dubhach.  Nuair at\u00e1 duine gafa i l\u00edon an sp\u00f3irt, cuirtear a anam faoi gheasa, agus a chorp faoi dhra\u00edocht, agus saortar a spiorad, \u00f3 bhuartha\u00ed greamaitheacha an tsaoil anr\u00f3itigh seo.  Nach cuma, i nd\u00e1ir\u00edre, c\u00e9n cine\u00e1l cluiche at\u00e1 idir cham\u00e1in againn, cluich\u00ed aonair n\u00f3 cluich\u00ed foirne, chomh fada is a ghlacann an duine daonna fh\u00e9in p\u00e1irt in imirt an chluiche sin, mar imreoir, n\u00f3 mar dhuine den lucht f\u00e9achana.  N\u00ed h\u00e9 mo thuairim go mb\u00edonn an tionchar c\u00e9anna ag cluich\u00ed carta\u00ed n\u00f3 ag cluich\u00ed boird orainn, is a bh\u00edonn ag na cluich\u00ed ina nglacann daoine daonna fh\u00e9in p\u00e1irt iontu.  B\u2019fh\u00e9idir go gcuirfe\u00e1 sp\u00e9is i gcluiche c\u00faig fichead, n\u00f3 i gcluiche t\u00e1iplise, ach n\u00ed chuirfeadh s\u00e9 faoi gheasa th\u00fa, faoi mar a dh\u00e9anfadh cluiche iom\u00e1na\u00edochta, n\u00f3 cluiche peile.  I nd\u00e1ir\u00edre, is iad na cluich\u00ed foirne is m\u00f3 a imr\u00edonn a ndra\u00edocht orainn, go h\u00e1irithe, \u00e1r gcluich\u00ed n\u00e1isi\u00fanta fh\u00e9in, n\u00f3 labhrann siadsan le smior na gcn\u00e1mh istigh ionainn, toisc gur chuid inmhe\u00e1nach, doscartha, d\u00e1r n-anam iad.  Mo chuidse de, bhain m\u00e9 taitneamh n\u00e1r bheag as cluich\u00ed a imirt le linn m\u2019\u00f3ige, b\u00edodh anois n\u00e1rbh aon saineola\u00ed sna c\u00farsa\u00ed sin m\u00e9, ag an am gc\u00e9anna, n\u00edorbh aon iom\u00e1na\u00ed ar an gcla\u00ed m\u00e9, ach oiread. <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">Mo  Chuidse  de .<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> Mar a d\u2019inis m\u00e9 dhaoibh go minic cheana, ba l\u00e9ann an tsagairt a cuireadh ormsa, agus d\u00e1 bhr\u00ed sin, bhaint\u00ed \u00fas\u00e1id as na cluich\u00ed le smacht a fh\u00e1il ar \u00e1r gclaonta m\u00edchuibheasacha, agus le Cothrom na F\u00e9inne a chleachtadh, ar bhealach n\u00e1d\u00fartha.  Anois, b\u00edodh nach i gc\u00f3na\u00ed a chuirfhinn na prionsabail \u00fad, a d\u2019fhoghlaim m\u00e9 sa Chliarscoil, i bhfeidhm, ag an am gc\u00e9anna, sin iad na prionsabail a mbainim fh\u00e9in \u00fas\u00e1id astu, mar shlat tomhais, agus m\u00e9 ag iarraidh breith a thabhairt ar lucht sp\u00f3irt an lae inniu.  N\u00e1 s\u00edltear anois nach mbainim taitneamh agus spraoi as bheith ag breathn\u00fa ar chluich\u00ed \u00e1 n-imirt, go h\u00e1irithe na cluich\u00ed foirne, b\u00edodh go mb\u00edonn mo chro\u00ed s\u00e1ite freisin i nGalf agus i Lead\u00f3g, cluich\u00ed a bhraitheann ar an nduine aonair, tr\u00edd is tr\u00edd.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach, b\u2019fh\u00e9idir anois, go gcuirfe\u00e1 ceist orm faoi chluich\u00ed an lae inniu, An mbainimse taitneamh astu? n\u00f3 an gceapaim go nd\u00e9antar iad a imirt ar mhodh sp\u00f3irti\u00fail, fear\u00fail, n\u00f3 ban\u00fail, de r\u00e9ir mar a oireann?  An dtugtar Cothrom na F\u00e9inne d\u2019imreoir\u00ed na gcluich\u00ed c\u00e9anna sin?<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">Sp\u00f3rt  faoi L\u00e1thair    ?<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Mar adeireadh an tseandream fad\u00f3, is fusa go m\u00f3r ceist a chur n\u00e1 ceist a fhreagairt, agus nach deacair an seanfhocal c\u00e9anna a sh\u00e1r\u00fa?  Ach m\u00e1 sea fh\u00e9in, caithfear tabhairt faoi na ceisteanna sin a fhreagairt go d\u00edreach, mac\u00e1nta.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Leis an gceist a fhreagairt i gceart, is d\u00f3cha go mbeadh ar dhuine a r\u00e1, go bhfuil difir mh\u00f3r idir na cluich\u00ed gairmi\u00fala agus na cluich\u00ed amait\u00e9aracha, n\u00f3 glactar le caighde\u00e1n faoi leith sna cluich\u00ed gairmi\u00fala, toisc nach ar son an sp\u00f3irt amh\u00e1in a imr\u00edtear na cluich\u00ed c\u00e9anna sin.  Is \u00e9 bun agus barr na himeartha sin n\u00f3 buachaint, ar ais, n\u00f3 ar \u00e9igean.  Sea, agus mura bhfuil bealach sp\u00f3irti\u00fail le sc\u00f3r a stopadh, ansin glactar leis, go coitianta, go bhfuil s\u00e9 ceadmhach, feall gairmi\u00fail, mar a thugtar air, a dh\u00e9anamh.  M\u00e1 fheiceann an R\u00e9iteoir an feall sin, gearrfaidh s\u00e9 pion\u00f3s, de shaghas amh\u00e1in, n\u00f3 de shaghas eile, ar fhear d\u00e9anta na coire, agus sin sin.  Anois, sna cluich\u00ed N\u00e1isi\u00fanta, amait\u00e9aracha, toisc gur ar son an sp\u00f3irt a imr\u00edonn na himreoir\u00ed, b\u00edtear ag s\u00fail le cine\u00e1l eile caighde\u00e1in ar fad iontusan, agus i gc\u00e1s imreora a bhfuil fuadar sc\u00f3r\u00e1la air, n\u00ed ghlactar leis go bhfuil s\u00e9 ceadmhac feall gairmi\u00fail a dh\u00e9anamh air.  Ionann sin is a r\u00e1, mura bhfuil ar chumas an chosant\u00f3ra, an t-imreoir sin a stopadh, de r\u00e9ir rialacha an sp\u00f3irt, ansin, ba ch\u00f3ir d\u00f3 scaoileadh leis, n\u00f3 bh\u00ed bua imeartha faighte aige ar an gcosant\u00f3ir sin.  Sea, mh\u2019anam, agus m\u00e1 stoptar an t-imreoir sin, go fealltach, ionann sin is a r\u00e1 n\u00e1r tugadh Cothrom na F\u00e9inne d\u00f3, agus murar tugadh, briseadh rialacha an sp\u00f3irt, go hoscailte, agus go n\u00e1ireach, freisin.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">T\u00e1 sin go bre\u00e1, ach an mar sin a imr\u00edtear na cluich\u00ed amait\u00e9aracha ar \u00e1r bp\u00e1irceanna imeartha, l\u00e1 i ndiaidh lae, agus seachtain i ndiaidh seachtaine?  B\u00edodh tr\u00ed splaideog c\u00e9ille agat, a mhac! N\u00f3 c\u00e1 raibh t\u00fa aimsir na s\u00fal? Nach bhfeiceann t\u00fa na buill\u00ed fill a thugtar don t\u00e9 a fhaigheann sc\u00f3r, mar fhol\u00e1ireamh d\u00f3, gan a leith\u00e9id a dh\u00e9anamh ar\u00eds, agus nach bhfeiceann t\u00fa freisin, faoi mar a bhuailtear an t-imreoir maith, len \u00e9 a cheans\u00fa, agus a smacht\u00fa.  N\u2019fheadar ar fhoghlaim \u00e1r n-imreoir\u00ed an iomarca \u00f3n bPeil Astr\u00e1ileach, agus \u00f3 iompar agus \u00f3 bhulla\u00edocht na n-imreoir\u00ed c\u00e9anna sin, ach ar\u00eds, caithfear a thabhairt faoi deara, gur imreoir\u00ed gairmi\u00fala iad an peilead\u00f3ir\u00ed Astr\u00e1ileacha c\u00e9anna sin.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">Agus  Tuige <\/span><span style=\"font-size:16pt\">?<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Agus tuige? ad\u00e9arfadh duine, b\u2019fh\u00e9idir, tuige a tharla\u00edonn a leith\u00e9id?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Chuile thuige, n\u00f3 imr\u00edtear na cluich\u00ed amait\u00e9aracha anois faoi mar ba cluich\u00ed gairmi\u00fala iad.  D\u00e9antar diantraen\u00e1il ar na himreoir\u00ed amait\u00e9aracha, sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, agus b\u00edonn siad c\u00edocrach, d\u00edocasach, teanntaithe suas, le bua a bhreith ar a gc\u00e9il\u00ed imeartha ar an l\u00e1, ar ais, n\u00f3 ar \u00e9igean.   Breathnaigh ar na himreoir\u00ed seo sul m\u00e1 chaitear an chaid, n\u00f3 an sliotar chucu isteach in aon chor, agus tuigfidh t\u00fa cad chuige a bhfuilim.  T\u00e1 siad ansin sna p\u00edob\u00e1in ag a ch\u00e9ile, iad ag sonc\u00e1il a ch\u00e9ile, ag imirt faltanais ar a ch\u00e9ile, ag br\u00fa, ag priocadh, ag bula\u00edocht, agus chuile chleas eile faoi lu\u00ed na gr\u00e9ine \u00e1 n-imirt acu, le l\u00e9iri\u00fa d\u00e1 gc\u00e9ile imeartha, go bhfuil siad n\u00edos l\u00e1idre, n\u00edos cont\u00fairt\u00ed, n\u00edos dains\u00e9ir\u00ed, mar dhuine, n\u00e1 eisean, cuma sa tsioc faoina mh\u00e1istreacht ar scileanna an chluiche.  Agus n\u00ed he sin amh\u00e1in \u00e9, ach leanann an cine\u00e1l sin iompair tr\u00edd an gcluiche ar fad, chuile iarracht \u00e1 dh\u00e9anamh le bua a bhreith ar an bhfear eile, n\u00ed hamh\u00e1in tr\u00ed mh\u00e1istreacht i scileanna na himeartha, ach tr\u00ed bhealach ar bith eile, taobh istigh, n\u00f3  taobh amuigh den mh\u00e1istreacht ch\u00e9anna sin, sea, agus nach beag an drugall a bh\u00edonn ar imreoir\u00ed \u00e1irithe buille fill a bhualadh, amannta.   Breathnaigh freisin ar iompar na mbuaiteoir\u00ed, i ndeireadh na himeartha thiar.  Nach minic a chaitheann siad  a nd\u00fathracht ag d\u00e9anamh comhghairdis lena ch\u00e9ile, in ionad comhbhr\u00f3n a dh\u00e9anamh lena gc\u00e9il\u00ed imeartha.  Anois, n\u00e1 s\u00edltear go bhfuilim ag ma\u00edomh anseo, gur mar sin a tharla\u00edonan chuile bhabhta a theann foirne amait\u00e9aracha ag imirt, n\u00f3 n\u00ed mar sin at\u00e1, Bheadh ar dhuine ar bith a r\u00e1, go n-imr\u00edonn bun\u00fas na bhfoirne, agus na n-imreoir\u00ed, go fear\u00fail, f\u00e9ar\u00e1ilte, on\u00f3rach, agus go l\u00e9irionn siad meas agus \u00f3m\u00f3s d\u00e1 gc\u00e9il\u00ed imeartha, agus go gcraitheann siad l\u00e1mh leo, go carthannach, cairdi\u00fail, i ndiaidh an chluiche, ach nach ar an dream eile a dh\u00edr\u00edtear \u00e1r n-aird, go minic.   Sea, agus mar bhuille scoir, ba mhaith liom comhghairdeas a dh\u00e9anamh le lucht imeartha rugair, n\u00f3, b\u00edodh go nd\u00e9anann siad a ch\u00e9ile a leathmhar\u00fa i rith an chluiche, tagann siad le ch\u00e9ile, go cairdi\u00fail, fear\u00fail comharsan\u00fail, ag deireadh an chluiche, agus t\u00f3gann a leitheid mo chro\u00edse, ach go h\u00e1irithe.     <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">Oscailt  S\u00fal !<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Anois, b\u2019fh\u00e9idir nach dtabharfadh \u00e9inne aird d\u00e1 laghad ar alt mar seo, ag an am gc\u00e9anna, ba ch\u00f3ir d\u00fainn uilig, caighde\u00e1n \u00e1r gcluich\u00ed a chur sa mhe\u00e1, corruair.  B\u2019fhearrde go m\u00f3r \u00e1r gcluich\u00ed a leith\u00e9id a dh\u00e9anamh go rialta!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">****************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">****************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Spiorad an Sp\u00f3irt. Nach iontach go deo \u00e9 an sport, mar chaitheamh aimsire, mar th\u00f3g\u00e1il anama, agus mar leigheas ar an ngalar dubhach. Nuair at\u00e1 duine gafa i l\u00edon an sp\u00f3irt, cuirtear a anam faoi gheasa, agus a chorp faoi dhra\u00edocht, agus saortar a spiorad, \u00f3 bhuartha\u00ed greamaitheacha an tsaoil anr\u00f3itigh seo. Nach cuma, i [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-13275","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13275","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=13275"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13275\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":13276,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13275\/revisions\/13276"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=13275"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=13275"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=13275"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}