{"id":13283,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=13283"},"modified":"2024-04-08T01:16:42","modified_gmt":"2024-04-08T01:16:42","slug":"sport-how-are-yeh","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/sport-how-are-yeh\/","title":{"rendered":"Sport How Are yeh"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">\u201cSport How Are ye ?\u201d<\/span><\/strong><\/p><h2 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2;font-weight:bold;font-size:14pt\">Seanchara ar chuairt<\/h2><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Istigh sa chistin a bh\u00ed m\u00e9 an l\u00e1 cheana, m\u00e9 ar mo sh\u00e1imh\u00edn s\u00f3, na cluasa ligthe siar agam, agus m\u00e9 ag \u00f3l muga bre\u00e1 tae, ar mo sh\u00e1stacht, nuair ba bheag n\u00e1r t\u00f3gadh den chathaoir m\u00e9 le raic agus ruaille buaille amuigh ag an doras tosaigh. C\u00e9ard t\u00e1 ag tarl\u00fa amuigh ansin, in aon chor, arsa mise liom fh\u00e9in.  B\u2019fh\u00e9idir gurb \u00e9 fear an phoist fh\u00e9in at\u00e1 ann, agus beart, n\u00f3 rud eic\u00ednt d\u00e1 leith\u00e9id aige dhom, agus go bhfuil deifir an domhain air. D\u2019\u00e9irigh m\u00e9 de phreib, agus amach liom, agus do bhar\u00fail c\u00e9 bh\u00ed amuigh ansin romham?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Sea, \u00e1r seanchara fh\u00e9in, S\u00e9im\u00ed bre\u00e1 an Droichid, fear n\u00e1r chuala m\u00e9 t\u00e1sc n\u00f3 tuairisc faoi le bliain ar a laghad, n\u00f3 ba \u00e9 an sc\u00e9al deiridh a chuala m\u00e9 faoi n\u00f3 go raibh s\u00e9 bailithe leis chun na Sp\u00e1inne, mar a bhfuil in\u00edon leis ina c\u00f3na\u00ed le scathamh de blianta anuas anois. Thuig m\u00e9 l\u00e1ithreach go raibh sc\u00e9al m\u00f3r ag d\u00f3 na geirbe ag S\u00e9im\u00ed s\u2019againne, n\u00f3 bh\u00ed muc ar gach mala aige, colg air, agus a ghruanna chomh dearg le c\u00edr\u00edn choileach troda. Ar an \u00e1bhar sin, shocraigh m\u00e9 \u00e9 a ghlacadh go deas, r\u00e9idh, agus deis a thabhairt d\u00f3 a sc\u00e9al, n\u00f3 a scuan, a insint dom, ar a chaoth\u00falacht fh\u00e9in.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">Water from the churn!<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">\u201cDo ch\u00e9ad f\u00e1ilte romhat, a Sh\u00e9im\u00ed, n\u00f3 n\u00ed fhaca m\u00e9 th\u00fa leis na cianta. Tar isteach anseo agus suigh s\u00edos ansin ar do sh\u00e1stacht go bhfuighe m\u00e9 braoin\u00edn uisce as an gcuinneog dhuit, mar nach t\u00faisce deoch n\u00e1 sc\u00e9al i measc Gael, chuile l\u00e1 riamh.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">\u201cN\u00e1r laga an R\u00ed fh\u00e9in th\u00fa, t\u00f3gfaidh m\u00e9 oiread na fr\u00edde den uisce c\u00e9anna sin, ach gan \u00e9 a bhaisteadh le tada, agus n\u00ed call dom a r\u00e1, go mb\u00edonn goimh gh\u00e9ar san aer, an tr\u00e1th seo bliana.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">\u201cSeo. Caith siar \u00e9 sin, le c\u00fal a chur ar an ngoimh ch\u00e9anna sin.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Th\u00f3g S\u00e9im\u00ed na mire an ghloine, a raibh taosc\u00e1n maith den stuif chrua inti. D\u2019ardaigh idir \u00e9 fh\u00e9in agus an fhuinneog \u00ed, rothlaigh timpeall sa ghloine \u00e9, agus ansin go mall r\u00e9idh, d\u2019ardaigh chun a bheola \u00e9, bhain smailc as, choinnigh ina bh\u00e9al meandar \u00e9, agus ansin, agus cuma na s\u00e1stachta ar a aghaidh, lig le f\u00e1na \u00e9.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">\u201cAon sc\u00e9al nua agat?\u201d arsa m\u00e9 fh\u00e9in, nuair a tuigeadh dom go raibh tr\u00e1th sc\u00e9ala\u00edochta buailte liom.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">That game again!<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">\u201cNach bhfuil a fhios ag an saol Fodlach nach bhfuil ach sc\u00e9al amh\u00e1in i mb\u00e9al gach \u00e9inne, an l\u00e1 beannaithe seo.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">\u201cAgus c\u00e9\u2019n sc\u00e9al \u00e9 fh\u00e9in?\u201d arsa mise, agus m\u00e9 ag iarraidh a sc\u00e9al a mhealladh uaidh.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">\u201cAn \u00e9 nach raibh t\u00fa ag breathn\u00fa ar an dara cluiche peile sa tSraith Idirn\u00e1isi\u00fanta idir na hAstr\u00e1laigh agus na h\u00c9ireannaigh, a imr\u00edodh, amuigh san Astr\u00e1il, maidin Aoine, an 28\u00fa Deireadh F\u00f3mhair na bliana seo 2005.  Ar an drochuair, tharla go raibh m\u00e9 fh\u00e9in ar dhuine d\u00edobh si\u00fad a mealladh le f\u00e9achaint ar an \u201cse\u00f3\u201d c\u00e9anna sin. Nach rabhthas d\u00e1r mealladh le m\u00ed roimh r\u00e9, agus iad ag ma\u00edomh go mbeadh an Cluiche seo ar cheann de na cluich\u00ed ab fhearr f\u00f3s sa tSraith Idirn\u00e1isi\u00fanta faoi na Rialacha Comhgh\u00e9illte Peile.  Bh\u00ed chuile dhuine, a raibh m\u00e9 fh\u00e9in i dteangmh\u00e1il leo, den tuairim go mbeadh togha na Caide le feice\u00e1il again, maidin Aoine.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">\u201cAgus an \u00e9 n\u00e1r thaitin an cluiche c\u00e9anna sin leat, a Sh\u00e9im\u00ed?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">\u201cConas a thaitneodh a leith\u00e9id de scli\u00fachas le fear sp\u00f3irt ar bith?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">\u201cAch a Sh\u00e9im\u00ed, i ndeireadh na feide n\u00ed raibh ann ach p\u00edosa sp\u00f3irt, n\u00edor mara\u00edodh \u00e9inne, agus bh\u00ed roinnt mhaith peile, den scoth, le feice\u00e1il sa chluiche c\u00e9anna sin.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">\u201cP\u00edosa sp\u00f3irt! an ea? Nach bhfuil a fhios ag an saol go dt\u00f3gann sp\u00f3rt an cro\u00ed, agus go dtugann s\u00e9 seal faoisimh, agus caitheamh aimsire, don lucht f\u00e9achana, ach, chomh fada is a bhaineann s\u00e9 liomsa, t\u00e1 teorainn chaol idir sp\u00f3rt agus troid n\u00f3 coga\u00edocht, agus d\u00e1r liomsa, chuaigh na hAstr\u00e1laigh, den chuid is m\u00f3, de r\u00faid, thar an teorainn ch\u00e9anna sin, sa chaoi nach raibh sa se\u00f3 ar fad ach ainm cluiche, a thug deis do na hAstr\u00e1laigh srian a ligean lena meon ionsaitheach, bagrach, trodach.  Sea, agus b\u2019fh\u00e9idir n\u00e1r mara\u00edodh \u00e9inne, ach nach raibh an baol ann go dtarl\u00f3dh a leith\u00e9id?\u201d<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">You didn\u2019t like it then?<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">\u201c Agus an bhfuil t\u00fa ag r\u00e1 liom n\u00e1r thaitin an cluiche sin in aon chor leat?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">T\u00e1! Chomh fada is a bhain s\u00e9 liomsa, is amhlaidh a chuir an cluiche c\u00e9anna sin deistean, fearg, agus n\u00e1ire orm.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">\u201cAch, a Sh\u00e9im\u00ed, nach raibh scileanna iontacha peile ag na hAstr\u00e1laigh ch\u00e9anna sin? Nach bhfaca t\u00fa an chaoi a raibh siad \u00e1balta breith ar an gcaid go hard san aer, agus ansin, n\u00e1r bheag urchar iomraill a scaoil siad i dtreo an ch\u00fail?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">\u201cD\u2019aont\u00f3inn leat sa mh\u00e9id sin, agus de bharr na scile c\u00e9anna sin, n\u00ed raibh g\u00e1 ar bith leis an bhfearg, n\u00f3 leis an d\u00edmheas a l\u00e9irigh siad d\u00e1 gc\u00e9il\u00ed imeartha. Dearfainn go raibh ar a gcumas claoi leis na rialacha, agus fanacht ar an dtaobh cheart den teorainn idir sp\u00f3rt agus troid, agus bheadh seans ann go mbuafaid\u00eds sa ch\u00e1s sin fh\u00e9in\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">\u201cFan ort n\u00f3im\u00e9ad amh\u00e1in ansin, a Sh\u00e9im\u00ed, ach nach bhfeicfe\u00e1 an cine\u00e1l ceanna ionsaithe \u00e1 nd\u00e9anamh ar imreoir\u00ed i gcluiche peile anseo i dt\u00edr seo na h\u00c9ireann freisin?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">\u201cB\u2019fh\u00e9idir go bhfeicfe\u00e1 imreoir, anseo is ansi\u00fad, ag dul thar f\u00f3ir agus \u00e9 ag iarraidh bua a fh\u00e1il ar a ch\u00e9ile imeartha, ach n\u00ed tharl\u00f3dh s\u00e9 sin ach anois is ar\u00eds, agus ar an m\u00f3rg\u00f3ir, n\u00ed bheadh aon fhaltanas taobh thiar de na hionsaithe c\u00e9anna sin, agus rud eile, bheadh rud eic\u00ednt le r\u00e1 ag an molt\u00f3ir faoi iompar d\u00e1 leith\u00e9id, l\u00e1ithreach bonn baill. Geallaimse dhuit \u00e9 nach \u00e9 s\u00fail Nelson a chaithfeadh s\u00e9 ar eachtra d\u00e1 leith\u00e9id. Bata agus b\u00f3thar a thabharfa\u00ed d\u2019imreoir d\u00e1 leith\u00e9id, agus gan cead acu fear ionaid a scaoileadh isteach ina ionad. ach sa chluiche at\u00e1 idir cham\u00e1in againn anseo, diabhal tada a rinne an molt\u00f3ir ach scaoileadh leo, agus b\u2019ionann sin is a r\u00e1 go raibh iompar d\u00e1 leith\u00e9id inghlactha, de r\u00e9ir na Rialacha Idirn\u00e1isi\u00fanta.\u201d<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">Can we fix it?<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">\u201cAch, a Sh\u00e9im\u00ed, an bhfuil leigheas ar bith ar an sc\u00e9al, m\u00e1 sea?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">\u201cT\u00e1 fait\u00edos orm nach bhfuil. D\u00e1 mbeife\u00e1 fhein i gceannas ar an GAA, an mbeadh t\u00fa s\u00e1sta ligint d\u2019fhoireann gairmi\u00fail peilead\u00f3ir\u00ed, \u00f3 th\u00edr eachtrannach, imreoir\u00ed Chumann L\u00fathchleas Gael a mhasl\u00fa, a bhascadh, agus a leadradh, go m\u00edn\u00e1ireach os comhair an tsaoil mh\u00f3ir, ar mhaithe le bua a fh\u00e1il orthu? Cinnte n\u00ed bheadh, agus t\u00e1 m\u00e9 cinnte, go mbeidh Uachtar\u00e1n an GAA den tuairim ch\u00e9anna sin, freisin.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">\u201cAch nach bhf\u00e9adfa\u00ed na rialacha a fheabhs\u00fa, sa tsl\u00ed nach mbeadh deis ag imreoir\u00ed neamhshuim a dh\u00e9anamh de rialacha an sp\u00f3irt sin feasta.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">\u201cTuigeadh go raibh sin d\u00e9anta cheana, ach nuair a th\u00e1inig an cr\u00fa ar an t\u00e1irne, n\u00ed rabhthas s\u00e1sta clo\u00ed leis na rialacha leasaithe. I\u2019m thuairimse, n\u00edor ch\u00f3ir an dara seans a thabhairt, d\u2019fhoireann ar bith, a leith\u00e9id a dh\u00e9anamh feasta. Sea, mh\u2019anam, agus sin a bhfuil le r\u00e1 agamsa faoin gceist\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Agus le sin, d\u2019\u00e9irigh mo Sh\u00e9im\u00ed bre\u00e1 agus amach an doras leis de r\u00faid, n\u00f3 caithfidh go raibh deifir abhaile air chuig Naip\u00ed agus na ruda\u00ed beaga.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Tar \u00e9is dom scathamh a chaitheamh ar mo mharana, caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il, go mbeinn s\u00e1sta dul p\u00edosa den bh\u00f3thar sin le mo sheanchara S\u00e9im\u00ed an Droichid. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">C\u00e9ard f\u00fatsa?  <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>. \u201cSport How Are ye ?\u201d Seanchara ar chuairt . Istigh sa chistin a bh\u00ed m\u00e9 an l\u00e1 cheana, m\u00e9 ar mo sh\u00e1imh\u00edn s\u00f3, na cluasa ligthe siar agam, agus m\u00e9 ag \u00f3l muga bre\u00e1 tae, ar mo sh\u00e1stacht, nuair ba bheag n\u00e1r t\u00f3gadh den chathaoir m\u00e9 le raic agus ruaille buaille amuigh ag an [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-13283","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13283","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=13283"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13283\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":13284,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13283\/revisions\/13284"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=13283"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=13283"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=13283"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}