{"id":13285,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=13285"},"modified":"2024-04-08T01:16:42","modified_gmt":"2024-04-08T01:16:42","slug":"sport-no-cogaiocht","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/sport-no-cogaiocht\/","title":{"rendered":"Sp\u00f3rt n\u00f3 Coga\u00edocht"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\"><em>S p \u00f3 r t    n\u00f3    C o g a \u00ed o c h t   ?<\/em><\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\"><em>*************************<\/em><\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Nach minic daoine, na laethe seo, ag cur s\u00edos ar ch\u00farsa\u00ed sp\u00f3irt, agus ar na curaidh sp\u00f3irt is rogha leo.  An duine seo ag ma\u00edomh gur curadh ceart cr\u00edochnaithe sp\u00f3irt \u00e9 a rogha fh\u00e9in, agus an fear thall ag ma\u00edomh nach tada \u00e9 si\u00fad, i gcompar\u00e1id lena laoch fh\u00e9in.  Sea, agus n\u00ed lia duine na laoch sp\u00f3irt, sa ch\u00e1s seo.  Ach sin uilig r\u00e1ite, glacann gach \u00e9inne leis, gur doiligh an t-earra c\u00e9anna sin a bhuaileadh mar chaitheamh aimsire, n\u00f3 \u00e9ir\u00edonn leis cliath a chur ar stoca roiste \u00e1r saoil.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach, ad\u00e9arfadh duine b\u2019fh\u00e9idir, c\u00e9ard is sp\u00f3rt ann?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Nach fusa go m\u00f3r fada ceist a chur n\u00e1 ceist a fhreagairt, ach mar sin fh\u00e9in, is d\u00f3cha gur ch\u00f3ir freagra de chine\u00e1l eic\u00ednt a thabhairt ar an gceist ch\u00e9anna sin. Bhuel, t\u00e1 baint ag sp\u00f3rt le cluich\u00ed, a imr\u00edthear, go h\u00e1irithe, amuigh faoin aer, agus is fear sp\u00f3irt \u00e9 an t\u00e9 a ghlacann p\u00e1irt iontu si\u00fad, agus a dh\u00e9anann a dh\u00edcheall an chraobh a bhaint, ach at\u00e1 s\u00e1sta sin a dh\u00e9anamh, taobh istigh de rialacha an sp\u00f3irt \u00e1irithe at\u00e1 \u00e1 imirt aige, ag an am. N\u00ed call dom a r\u00e1, go bhf\u00e9adfadh bean p\u00e1irt a ghlacadh i gcluich\u00ed, agus i sp\u00f3rt, freisin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">C\u00e9ard a chuir ag tochrais ar an gceirtl\u00edn sin m\u00e9, an tseachtain seo, an ea?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, d\u00e9anta na f\u00edrinne, ba \u00e9 chuir ag smaoineamh ar an \u00e1bhar seo m\u00e9, n\u00f3 an t-alt bre\u00e1 spreag\u00fail, suimi\u00fail, a bh\u00ed ag an Athair David Gaffney S.J. sa Kilkenny People, faoin teideal,   <strong><em>SPORT :  BULLYING  OR  BONDING ?  <\/em><\/strong>T\u00e1 s\u00fail agam, gur l\u00e9igh t\u00fa fh\u00e9in an p\u00edosa sin, n\u00f3 ba dheacair \u00e9 a sh\u00e1r\u00fa, ar a l\u00e9ire, ar a dh\u00e1ir\u00edreacht, n\u00f3 ar a mhac\u00e1ntacht.  Cinnte, chuirfeadh an t-alt c\u00e9anna sin duine ag smaoineamh ar ch\u00farsa\u00ed sp\u00f3irt, agus ar an gcaoi a bhreathna\u00edonn daoine ar sp\u00f3rt agus ar chaitheamh aimsire, sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Is d\u00f3cha go dtugann chuile dhuine againn faoi deara, go bhfuil difr\u00edocht mh\u00f3r idir an rud ar a dtugtar sp\u00f3rt sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, agus an t-earra ar a dteugta\u00ed sp\u00f3rt, blianta \u00f3 shoin.  Sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, is beag aird a thugtar ort mura n-\u00e9ir\u00edonn leat buachaint, n\u00f3 teacht sa ch\u00e9ad \u00e1it, agus b\u00edodh go raibh t\u00e1bhacht ag baint le sin freisin sna seanlaethe, bh\u00ed rud amh\u00e1in n\u00edos t\u00e1bhachta\u00ed f\u00f3s, agus b\u2019in, go raibh t\u00fa san ioma\u00edocht.  N\u00e1 s\u00edltear anois nach raibh miotal sna daoine a ghlac p\u00e1irt i gc\u00farsa\u00ed sp\u00f3irt fad\u00f3, n\u00f3 bh\u00ed, ach ba \u00e9 an mana a bh\u00edodh acusan n\u00f3, \u201ccoimhlint fhear\u00fail\u201d, agus mura mbeadh ar a gcumas bua a bhaint sa tsl\u00ed sin, b\u2019fhearr leo d\u00edomua n\u00e1 eason\u00f3ir, agus is d\u00f3cha, i nd\u00e1ir\u00edre, n\u00e1r athraigh c\u00farsa\u00ed chomh m\u00f3r sin \u00f3 shoin anuas.  N\u00ed coga\u00edocht, n\u00f3 troid, i nd\u00e1ir\u00edre, at\u00e1 i gceist i gcluich\u00ed, n\u00f3 i sp\u00f3rt.  N\u00ed hea, mh\u2019anam, ach is amhlaidh a imr\u00edtear an cluiche de r\u00e9ir rialacha \u00e1irithe, agus m\u00e1s uait an bua a fh\u00e1il sa chluiche sin, caithfidh t\u00fa an bua sin a bhaint agus t\u00fa faoi chuing na rialacha c\u00e9anna sin.  Sin mar a aithn\u00edtear an fear ceart sp\u00f3irt, n\u00f3 b\u00edonn seisean s\u00e1sta, i gc\u00f3na\u00ed, clo\u00ed leis na rialacha, agus murar f\u00e9idir leis an chraobh a bhaint go mac\u00e1nta, n\u00ed bh\u00edonn s\u00e9 s\u00e1sta \u00ed a bhaint tr\u00ed chaimil\u00e9ireacht, tr\u00ed chne\u00e1mhaireacht, n\u00f3 tr\u00ed l\u00e1mh l\u00e1idir.  Anois, t\u00e1 fait\u00edos orm, nach minic a fheiceann muid cluiche, sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, ina gclo\u00edonn na himreoir\u00ed le rialacha an chluiche sin.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Breathnaigh ar\u00eds ar na foirne ar ph\u00e1irc na himeartha, agus tabharfaidh t\u00fa faoi deara, an chaoi a dh\u00e9anann imreoir amh\u00e1in imreoir eile a imeagl\u00fa, tr\u00ed sonc, n\u00f3 gualainn, a thabhairt d\u00f3, nuair a thuigtear d\u00f3, nach bhfuil \u00e9inne ag breathn\u00fa air.  N\u00edl dabht ar domhan, ach go ndeanann imreoir\u00ed \u00e1irithe iarracht ar bhunt\u00e1iste a fh\u00e1il ar imreoi\u00ed eile, tr\u00ed bhula\u00edocht agus l\u00e1mh l\u00e1idir.  Anois, c\u00e9 go bhfeiceann chuile dhuine na c\u00e9apair sin ar si\u00fal, \u00f3 chluiche go cluiche, \u00f3 cheann ceann na bliana, agus c\u00e9 go dtuigtear do chuile dhuine freisin, nach den sp\u00f3rt \u00e9 a leith\u00e9id a dh\u00e9anamh, nach annamh a chuireann an r\u00e9iteoir smacht ar na himreoir\u00ed a dh\u00e9anann a leith\u00e9id sin.  \u00d3, t\u00e1 s\u00e9 eeart go leor, nuair is duine ded\u2019 fhoireannsa a dh\u00e9anann an beart sin, ach nach sc\u00e9al eile ar fad \u00e9, nuair a dh\u00e9anann imreoir \u00f3n bhfoireann eile an beart gr\u00e1nna sin ?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar\u00eds tugann chuile dhuine faoi deara, an chaoi a dtugtar br\u00fa chun tosaigh d\u2019imreoir, agus \u00e9 ag fanacht le liathr\u00f3id a cheapadh.  N\u00ed g\u00e1 a r\u00e1, nach den sp\u00f3rt \u00e9, beart d\u00e1 leith\u00e9id, ach ar\u00eds, nach minic a bh\u00edonn an r\u00e9iteoir dall ar fheall d\u00e1 leith\u00e9id.  N\u00ed g\u00e1 dhom tagairt a dh\u00e9anamh anseo don chaoi a nd\u00e9antar feall, os ard, ar imreoir, agus \u00e9 ar t\u00ed sc\u00f3r\u00e1la, an cor coise, an leagan, an gream\u00fa, agus chuile chleas eile, taobh istigh, agus taobh amuigh, de rialacha an chluiche, a \u00fas\u00e1idtear le himreoir a stopadh ar a bhealach chun an bh\u00e1ire a chur.  Nuair a scr\u00fada\u00edonn t\u00fa na c\u00farsa\u00ed sin uilig go fuarch\u00faiseach, mac\u00e1nta, feictear dhuit, nach den sp\u00f3rt iad sin, ach oiread, agus ar\u00eds, is soil\u00e9ir go bhfuil an-difir idir cor coise a thabhairt do dhuine, d\u2019aonturas, agus feall a dh\u00e9anamh air, de thimpiste.   Agus i gc\u00e1s na hiom\u00e1na\u00edochta, nach sc\u00e9al eile ar fad \u00e9, nuair a bhaineann imreoir \u00fas\u00e1id as a cham\u00e1n, mar ghl\u00e9as troda, le himreoir eile a bhascadh.  I gc\u00e1s d\u00e1 leith\u00e9id, n\u00ed chuireann s\u00e9 as do dhuine ar bith sa lucht f\u00e9achana, nuair a arda\u00edtear an C\u00e1rta Dearg, leis an t\u00e9 sin a ruaigeadh den ph\u00e1irc imeartha.  Nach deacair ar\u00eds, meon na n-imreoir\u00ed sin a thosa\u00edonn scli\u00fachas, ansin os comhair an tsaoil mh\u00f3ir, nuair a th\u00e9ann siad i muin\u00edn na ndoirne, le cead a gcinn a fh\u00e1il ar Ph\u00e1irc an Bh\u00e1ire.  N\u00ed d\u00f3igh liom, go nd\u00e9arfadh duine ar bith gur den sp\u00f3rt \u00e9, iompar d\u00e1 leith\u00e9id.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ag an am gc\u00e9anna anois, caithfidh muid uilig a admh\u00e1il, go bhfuil s\u00e9 iomarcach, b\u2019fh\u00e9idir, bheith ag s\u00fail go leanfadh chuile imreoir, chuile riail, chuile bhabhta.  Is daoine daonna iad, agus \u00e9ir\u00edonn siad corraithe, d\u00edograiseach, teasa\u00ed, le linn an chluiche, agus deineann siad chuile iarracht, coimhlint go fear\u00fail, ach i gc\u00e1sanna \u00e1irithe, \u00e9ir\u00edonn siad r\u00f3-dh\u00edograiseach, b\u2019fh\u00e9idir, agus s\u00e1ra\u00edonn siad rialacha an chluiche, ach go han-mhinic, n\u00ed le droch-chro\u00ed a dh\u00e9anann siad amhlaidh, ach le fonn buaite.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> Ach c\u00e9n chaoi a bhfuil c\u00farsa\u00ed, sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, breathnaigh ar chluiche ar bith, ach go hairithe, breathnaigh ar na cluich\u00ed a bh\u00edonn le feice\u00e1il, chuile dheireadh seachtaine, an tr\u00e1th seo bliana, agus nuair a bhreathna\u00edonn t\u00fa ar chluiche ar bith acu sin, tabharfaidh t\u00fa faoi deara, go bhfuil an d\u00e1 shn\u00e1th sin fite fuaite ina ch\u00e9ile  iontu, fonn sp\u00f3irt, ar thaobh amh\u00e1in, s\u00e9 sin, go mb\u00edonn fonn ar an imreoir imirt de r\u00e9ir na rialacha, agus ar an dtaobh eile, b\u00edonn fonn buaite air, fonn a mheallann \u00e9 le rialacha an chluiche a sh\u00e1r\u00fa, n\u00f3 a l\u00fabadh roinnt, corruair.  Is iad an d\u00e1 fh\u00f3rsa sin, ag coimhlint le ch\u00e9ile, i gcro\u00ed chuile imreoir, a chrutha\u00edonn agus a chotha\u00edonn an teannas, a choinn\u00edonn muidinne ag breathn\u00fa ar an imirt, \u00f3 th\u00fas deireadh, n\u00f3 t\u00e1 a fhios againn, go bhfuil seans ann, n\u00f3im\u00e9ad ar bith, go dtarl\u00f3dh eachtra eic\u00ednt, nuair a \u00e9ala\u00edonn an sp\u00f3rt \u00f3 rialacha an chluiche isteach i ngort guaireach, corraitheach, na daonnachta.  Nach \u2018in an f\u00e1th a fhanann cuid againn t\u00e1ite, dl\u00faite, den ghleas teilif\u00edse, fhad is a bh\u00edonn cluiche \u00e1 imirt.  Is d\u00f3cha go bhfuil rud eile ag baint leis an gcaoi a fhaireann muid chomh g\u00e9ar sin ar \u00e1r gcluich\u00ed, n\u00f3 is d\u00f3cha go dtuigtear d\u00fainn, ar bhealach eic\u00ednt, go bhfuil muid fh\u00e9in istigh ansin, ag imirt linn ar \u00e1r m\u00edle dh\u00edcheall, agus sa tsl\u00ed sin ar\u00eds, motha\u00edonn muid an teannas dra\u00edochta sin sa chro\u00ed istigh ionainn fh\u00e9in.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Caithfidh chuile fhear sp\u00f3irt breathn\u00fa air fh\u00e9in go rialta, f\u00e9achaint an bhfuil s\u00e9 ina fhear sp\u00f3irt mac\u00e1nta, fear sp\u00f3irt a dh\u00e9anann chuile dh\u00edcheall ar a chluiche a imirt de r\u00e9ir rialacha an sp\u00f3irt; n\u00f3 ar an dtaobh eile den sc\u00e9al, an bhfuil an chleasa\u00edocht, agus an chaimil\u00e9ireacht, ag f\u00e1il an l\u00e1mh in uachtar air, agus m\u00e1 t\u00e1, bhuel, ansin, t\u00e1 s\u00e9 in am d\u00f3, rud eic\u00ednt a dh\u00e9anamh faoi.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed dh\u00e9anfaidh m\u00e9 tagairt ach do phointe amh\u00e1in eile, faoi ch\u00farsa\u00ed sp\u00f3irt, an tseachtain seo, agus sin an sp\u00f3rt amait\u00e9ireach a chur i gcompar\u00e1id leis an sp\u00f3rt gairmi\u00fail   Nuair a smaoin\u00edonn duine, sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, ar ch\u00farsa\u00ed sp\u00f3irt, smaoin\u00edonn s\u00e9, beagnach l\u00e1ithreach, ar chluich\u00ed ar n\u00f3s sacar, rugar, lead\u00f3g, golf, agus a leith\u00e9id, cluich\u00ed gairmi\u00fala, agus cluich\u00ed a \u00edocann tuarastal r\u00edoga d\u00e1 lucht imeartha.  \u00cdoctar n\u00edos m\u00f3 do na himreoir\u00ed c\u00e1ili\u00fala, in aghaidh na bliana, n\u00e1 mar a shaothr\u00f3dh beirt ghn\u00e1thoibr\u00ed le linn a r\u00e9 oibre ar fad.  N\u00ed call dom a r\u00e1, gurb \u00e9 an toradh at\u00e1 ar leagan amach d\u00e1 leith\u00e9id, n\u00f3 go nd\u00edoltar agus go gceanna\u00edtear na himreoir\u00ed scili\u00fala sin, faoi mar ba r\u00e1schapaill ch\u00e1ili\u00fala iad.  Is gearr uaidh sin go dt\u00ed an pointe, nuair is eachtrannaigh ar fad a bh\u00edonn ag cosaint cl\u00fa agus c\u00e1il an phobail \u00e1iti\u00fail, ar ph\u00e1irc na himeartha.  Caitfear a admh\u00e1il go dtagann feabhas ollmh\u00f3r ar chaighdean na himeartha, i leagan amach d\u00e1 leith\u00e9id, ach caithfear a admh\u00e1il freisin, go gcailltear an d\u00edograis, agus an d\u00e1ir\u00edreacht, lena leanadh an pobal \u00e1iti\u00fail foireann an bhaile, n\u00f3 foireann an Chontae, toisc nach clann comharsan a dh\u00e9anann an imirt ar a son, a thuilleadh, n\u00f3 is amhlaidh gur amhais iad feasta, na laochra a throideann ar a son, i gcluiche i ndiaidh cluiche, agus \u00f3 cheann ceann na bliana.    N\u00ed \u201cFor the honour of the little village\u201d a imr\u00edtear anois, ach ar mhaithe lena dtuarastal ollmh\u00f3r.  S\u00edlim go bhfuil an ceart againn anseo, sa t\u00edr s\u2019againne, \u00e1it a bhfuil an t-amait\u00e9arachas i r\u00e9im f\u00f3s, n\u00f3 is gl\u00e9as iad na cluich\u00ed sin le pobail a th\u00f3gail, agus a th\u00e1th\u00fa le ch\u00e9ile.  Ach, is d\u00f3cha go bhfuil ar \u00e1r gcumas, sa t\u00edr seo, an d\u00e1 thr\u00e1 a fhreastal, rud a theip ar an ngobad\u00e1n fad\u00f3, mar is f\u00e9idir linn chuile bhunt\u00e1iste a bhaint as \u00e1r gcluich\u00ed amait\u00e9aracha, agus ag an am gc\u00e9anna, is f\u00e9idir linn chuile thaitneamh a bhaint as na cluich\u00ed gairmi\u00fala, a imr\u00edtear thall sa Bhreatain, n\u00f3 fi\u00fa, anseo i dt\u00edr na h\u00c9ireann fh\u00e9in.  Agus c\u00e9 go bhfuil a fhoireann tofa fh\u00e9in ag chuile ghas\u00far sa t\u00edr seo, faoi l\u00e1thair, go h\u00e1irithe lucht na gcathracha agus na mbailte m\u00f3ra,  Manchester United ag an ngas\u00far seo, Liverpool ag a leathbh\u00e1d\u00f3ir, agus Everton, b\u2019fh\u00e9idir, ag an bhfear \u00fad thall, ach n\u00ed hionann sin is a r\u00e1 nach suim leis eachtra\u00ed agus laochra a fhoireann fh\u00e9in sa mbaile, n\u00f3 foireann a Chontae fh\u00e9in, ach oiread, n\u00f3 leanann s\u00e9 iad \u00f3 sheachtain go seachtain, agus \u00f3 cheann ceann na bliana.  Nach bhfuil ag \u00e9ir\u00ed leosan an d\u00e1 thr\u00e1 a fhreastal?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Gurab amhlaidh a bheidh, sna blianta at\u00e1 romhainn amach.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">*******************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">*******************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>S p \u00f3 r t n\u00f3 C o g a \u00ed o c h t ? ************************* Nach minic daoine, na laethe seo, ag cur s\u00edos ar ch\u00farsa\u00ed sp\u00f3irt, agus ar na curaidh sp\u00f3irt is rogha leo. An duine seo ag ma\u00edomh gur curadh ceart cr\u00edochnaithe sp\u00f3irt \u00e9 a rogha fh\u00e9in, agus an fear thall [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-13285","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13285","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=13285"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13285\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":13286,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13285\/revisions\/13286"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=13285"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=13285"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=13285"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}