{"id":13291,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=13291"},"modified":"2024-04-08T01:16:42","modified_gmt":"2024-04-08T01:16:42","slug":"stairways-to-heaven","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/stairways-to-heaven\/","title":{"rendered":"Stairways to Heaven"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:24pt\">I  mB\u00e9al  an  Phobail<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong>STAIRWAYS TO HEAVEN<\/strong>&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;..<strong>C\u00e9adchl\u00f3<\/strong>&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;.<strong>2010<\/strong><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">By<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">Lorna  Byrne<\/span><\/strong><span style=\"font-size:14pt\">&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;<\/span><strong><span style=\"font-size:14pt\">\u00a314.99<\/span><\/strong><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">In search of Angels<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Scr\u00edobh m\u00e9 p\u00edosa sa chol\u00fan seo, tamall de sheachtain\u00ed \u00f3 shoin, faoi Angels in my Hair, an ch\u00e9ad leabhar \u00f3n \u00fadar, Lorna Byrne, agus seo mar a chuir me cr\u00edoch leis an bp\u00edosa sin&#8230;.. <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"><strong><span style=\"font-size:18pt\"><em>Ar an \u2018Late Late Show\u2019<\/em><\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-weight:bold;font-size:14pt;margin-left:36pt\">N\u00ed g\u00e1 a r\u00e1, go raibh Lorna fh\u00e9in mar aoi ar an \u2018Late Late Show\u2019 ar an Aoine, an 17\u00fa Me\u00e1n F\u00f3mhair na bliana 2010, agus go ndeachaigh s\u00ed i gcion go m\u00f3r ar a lucht f\u00e9achana. Bh\u00ed a d\u00e1ir\u00edreacht, a mac\u00e1ntacht, agus a hinchreidteacht, le feice\u00e1il go soil\u00e9ir tr\u00edna raibh le r\u00e1 aici. Sea, agus t\u00e1 beartaithe agam anois, an leabhar is d\u00e9ana\u00ed uaithi, a lorg is a l\u00e9amh gan aon r\u00f3-mhoill, agus is f\u00e9idir leat a bheith cinnte, go mbeidh cuntas faoi le l\u00e9amh agat sa chol\u00fan seo, chomh luath is a bheidh s\u00e9 l\u00e9ite agam. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-weight:bold;font-size:14pt\">N\u00ed call dom a r\u00e1, go bhfuair m\u00e9, agus gur l\u00e9igh m\u00e9, an dara leabhar sin, \u201cStairways to Heaven\u201d, agus b\u00edodh go bhfuil a s\u00fail d\u00edrithe aici ar an saol aingl\u00ed, bun\u00fas an ama, \u00e9irionn lei freisin, cuid mhaith d\u00e1 sc\u00e9al fh\u00e9in a r\u00edomh d\u00fainn. D\u00e9anann s\u00ed cur s\u00edos ar bh\u00e1s a c\u00e9ile, Joe, ar th\u00f3g\u00e1il a clainne, agus ar athr\u00fa \u00f3 Mh\u00e1 Nuad go Baile Eoin i gContae Chill Chainnigh. Tr\u00edd an ngn\u00f3 sin uilig, is soil\u00e9ir nach raibh f\u00e1il ag Lorna ar aon ghreim den ar\u00e1n saor. Le cruatan agus le hanr\u00f3 a shaothraigh s\u00ed a beatha, agus fi\u00fa, n\u00edor r\u00f3-\u00e9asca an rud \u00e9, bail eic\u00ednt a chur ar an teach a tugadh di, mar bhronntanas, th\u00edos i mBaile Eoin, b\u00edodh go raibh an nead tr\u00e9igthe ag na p\u00e1ist\u00ed ba shine faoin am sin, agus nach raibh fanta aici ach an duine ab \u00f3ige den \u00e1l. Ba dhian a chuaigh b\u00e1s a c\u00e9ile i gcion uirthi, b\u00edodh go raibh fios faighte aici \u00f3 na hAingil, blianta fada roimhe sin, gur mar sin a tharl\u00f3dh. T\u00e1 sin uilig go bre\u00e1, agus cuireann s\u00ed s\u00edos go seoigh ar na c\u00farsa\u00ed sin uilig, ach mhothaigh m\u00e9 difir mh\u00f3r idir an dara leabhar seo agus an ch\u00e9ad cheann, sa mh\u00e9id go dtugtar tuilleadh eolais d\u00fainn faoi ghn\u00f3, faoi shaghasanna, faoi mh\u00e9ad, faoi shaol, agus faoi shaothar na n-aingeal.  <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-weight:bold;font-size:14pt\"><span style=\"font-size:18pt\">In communication with Angels&#8230;.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-weight:bold;font-size:14pt\">Anois, chomh fada is a bhain s\u00e9 leis an \u00fadar fh\u00e9in, bh\u00edodh sise i dteangmh\u00e1il leis na haingil \u00f3n gcliabh\u00e1n i leith, agus dhealr\u00f3dh s\u00e9, go raibh ar a cumas cumars\u00e1id a dh\u00e9anamh leo, tr\u00ed labhairt leo, n\u00f3 go tostach. Chuir s\u00e9 ionadh orm freisin chomh fl\u00fairseach is a thagadh na cr\u00e9at\u00fair neamha\u00ed sin chuici, ar \u00f3c\u00e1id\u00ed \u00e1irithe. Anois, breathnaigh ar an r\u00e1iteas sin ar\u00eds. Creidim fh\u00e9in go mb\u00edonn f\u00e1il ar na haingil, sa s\u00e9ip\u00e9al, le linn an Aifrinn, ach go h\u00e1irithe. C\u00e9 mh\u00e9ad d\u00edobh a bh\u00edonn ar an bhf\u00f3d d\u2019\u00f3c\u00e1id mar sin?  N\u00edl a fhios agam, ach d\u2019fh\u00e9adfadh an ceart a bheith ag an \u00fadar. Rud eile a chuir ionadh orm ba ea na hAingil N\u00e1isi\u00fanta, agus iad feistithe in arm is in \u00e9ide, sea agus iad bre\u00e1, scaf\u00e1nta, l\u00e1idir, t\u00e9agartha, freisin. Caithfidh m\u00e9 a r\u00e1, n\u00e1r chuala m\u00e9 fh\u00e9in tada faoi aingil d\u00e1 leith\u00e9id riamh cheana. Sea, agus c\u00e9ard faoi na \u201cAmerican Gathering Angels\u201d? Aingil a chaitheann a nd\u00fathracht ag dul timpeall ag baili\u00fa daoine agus \u00e1 seoladh chuig na St\u00e1it Aontaithe, n\u00f3 t\u00e1 plean diamhair eic\u00ednt ag Dia fh\u00e9in do na daoine bailithe sin. N\u00edl m\u00e9 cinnte go bhf\u00e9adfainn fh\u00e9in an m\u00e9id sin a thuiscint, ach faoi mar aduirt an Bard fh\u00e9in fad\u00f3&#8230;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-weight:bold;font-size:14pt;margin-left:36pt\">\u201cThere are more things in heaven and earth, Horatio,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-weight:bold;font-size:14pt;margin-left:36pt\">Than are dreamt of in your philosophy.\u201d<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-weight:bold;font-size:14pt\"><span style=\"font-size:18pt\">Reincarnation<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-weight:bold;font-size:14pt\">Chuir cupla rud eile sa leabhar seo, Stairways to Heaven, ionadh orm freisin. C\u00e9ard faoi athioncholl\u00fa? F\u00e9ach mar a chuireann an t-\u00fadar \u00e9&#8230;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-weight:bold;font-size:14pt;margin-left:36pt\">\u201cSometimes, God chooses to reincarnate a soul to right wrongs, to create hope or to build trust, to help to create a better world for mankind.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-weight:bold;font-size:14pt\">Caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il go mbeadh s\u00e9 deacair agam fh\u00e9in glacadh le tairiscint d\u00e1 leith\u00e9id.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-weight:bold;font-size:14pt\">Ach taobh amuigh de na c\u00farsa\u00ed sin ar fad, tugann an t-\u00fadar tuilleadh eolais d\u00fainn faoi na cine\u00e1lacha aingeal at\u00e1 ann. Cuireann s\u00ed s\u00edos ar Ancestral Angels, sin aingil a dh\u00e9anann c\u00faram de theaghlaigh faoi leith. T\u00e1 na Prayer Angels ann, len\u00e1r bpaidreacha a thabhairt i l\u00e1thair D\u00e9, agus  t\u00e1 freisin, na Teaching Angels, agus na Healing Angels. Ach, m\u00e1 t\u00e1 an oiread sin aingil sa timpeall, tuige nach f\u00e9idir linn iad a fheice\u00e1il? Bhail! Nach bhfuil fial ceilte idir an d\u00e1 shaol, idir an saol thall agus an saol abhus, fial a chuireann cosc orainn spl\u00e9achadh a fh\u00e1il ar an saol \u00fad thall, ach sin r\u00e1ite, n\u00edlim \u00e1 r\u00e1 nach f\u00e9idir le Dia fh\u00e9in an fial sin a ard\u00fa, lena cur ar chumas daoine \u00e1irithe radharc a fh\u00e1il ar a bhfuil ar an dtaobh eile den bhfial diamhair sin.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-weight:bold;font-size:14pt\"><span style=\"font-size:18pt\">Soul travel!<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-weight:bold;font-size:14pt\">Tharla\u00edonn corruair sa leabhar freisin, go n-\u00e9ir\u00edonn leis an \u00fadar, turasanna anama a thabhairt, s\u00e9 sin, go bhfanann a corp mar a bhfuil s\u00e9, agus go n-im\u00edonn an t-anam fh\u00e9in, ar thuras neamha\u00ed. Feiceann muid an cine\u00e1l c\u00e9anna ruda ag tarl\u00fa nuair a d\u2019imigh s\u00ed chuig \u00e1it a raibh Oilithreacht Muslamach bailithe, agus iad ag gu\u00ed, ar l\u00e1thair choisricthe. Bh\u00ed na hAingil ansin freisin, agus na Prayer Angels, ach go h\u00e1irithe, agus iad gn\u00f3thach ag iompar gu\u00edonna na ndaoine sin go C\u00fairt an R\u00ed. D\u00e1 mbeadh an sp\u00e1s agam, ba mhaith liom tagairt a dh\u00e9anamh do roinnt \u00e1irithe ruda\u00ed eile. Ruda\u00ed ar n\u00f3s:- An gas\u00far a raibh Aingeal ag c\u00f3na\u00ed ina anam; agus an tr\u00e1th a raibh s\u00ed i gC\u00fairt D\u00e9, nuair a mhol Dia di, gan aon eagla a bheith uirthi; Sea, agus c\u00e9ard faoi na Glowing Babies? Agus an fear meicni\u00fail, nach raibh ach cuid an-bheag d\u00e1 anam, n\u00f3 d\u00e1 dhaonnacht f\u00e1gtha aige. Cuireadh an fh\u00eds sin os a comhair, d\u00e1r lei, le rabhadh a thabhairt don chine s\u2019againne gan dul r\u00f3-fhada ar bh\u00f3thar \u00fad na m\u00eddhaonnachta n\u00f3 na t\u00e1st\u00e1la.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-weight:bold;font-size:14pt\"><span style=\"font-size:18pt\">Food for Thought<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-weight:bold;font-size:14pt\">N\u00edl dabht ar domhan ach gur chuir an t-\u00fadar seo neart \u00e1bhar machtnaimh os \u00e1r gcomhair amach, sa leabhar seo. Caithfidh m\u00e9 a r\u00e1, gur thaitin liom ar l\u00e9igh m\u00e9 ann, agus go leagann an t-\u00fadar f\u00e9idireachtai doshamhlaithe os \u00e1r gcomhair amach, agus nach fearrde sinn uilig tamall a chaitheamh ag scr\u00fad\u00fa a leagann Lorna os \u00e1r gcomhair amach?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-weight:bold;font-size:14pt\">T\u00e1 m\u00e9 ag ceapadh, nach bhfuil an focal deiridh cloiste againn \u00f3n \u00fadar neamhghn\u00e1ch seo, agus mar sin, is fada liom uaim a c\u00e9ad leabhar eile. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-weight:bold;font-size:14pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>I mB\u00e9al an Phobail Peadar Bair\u00e9ad . STAIRWAYS TO HEAVEN&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;..C\u00e9adchl\u00f3&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;.2010 By Lorna Byrne&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;\u00a314.99 . In search of Angels Scr\u00edobh m\u00e9 p\u00edosa sa chol\u00fan seo, tamall de sheachtain\u00ed \u00f3 shoin, faoi Angels in my Hair, an ch\u00e9ad leabhar \u00f3n \u00fadar, Lorna Byrne, agus seo mar a chuir me cr\u00edoch leis an bp\u00edosa sin&#8230;.. Ar an \u2018Late [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-13291","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13291","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=13291"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13291\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":13292,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13291\/revisions\/13292"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=13291"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=13291"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=13291"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}