{"id":13295,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=13295"},"modified":"2024-04-08T01:26:43","modified_gmt":"2024-04-08T01:26:43","slug":"straiteis-fiche-bliain-2","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/straiteis-fiche-bliain-2\/","title":{"rendered":"Straiteis fiche bliain. (2)"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:14pt\"><strong><span style=\"font-size:24pt\">I mB\u00e9al an Phobail<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:14pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:14pt\"><strong><span style=\"font-size:20pt\">Strait\u00e9is fiche bliain don Gaeilge<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:14pt\">Peadar Bair\u00e9ad<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:14pt;margin-left:36pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:14pt;margin-left:36pt\"><strong><em>(This week we take a look at &#8211; \u201cStrait\u00e9is Fiche Bliain don Ghaeilge 2010 &#8211; 2030\u201d &#8211; a seoladh in eireaball na bliana 2010, le beannacht trasph\u00e1irt\u00edoch, agus le g\u00e1rtha buabhaill. &#8211; as we recall what was written then, in this column, concerning same.)<\/em><\/strong><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-weight:bold;font-size:18pt\">Deasc\u00e9al \u00f3 Dhia chugainn!<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:14pt\"> Dea-sc\u00e9al \u00f3 Dhia chugainn, faoi mar adeireadh an tseandream fad\u00f3. B\u2019in iad na focail a rith liom, tr\u00e1th chuala m\u00e9 faoi Strait\u00e9is nua seo an Rialtais s\u2019againne. Is fearr go deireanach n\u00e1 go deo, ad\u00e9arfadh duine b\u2019fh\u00e9idir, n\u00f3 b\u00edodh go bhfuil na Rialtais s\u2019againne ag \u00fatam\u00e1il le c\u00farsa\u00ed na hathbheochana le tarraingt ar cheithre sc\u00f3r bliain anois, n\u00ed fh\u00e9adfadh duine ar bith a mha\u00edomh, gur \u00e9irigh le hiarracht ar bith acu deireadh a chur le c\u00fal\u00fa na teanga i rith an achair ch\u00e9anna sin. Is f\u00edor freisin, gur tuigeadh, blianta fada roimhe sin, go raibh an Ghaeilge i mbaol a b\u00e1is, agus go raibh g\u00e1 le holliarracht an n\u00e1isi\u00fain leis an mbaol sin a mhaol\u00fa. Nach ioma\u00ed iarracht a deineadh, nach ioma\u00ed coimisi\u00fan a cuireadh i mbun taighde, agus nach ioma\u00ed p\u00e1ip\u00e9ar b\u00e1n agus p\u00e1ip\u00e9ar glas a foils\u00edodh, d\u2019fhonn an gn\u00f3 sin a chur i gcr\u00edch, ach bheadh s\u00e9 deacair ag duine ar bith a mha\u00edomh, gur \u00e9irigh le hiarracht ar bith d\u00e1r deineadh, talamh sl\u00e1n a dh\u00e9anamh de shl\u00e1n\u00fa na teanga s\u2019againne, go nuige seo.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:14pt\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">Nach mithid?<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:14pt\">Tuigeadh d\u00fainn \u00e1fach, go raibh an Rialtas me\u00e1ite, le tamall anuas, ar iarracht amh\u00e1in eile a dh\u00e9anamh leis an dteanga a shl\u00e1n\u00fa, agus uimhir na gcainteoir\u00ed Gaeilge a mh\u00e9ad\u00fa \u00f3 thart ar 83,000, faoi mar at\u00e1 i l\u00e1thair na huaire seo, go 250,000, ag deireadh thr\u00e9imhse fiche bliain. Is fearr d\u00e9anach n\u00e1 go deo, ad\u00e9arfadh duine b\u2019fh\u00e9idir, agus m\u00e1s maith fh\u00e9in, nach m\u00edle mithid? Ba ch\u00f3ir a thabhairt faoi deara freisin, an bl\u00e1th\u00fa as cuimse a th\u00e1inig, ar litr\u00edocht na Gaeilge, agus ar chine\u00e1lacha eile eala\u00edon tr\u00ed mhe\u00e1n na Gaeilge, le tamall de bhlianta anuas, <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:14pt\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">Aon dul chun cinn d\u00e9anta san idirlinn<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:14pt;margin-left:36pt\"><em>Bhuel! t\u00e1 geall le c\u00faig bliana caite anois \u00f3 seoladh an \u201cStrait\u00e9is Fiche Bliain\u201d \u00fad, agus nach  bhfuil s\u00e9 tar am againn anois, breathn\u00fa ar ch\u00farsa\u00ed, f\u00e9achaint an bhfuil aon dul chun cinn d\u00e9anta againn  i r\u00e9al\u00fa pholasa\u00ed na Strait\u00e9ise c\u00e9anna sin. Bheadh duine ag s\u00fail anois go mbeadh fonn ar an Rialtas a ndul chun cinn sna c\u00farsa\u00ed c\u00e9anna sin a fh\u00f3gairt os ard, le g\u00e1rtha buabhailll, fi\u00fa, d\u00e1 mbeadh aon cheo suntasach curtha i gcr\u00edch acu san idirlinn. Bheadh duine ag s\u00fail freisin, go mbeadh fonn ar na hEagra\u00edochta\u00ed Gaeilge, maraon leis na hIris\u00ed Gaeilge, aon dul chun cinn, n\u00f3 a mhalairt,  a deineadh, a chur i mb\u00e9al an phobail, leis an bpobal a mhisni\u00fa le dul i gcionn mhisin na Strait\u00e9ise le fonn agus le flosc sna blianta at\u00e1 f\u00e1gtha f\u00f3s den bhfiche bliain \u00fad a luaitear san Strait\u00e9is Fiche Bliain.  <\/em><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:14pt;margin-left:36pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:14pt\">B\u2019fh\u00e9idir go bhfuil corrdhuine in\u00e1r measc ad\u00e9arfadh gur trua n\u00e1r shocraigh siad (se sin an Rialtas a bhi i gcumhacht sa bhliain ud 2010) ar an Strait\u00e9is ch\u00e9anna sin blianta \u00f3 shoin, nuair a bheadh deis eic\u00ednt acu an Strait\u00e9is sin a chur i gcr\u00edch go hoifigi\u00fail, in ionad \u00e9 a dh\u00e9anamh anois, nuair nach bhfuil f\u00e1gtha acu sa diallait ach thart ar mh\u00ed amh\u00e1in? Agus leis an sc\u00e9al a dh\u00e9anamh n\u00edos measa f\u00f3s, nuair at\u00e1 pr\u00edomhailtir\u00ed an Rialtais nua me\u00e1ite, ar \u00e1bhar deonach a dh\u00e9anamh den Ghaeilge san Ard Teistim\u00e9ireacht, feasta! Cuir le sin ar fad, an sc\u00e9al a chuala m\u00e9, ar na mallaibh, go raibh socruithe d\u00e9anta ag an Rialtas gearradh siar ar an m\u00e9id airgid a chuirf\u00ed ar f\u00e1il d\u2019obair na Gaeilge feasta, agus tuigfidh t\u00fa an f\u00e1th a bhfuil lagmhisneach orm i dtaobh na Strait\u00e9ise Fiche Bliain seo. <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:14pt\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">A th\u00f3in leis!<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:14pt\">D\u2019fh\u00e1gfadh cinnidh d\u00e1 leith\u00e9id an Plean Fiche Bliain sin agus a th\u00f3in leis. Ach sin uilig r\u00e1ite, admhaithe, caithfear a r\u00e1, gur fearr ann n\u00e1 as \u00e9, agus m\u00e1 thugtar aird air, bhuel, d\u00e9arfainn go mbeidh toradh c\u00e9atach air.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:14pt\">N\u00edl le d\u00e9anamh agat ach stracfh\u00e9achaint a thabhairt ar an doicim\u00e9ad fh\u00e9in le sin a thabhairt faoi deara. Tosa\u00edonn s\u00e1 le cur s\u00edos ar an bhf\u00eds at\u00e1 taobh thiar den bplean seo. \u201cAn Fh\u00eds\u201d a bhaistear ar an gcaibidil seo, agus d\u00e9antar cur s\u00edos ann, ar an strait\u00e9is fh\u00e9in agus an g\u00e1 at\u00e1 lei. Dearbha\u00edonn s\u00e9 i dt\u00fas b\u00e1ire, go maireann \u00e1r dteanga beo mar theanga phobail, agus mar theanga theaghlaigh, agus chomh maith le sin, go bhfuil eolas na teanga ch\u00e9anna sin ag c\u00e9atad\u00e1n ard d\u00e1r ndaonra, c\u00e9 go bhfuil a l\u00e1n talamh caillte aice leis na c\u00e9adta bliain.  Is \u00e9 polasa\u00ed an Rialtais, mar sin, n\u00f3 a chinnti\u00fa go mbeadh an oiread agus is f\u00e9idir d\u00e1r ndaoine dh\u00e1theangach, i nGaeilge agus i mB\u00e9arla, ach, chomh maith le sin, tuigtear an g\u00e1 at\u00e1 le sl\u00e1n\u00fa, le forbairt, agus le leathn\u00fa, na Gaeltachta, n\u00f3 n\u00ed bheadh an d\u00e1theangachas inshroichte, n\u00f3 inmharthana, go fadt\u00e9armach, mura mbeadh Gaeltacht bheo ar an bhf\u00f3d, mar nach droichead \u00e9 an d\u00e1theangachas idir dh\u00e1 theanga \u00e9ags\u00fala? <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">Teanga labhartha<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Chomh maith le sin, is \u00e9 polasa\u00ed an Rialtais n\u00f3 cur le m\u00e9id na dteaghlach a bhaineann \u00fas\u00e1id as an nGaeilge mar theanga chumars\u00e1ide laeth\u00fail, agus mar thaca do na polasaithe sin, f\u00e9achfar chuige, chomh fada agus is f\u00e9idir, go mbeidh deis ag chuile shaor\u00e1nach \u00fas\u00e1id a bhaint as a rogha den d\u00e1 theanga, ina theangmh\u00e1il leis an bpobal, agus le seirbh\u00eds\u00ed an St\u00e1it freisin. T\u00e1 caint freisin ar an dteanga a dh\u00e9anamh n\u00edos infheicthe sa tsocha\u00ed, mar theanga labhartha ag \u00e1r gcuid saor\u00e1nach, mar aon le bheith le feice\u00e1il ar chomhartha\u00ed, agus i litr\u00edocht. Dearbha\u00edtear freisin, go gcoinneofar s\u00fail gh\u00e9ar ar dh\u00e1n na teanga i dTuaisceart \u00c9ireann, n\u00f3 is toradh n\u00e1d\u00fartha \u00e9 sin ar na socruithe idirn\u00e1isi\u00fanta a ceangladh idir an d\u00e1 chuid d\u00e1r dt\u00edr, ar na mallaibh.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">\u201cAn d\u00e1 arm aigne\u201d<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">T\u00e1 l\u00edofacht sa Bh\u00e9arla t\u00e1bhachtach freisin i saol an n\u00e1isi\u00fain seo, agus chuige sin, agus d\u00e1 bharr sin, leanfar ar bh\u00e9im a leagan ar an d\u00e1theangachas, ach amh\u00e1in a thuiscint, nach i gc\u00f3na\u00ed a d\u2019oirfeadh polasa\u00ed d\u00e1 leith\u00e9id do na ceantracha Gaeltachta. Ach sin uilig r\u00e1ite, admha\u00edtear go mbraitheann todhcha\u00ed na teanga ar dhaoine a roghn\u00f3idh, go cinnte, ar leas a bhaint as na deiseanna a chuirfidh an Rialtas ar f\u00e1il d\u00f3ibh, tr\u00edd an Strait\u00e9is seo.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">N\u00ed g\u00e1 a dhearbh\u00fa anseo, go mbuna\u00edtear an strait\u00e9is uilig seo ar an m\u00e9id a dlitear i mBunreaht \u00c9ireann, in Airteagal 8&#8230;\u201d\u00d3s \u00ed an Ghaeilge an teanga n\u00e1isi\u00fanta is \u00ed an phr\u00edomhtheanga oifigi\u00fail \u00ed\u201d. N\u00edor ch\u00f3ir dearmad a dh\u00e9anamh de sin, n\u00f3 is cinnte go seasann st\u00e1das dlithi\u00fail na teanga n\u00e1isi\u00fanta, go huile is go hioml\u00e1n, ar a bhfuil reachtaithe ansin i mBunreacht \u00c9ireann.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">Spriocanna cinnte<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">T\u00e1 m\u00e9 cinnte, go mbeidh an-toradh ar an Strait\u00e9is Fiche Bliain seo, ach ag an am gc\u00e9anna, bheadh duine ag s\u00fail go leagfa\u00ed s\u00edos an d\u00e1theangachas mar sprioc do Dh\u00e1il \u00c9ireann freisin, sa chaoi is go mbeif\u00ed ag s\u00fail go sroichfeadh obair an Oireachtais spriocanna cinnte, chomh maith le duine. Rud eile a mbeif\u00ed ag s\u00fail leis, n\u00f3 go leagfa\u00ed s\u00edos spriocanna \u00e1irithe do thr\u00e9imhs\u00ed \u00e1irithe i rith an sc\u00f3r bliain sin. N\u00ed leor go nd\u00e9arfadh an Rialtas go ngr\u00edosfa\u00ed an pobal le seo, si\u00fad, agus eile, a dh\u00e9anamh, agus gan am faoi leith a lua, le seo, si\u00fad, n\u00f3 eile, a thabhairt chun cr\u00edche. F\u00e9ach mar a leagann an IMF spriocanna \u00e1irithe s\u00edos i gc\u00e1s ais\u00edoc na n-iasachta\u00ed a thug siad don Rialtas s\u2019againne, n\u00ed h\u00e9 sin amh\u00e1in \u00e9, ach t\u00e1 socraithe acu teacht chugainn chuile mh\u00ed, le f\u00e9achaint chuige, go mbeadh na spriocanna sin sroichte againn. Sin an cine\u00e1l ruda at\u00e1 i gceist agam sa chomhth\u00e9acs seo freisin. Ach sin uilig r\u00e1ite, caithfear an t-ath a mholadh mar a fhaightear. Leor nod don eolach!    <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"> <span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>I mB\u00e9al an Phobail . Strait\u00e9is fiche bliain don Gaeilge Peadar Bair\u00e9ad . (This week we take a look at &#8211; \u201cStrait\u00e9is Fiche Bliain don Ghaeilge 2010 &#8211; 2030\u201d &#8211; a seoladh in eireaball na bliana 2010, le beannacht trasph\u00e1irt\u00edoch, agus le g\u00e1rtha buabhaill. &#8211; as we recall what was written then, in this column, [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-13295","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13295","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=13295"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13295\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":13296,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13295\/revisions\/13296"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=13295"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=13295"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=13295"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}