{"id":13319,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=13319"},"modified":"2024-04-08T01:05:45","modified_gmt":"2024-04-08T01:05:45","slug":"t-i-t-i-m-n-a-h-o-i-c-h-e","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/t-i-t-i-m-n-a-h-o-i-c-h-e\/","title":{"rendered":"T i t i m     n a      h O \u00ed c h e"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">T i t i m     n a      h O \u00ed c h e  ?<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">***********************<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"text-decoration:underline;font-size:16pt\">&#8230;. A r m a g a d a n &#8230;.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Th\u00edos sa Smugairle R\u00f3in, a bh\u00ed m\u00e9 fh\u00e9in is mo sheanchara, S\u00e9im\u00ed a\u2019 Droichid, an o\u00edche cheana, muid ar \u00e1r s\u00e1imh\u00edn s\u00f3, agus ag iarraidh fadhbanna casta an tsaoil mh\u00f3ir seo a scaoileadh, nuair a th\u00f3g mo Sh\u00e9im\u00ed bre\u00e1 cruacheist doscaoilte, agus chaith idir an d\u00e1 sh\u00fail chugam \u00e9.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cN\u00f3im\u00e9ad amh\u00e1in\u201d, arsa m\u00e9 fh\u00e9in, \u201cn\u00e1r chuala t\u00fa riamh \u00e9 r\u00e1ite i measc daoine, gur t\u00faisce deoch n\u00e1 sc\u00e9al?  Bhuel, f\u00f3ill ort n\u00f3im\u00e9ad amh\u00e1in, mar sin, go n-iarrfaidh m\u00e9 ar \u00e1r seanchara \u2018T\u00f3in Mh\u00f3r\u2019 fh\u00e9in, braoin\u00edn den stuif chrua a leagan os \u00e1r gcomhair amach, braoin\u00edn a bheidh mar spreagadh againn, agus muid ag dul i mbun na ceiste sin\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ba ghearr an mhoill ar ghiolla an leanna na deochanna a leagan ar an mboird\u00edn beag sin a bh\u00ed eadrainn, istigh i gCailleach (Snug) an Smugairle R\u00f3in.  Th\u00f3g S\u00e9im\u00ed c\u00f3ir a ghloine fh\u00e9in, d\u2019ardaigh go h\u00f3m\u00f3sach idir \u00e9 fhein agus an solas \u00e9, scr\u00fadaigh go fuarch\u00faiseach, eala\u00edonta \u00e9, agus ansin, chuir chun a bh\u00e9il \u00e9, agus bhain smeach\u00e1n as, d\u2019\u00edsligh an gloine ansin, go mall, c\u00faramach, chun an bhoird ar\u00eds.  D\u2019aithneof\u00e1 ar a aghaidh, go raibh s\u00e9 thar a bheith s\u00e1sta lenar bhlais s\u00e9.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cBhuel,\u201d ar seisean \u201can gceapann t\u00fa go bhfuil \u2018L\u00e1 Philip a\u2019 Chleite\u2019 buailte linn?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cGo bhf\u00f3ire Dia na Gl\u00f3ire orainn uilig,\u201d arsa m\u00e9 fh\u00e9in, ach c\u00e9ard a chuir ag tochrais ar an gceirtl\u00edn sin th\u00fa, a chara na gcarad?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cChomh fada is a bhaineann s\u00e9 liomsa, t\u00e1 an sc\u00e9al scanraitheach sin \u00e1 scr\u00edobh thall is abhus d\u00fainn, ag m\u00e9ar D\u00e9 fh\u00e9in, le tamall de bhlianta anuas anois.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cT\u00e1 fait\u00edos orm, n\u00e1r l\u00e9igh m\u00e9 fh\u00e9in tada d\u00e1 leith\u00e9id ar Chl\u00e1r Dubh na Cruinne, go f\u00f3ill, ach go h\u00e1irithe.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cC\u00e1 raibh tusa aimsir na s\u00fal?  Nach bhfuil s\u00e9 le l\u00e9amh agat i sc\u00e9alta m\u00f3ra an domhain seo, \u00f3 l\u00f3 go l\u00f3, agus \u00f3 sheachtain go seachtain, agus \u00f3 cheann ceann na bliana.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cB\u2019fh\u00e9idir, a Sh\u00e9im\u00ed, go n-inseof\u00e1 dom, cad \u00e9 go d\u00edreach, an sc\u00e9al at\u00e1 le l\u00e9amh agat chomh rialta, soil\u00e9ir sin.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cD\u00e9anfaidh m\u00e9 sin, cinnte.  Nach l\u00e9ann t\u00fa na nuacht\u00e1in, agus nach mbreathna\u00edonn t\u00fa ar an teilif\u00eds, gan tr\u00e1cht in aon chor ar \u00e9isteacht leis an raidi\u00f3, agus nach bhfuil an sc\u00e9al c\u00e9anna sin le l\u00e9amh, agus le clos, \u00f3 \u00e9ir\u00ed go dul faoi na gr\u00e9ine, chuile l\u00e1, go bhfuil muid ag druidim i dtreo Armagadan.  N\u00edl dabht ar domhan, ach go bhfuil B\u00e1ire na Fola chugainn ar luas.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cCogadh at\u00e1 i gceist agat, mar sin, an ea?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cCogadh, cinnte, ach cogadh n\u00edos measa n\u00e1 aon chogadh a troideadh \u00f3 th\u00fas an tsaoil go nuige seo.  Breathnaigh ar a bhfuil ar si\u00fal sa d\u00edthreabh, thart ar Mhurascaill na Peirse, na laethe seo?  Amuigh anisn ar an gc\u00falr\u00e1id, folaithe \u00f3 shuile fiosracha daonna, t\u00e1 na St\u00e1it Aontaithe, agus a gComhghuallaithe, ag tion\u00f3l agus ag tioms\u00fa arm ollmh\u00f3r, le cogadh d\u00edothaitheach a chur ar an Iar\u00e1ic, mar chuid d\u00e1 gcl\u00e1r, le Sceimhlitheoireacht Idirn\u00e1isi\u00fanta a dh\u00edoth\u00fa.  N\u00ed gn\u00e1th-shaighdi\u00fair\u00ed, n\u00f3 gn\u00e1th-airm, at\u00e1 a mbaili\u00fa acu, amuigh ansin ar an gc\u00falr\u00e1id, sna gainimhligh thart ar Mhurascaill \u00fad na Peirse.  N\u00ed hea mh\u2019anam, ach saighdi\u00fair\u00ed st\u00f3insithe, seantriailte, righne, agus airm nua-aimseartha, nimhneacha, mallaithe,  agus nuair a bheidh an sl\u00f3gadh agus an tioms\u00fa uilig cr\u00edochnaithe, beidh ansin, f\u00f3rsa millteanach, do-bhuailte, agus f\u00f3rsa nach bhfacthas a leith\u00e9id ar thalamh an domhain seo, cheana riamh.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAch a Sh\u00e9im\u00ed, nach bhfuil chuile sheans ann anois, nach mbeidh orthu pil\u00e9ar amh\u00e1in fi\u00fa, a scaoileadh i bhfeirg, n\u00f3 de r\u00e9ir mar a thuigtear do na saineolaithe, tuigfidh Saddam go bhfuil a chaisc\u00edn meilte, agus g\u00e9illfidh s\u00e9, sula mbeidh g\u00e1 le coga\u00edocht ar bith i gcoinne na hIar\u00e1ice.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cT\u00e1 s\u00fail agam go bhfuil an ceart agat, ach caithfear a chur san \u00e1ireamh anois, go bhfuil an t-arm ollmh\u00f3r sin t\u00f3gtha ag Meirice\u00e1 trasna an domhain, agus sl\u00f3gtha ansin, i ngaineamhlach Mhurascaill na Peirse, agus thuigfeadh duine ar bith, nach ar mhaithe le caisle\u00e1in ghainimhe a th\u00f3g\u00e1il, a seoladh chun na h\u00e1ite iarg\u00falta sin, a ch\u00e9aduair iad, agus d\u00e1 bharr sin, t\u00e1 chuile chos\u00falacht ar an sc\u00e9al, go mbeidh ina chogadh fuilteach, f\u00edochmhar, ansin, s\u00e1ra fada.  Agus m\u00e1 tharla\u00edonn an cogadh sin, is f\u00e9idir linn a bheith cinnte, go mbainfidh an d\u00e1 thaobh leas as chuile bhunt\u00e1iste airm at\u00e1 ar f\u00e1il d\u00f3ibh, ar mhaithe lena namhaid a scrios is a dh\u00edoth\u00fa.  M\u00e1 tharla\u00edonn a leith\u00e9id, bhuel, ansin beidh L\u00e1 Armagadain buailte linn, n\u00f3 d\u2019fh\u00e9adfadh s\u00e9, go mbainfeadh an d\u00e1 thaobh \u00fas\u00e1id as airm do-luaite, agus go leathfadh nimh agus f\u00edoch na coga\u00edochta sin \u00f3 cheann ceann na cruinne, n\u00f3 m\u00e1 bhaintear an claib\u00edn den bhuid\u00e9al, n\u00ed bheidh \u00e9inne \u00e1balta srian a chur ar dhiabhail ollscriosacha Armagadain.\u201d<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"text-decoration:underline;font-size:16pt\">M a c    a n     B h a c a i g h !<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAch a chara na gcarad, n\u00edor ch\u00f3ir do dhuine ar bith na nithe sin faoi Armagadan a lua, fi\u00fa, n\u00f3 nach mb\u00edodh seanfhocal againn fad\u00f3&#8230;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">\u2018N\u00e1 bac le mac an bhacaigh is n\u00ed bhacfaidh mac an bhacaigh leat.\u2019<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Nach \u00e9 an sc\u00e9al c\u00e9anna \u00e9 i gc\u00e1s na coga\u00edochta sin, sa Mhe\u00e1n Oirthear.  Ach le casadh ar cheirtl\u00edn eile ar fad, cad \u00e9 do thuairim\u201d a Sh\u00e9im\u00ed, \u201cfaoi riail agus reacht i dt\u00edr seo na h\u00c9ireann, i l\u00e1thair na huaire seo?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cIs beag nach bhf\u00e9adf\u00e1 a r\u00e1, nach bhfuil ceachtar den d\u00e1 earra sin le f\u00e1il in \u00e1r measc, faoi l\u00e1thair.  Breathnaigh ar an chaoi a bhfuil gas\u00fair, faoi cheithre bliana d\u00e9ag d\u2019aois, imithe fi\u00e1in, i mbailte agus i gcathracha, \u00f3 cheann ceann na t\u00edre seo.  Gas\u00fair \u00e1 dt\u00f3g\u00e1il os comhair \u00e1r gc\u00fairteanna, agus iad \u00e1 scaoileadh amach ar na sr\u00e1ideanna ar\u00eds, toisc nach bhfuil prios\u00fan ar bith sa t\u00edr, a bheadh oiri\u00fanach len iad a choinne\u00e1il ann, b\u00edodh go bhfuil siad tar \u00e9is bheith os comhair na gc\u00fairteanna c\u00e9anna go mion minic cheana.  Agus i gc\u00e1s na ndaoine f\u00e1sta, t\u00e1 cos\u00falacht ar an sc\u00e9al anois, go bhfuil muid ag cur f\u00fainn i, Dodge City, n\u00f3 i Chicago, le linn r\u00e9 an Iarthair Fhi\u00e1in.  N\u00ed chuireann s\u00e9 ionadh ar \u00e9inne, sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, nuair a th\u00e9ann gunnad\u00f3ir isteach i dteach \u00f3sta, p\u00faic\u00edn air, gunna ina l\u00e1imh leis, si\u00falann suas chuig duine eic\u00ednt istigh ansin, agus d\u00edr\u00edonn a ghunna, agus scaoileann \u00e9, faoi mar ba mhadra, n\u00f3 nathair nimhe \u00e9.  Sea, a chara, t\u00e1 an t\u00edr seo imithe chun an donais ar fad, le roinnt bheag blianta anuas.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAgus, a Sheim\u00ed, an gceapann t\u00fa go bhfuil leigheas ar bith ar an sc\u00e9al seo, n\u00f3 an f\u00e9idir linn an claib\u00edn a chur ar ais ar an mbuid\u00e9al ar\u00eds?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cT\u00e1 fait\u00edos orm, go bhfuil s\u00e9 ag \u00e9ir\u00ed n\u00edos deacra, agus n\u00edos deacra, in aghaidh an lae, an claib\u00edn c\u00e9anna sin a chur ar ais ar an mbuid\u00e9al, gn\u00edomh a thabharfadh deis d\u00fainn, mar phobal, smacht eic\u00ednt a fh\u00e1il ar ais ar ch\u00farsa\u00ed, in Oile\u00e1n seo na Naomh is na nOllamh.  Ach ag an am gc\u00e9anna, n\u00ed bheinn gan d\u00f3chas, amach is amuigh, n\u00f3 m\u00e1 bhreathna\u00edonn t\u00fa ar an teorainn luais sin, at\u00e1 i mb\u00e9al gach \u00e9inne, na laethe seo, toisc gur shocraigh an Rialtas ar phhoinnt\u00ed pion\u00f3is a ghearradh ar \u00e9inne a bhrisfeadh na teorainneacha c\u00e9anna sin, feasta.  Bhuel, thar o\u00edche, thosaigh tiom\u00e1naithe ag g\u00e9illeadh do na teorainneacha luais ch\u00e9anna sin, \u00e1it nach mb\u00edodh meas an mhadra acu orthu roimhe sin.  Anois, d\u00e1 dtos\u00f3dh an Rialtas ar pholasa\u00ed an \u201cZero Tolerance\u201d \u00fad, a tosa\u00edodh i Nua Eabhrac, roinnt blianta \u00f3 shoin, d\u00e9arfainn, go bhf\u00e9adfadh siad smacht eic\u00ednt a chur i bhfeidhm sa t\u00edr seo ar\u00eds.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAch, a Sh\u00e9im\u00ed, nach bhfuil a fhios agatsa, faoi mar at\u00e1 a fhios agamsa, go bhfuil daoine ann, agus cuma sa tsioc cad a dh\u00e9anfaidh t\u00fa, brisfidh siadsan an dl\u00ed, n\u00f3 t\u00e1 s\u00e9 de dhl\u00fath is d\u2019inneach iontu, sin a dh\u00e9anamh, sea, agus d\u2019fhoghlaim siad an dearcadh sin \u00f3na dtuismitheoir\u00ed agus \u00f3n dream a th\u00e1inig rompu, den chuid is m\u00f3.  Conas is f\u00e9idir le \u201cZero Tolerance\u201d deighle\u00e1il le daoine d\u00e1 leitheid.  Bainfidh siadsan leas as chuile chleas a d\u2019fhoghlaim siad riamh, le bunt\u00e1iste a bhreith ar an bpobal, agus ar an dl\u00ed freisin.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cTagaim leat sa mh\u00e9id sin, t\u00e1 daoine d\u00e1 leith\u00e9id ann, ach ar \u00e1mhara\u00ed an tsaoil, n\u00edl an oiread sin d\u00edobh ann, agus d\u2019fh\u00e9adfadh an St\u00e1t d\u00edri\u00fa orthu si\u00fad, ar bhealach speisialta.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cConas a d\u2019fh\u00e9adfaid\u00eds tabhairt f\u00fathusan, n\u00f3 is dream iad, nach bhfuil meas ar bith acu ar riail n\u00f3 ar reacht, ar Dhia no ar dheamhan.  N\u00ed thuigeann na daoaine sin tada ach neart, agus n\u00ed th\u00e9ann tada i bhfeidhm orthu, ach buill\u00ed. Bronnann neart ceart, chomh fada is a bhaineann s\u00e9 leosan, agus m\u00e1 t\u00e1 siad l\u00e1idir a nd\u00f3thain le seilbh a ghlacadh ar do mhaoinse, bronnann an neart sin \u00fan\u00e9ireacht na maoine sin orthu.  Conas is f\u00e9idir leis an St\u00e1t s\u2019againne dul i gcoinn ar dhaoine d\u00e1 leith\u00e9id, mar sin?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cGlacaim leis gur leag t\u00fa do mh\u00e9ar ar an bhfadhb ansin, ach ag an am gc\u00e9anna n\u00edl cumas na sibhialtachta \u00eddithe againn f\u00f3s, mar ad\u00fairt Pr\u00edomh Aire Shasana tr\u00e1th, agus nach bhfuil seanfhocal againn fh\u00e9in sa Ghaeilge adeir, gur \u201cFonn a dh\u00e9anann Fiach\u201d, s\u00e9 sin, m\u00e1 theasta\u00edonn uainn \u00e9 a dh\u00e9anamh, d\u00e9anfaimid \u00e9.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAch, n\u00edor \u00e9irigh linn na daoine sin a chur faoi smacht an St\u00e1it f\u00f3s, nach bhfuil s\u00e9 ag \u00e9ir\u00ed beag\u00e1in\u00edn d\u00e9anach sa l\u00e1 le bheith ag smaoineamh ar phleananna chuige sin anois?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cBheadh an ceart agat, gan dabht, mura bhfuil plean nua againn le sin a bhaint amach.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAgus an gceapann t\u00fa, i nd\u00e1ir\u00edre, go bhfuil a leith\u00e9id de phlean ann?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cCheapfainn go bhfuil, agus plean r\u00e9as\u00fanta simpl\u00ed freisin.  N\u00edl ach sl\u00ed amh\u00e1in againn as an bhfadhb ina bhfuil muid s\u00e1innithe, ag an n\u00f3im\u00e9ad seo, agus sin na coirpigh sin uilig a imtheorainni\u00fa, agus ansin, iarracht ollmh\u00f3r a dh\u00e9anamh ar a bhfrithsh\u00f3isialtacht a leigheas.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAch, conas a d\u2019fh\u00e9adf\u00e1 na coirpigh doleigheasta sin a roghn\u00fa, m\u00e1 sea?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cBheadh orainn sin a fh\u00e1g\u00e1il faoi cheannforit an Gharda S\u00edoch\u00e1na.  Ach ar aon n\u00f3s, thaharfadh s\u00e9 deis do dhaoine si\u00fal ar shr\u00e1ideanna a mbailte, agus a gcathracha fh\u00e9in, ar\u00eds, gan fait\u00edos, gan eagla, gan bhaol.  Agus rud amh\u00e1in eile, dealra\u00edonn s\u00e9 go bhfuil fhios ag madra\u00ed an bhaile fi\u00fa, c\u00e9 hiad na coirpigh ch\u00e9anna sin, agus c\u00e1 bhfuil c\u00f3na\u00ed orthu, agus c\u00e9 t\u00e1 ag obair d\u00f3ibh, freisin, ach is \u00e9 an cheata\u00ed at\u00e1 sa sc\u00e9al n\u00f3 nach f\u00e9idir leis an nGarda S\u00edoch\u00e1na fianaise a bhaili\u00fa, le c\u00fais inchreidte ina gcoinne a leagan os comhair C\u00fairte, toisc go bhfuil fait\u00edos ar dhaoine sc\u00e9itheadh orthu, ar eagla a mbasctha.\u201d<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">**********************************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">D o f h e i c t h e !<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">B\u2019fh\u00e9idir gur chuimhin libh, gur scr\u00edobh m\u00e9 in alt anseo, tamall \u00f3 shoin anois, go       n-\u00e9ir\u00edonn seandaoine dofheicthe!  Saineola\u00ed cro\u00ed \u00f3 Mheirice\u00e1, fear a bh\u00ed mar dhalta agam fh\u00e9in, blianta fada \u00f3 shoin, a chuir sin ar mo sh\u00faile dhom, anuraidh.  Chomh luaath is a \u00e9ir\u00edonn t\u00fa as obair, a chara, ar seisean, t\u00e9ann t\u00fa as amharc, diaidh ar ndiaidh, go dt\u00ed sa deireadh, b\u00edonn t\u00fa dofheicthe, chomh fada is a bhaineann s\u00e9 leis an bpobal thart ort.  Anois, n\u00edl dabht ar bith ach go raibh an ceart ar fad ag an saineola\u00ed cliste sin, n\u00f3 ta s\u00e9 tughta faoi deara agam fh\u00e9in freisin.  Ach, an tseachtain seo, ina Alt nua, ar an Sunday Independent, rinne Gay Byrne tagairt don bhf\u00edrinne ch\u00e9anna sin.  B\u2019fh\u00e9idir gur mhaith leat an rud ad\u00fairt Gay a athl\u00e9amh. Agus os ag tagairt don chol\u00fan c\u00e9anna m\u00e9, caithfidh m\u00e9 a r\u00e1, gur thaitin an cine\u00e1l dialainne, at\u00e1 idir cham\u00e1in aige, go m\u00f3r liom.  Ach seo an rud a bh\u00ed i gceist agam thuas&#8230;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">\u201cWe were not invited to the Irish premiere of <em>Gangs of New York<\/em>.   Everybody else in the world was.  When I was a major star of stage, screen and raidio-cabs, we were invited to every such bunfest under the sun.  For the most part, I regarded them as rather irksome additions to an already overcrowded schedule.  Now I have all the time in the world, and we get invited nowhere.  How quickly they forget&#8230;..\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Nach \u2018in \u00e9 d\u00edreach \u00e9!  Cheana f\u00e9in t\u00e1 Curadh m\u00f3r na Teilif\u00edse fh\u00e9in, ag dul as radharc, agus mar a fheiceann t\u00fa, thug s\u00e9 fh\u00e9in faoi deara \u00e9.  Gay! n\u00edl ansin ach an t\u00fas, geallaimse dhuit \u00fa!  Anois, n\u00edl Gay chomh dona sin ar fad f\u00f3s, n\u00f3 t\u00e1 ag \u00e9ir\u00ed leis a ainm a choinne\u00e1il os chomhair an phobail, tr\u00ed chl\u00e1racha teilif\u00edse, agus anois tr\u00ed chol\u00fan ar Nuacht\u00e1n Domhnaigh, ach, smaoinigh ar na daoine nach bhfuil na bunt\u00e1ist\u00ed sin acu, agus iad ag seoladh leo anonn sna blianta&#8230;.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Dofheicthe, a chara, dofheicthe&#8230;.dofheic&#8230;. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sea, mh\u2019anam, t\u00e1 s\u00e9 thar a bheith deacair t\u2019ainm, n\u00f3 t\u2019aghaidh, a choinne\u00e1il i mB\u00e9al an Phobail, tar eis d\u2019ualach na mblianta t\u00fa a sh\u00e1 chomh h\u00edseal sin i dtalamh, gur beag m\u00e1 t\u00e1 t\u00fa infheicthe, a thuilleadh.   \u00d3! Bhuel!, Nach \u2018in an \u201cHuman Condition\u201d agat, a mhac!!!                                                                                <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">******************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">******************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>T i t i m n a h O \u00ed c h e ? *********************** &#8230;. A r m a g a d a n &#8230;. . Th\u00edos sa Smugairle R\u00f3in, a bh\u00ed m\u00e9 fh\u00e9in is mo sheanchara, S\u00e9im\u00ed a\u2019 Droichid, an o\u00edche cheana, muid ar \u00e1r s\u00e1imh\u00edn s\u00f3, agus ag iarraidh fadhbanna casta an [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-13319","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13319","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=13319"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13319\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":13320,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13319\/revisions\/13320"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=13319"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=13319"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=13319"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}