{"id":13325,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=13325"},"modified":"2024-04-08T01:13:27","modified_gmt":"2024-04-08T01:13:27","slug":"ta-bus-eile-chugainn","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/ta-bus-eile-chugainn\/","title":{"rendered":"Ta Bus eile chugainn"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:24pt\">I  mB\u00e9al  an  Phobail<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:24pt\"><span style=\"font-size:14pt\"><em>(This week, I mB\u00e9<\/em><\/span><span style=\"font-size:14pt\"><em>al an Phobail casts a critical eye on certain policies that might be changed, going forward!)<\/em><\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Peadar Bair\u00e9ad<\/p><h2 style=\"text-align:center;margin-top:12pt;padding-top:0;margin-bottom:3pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-weight:bold;font-size:14pt\"><span style=\"font-size:18pt\">Bus eile chugainn, ar ball !<\/span><\/h2><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Is d\u00f3cha gur chuala chuile dhuine againn, agus fi\u00fa madra\u00ed an bhaile fh\u00e9in, go bhfuil cead tugtha d\u00f3ibh fh\u00e9in feasta, ag \u00e1r nAir\u00ed Rialtais, leas a bhaint as na L\u00e1na\u00ed Bus, agus iad ag taisteal ina m\u00f3tair mh\u00f3ra, ar \u00e1r sr\u00e1ideanna, rud a l\u00e9ir\u00edonn don ghn\u00e1thshaor\u00e1nach, nach gn\u00e1thshaor\u00e1naigh iad na hAir\u00ed Rialtais ch\u00e9anna sin, as seo amach. T\u00e1id na hAir\u00ed c\u00e9anna sin den tuairim anois, go bhfuilid c\u00e9im n\u00edos airde n\u00e1 an gn\u00e1thshaor\u00e1nach. C\u00e9 d\u00fairt leo go mbeadh v\u00f3t\u00f3ir\u00ed na t\u00edre seo s\u00e1sta an ceart sin a bhronnadh orthu? Is d\u00f3cha gur tuigeadh d\u00f3ibh, go raibh siad ag labhairt thar \u00e1r gceann, sa ch\u00e1s seo, agus go raibh siad beag beann ar mhogaill an dl\u00ed. Chuile sheans anois, nach mbeadh na v\u00f3t\u00f3ir\u00ed s\u00e1sta a leith\u00e9id de cheart a bhronnadh orthu, n\u00f3 m\u00e1s uathu rialacha cearta tr\u00e1chta a dhr\u00e9acht\u00fa agus a rith, bhuel, ansin, n\u00e1r ch\u00f3ir d\u00f3ibh \u00fas\u00e1id a bhaint as na sr\u00e1ideanna sin, cos\u00fail le chuile ghluaste\u00e1na\u00ed eile, ionas go bhfeicfeadh siad na fadhbanna at\u00e1 le scaoileadh, agus na rialacha ar ch\u00f3ir d\u00f3ibh a rith, leis na deacrachta\u00ed c\u00e9anna sin a sh\u00e1r\u00fa. N\u00edor cheart caoirigh a dh\u00e9anamh de dhream amh\u00e1in, fad is a ghlactar leis nach bhfuil sa chuid eile againn ach gabhair mheigeallacha!<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">Ar mo Chapall Maide dhom<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Agus \u00f3 tharla anois m\u00e9 ag marca\u00edocht thar na cla\u00edocha ar mo chapall maide, t\u00e1im den tuairim freisin, n\u00e1r ch\u00f3ir lab m\u00f3r airgid a thabhairt d\u00e1r dTeachta\u00ed, n\u00f3 d\u00e1r nAir\u00ed, ach oiread, mar ph\u00e1, n\u00f3 mar phinsean, feasta. Anois, n\u00e1 ceap nach mbeinn s\u00e1sta Cothrom na F\u00e9inne a thabhairt d\u00f3ibhsean, chomh maith le duine, ach n\u00edor ch\u00f3ir dul thar f\u00f3ir leis. Ba ch\u00f3ir an teacht isteach a bh\u00edonn ag a leith\u00e9id\u00ed i dt\u00edortha eile a ini\u00fachadh, agus ansin, ag cur chuile sh\u00f3rt san \u00e1ireamh, ba ch\u00f3ir teacht ar ph\u00e1 cothrom don phost. Anois, d\u00e9arfadh duine, b\u2019fh\u00e9idir, go bhfuil costais\u00ed troma, neamhghn\u00e1cha, le glanadh ag na Teachta\u00ed agus ag na hAir\u00ed, agus sa ch\u00e1s sin, d\u2019fh\u00e9adfa\u00ed an cleas c\u00e9anna sin a imirt athuair, agus breathn\u00fa ar na costais\u00ed a \u00edoctar d\u00e1 gcomhleacaithe i dt\u00edortha eile, agus ansin ar\u00eds, ag cur chuile sh\u00f3rt san \u00e1ireamh, d\u2019fh\u00e9adfa\u00ed teacht ar li\u00fantais r\u00e9as\u00fanta flaithi\u00fala a bhronnadh orthu d\u00e1 gcostais\u00ed freisin. Is \u00e9 t\u00e1 \u00e1 r\u00e1 agam anseo n\u00f3 gur ch\u00f3ir cr\u00edoch a chur leis na labanna m\u00f3ra airgid a bhronntar orthu i l\u00e1thair na huaire seo, b\u00edodh go bhfuil t\u00fas curtha ag \u00e1r Rialtas reatha, cheana f\u00e9in, le srian eic\u00ednt a chur ar stail fhi\u00e1in a gcostais\u00ed agus a bp\u00e1, ach t\u00e1 an oiread sin de na li\u00fantais\u00ed ann, agus roinnt acu ag dul thar f\u00f3ir, go dt\u00f3gfaidh s\u00e9 tamall maith le laincis a chur ar a mbun\u00fas, fi\u00fa. Agus, \u00f3 tharla go bhfuil an p\u00edosa seo \u00e1 chur i dtoll a ch\u00e9ile agam seachtain roimh l\u00e1 an Bhuis\u00e9id, beidh s\u00e9 sp\u00e9isi\u00fail a fh\u00e1il amach ansin, c\u00e9 chomh d\u00edograiseach is a bheidh an Rialtas, agus iad ag dul i mbun na hoibre c\u00e9anna sin. Beidh s\u00e9 sp\u00e9isi\u00fail freisin, f\u00e9achaint an mbeidh siad ag druidim i dtreo teorainn a chur le leibh\u00e9al an teacht isteach a \u00edocfar leo si\u00fad a chaitheann a laethe i mbun seirbh\u00eds an St\u00e1it. Sea, agus mo dhearmad! C\u00e9ard faoi na pinsin fhlaithi\u00fala a \u00edoctar le seirbhisigh seo an St\u00e1it? Sea, agus sin \u00e1 n-\u00edoc doibh, cuma c\u00e9n cine\u00e1l seirbh\u00edse a chuireadar ar f\u00e1il d\u00f3. Sea, agus c\u00e9ard faoi na labanna airgid a thugtar mar sh\u00ednti\u00fas l\u00e1imhe d\u00f3ibh, ar dhul ar scor d\u00f3ibh? \u00d3! lig dom! Caithfear tamall maith a chaitheamh ag iarraidh na giorraithe seo uilig a chur sa ph\u00f3na! Ach, beidh muid s\u00e1sta m\u00e1 fheiceann muid iad ag cur t\u00fas fh\u00e9in, fi\u00fa, leis an ngn\u00f3 riachtanach sin.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">Sinne agus an Vatac\u00e1in<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Agus \u00f3 tharla ag clamhs\u00e1n m\u00e9, c\u00e9ard faoi chaidreamh taidhleoireachta eadrainn fh\u00e9in is an Vatac\u00e1in a athnuachan? Nach bhfuil a fhios ag madra\u00ed an bhaile fi\u00fa, n\u00e1r theastaigh \u00f3 bhun\u00fas phobal na t\u00edre seo, an caidreamh c\u00e9anna sin a bhriseadh? Scr\u00edobh m\u00e9 anseo cheana faoi bheart \u00fad an Rialtais, nuair a dh\u00fan siad \u00e1r nAmbas\u00e1id ghradamach sa Roimh, agus bh\u00ed m\u00e9 den tuairim ansin, n\u00e1r luigh an beart c\u00e9anna sin le r\u00e9as\u00fan, toisc nach raibh c\u00fais s\u00e1ch trom againn in aghaidh iompar na Vatac\u00e1ine i leith neamhsple\u00e1chas n\u00f3 dl\u00edthe an St\u00e1it seo. Cuireadh ceisteanna orthu. Thugadar freagra ar na ceisteanna c\u00e9anna sin, agus b\u00edodh gur cheap a l\u00e1n go mba fhreagra\u00ed s\u00e1s\u00fala iad, ba \u00e9 c\u00e9ad rud eile a tharla n\u00f3 gur d\u00fanadh \u00e1r nAmbas\u00e1id sa tSu\u00ed Naofa. B\u2019fh\u00e9idir anois go bhfuil an t-am tagtha le hathchuairt a thabhairt ar an gcinneadh sin. Agus le tine a lasadh faoi\u2019n mbeart sin, n\u00e1r ch\u00f3ir a chur san \u00e1ireamh go bhfuil Ceili\u00faradh cheithre sc\u00f3r le d\u00e9anamh, an bhliain seo chugainn, ar Chomhairle Eochairisteach na bliana 1932, agus nach dtugann sin deis faoi leith ag an Rialtas an cla\u00ed diopl\u00f3maiti\u00fail sin a dheisi\u00fa, agus cuireadh speisialta a thabhairt don Ph\u00e1pa fh\u00e9in teacht ar chuairt oifigi\u00fail chun an St\u00e1it seo, i rith an Cheili\u00fartha sin? N\u00ed g\u00e1 a thuilleadh a r\u00e1 faoin \u00e1bhar consp\u00f3ideach sin, n\u00f3 n\u00ed tr\u00e1th cainte \u00e9 feasta, ach tr\u00e1th gn\u00edmh.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">B\u2019fh\u00e9idir go bhfuil mo sh\u00e1ith r\u00e1ite agam don turas seo! <\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>I mB\u00e9al an Phobail (This week, I mB\u00e9al an Phobail casts a critical eye on certain policies that might be changed, going forward!) Peadar Bair\u00e9ad Bus eile chugainn, ar ball ! Is d\u00f3cha gur chuala chuile dhuine againn, agus fi\u00fa madra\u00ed an bhaile fh\u00e9in, go bhfuil cead tugtha d\u00f3ibh fh\u00e9in feasta, ag \u00e1r nAir\u00ed Rialtais, [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-13325","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13325","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=13325"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13325\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":13326,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13325\/revisions\/13326"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=13325"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=13325"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=13325"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}