{"id":13389,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=13389"},"modified":"2024-04-08T01:25:17","modified_gmt":"2024-04-08T01:25:17","slug":"timpiste-a-bhain-dom","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/timpiste-a-bhain-dom\/","title":{"rendered":"Timpiste    a    bhain    dom"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"text-decoration:underline;font-size:16pt\">I    mB\u00e9al    an    Phobail.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">****************<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">Write an Essay on\u2026.<\/span><span style=\"text-decoration:underline;font-size:16pt\"> \u201c<\/span><span style=\"text-decoration:underline;font-size:16pt\"><em>Timpiste  a  bhain  dom !\u201d<\/em><\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00e1r mhinic a tugadh an teideal c\u00e9anna sin mar \u00e1bhar aiste d\u00fainn, agus muid ag ullmh\u00fa do na Scr\u00faduithe Teistim\u00e9ireachta, fad\u00f3?  Sea, agus nach mb\u00edodh s\u00e9 deacair go maith aiste a scr\u00edobh faoi thimpiste n\u00e1r bhain riamh d\u00fainn, ach muid ag ligint orainn, agus ag cur i gc\u00e9ill.  Bhuel, b\u2019in iad na smaointe a rith liom fh\u00e9in, ar an seacht\u00fa l\u00e1 de Shamhain, anuraidh, nuair a tharla timpiste dhom fh\u00e9in ar Sheachr\u00f3d Challainn, thart ar a leathuair tar \u00e9is a d\u00f3, san iarn\u00f3in.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"text-decoration:underline;font-size:16pt\">On our way to Clonmel.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar \u00e1r mbealach go Cluain Meala sea bh\u00edomar, s\u00e9 sin, m\u00e9 fh\u00e9in is mo bhean, le tamall a chaitheamh ag siopad\u00f3ireacht sa mbaile taitneamhach sin.  Bh\u00ed an l\u00e1 mar a d\u2019iarrfadh do bh\u00e9al fh\u00e9in \u00e9 a bheith.  Bh\u00ed an ghrian ag scaladh anuas orainn, as sp\u00e9ir gan scamall, agus n\u00ed raibh fuacht ar bith, n\u00f3 goimh d\u00e1 laghad, san aimsir, b\u00edodh to raibh muid ag druidim le l\u00e1r na Samhna.  C\u00e9 nach raibh aon r\u00f3-thr\u00e1cht ar na b\u00f3ithre, ag an am gc\u00e9anna, bh\u00ed roinnt \u00e1irithe caranna os \u00e1r gcomhair amach, agus iad ag dul ar aghaidh go deas r\u00e9idh.  N\u00ed raibh aon r\u00f3-luas f\u00fainn. Bh\u00edomar ag druidim thar scuaine cail\u00edn\u00ed scoile, a bh\u00ed ag si\u00fal leo go spleodrach, i l\u00e1na na pr\u00e1inne agus muid ag druidim le Gabhal Westcourt, theastaigh \u00f3 ghluaiste\u00e1na\u00ed os \u00e1r gcomhair amach, casadh ar dheis, ach \u00f3 tharla go raibh gluaiste\u00e1n ag teacht chuige, bh\u00ed air stopadh, go ngabhfhadh an gluaiste\u00e1n sin thar br\u00e1id.  Tharla sin de phlimp, agus b\u2019\u00e9igean do na gluaiste\u00e1in taobh thiar den ghluaiste\u00e1n a stop, b\u2019\u00e9igean d\u00f3ibhsean stopadh freisin.  Anois, \u00f3 tharla nach raibh L\u00e1na na Pr\u00e1inne folamh, n\u00ed raibh ar \u00e1r gcumas eal\u00f3 isteach ansin, agus d\u00e1 bhr\u00ed sin, b\u2019\u00e9igean d\u00fainn stopadh l\u00e1ithreach, sa l\u00e1na ina rabhamar.  Cheap m\u00e9 fh\u00e9in go raibh d\u00f3thain sp\u00e1is agam le stopadh, agus imbhualadh a sheachaint, ach bh\u00ed breall orm, agus an ch\u00e9ad rud eile a tharla, agus m\u00e9 ag coscadh liom ar mo dheargdh\u00edcheall, n\u00f3 thuairte\u00e1il m\u00e9 i gcoinne an ghluaiste\u00e1in a bh\u00ed os mo chomhair amach.  Bhuel, a leith\u00e9id de thorann!  Cheapf\u00e1 go raibh an sp\u00e9ir tar \u00e9is titim anuas orainn!  <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"text-decoration:underline;font-size:16pt\">We were alive and sa<\/span><span style=\"text-decoration:underline;font-size:16pt\">fe.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach bh\u00edomar in\u00e1r stad, agus bh\u00edomar beo, agus b\u2019in an rud ba th\u00e1bhachta\u00ed ar domhan, ag an am.  Bhreathnaigh m\u00e9 timpeall orm.  Bh\u00ed an gluaiste\u00e1n os \u00e1r gcomhair amach ina stad freisin.  Gluaiste\u00e1n m\u00f3r l\u00e1idir a bh\u00ed ann de dh\u00e9ant\u00fas Mercedes, agus d\u00e9anta na f\u00edrinne, n\u00ed raibh marc ar an ngluaiste\u00e1n c\u00e9anna sin, n\u00f3 bh\u00ed s\u00e9 chomh daingean, dobhogtha, le tanc, sea, agus rud eile a chruthaigh nach raibh aon luas, gurbh fhi\u00fa tr\u00e1cht air, f\u00fainn, n\u00f3 n\u00e1r phl\u00e9asc na m\u00e1la\u00ed aeir in aon chor.  Ghortaigh an crios s\u00e1bh\u00e1la mo bhean, ach taobh amuigh de sin, n\u00ed raibh aon chailleadh ar cheachtar againn.  Nuair a thug m\u00e9 an m\u00e9id sin faoi deara, d\u2019oscail m\u00e9 doras an ghluaiste\u00e1in, agus amach liom, go bhfeicfinn c\u00e9n bhail a bh\u00ed ar na daoine a bh\u00ed sna gluaiste\u00e1in os \u00e1r gcomhair amach.  Cos\u00fail linn fh\u00e9in, n\u00ed raibh cailleadh ar cheachtar acu, n\u00f3 bhi dh\u00e1 ghluaiste\u00e1n stoptha os \u00e1r gcomhair amach.  Tar \u00e9is dom roinnt ceisteanna a chur ar na tiom\u00e1naithe, fuair m\u00e9 amach go raibh an gluaiste\u00e1n tosaigh, ar theastaigh uaidh iomp\u00fa ar dheis, imithe leis, agus gan a th\u00e1sc n\u00f3 a thuairisc ag \u00e9inne!  <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"text-decoration:underline;font-size:16pt\">Emergency Services.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Tharla go raibh f\u00f3in\u00edn p\u00f3ca ag tiom\u00e1na\u00ed an Mhercedes, agus chuir seisean fios ar na Garda\u00ed, agus \u201cfair play\u201d d\u00f3ibhsean, ba ghearr go raibh siad ar an l\u00e1thair, agus iad imithe i mbun oibre, go deas, r\u00e9idh, cuirt\u00e9iseach. Ach, sular th\u00e1inig na garda\u00ed ar an bhf\u00f3d chugainn in aon chor, tharla go raibh banaltra ar an bhf\u00f3d, agus th\u00e1inig sise chugainn, agus cheistigh s\u00ed sinn, agus tar \u00e9is di sinn a scr\u00fad\u00fa, f\u00e9achaint an raibh muid gortaithe go dona, agus ar\u00eds, n\u00ed fh\u00e9adfadh duine ach an bhanaltra sin a mholadh as a gairmi\u00falacht, as a daonnacht, agus as a c\u00fanamh, in am an gh\u00e1tair.  Ansin, fad is a bh\u00ed sin ar si\u00fal, chualamar cloig\u00edn an Bhriog\u00e1id D\u00f3ite\u00e1in ag d\u00e9anamh orainn, agus go gearr ina dhiaidh sin, chualamar siana\u00edl gh\u00e9ar, uaigneach, cluasphl\u00e9ascadh an otharchairr ag teacht in\u00e1r dtreo.  Go bhf\u00f3ire Dia na Gl\u00f3ire orainn uilig, arsa mise liom fh\u00e9in, ach nach tapaidh a bhailigh na seirbh\u00eds\u00ed pr\u00e1inne sin uilig thart orainn, agus iad ag s\u00fail, is d\u00f3cha, go raibh sl\u00e9acht d\u00e9anta orainne, san imbhualadh sin, ach n\u00e1r mhaith ann iad? n\u00f3 d\u00e1 mbeadh duine gorthaithe go dona, bheadh g\u00e1 leis na seirbh\u00eds\u00ed c\u00e9anna sin, agus sin gan aon r\u00f3-mhoill.  Ach, bu\u00edochas m\u00f3r le Dia, n\u00ed raibh aon duine gortaithe go dona, sa timpiste sin, ar Sheachbh\u00f3thar Challainn an Chlampair, faoi mar a thugadh an dialanna\u00ed, Amhlaoibh \u00d3 S\u00failleabh\u00e1in, ar an mbaile \u00e1lainn sin cois Abhainn an R\u00ed.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">I gc\u00e1s na nGarda\u00ed, anois, d\u00fairt m\u00e9 go ndeachaigh siadsan i mbun a gcuid oibre go gairmi\u00fail, scili\u00fail, d\u00edscr\u00e9ideach.  Th\u00f3g siad na tomhaiseanna riachtanacha, tharraing siad sceitseanna, agus scr\u00edobhadar toradh a saothair ina leabhair n\u00f3ta\u00ed, ar an l\u00e1thair, faoi mar is dual d\u00f3ibh a dh\u00e9anamh, i gc\u00e1s d\u00e1 leith\u00e9id.  Th\u00e1inig bangharda chugainne le m\u00e1m ceisteanna a chur orainn, agus ar\u00eds, n\u00ed fh\u00e9adfadh s\u00ed a bheith n\u00edos sibhialta, n\u00edos cairdi\u00fala, n\u00f3 n\u00edos tuisceana\u00ed. Chuaigh lucht na Briog\u00e1ide i mbun a ngn\u00f3san freisin, agus lucht an Othairchairr mar a gc\u00e9anna.  Rinne na garda\u00ed chuile shocr\u00fa d\u00fainn faoin\u00e1r ngluaiste\u00e1n, agus f\u00fainn fh\u00e9in, agus ansin shocriagh lucht an Otharchairr sinn a thabhairt isteach chun an Ospid\u00e9il, le sinn a chur faoi scr\u00fad\u00fa, ar eagla na heagla.  Sin an modh oibre a chleachta\u00edonn siadsan, chuile bhabhta, ad\u00faradh linn.  <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"text-decoration:underline;font-size:16pt\">To Accident and Emergency.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Chuamar ar bord, agus as go br\u00e1ch linn i dtreo Ospid\u00e9al L\u00fac\u00e1is i gCill Chainnigh.  Anois, n\u00ed fh\u00e9adfadh foireann an otharchairr a bheith n\u00edos cabhra\u00ed, n\u00f3 n\u00edos sibhialta, ach caithfear a r\u00e1, nach raibh an t-otharcharr fh\u00e9in thar mholadh beirte, n\u00f3 mura mbeadh tinneas ort roimh dhul ar  bord an otharchairr ch\u00e9anna sin, geallaimse dhuit \u00e9 gur ghearr go gcuirf\u00ed meadhr\u00e1n n\u00f3 lagar fi\u00fa, ort, le s\u00edorchraitheadh agus s\u00edorluascadh na feithicle c\u00fanta sin.  Aois na feithicle c\u00e9anna ba ch\u00fais leis an m\u00ed-\u00e1dh uilig sin.  Shroicheamar an tOspid\u00e9al, agus tugadh isteach ar chathaoireacha rothacha sinn, agus coinn\u00edodh ansin sinn, thart ar thr\u00ed huaire a chloig, sular deineadh aon scr\u00fad\u00fa orainn, n\u00f3 bh\u00ed scuaine daoine istigh ansin romhainn i Roinn na Pr\u00e1inne is  na dTimpist\u00ed, agus tar \u00e9is na scr\u00faduithe sin, fuarthas amach nach raibh cl\u00f3ic ar dhuine ar bith againn agus scaoileadh chun b\u00f3thair sin.  <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"text-decoration:underline;font-size:16pt\">Home at last.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Shroicheamar an teach s\u2019againne thart ar a leathuair i ndiaidh a seacht, agus sinn tuirseach, traochta, s\u00e1raithe, tar \u00e9is na tion\u00f3isce a bhain d\u00fainn, ar Sheachbh\u00f3thar Challainn, thart ar a leathuair tar \u00e9is a d\u00f3!  B\u2019\u00e9igean d\u00fainn Tacsa\u00ed a fhost\u00fa don ghn\u00f3 sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Tamall ina dhiaidh sin, fuair m\u00e9 bille \u00f3n mBriog\u00e1id D\u00f3ite\u00e1in, ag cur in i\u00fal dom, go raibh \u20ac162.34 acu orm.  Tar \u00e9is dom a chur in i\u00fal d\u00f3ibh n\u00e1r chuir m\u00e9 fh\u00e9in fios ar an mBriog\u00e1id, agus n\u00e1r mh\u00fach siad tine n\u00f3 tada d\u00e1 leith\u00e9id dom, tugadh le fios dom, gur chuma faoi sin, ach go mbeadh orm mo bhille a \u00edoc, ar an d\u00e1 luathas.  Bhuel, d\u2019\u00edoc m\u00e9 faoi mar ad\u00fairt siad liom, agus i nd\u00e1ir\u00edre, is d\u00f3cha go mbeadh s\u00e9 deacair, seirbh\u00eds d\u00e1 leith\u00e9id a fh\u00e1il ar luach n\u00edos \u00edsle n\u00e1 sin, \u00e1it ar bith.  Molaim an Bhriog\u00e1id ch\u00e9anna sin, agus gura seacht fearr a bheas siad bliain \u00f3 anocht, agus an bhail ch\u00e9anna ar na Garda\u00ed, agus ar lucht an Otharchairr freisin, a th\u00e1inig i gcabhair orainne an l\u00e1 sin.  Is m\u00f3r at\u00e1 muid faoi chomaoin ag \u00e1r Seirbh\u00eds\u00ed \u00c9igeand\u00e1la uilig.   <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">****************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">****************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>I mB\u00e9al an Phobail. **************** Write an Essay on\u2026. \u201cTimpiste a bhain dom !\u201d N\u00e1r mhinic a tugadh an teideal c\u00e9anna sin mar \u00e1bhar aiste d\u00fainn, agus muid ag ullmh\u00fa do na Scr\u00faduithe Teistim\u00e9ireachta, fad\u00f3? Sea, agus nach mb\u00edodh s\u00e9 deacair go maith aiste a scr\u00edobh faoi thimpiste n\u00e1r bhain riamh d\u00fainn, ach muid ag [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-13389","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13389","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=13389"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13389\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":13390,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13389\/revisions\/13390"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=13389"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=13389"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=13389"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}