{"id":13395,"date":"2017-04-09T11:00:00","date_gmt":"2017-04-09T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=13395"},"modified":"2024-04-08T00:38:43","modified_gmt":"2024-04-08T00:38:43","slug":"treadlitir-an-phapa","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/treadlitir-an-phapa\/","title":{"rendered":"Treadlitir an Phapa"},"content":{"rendered":"<h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:24pt\">Tr\u00e9adlitir an Ph\u00e1pa<\/span><\/h1><h1 style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:14pt\">Peadar Bair\u00e9ad<\/span><span style=\"font-size:24pt\">&nbsp;&nbsp;<\/span><\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Agus mise ag f\u00e1s suas, in Iorras na nIontas, in \u00f3ige na haoise seo caite, bh\u00ed<\/span><span style=\"font-size:14pt\"> saoirse bainte amach ag \u00c9ireannaigh \u00f3 dheas, agus ag an am gc\u00e9anna, creideadh go forleathan, go mba chine tofa iad na Gaeil, cine a d\u2019fhan d\u00edlis d\u00e1 gcine, d\u00e1 gcreideamh, agus d\u00e1 nDia, tr\u00ed bhlianta fada a n-anfhorlainn, anfhorlann a mhair thar ocht gc\u00e9ad bliain. Ba bheag t\u00edr ar domhan a ghlac lena creideamh, chomh d\u00edograiseach, d\u00e1ir\u00edre, leis an gcine s\u2019againne, agus d\u00e1 bharr sin, th\u00e1inig f\u00e1s as cuimse ar uimhir \u00e1r ndaoine a chuaigh le sagart\u00f3ireacht agus le hoird eaglasta, n\u00f3 ba bheag t\u00edr ar domhan a sheol <\/span><span style=\"font-size:14pt\">an oiread c\u00e9anna misin\u00e9ir\u00ed thar lear, leis an Dea-sc\u00e9al a scaoileadh go himeallchr\u00edocha an domhain.  Chomh maith le sin, deineadh dia beag de chuile dhuine de na pearsain eaglasta sin. Tugadh \u00e1it na hon\u00f3ra sa tsocha\u00ed d\u00f3ibh, \u00e1it a tugadh, agus n\u00e1r tuilleadh; b\u2019in an dearmad a bh\u00ed taobh thiar de roinnt mhaith den mh\u00ed-\u00fas\u00e1id a tugadh ar dhaoine goilli\u00fanacha, ar ball, n\u00f3 n\u00edor creideadh go bhf\u00e9adfadh na pearsain ch\u00e9anna sin m\u00ed-\u00fas\u00e1id a thabhairt d\u2019\u00e9inne beo. Ach n\u00edorbh aon aingil ar talamh iad ach daoine daonna, c<\/span><span style=\"font-size:14pt\">os\u00fail leis an gcuid eile d\u00ednn. N\u00ed g\u00e1 anois liosta den mh\u00ed-\u00fas\u00e1id sin a thabhairt anseo, n\u00f3 ba liosta le h\u00e1ireamh \u00e9 d\u00e1 nd\u00e9anfainn a leith\u00e9id, agus ar aon n\u00f3s, leath an sc\u00e9al sin \u00f3 cheann ceann na cruinne, agus d\u00e1 bharr sin, glaodh ar Easpaig Chaitliceacha na h\u00c9ireann chun na R\u00f3imhe fh\u00e9in, leis an sc\u00e9al uilig sin a mh\u00edni\u00fa d\u00e1 Naofacht, an P\u00e1pa Beinidict XVI. Ba \u00e9 deireadh an sc\u00e9il sin, n\u00f3 gur <\/span><span style=\"font-size:14pt\">shocraigh an P\u00e1pa ar Thr\u00e9adlitir chuig Caitlicigh R\u00f3mh\u00e1nacha na t\u00edre seo, a scr\u00edobh, agus a sheoladh chugainn roimh Ch\u00e1i<\/span><span style=\"font-size:14pt\">sc na bliana seo 2010. Tar \u00e9is an ioml\u00e1in, shroich an Tr\u00e9adlitir sin t\u00edr na h\u00c9ireann, i ndeireadh an Charghais, i mbliain seo an Tiarna 2010. Deir an P\u00e1pa linn, go bhfuil an Litir seo \u00e1 scr\u00edobh aige mar Aoire an hEaglaise Uil\u00ed chuig Pobal D\u00e9 in \u00c9irinn, faoin mh\u00ed-\u00fas\u00e1id a thug sagairt, agus bu\u00edonta eile den chl\u00e9ir, ar ph\u00e1ist\u00ed, agus ar dhaoine goilli\u00fanacha eile a f\u00e1gadh faoina gc\u00faram. N\u00ed g\u00e1 a r\u00e1, ar seisean, gur chuir gn\u00edomhartha d\u00e1 leith\u00e9id, agus an chaoi ar dhein \u00fadar\u00e1is na hEaglaise Caitlic\u00ed in \u00c9irinn deigh<\/span><span style=\"font-size:14pt\">le\u00e1il leo, d\u00edom\u00e1 agus d\u00e9istean air.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">I gcaibidil a D\u00f3 den Litir, cuireann s\u00e9 in i\u00fal d\u00fainn, go dtuigtear d\u00f3, nach bhfuil an dara rogha aige ach litir d\u00e1 leith\u00e9id a scr\u00edobh, nuair a chuireann s\u00e9 san \u00e1ireamh, an freagra lag, easnamhach, a thug \u00fadar\u00e1is na hEaglaise anseo ar na coireanna c\u00e9anna sin. Sa tsl\u00ed sin, teasta\u00edonn uaidh a mheas orainn a chur in i\u00fal, agus chomh maith le sin, teasta\u00edonn uaidh beala\u00ed \u00e1irithe len\u00e1r sl\u00e1n\u00fa, len\u00e1r athnuachan, agus len\u00e1r leorghn\u00edomh a chur in i\u00fal, a mholadh d\u00fainn. Agus  b\u00edodh go<\/span><span style=\"font-size:14pt\"> mb\u00edonn cin\u00edocha eile ciontach i gcoireanna d\u00e1 leith\u00e9id seo, ag an am gc\u00e9anna, is trom an choir \u00ed, agus caithfear \u00ed a admh\u00e1il os ard, agus caithfear leorghn\u00edomh a dh\u00e9anamh inti, agus f\u00e9achaint chuige nach dtarl\u00f3idh a leith\u00e9id in\u00e1r measc ar\u00eds. Ba ch\u00f3ir d\u00fainn, ag an n\u00f3im\u00e9ad seo, smaoineamh ar na gl\u00fanta a d\u2019imigh romhainn, agus ar an saothar a rinneadarsan i bhf\u00edonghort an Tiarna. Leath siad an creideamh ar fud na hEorpa sna me\u00e1naoiseanna, agus tharraing na manaigh \u00c9ireannacha \u00fad a neart, \u00f3 thobar an chreidimh<\/span><span style=\"font-size:14pt\">, ina dt\u00edr dh\u00fachais. Thug <\/span><span style=\"font-size:14pt\">Lif\u00e9ar Pluinc\u00e9ad dea-shampla d\u00fainn ar dh\u00edlsecht don Chreideamh c\u00e9anna sin in\u00e1r measc, i laethe dorcha na bp\u00e9indl\u00edthe, agus n\u00edorbh \u00e9 an t-aon duine a d\u2019fhulaing ar son na f\u00edrinne ach oiread \u00e9. N\u00edos d\u00e9ana\u00ed sa stair freisin, tr\u00ed r\u00e9 na misin\u00e9ireachta, thug na h\u00c9ireannaigh sampla don uile n\u00e1isi\u00fan, faoin chaoi ar ch\u00f3ir an deasc\u00e9al a leathadh, \u00f3 cheann ceann na cruinne, sa chaoi, gur bheag clann n\u00e1r thug gaol \u00e9igin don ghluaiseacht misin\u00e9ireachta sin. Le linn na saolta seo, \u00e1fach, b\u2019\u00e9igea<\/span><span style=\"font-size:14pt\">n do mhuintir na t\u00edre seo dul i ngleic le d\u00fashl\u00e1in tromch\u00faiseacha an lae inniu, nuair a b\u2019\u00e9igean d\u00f3ibh cur suas le saoltacht fhorleathan, agus na hathruithe uilig a th\u00e1inig anuas sa mhullach, de phlimp orainn, athruithe a mheall daoine \u00f3 mh\u00faineadh agus \u00f3 luacha na hEaglaise Caitlic\u00ed abhus. Mar thoradh ar na hathruithe sin uilig, ba mhinic a laghda\u00edodh ar dh\u00edograis an phobail, i gcleachtadh deabh\u00f3ide agus cr\u00e1ifeachta, ina saol laeth\u00fail. Minic freisin a d\u2019iompaigh siad \u00f3 phaidreacha laeth\u00fala, \u00f3 fhreastal mini<\/span><span style=\"font-size:14pt\">c ar fhaoistin, agus ar ch\u00farsa\u00ed spiorad\u00e1lta. N\u00ed h\u00e9 amh\u00e1in gur dhein Pobal D\u00e9 faill\u00ed sna c\u00farsa\u00ed sin, ach leath an galar c\u00e9anna i measc na cl\u00e9ire freisin, sa chaoi gur deineadh dearmad ar mholta\u00ed Dara Chomhairle na Vatac\u00e1ine. Sa chomhth\u00e9acs ginear\u00e1lta seo, is c\u00f3ir d\u00fainn breathn\u00fa ar fhadhb na m\u00ed-\u00fas\u00e1ide gn\u00e9asa\u00ed ar dhaoine \u00f3ga, ag baill \u00e1irithe den chl\u00e9ir, n\u00f3 ba sa bhealach sin a chaill an Eaglais Chaitliceach an meas agus an urraim a bh\u00ed tuillte aici agus a tugadh go fial di, thar na blianta fada. Luann an P\u00e1pa<\/span><span style=\"font-size:14pt\"> c\u00faiseanna eile freisin, leis an gc\u00fal\u00fa c\u00e9anna sin a mh\u00edni\u00fa. D\u00e1r leis, n\u00edor ch\u00f3ir dearmad a dh\u00e9anamh ar na beala\u00ed a \u00fas\u00e1idtear le sagairt a roghn\u00fa, a thraen\u00e1il, agus a mh\u00fanl\u00fa, agus chomh maith le sin, n\u00edor ch\u00f3ir <\/span><span style=\"font-size:14pt\">dul thar f\u00f3ir leis an \u00f3m\u00f3s a thugtar don chl\u00e9ir, agus do dhaoine \u00fadar\u00e1sacha eile, n\u00f3 n\u00edor ch\u00f3ir aird r\u00f3-mh\u00f3r a dh\u00edri\u00fa ar \u00e1it na hEaglaise i measc an phobail, n\u00f3 ar bhaol scannail a thabhairt do na f\u00edr\u00e9in. Casadh roinnt de na daoine ar tugadh m\u00ed-\u00fas\u00e1id d\u00f3ibh air cheana, agus bheadh s\u00e9 toilteanach a leit<\/span><span style=\"font-size:14pt\">h\u00e9id a dh\u00e9anamh ar\u00eds. D\u2019\u00e9ist s\u00e9 lena sc\u00e9alta, thuig s\u00e9 ar fhulaing siad, agus ghuigh s\u00e9 leo, agus ar a son. Sa bhliain 2006, mhol s\u00e9 d\u2019Easpaig na h\u00c9ireann sc\u00e9al na m\u00ed-\u00fas\u00e1ide seo a fhiosr\u00fa, f\u00e9achaint c\u00e9ard ba ch\u00fais leis, agus beala\u00ed le cr\u00edoch a chur leis, a aimsi\u00fa, agus a mholadh, sa chaoi nach dtarl\u00f3dh a leith\u00e9id ar\u00eds, agus mhol s\u00e9 freisin, go roinnf\u00ed ceart agus cothrom leo si\u00fad ar deineadh \u00e9ag\u00f3ir d\u00e1 leith\u00e9id orthu.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Ina dhiaidh sin, labhrann s\u00e9, leo si\u00fad, ar deineadh m\u00ed-\u00fas\u00e1id orthu, le sagairt agus le pears<\/span><span style=\"font-size:14pt\">ain eaglasta a rinne an mh\u00ed-\u00fas\u00e1id ch\u00e9anna sin, le tuismitheoir\u00ed, le daoine \u00f3ga na t\u00edre, le hEaspaig agus le Pobal D\u00e9 na t\u00edre fr\u00ed ch\u00e9ile. <\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Comhairle don Aos \u00d3g<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Chuir s\u00e9 roimhe freisin, aos \u00f3g na t\u00edre seo a mhisni\u00fa, agus iarrann s\u00e9 orthu caradas a shnadhmadh le h\u00cdosa, agus gan ligint do pheaca\u00ed na dtreoraithe eaglasta \u00fad, iad a chur am\u00fa. D\u2019fh\u00e9adfadh siad a bheith cinnte nach dtr\u00e9igfeadh \u00cdosa go br\u00e1ch na breithe iad. Mar sin, coinn\u00edg\u00ed s\u00fail airsean, agus d\u00e9anaig\u00ed bladhaire an chreidimh a chaomhn\u00fa in bhur gcro\u00ed, a deir s\u00e9 leo. Beidh m\u00e9 ag s\u00fail go gcabhr\u00f3idh bhur nd\u00edograis le hat\u00f3g\u00e1il na hEaglaise Caitlic\u00ed in bhur dt\u00edr dh\u00fachais, amach anseo. Iompa\u00edonn s\u00e9 a aire freisi<\/span><span style=\"font-size:14pt\">n, ar shagairt agus ar dhaoine eaglasta na t\u00edre seo, a d\u2019fhan d\u00edlis d\u00e1 ngairm, agus b\u00edodh gur n\u00e1irigh peaca\u00ed <\/span><span style=\"font-size:14pt\">chuid d\u00e1 gcomhshagairt iad, agus b\u00edodh freisin, go leagann daoine \u00e1irithe an mille\u00e1n orthusan i bpeaca\u00ed a mbr\u00e1ithre, n\u00edor ch\u00f3ir go gcaillfeadh siad a misneach, n\u00f3 go gceapfadh siad, go bhfuil siad tr\u00e9igthe, agus ba mhaith leis fh\u00e9in a chur in i\u00fal d\u00f3ibh, go bhfuil meas aigeasan ar a n-iarrachta\u00ed, agus molann s\u00e9 d\u00f3ibh r\u00f3d na cr\u00e1ifeachta, agus an chreidimh, a lean\u00faint, agus a nd\u00edlseacht don Mh\u00e1istir, ag<\/span><span style=\"font-size:14pt\">us d\u00e1 n-eaglais a l\u00e9iri\u00fa do ch\u00e1ch, rud a chruth\u00f3idh a nd\u00f3chas i ngeall\u00faint\u00ed an tSoisc\u00e9il.<\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Comhairle do na hEaspaig<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">D\u00edr\u00edonn an P\u00e1pa an t\u00f3irse ansin, ar a chomhEaspaig, a bhr\u00e1ithre sa chreideamh, agus b\u00edodh go bhfeictear d\u00f3, gur theip ar roinnt \u00e1irithe d\u00edobh i ndualgais\u00ed a n-oifige, agus n\u00e1r lean siad dl\u00ed na hEaglaise fh\u00e9in, agus iad ag d\u00e9ile\u00e1il le l\u00edomhaint\u00ed, i gc\u00e1s na m\u00ed-\u00fas\u00e1ide a tugadh ar dhaoine \u00f3ga, ag an am gc\u00e9anna, tuigeann s\u00e9 chomh casta, crosta, is at\u00e1 c\u00faiseanna d\u00e1 leith\u00e9id, ach sin r\u00e1ite, tuigtear d\u00f3, gur deineadh dearmaid, ar ch\u00fais iad don \u00edsli\u00fa c\u00e9ime a d\u2019fhulaing an Eaglais i measc daoine, i dt\u00edr na h\u00c9ireann,<\/span><span style=\"font-size:14pt\"> agus d\u00e1 bharr sin, tuigtear d\u00f3, go gcaithfear f\u00e9achaint chuige go leagfar amach rialacha ciallmhara, c\u00f3ra, \u00e9ifeachtacha, le d\u00e9ile\u00e1il le m\u00ed-\u00fas\u00e1id d\u00e1 leith\u00e9id sa todhcha\u00ed. Ba ch\u00f3ir do na heaspaig dea-shampla a thabhairt d\u00e1 sagairt, \u00e9isteacht leo, agus iad a mhisni\u00fa agus a spreagadh, i r\u00e9 dhorcha seo a n-\u00e9ad\u00f3chais, agus ba ch\u00f3ir freisin, tine an chreidimh a adhaint athuair ina gcro\u00ed. Ina chomhairle do Phobal D\u00e9 in \u00c9irinn, molann a Naofacht d\u00f3ibh aird faoi leith a thabhairt ar mh\u00faineadh an aosa \u00f3ig, tr\u00ed <\/span><span style=\"font-size:14pt\">dheis <\/span><span style=\"font-size:14pt\">a thabhairt d\u00f3ibh tarraingt as tobar an chreidimh. agus as foins\u00ed eile a n-oidhreachta. Cinnte, caithfear d\u00e9ile\u00e1il le coireanna an lae inn\u00e9, agus ceart agus c\u00f3ir a chur i r\u00e9im ar\u00eds sna c\u00farsa\u00ed sin, ach n\u00ed leor sin, dar leis, n\u00f3 caithfear f\u00eds nua, bunaithe ar cheachtanna agus ar phrionsabail an tSoisc\u00e9il, a fhionnadh, agus a leagaint os comhair phobal D\u00e9, f\u00eds a fheidhmeoidh mar th\u00f3irse, le sinn, agus leis na gl\u00fanta a thiocfaidh in\u00e1r ndiaidh, a mhealladh fan r\u00f3d na f\u00edrinne, r\u00f3d a threoroidh sinn go D\u00fan daingea<\/span><span style=\"font-size:14pt\">n an Tiarna, ag deireadh \u00e1r  n-oilithreachta.<\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Dl\u00fathph\u00e1irt\u00edocht<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Ins\u00edonn s\u00e9 d\u00fainn ansin, go dtuigtear d\u00f3, chomh dian is at\u00e1 na c\u00farsa\u00ed seo uilig ar Phobal D\u00e9 na t\u00edre seo, agus d\u00e1 bharr sin, teasta\u00edonn uaidh, a dhl\u00fathph\u00e1irt\u00edocht linn a chur in i\u00fal d\u00fainn, agus is d\u00e1 bharr sin a sheol s\u00e9 an Tr\u00e9adlitir seo chugainn, le sinn a mhisni\u00fa, agus a spreagadh, agus le moladh d\u00fainn inspioraid a tharraingt as tobar \u00e1r n-oidhreachta, sa chaoi go leanfaimis b\u00f3thar na d\u00edlseachta, agus na cr\u00e1ifeachta, sna laethe at\u00e1 romhainn amach. Agus le sin a chinnti\u00fa, ba mhaith leis roinnt \u00e1irithe cle<\/span><span style=\"font-size:14pt\">achta\u00ed a mholadh d\u00fainn, leis an gcreideamh a neart\u00fa feasta in\u00e1r gcro\u00ed.  Iarrann s\u00e9 ar fh\u00edr\u00e9in na t\u00edre seo, cib\u00e9 aithr\u00ed a dh\u00e9anann siad chuile Aoine, \u00f3 Ch\u00e1isc na bliana seo, go C\u00e1isc na bliana seo chugainn, a thiomn\u00fa do Dhia, ag s\u00fail go mbronnfadh s\u00e9 a thr\u00f3caire agus gr\u00e1sta an Spioraid Naoimh anuas go fial ar an Eaglais Chaitliceach sa t\u00edr seo. Iarrann s\u00e9 orainn freisin, paidreacha, troscadh, l\u00e9amh na Scriopt\u00far, agus dea-oibreacha na tr\u00f3caire, a dh\u00e9anamh, agus a ofr\u00e1il do Dhia, le gr\u00e1sta an tsl\u00e1naithe <\/span><span style=\"font-size:14pt\">agus a<\/span><span style=\"font-size:14pt\">thnuachan na hEaglaise Caitlic\u00ed abhus, a iarraidh air. Molann s\u00e9 do na f\u00edr\u00e9in freisin, aird faoi leith a dh\u00edri\u00fa feasta ar Shacraimint na hAithr\u00ed agus ar adhradh na NaomhShacraiminte, agus go nd\u00e9anfa\u00ed a leith\u00e9id i ngach deoise, i ngach mainistir, agus i ngach cliarscoil, \u00f3 cheann ceann na t\u00edre seo.<\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Cuairteanna Aspalda<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Lena chois sin uilig, t\u00e1 socruithe d\u00e9<\/span><span style=\"font-size:14pt\">anta aige, cuairt Aspalda a thabhairt ar dheois\u00ed \u00e1irithe, ar mhainistreacha, ar chomhthion\u00f3il eaglasta, agus ar chliarscoileanna. D\u00e9anfar na socruithe chuige sin, ar ball, agus agus f\u00f3gr\u00f3far na socruithe sin, amach anseo. Molann s\u00e9 freisin, go n-eagr\u00f3fa\u00ed Misean, d\u2019easpaig, do shagairt, agus d\u2019oird rialta, agus go roghn\u00f3fa\u00ed seanm\u00f3irithe oilte agus lucht sti\u00fartha ch\u00farsai spiorad\u00e1lta, le dul i mbun na hoibre sin, agus go nd\u00e9anfaid\u00eds dualgais a ngairme agus a n-oifige a scr\u00fad\u00fa, sa tsl\u00ed go dtiocfaid\u00eds ar\u00eds ar fr<\/span><span style=\"font-size:14pt\">\u00e9amhacha a gcreidimh in \u00cdosa Cr\u00edost, agus go n-\u00f3lfaid\u00eds a s\u00e1ith as f\u00edorthobar an uisce spiorad\u00e1lta a chuireann a nEaglais ar f\u00e1il d\u00f3ibh.<\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">D\u00edoltas n\u00f3 Maithi\u00fanas?<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Cuireann s\u00e9 cr\u00edoch lena Thr\u00e9adlitir le paidir speisialta, a chum s\u00e9 fh\u00e9in don Eaglais in \u00c9irinn, agus chuir s\u00e9 an t\u00edr, agus an Eaglais, faoi choimirce na Maighdine Muire, agus mar chomhartha d\u00e1 ch\u00faram athartha, d\u00e1 chomhchr\u00edostaithe abhus, bronnann s\u00e9 a Bheannacht Aspaldha orainn uilig, mar chomhartha nirt agus s\u00edoch\u00e1na sa Tiarna.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Leis an bp\u00edosa seo a thabhairt chun cr\u00edche, ba ch\u00f3ir a lua ar\u00eds, go bhfuil dualgas orainn uilig, mar eaglais, f\u00e9achaint chuige, go nd\u00e9anfar leorghn\u00edomh leo si\u00fad a gorta\u00edodh i r\u00e9 \u00fad na m\u00ed-\u00fas\u00e1ide, agus go bhf\u00e9achfar chuige, nach dtarl\u00f3idh a leith\u00e9id ar\u00eds in\u00e1r measc, ach caithfear a thuiscint, nach mbeidh deireadh go deo leis an r\u00e9 uaf\u00e1sach, c\u00e9asta, achrannach seo, go dt\u00ed go gceangl\u00f3far s\u00edoch\u00e1in idir bhaill \u00e9ags\u00fala na hEaglaise Caitlic\u00ed in \u00c9irinn, eatarthu si\u00fad a gorta\u00edodh agus an chuid eile de Phobal D\u00e9, sa <\/span><span style=\"font-size:14pt\">chaoi go dtuigf\u00ed, i ndeireadh na d\u00e1la, nach  d\u00edoltas at\u00e1 ag teast\u00e1il ach maithi\u00fanas, agus n\u00ed chneas\u00f3idh \u00e1r gcr\u00e9achta go dt\u00ed go dtarl\u00f3idh sin.  N\u00e1ra fada uainn an l\u00e1 sin.     <\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">&nbsp;&nbsp;<\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Tr\u00e9adlitir an Ph\u00e1pa Peadar Bair\u00e9ad&nbsp;&nbsp; Agus mise ag f\u00e1s suas, in Iorras na nIontas, in \u00f3ige na haoise seo caite, bh\u00ed saoirse bainte amach ag \u00c9ireannaigh \u00f3 dheas, agus ag an am gc\u00e9anna, creideadh go forleathan, go mba chine tofa iad na Gaeil, cine a d\u2019fhan d\u00edlis d\u00e1 gcine, d\u00e1 gcreideamh, agus d\u00e1 nDia, tr\u00ed [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-13395","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13395","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=13395"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13395\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":13396,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13395\/revisions\/13396"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=13395"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=13395"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=13395"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}