{"id":13409,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=13409"},"modified":"2024-04-08T01:25:17","modified_gmt":"2024-04-08T01:25:17","slug":"uair-na-cinniuna","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/uair-na-cinniuna\/","title":{"rendered":"Uair na Cinni\u00fana"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:20pt\">U a i r   n a   C i n n i \u00fa n a <\/span><\/strong><\/p><h1 style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:14pt\"><strong>Peadar Bair\u00e9ad<\/strong><\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Dheamhan dabht ar domhan ach go bhfuil muid tagtha anois, i dt\u00edr seo na h\u00c9ireann, chuig tr\u00e1th na cinni\u00fana. Dh\u00e1 bhealach ar aghaidh at\u00e1 romhainn amach anois, ceann ar dheis, agus an ceann eile d\u00edreach ar aghaidh. M\u00e1 leanann muid an r\u00f3d at\u00e1 romhainn amach anois, ionann sin is a r\u00e1, go bhfuil muid s\u00e1sta leis an gcine\u00e1l Poblachta at\u00e1 i r\u00e9im anseo faoi l\u00e1thair, agus m\u00e1 iompa\u00edonn muid ar dheis, ionann sin is a r\u00e1 nach bhfuil muid s\u00e1sta leis an treo a bhfuil muid ag gluaiseacht faoi l\u00e1thair, agus go dteasta\u00edonn uainn bealach nua a roghn\u00fa d\u00fainn fh\u00e9in, b\u00f3thar a mheallfaidh muid ar bhealach \u00e1r leasa, sna blianta at\u00e1 romhainn amach.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">Athr\u00fa saolta?<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">An \u00e9 nach bhfuil muid s\u00e1sta leis an gcine\u00e1l \u00c9ireann at\u00e1 i r\u00e9im in \u00e1r measc anseo, faoi l\u00e1thair?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Is f\u00e9idir leat a bheith cinnte nach bhfuil, n\u00f3 leath-sh\u00e1sta fh\u00e9in, fi\u00fa.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Agus c\u00e9ard t\u00e1 cearr leis an bPoblacht s\u2019againne, faoi mar at\u00e1 s\u00ed, i l\u00e1thair na huaire seo?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Breathnaigh timpeall ort, in ainm an \u00c1idh, agus feicfidh t\u00fa fh\u00e9in c\u00e9ard t\u00e1 cearr lei. Ar an gc\u00e9ad dul s\u00edos, t\u00e1 an daonnacht caillte ag roinnt \u00e1irithe d\u00e1r muintir faoi l\u00e1thair, n\u00f3 n\u00ed fi\u00fa an deich triuf, d\u00e1r leosan, beatha an duine daonna feasta. Is f\u00e9idir leat cos i bpoll a chur le duine ar bith, agus n\u00ed bheidh le d\u00e9anamh agat ach thart ar ch\u00faig mh\u00edle Euro a dh\u00edol le gunnad\u00f3ir eic\u00ednt, agus d\u00e9anfaidh seisean an beart duit, agus n\u00ed bheidh ortsa fi\u00fa do l\u00e1mha a shal\u00fa leis an ngn\u00edomh. <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">Meas  a\u2019 Mhadaidh!<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sa dara h\u00e1it, n\u00edl meas a\u2019 mhadaidh ag daoine \u00e1irithe ar dhl\u00edthe na t\u00edre, dl\u00edthe a reachta\u00edoch le saol sibhialta, comharsan\u00fail, daonna, a chur in \u00e1irthe d\u00e1r muintir feasta. Sea, mh\u2019anam, t\u00e1 roinnt bheag daoine amuigh ansin, faoi l\u00e1thair, agus chuirfid\u00eds scian, go feirc, tr\u00ed l\u00e1r do chro\u00ed, ar mhaithe le cupla Euro a fh\u00e1il d\u00f3ibh fh\u00e9in. M\u00e1 t\u00e1 an neart agat, bhuel, ansin, t\u00e1 an ceart agat. T\u00e1 dearmad ioml\u00e1n d\u00e9anta acusan de na prionsabail a bh\u00edodh i bhfeidhm fad\u00f3. C\u00e9 labhra\u00edonn anois faoi Chothrom na F\u00e9inne? N\u00f3 faoi \u201ctroid le tr\u00e9an agus taise le trua\u201d. Nach bhfeictear an dearcadh sin \u00e1 chur i bhfeidhm ar shr\u00e1ideanna \u00e1r gcathracha, agus \u00e1r mbailte, chuile l\u00e1 anois, geall leis. T\u00e1 deireadh feasta le fear\u00falacht, agus le f\u00e9ar\u00e1ilteacht, i gc\u00farsa\u00ed troda. Bain \u00fas\u00e1id as an mbuille fill anois, m\u00e1 fhaigheann t\u00fa an deis chuige, sea, agus n\u00e1 cuireadh s\u00e9 as duit, a bheag n\u00f3 a mh\u00f3r, an chloch a bheith sa mhainchille agat. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00edl le d\u00e9anamh agat ach breathn\u00fa ar na nuacht\u00e1in l\u00e1 ar bith anois, agus feicfidh t\u00fa an chaoi a chaitear le cr\u00e9at\u00fair bhochta nach mb\u00edonn ar a gcumas iad fh\u00e9in a chosaint, agus iad ag iarraidh a mbealach a dh\u00e9anamh abhaile san o\u00edche. sea, agus breathnaigh freisin ar an m\u00e9id seandaoine a gcaitear go dona leo, ar mhaithe le cupla Euro a bhaint d\u00edobh!<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">Uair na Cinni\u00fana<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">D\u2019fh\u00e9adfainn lean\u00faint ar aghaidh ag tochrais ar an gceirtl\u00edn sin go dtiocfadh na ba abhaile, agus n\u00ed bheadh an sc\u00e9al ar fad r\u00edofa agam, ach, nach leor a bhfuil r\u00e1ite agam, le tuairim a thabhairt ar a bhfuil ag tarl\u00fa ar \u00e1r sr\u00e1ideanna, faoi l\u00e1thair, agus n\u00ed h\u00e9 sin an chuid is measa ar fad den sc\u00e9al seo, n\u00ed h\u00e9 muis! Is \u00e9 an chuid is measa ar fad de, n\u00f3 nach bhfuiltear ag d\u00e9anamh m\u00f3r\u00e1n iarrachta le cr\u00edoch a chur leis na c\u00e9apair seo uilig.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Agus an gcreideann t\u00fa, i nd\u00e1ir\u00edre, gur f\u00e9idir cr\u00edoch a chur leis an m\u00ed-iompar seo uilig?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, cuirfidh m\u00e9 mar seo \u00e9, murar f\u00e9idir linn cr\u00edoch a chur leis, ansin bheadh s\u00e9 chomh maith d\u00fainn dul ag feada\u00edl, n\u00f3 is gearr go mbeidh an t\u00edr ar fad faoina smacht ag na bu\u00edonta coirpeach seo, agus ansin beidh ar a gcumas rud ar bith is mian leo a dh\u00e9anamh, beidh siad in ann a gcuid druga\u00ed a dh\u00edol i l\u00e1r an aonaigh, beidh siad in ann rob\u00e1il agus mug\u00e1il a dh\u00e9anamh, tr\u00e1th ar bith is mian leo, agus n\u00ed bheidh ar chumas \u00e9inne cur ina gcoinne, n\u00f3 beidh f\u00f3rsa\u00ed an st\u00e1it curtha faoi smacht acu, tr\u00ed l\u00e1imh l\u00e1idir, tr\u00ed bhulla\u00edocht, tr\u00ed imeagl\u00fa, agus tr\u00ed chaimil\u00e9ireacht de chuile chine\u00e1l.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">Daonlathas<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Smaoinigh anois, nach bhfuil sna bu\u00edonta seo uilig ach uimhir an-bheag d\u00e1r ndaonra, agus nach \u00e9 an feall \u00e9, go mbreathna\u00edonn siad orthu fh\u00e9in faoi mar ba st\u00e1t iontu fh\u00e9in iad, st\u00e1t a reachta\u00edonn agus a chuireann a dhl\u00edthe fh\u00e9in i bhfeidhm, beag beann ar fh\u00f3rsa\u00ed sl\u00e1nd\u00e1la an St\u00e1it Daonlathaigh s\u2019againne. Sea, t\u00e1 uair na cinni\u00fana buailte linn, nuair a chaithfidh an St\u00e1t a chur ar a s\u00faile d\u00f3ibh si\u00fad, nach bhfuil aitheantas ar bith tugtha ag pobail na t\u00edre seo d\u00f3ibh, agus go gcaithfidh siad glacadh le flaitheas agus forl\u00e1mhas Rialtais cheannasaigh, thofa, na t\u00edre seo, faoi mar a dh\u00e9anann chuile shaor\u00e1nach eile&#8230;&#8230;. <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>U a i r n a C i n n i \u00fa n a Peadar Bair\u00e9ad . Dheamhan dabht ar domhan ach go bhfuil muid tagtha anois, i dt\u00edr seo na h\u00c9ireann, chuig tr\u00e1th na cinni\u00fana. Dh\u00e1 bhealach ar aghaidh at\u00e1 romhainn amach anois, ceann ar dheis, agus an ceann eile d\u00edreach ar aghaidh. M\u00e1 [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-13409","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13409","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=13409"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13409\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":13410,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13409\/revisions\/13410"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=13409"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=13409"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=13409"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}