{"id":13423,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=13423"},"modified":"2024-04-08T01:07:03","modified_gmt":"2024-04-08T01:07:03","slug":"urscealai-den-scoth","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/urscealai-den-scoth\/","title":{"rendered":"\u00darsc\u00e9ala\u00ed den scoth"},"content":{"rendered":"<h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:24pt\">Ursc\u00e9ala\u00ed den scoth<\/span><\/h1><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:20pt\">The Associate..<\/span><span style=\"font-size:16pt\">&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;..c\u00e9adchl\u00f3&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;..2009<\/span><\/strong><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">le<\/span><\/strong><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">John Grisham<\/span><span style=\"font-size:16pt\">&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;..\u00a318.99<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Seo an t-aon\u00fa \u00farsc\u00e9al fichead \u00f3 pheann l\u00edofa an \u00fadair ild\u00e1naigh Mheirice\u00e1naigh seo, agus t\u00e1\u2019s ag madra\u00ed an bhaile fh\u00e9in, nach scr\u00edobhann an t-\u00fadar seo ach leabhair mh\u00f3r-r\u00e1chairte, leabhair a bhaineann cl\u00fa agus c\u00e1il domhanda amach d\u00e1 n-\u00fadar, \u00f3 cheann ceann na cruinne, n\u00f3 nach mb\u00edonn blas na taighde, agus boladh na scile, ar chuile leabhar a leagann s\u00e9 os \u00e1r gcomhair amach. N\u00ed g\u00e1 dhom a r\u00e1, nach \u00e9 seo an ch\u00e9ad ph\u00edosa a scr\u00edobh m\u00e9 faoi leabhair an \u00fadair seo, n\u00f3 d\u00e9anta na f\u00edrinne, scr\u00edobh m\u00e9 p\u00edosa faoi chuile cheann acu, n\u00f3 caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il, gur chuir m\u00e9 suim, agus dh\u00e1 shuim, san \u00fadar seo, \u00f3 thosaigh s\u00e9 ag scr\u00edobh. \u00dadar \u00e9, John Grisham, a bhfuil bun\u00fas a chuid leabhar bunaithe ar an dl\u00ed, agus n\u00ed taise don leabhar seo \u00e9. Rinne s\u00e9 cupla iarracht ar \u00e1bhair eile a tharraingt chuige fh\u00e9in, i leabhair cos\u00fail le, <strong>Playing for Pizza<\/strong>; <strong>A Painted House<\/strong>; <strong>Skipping Christmas<\/strong>; agus <strong>Bleachers<\/strong>; agus b\u00edodh go bhfuil na leabhair ch\u00e9anna sin sp\u00e9isi\u00fail go maith, ag an am gc\u00e9anna, n\u00edl an teannas, n\u00f3 an d\u00fathracht, n\u00f3 fi\u00fa an d\u00e1ir\u00edreacht ch\u00e9anna, ag baint leosan, is a bhaineann leis an gcuid eile d\u00e1 shaothar. N\u00ed g\u00e1 dhom na leabhair eile a lua anseo, n\u00f3 nach cuimhin le chuile dhuine agaibh, <strong>The Firm<\/strong>; <strong>The Pelican Brief<\/strong>; <strong>The Appeal<\/strong>; agus na cinn eile, ar liosta le h\u00e1ireamh iad uilig a lua anseo.                <\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Leabhar l\u00e1n teannais<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Ach nach bhfuil s\u00e9 thar am agam, tagairt a dh\u00e9anamh don leabhar at\u00e1 idir cham\u00e1in againn anseo, <strong>\u201cThe Associate\u201d<\/strong>, an leabhar is d\u00e9ana\u00ed \u00f3 pheann an Grishamaigh.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Tosa\u00edonn an sc\u00e9al seo le pr\u00edomhcharachtar an leabhair, le hOili\u00fan\u00f3ir Pheil Chise ar an taobhl\u00edne, ag breathn\u00fa ar a fhoireann ag imirt go holc, agus an bua in \u00e1irithe, cheana f\u00e9in, ag a gc\u00e9il\u00ed imeartha. Seo Kyle McAvoy, a bhfuil dh\u00e1 bhliain caite anois aige i mbun an ghn\u00f3 seo, agus i nd\u00e1ir\u00edre, n\u00ed go r\u00f3-mhaith a d\u2019\u00e9irigh leis diallait a bhualadh ar scileanna an Oili\u00fan\u00f3ra, agus anois, t\u00e1 socraithe aige \u00e9ir\u00ed as an gceird seo agus a aire ioml\u00e1n a dh\u00edri\u00fa ar an gC\u00farsa Dl\u00ed at\u00e1 idir cham\u00e1in aige i Scoil Dl\u00ed Yale, mar a bhfuil s\u00e9 ina eagarth\u00f3ir ar Iris ghradamach Dl\u00ed na Scoile sin. D\u2019fhan s\u00e9 go dt\u00ed gur cuireadh cr\u00edoch oifigi\u00fail leis an gcluiche, agus ansin, tar \u00e9is d\u00f3 comhghairdeas a dh\u00e9anamh le hOili\u00fan\u00f3ir na Foirne eile, agus lena imreoir\u00ed fh\u00e9in, d\u2019\u00e9irigh leis \u00e9al\u00f3 amach as an gC\u00fairt Imeartha tr\u00ed ch\u00falbhealach, ach m\u00e1 dhein fh\u00e9in, nuair a shroich s\u00e9 a charr, bh\u00ed ansin roimhe, fear a raibh cuma lorgaire air. <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">Bonn an Lorgaire<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Bhain an t-\u00e9 sin bonn as a ph\u00f3ca. Theasp\u00e1in do Kyle \u00e9, agus b\u2019fhollas uaidh sin, go mba dhuine den FBI \u00e9, n\u00f3 ba \u00e9 ad\u00fairt an bonn n\u00f3, \u201cBob Plant, FBI.\u201d Ba ghearr an mhoill go raibh leathbh\u00e1d\u00f3ir an Lorgaire seo ar an bhf\u00f3d, agus Nelson Ginyard ab ainm d\u00f3san, n\u00f3 b\u2019in a bh\u00ed scr\u00edofa ar a bhonn seisean. Sin mar a chuirtear t\u00fas leis an sc\u00e9al seo. Agus n\u00ed call dom a r\u00e1, go nd\u00fais\u00edonn an t\u00fas sin giorria na fiosrachta ionainn. Agus ar baill\u00edn beag, feictear d\u00fainn, go bhfuil ar chumas an Oifigigh seo cupbard a \u00f3ige a oscailt do Kyle bocht. Ba \u00e9 an sc\u00e9al a bh\u00ed le hinsint ag an Oifigeach seo n\u00f3 go raibh sc\u00e9al le pl\u00e9 acu le Kyle, sc\u00e9al faoi eachtra a tharla, blianta roimhe sin, nuair a bh\u00ed Kyle agus a chairde ag freastal ar Ollscoil Duquesne. F\u00e9ach mar a chuir Ginyard \u00e9&#8230;<\/p><h2 style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">                  \u201cDuquesne University. Five years ago. Drunk frat boys and a<\/h2><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">                  Girl.\u201d     <\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">D\u00fairt Kyle leo go raibh na p\u00f3il\u00edn\u00ed s\u00e1sta, ag an am, nach raibh aon fhianaise acu leis an dl\u00ed a chur ar Kyle, n\u00f3 ar a chairde, agus d\u00e1 bhr\u00ed sin, n\u00ed dheachthas chun tosaigh leis an gc\u00fais ina gcoinne.<\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Cat sa mh\u00e1la!<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">B\u2019fh\u00e9idir \u00e9, arsa na hOifigigh, ach t\u00e1 an fhianaise ar f\u00e1il anois i bhfoirm f\u00edst\u00e9ipe comhaimseartha, ach m\u00e1 sea fh\u00e9in, m\u00e1 thagann t\u00fa leis an sc\u00e9al seo a phl\u00e9 le hOifigeach eile, le Bennie Wright, beidh ar do chumas cos i bpoll a chur leis an gc\u00fais dl\u00ed seo, go deo.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Casadh ar a ch\u00e9ile iad uilig, an o\u00edche sin, agus tar \u00e9is do Kyle breathn\u00fa ar an bhf\u00edst\u00e9ip, tuigeadh d\u00f3, nach raibh an dara rogha aige ach d\u00e9anamh mar a d\u00faradh leis, s\u00e9 sin, dul isteach mar Chomhph\u00e1irt\u00ed, n\u00f3 mar Associate, le Comhlacht ollmh\u00f3r Dl\u00ed, le \u201cScully and Pershing\u201d, agus \u00f3 tharla go raibh an Comhlacht sin ag feidhmi\u00fa thar cheann Tionscl\u00f3ra ollmh\u00f3ir, bheadh ar chumas Kyle doicim\u00e9id leochaileacha a ghoid, agus a thabhairt do Bhennie agus a lucht lean\u00fana. Ghlac Kyle leis an dtairiscint sin, ach n\u00e1rbh \u00e9 <\/span><span style=\"font-size:14pt\">rogha an d\u00e1 dh\u00edogha aige \u00e9? \u00d3 tharla go mba \u00e9 Kyle an Mac L\u00e9inn Dl\u00ed ba chumasa\u00ed i Scoil Dl\u00ed Yale, ag an am, bh\u00ed s\u00e9 \u00e9asca go maith aige post a fh\u00e1il le \u201cScully and Pershing\u201d, agus uaidh sin amach, sa sc\u00e9al, caitheann s\u00e9 a dh\u00fathracht, agus a chuid ama, ag iarraidh fuascailt na faidhbe sin a fh\u00e1il. <\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Fadhb le scaoileadh<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Conas a d\u2019fh\u00e9adfadh s\u00e9 \u00e9al\u00f3 as an ngaiste ina raibh s\u00e9 i s\u00e1inn ag Bennie? Ach n\u00ed raibh s\u00e9 \u00e9asca an fhadhb ch\u00e9anna sin a scaoileadh, n\u00f3 ba ghlice \u00e9 Vinnie n\u00e1 m\u00e1la sionnach, agus chomh maith le sin, tuigeadh do Kyle, faoin am sin, nach raibh baint ar bith ag Vinnie, n\u00f3 ag a chairde, leis an FBI, n\u00f3 le haon arm oifigi\u00fail St\u00e1it eile, ach oiread, agus d\u00e1 bharr sin, tuigeadh d\u00f3, go raibh a spiair\u00ed iomad\u00fala timpeall air, chuile bhabhta, agus tuigeadh d\u00f3 freisin, go raibh gl\u00e9asanna \u00e9isteachta, agus gleasanna f\u00e9ach<\/span><span style=\"font-size:14pt\">ana, feistithe acu i dteach agus i gcarr Kyle, ach n\u00edor lig Kyle faic air, sa chaoi go mbeadh ar a chumas dallamull\u00f3g a chur ar Vinnie is a chairde.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Ar an gcn\u00e1mharlach sin a chrochann Grisham a sc\u00e9al, agus caitheann s\u00e9 a dh\u00fathracht ansin, ag iarraidh feoil a chur ar an gcn\u00e1mharlach c\u00e9anna sin.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Ar \u00e9irigh le Kyle an l\u00e1mh in uachtar a fh\u00e1il ar Vinnie, agus ar a chairde? n\u00f3 ar theip air sa bhfiontar sin. Cluiche b\u00e1is n\u00f3 beatha a bh\u00ed idir cham\u00e1in aige, agus ba mhaith a thuig s\u00e9 sin, nuair a rinneadh duine d\u00e1 chairde Ollscoile a dh\u00fanmhar\u00fa. <\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Faigh agus L\u00e9igh<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Ach, m\u00e1s sp\u00e9is leatsa freagra na gceisteanna sin a fh\u00e1il, t\u00e1 fait\u00edos orm, go gcaithfidh t\u00fa an leabhar seo a fh\u00e1il, is a l\u00e9amh, duit fh\u00e9in. N\u00edl le r\u00e1 agamsa faoin sc\u00e9al, ach go gceapaim nach mbeidh a chath\u00fa sin ort. N\u00ed raibh m\u00e9 fh\u00e9in ioml\u00e1n s\u00e1sta leis an gcaoi ar chr\u00edochnaigh an t-\u00fadar an sc\u00e9al seo, ach ag an am gc\u00e9anna, lu\u00edonn an cr\u00edoch le r\u00e9as\u00fan, agus n\u00ed th\u00e9ann s\u00e9 i gcoinne fianaise, n\u00f3 f\u00edrinn\u00ed, an sc\u00e9il.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">An-leabhar, an-l\u00e9amh, an-chur chuige. Is deacair an leabhar seo a chur uait, go dti go mbeidh an deoir deiridh den sc\u00e9al di\u00fagtha agat.                           <\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Ursc\u00e9ala\u00ed den scoth . . The Associate..&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;..c\u00e9adchl\u00f3&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;..2009 le John Grisham&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;..\u00a318.99 Seo an t-aon\u00fa \u00farsc\u00e9al fichead \u00f3 pheann l\u00edofa an \u00fadair ild\u00e1naigh Mheirice\u00e1naigh seo, agus t\u00e1\u2019s ag madra\u00ed an bhaile fh\u00e9in, nach scr\u00edobhann an t-\u00fadar seo ach leabhair mh\u00f3r-r\u00e1chairte, leabhair a bhaineann cl\u00fa agus c\u00e1il domhanda amach d\u00e1 n-\u00fadar, \u00f3 cheann ceann na cruinne, n\u00f3 nach [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-13423","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13423","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=13423"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13423\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":13424,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13423\/revisions\/13424"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=13423"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=13423"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=13423"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}