.

I mBéal an Phobail

Áilleacht an tSaoil seo 6

Peadar Bairéad

Pearse not discouraged

Níor chuir tada aon lagmhisneach ar an bPiarsach áfach, nó i 1905 – ’06, chuir sé an leabhar sin, “Iosagán agus Scéalta eile” ar fáil dá lucht léite. Ceithre scéal a bhí sa leabhrán céanna sin, Iosagán, Eoinín na nÉan, Bairbre, agus An Sagart. Cuireadh an leabhar sin ar an gClár don Intermediate Certificate, rud a thug ardán agus poiblíocht don údar óg. Anois, bíodh go raibh scil agus cruthaíocht ag baint lena chéad scéal, “Poll an Phíobaire”, agus nach raibh de locht ag daoine air ach a ainm! ní raibh ann ach an tús, nó níl dabht ar domhan, ach go bhfuil feabhas an-mhór tagtha ar a theicníocht, agus ar a chumas, sna scéalta in “Iosagán agus Scéalta eile”. Tóg an chéad scéal sa bhailiúchán sin, Iosagán, fhéin, agus feicfidh tú saothar dea-chumtha, dea-dheartha, snasta, agus bunaithe ar thraidisiún agus ar oidhreacht na Gaeltachta thiar, ag an am. Níl leadrán, nó tada dá leithéid ag baint leis, ach é ag scuabadh leis, trí eachtraí agus imeachtaí an scéil, gan mhoill, gan stadaíl, gan dul amú. Tá na carachtair inchreidte, beoga, agus cumasach, agus dúchasach, agus cosúil le cuid mhaith de scéalta an Phiarsaigh, baineann na scéalta leis an saol morólta, agus leis an saol spioradálta. Go bunúsach, séard atá sa scéal seo, nó seanfhear, Sean-Mhaitias, nár chleacht creideamh nó séipéal le tuilleadh is trí scór bliain, ach seanfhear a bhí lách, cineálta, go háirithe leis na daoine óga. Ní raibh duine na deoraí ina chónaí in éineacht leis, ach é ina chadhan aonraic i measc daoine. Conas a chaillfí a leithéid de dhuine? Nó conas a shábháilfí é? Ach i ndeireadh na dála, agus an bás ag bagairt air, chuir “Iosagán” an sagart chuige, ar ghlaoch ola, le deis a thabhairt don tseanfhear a anam a dhéanamh, agus é fhéin a ullmhú don turas a bhí roimhe amach. Ba chóir a lua anseo, gurbh iomaí dhuine a chuir aithne, a chéaduair, ar nua-litríocht na Gaeilge, tríd an scéal seo, Iosagán, a léamh. Minic freisin, a chuirtí sleachta den scéal seo de ghlan mheabhair, sleachta ar nós..

“Bhí na daoine ar fad bailithe leo chuig an Aifreann. Chonaic sean-Mhaiatias ag gabháil thairis iad, ina nduine ‘s ina nduine nó ina mion-dreamanna. Bhí na gearr-bhodaigh ag rith ‘s ag léimneach. Bhí na cailíní ag sioscadh cainte go meidhreach. Bhí na mná ag comhrá os íseal. Bhí na fir ina dtost. Mar sin a thriallaidís an bóthar gach Domhnach. Mar sin a shuíodh sean-Mhaitias ar a chathaoir ag breathnú orthu nó go dtéidís as amharc.”

Nach deas meáite, ceolmhar, rithimeach, an píosa scríbhneoireachta é sin. Tá le feiceáil againn, go bhfuil bearradh déanta aige ar an bpíosa próis sin, nó bheadh sé deacair focal amháin eile a fhágáil ar lár, gan an píosa ar fad a mhilleadh.

Breathnaigh ar an bpíosa seo, freisin.

“Is iomaí sin fuaim cheolmhar a bhí le cloisteáil, an té a mbeadh aird aige orthu. Chuala sean-Mhaitias olagón na dtonn ar na carraigreacha agus monabhar an tsruithleáin ag sileadh leis an gclochar. Chuala sé scréach na coirre éisc ón duirling, géimneach na mbó ó’n mbuaile, agus geal-gháire na bpáistí ó’n bhfaiche. Ach ní le ceachtar acu seo a bhí sé ag éisteacht chomh haireach sin – cé go mba bhinn leis iad go léir – ach le glór glé glinn cloig an Aifrinn a bhí ag teacht chuige le gaoith i gciúineadas na maidne.”

Píosa dea-scríofa, taitneamhach, ceolmhar, ó pheann an ghearrscéalaí ildánaigh seo, arís againn anseo. Breathnaigh an ceol a bhaineann sé as……..

glór glé glinn cloig an Aifrinn a bhí ag teacht chuige le gaoith i gciúineadas na maidne.

Cuir ceol le sin agus d’fhéadfá é a chanadh!

Is beag nach bhféadfá glór an chlog á bhualadh a chloisteáil agus tú ag éisteacht leis na focail sin. Don chluas a cumadh a leithéid d’abairt, agus ní don tsúil, agus sa mhéid sin arís, is dócha gur ar sheanchaithe Chonamara a bhí an Piarsach ag smaoineamh agus na focail sin á ngaibhniú aige.

Mar chríoch leis an bpíosa seo faoi’n scéal sin, Iosagán, breathnaigh mar a chruthaíonn an Piarsach atmosféar difriúil, agus é ag teacht go deireadh a scéil…

Tháinig an oíche fliuch stoirmiúil. Cluineadh na tonntracha móra ag briseach le fuamán i n-aghaidh an chladaigh. Bhí na crainn thart timpeall ar theach an phobail ag luascadh is ag lúbadh le neart na gaoithe (tá an séipéal ar ardán atá ag titim le fána síos go farraige.) Bhí an tAthair Seán ar tí a leabhar a dhúnadh agus a phaidrín a rá nuair a chuala sé torann mar a bheadh duine ag bualadh an dorais.”

Sin an chaoi a ullmhaíonn an t-údar an léitheoir le hidirghabháil ón saol eile. Is dócha go raibh an scéal, agus atmosféar an scéil seo, níos cóngaraí do dhearcadh na ndaoine i dtús na haoise seo caite, ná mar a bheadh siad do spiorad na haoise s’againne. Ach caithfidh mé a admháil, go mbainimse fhéin an-taitneamh as an sceilín sin, fiú sa lá atá inniu fhéin ann.

Nach deas an scéal é “An Sagart” freisin? go háirithe do dhaoine óga, sílim go mbaineadh siad an-spraoi agus an-spórt as, sna seanlaethe, ach arís, is dócha go bhfuil óige an lae inniu ró-shofaisticiúil, le spraoi ar bith a bhaint as scéal chomh simplí leis!

Ní gá a rá, gurb an-scéal é “Eoinín na nÉan, scéal a bhainfeadh óg agus aosta taitneamh as. Gasúr ann fhéin is ea Eoinín, gasúr a bhfuil an eitinn ag gabháil dó, b’fhéidir, agus gasúr a shíleann go mbíonn na fáinleoga ag caint leis. Sílim gur chreid a mháthair sin, ach nuair a d’inis sise a scéal don Sagart, tuigeadh dósan, nach raibh i gceist ach rámhaillí an tinnis, agus chuir sé roinnt ceisteanna ar an ngasúr, ach má chuir fhéin, léirigh Eoinín ina fhreagraí go raibh eolas agus tuiscint ar scéal na bhfáinleog aige, nach bhféadfadh sé a fháil ar bhealach ar bith eile ach ó na fáinleoga! Tuigeadh dó freisin, go raibh Eoinín bocht i mbéal an bháis, rud nár tuigeadh don mháthair bhocht. Ar deireadh, tháinig an tráth úd den bhliain, nuair ba chóir do na fáinleoga bheith ag scuabah leo go dtí an Domhan Theas, agus d’fhiafraigh Eoinín dá mháthair an mbeadh uaigneas uirthi, dá n-imeodh seisean in éineacht leo? Mar chríoch leis an scéal seo, faigheann Eoinín bocht bás, tráth raibh na fáinleoga ag fágáil slán ag an tír seo, agus iad ag ardú a seolta, ar a mbealach leo go dtí an Domhan Theas. Féach mar a chuireann an t-údar é..

“Lig sé a cheann siar ar ghualainn a mháthar agus chuir sé osna as. Cluineadh gol mná ins an áit uaignigh úd – gol máthar ag caoineadh a páiste. – Bhí Eoinín imithe i bhfochair na bhfáinleog.”

Táid ann freisin, a dtaitníonn an scéal eile sin, “Bairbre” leo, ach cé gur scéal taitneamhach é, ní déarfainn gurbh é mo rogha fhéin é, ach ina lá fhéin, is dócha go mbainfí ard-taitneamh as.

Is cuimhin liom fós an leabhrán beag sin, “Íosagán agus Scéalta eile”. Ní raibh sé chomh mór leis na leabhair eile a bhíodh im mhála scoile agam, ach thaitin a chlúdach bog, bándearg, liom, clúdach a raibh pictiúr d’Íosagán air, é gléasta i ngúna, cosúil le léine oíche, é cosnochtaithe, ceannnochtaithe, agus loinnir na glóire ag soilsiú as.

Ná ceap anois nár scríobh an Piarsach aon ghearrscéal eile, nó scríobh. Scríobh sé mám maith de scealta eile, scéalta ar nós :- An Gadaí, An Bhean Chaointe, An Dearg-Daol, Bríd na nAmhrán, An Mháthair, agus Na Bóithre. Gearrscéalta taitneamhacha, suimiúla, dea-chumtha, isea chuile cheann acu sin, ach níl an t-am agam anseo, cur síos a dhéanamh orthusan, ach níl sé deacair teacht orthu i leabharlann ar bith, déarfainn. Caithfidh mé a admháil, go mbainim fhéin an-taitneamh fós as scéalta cosúil le “An Gadaí.” Scéal ina bhfuil an Piarsach arís ag iarraidh ceisteanna morálta a scrúdú agus a scaoileadh.

B’fhéidir go bhféadfá a rá, nach scríobhfadh an Piarsach gearrscéal ar bith riamh, dá n-éireodh leis scríbhneoirí eile a spreagadh chun pinn, ach nuair a theip air sin a dhéanamh, chuaigh sé i mbun na hoibre sin é fhéin, agus déarfainn gur saibhride ár litríocht cinneadh úd an Phiarsaigh. Cuir san áireamh freisin, nach raibh sách ama aige le barr feabhais a chur ar a scileanna scríbhneoireachta, nó bhí an iomarca le déanamh aige, agus gan a sháith ama fágtha aige, le barr feabhais a chur ar a chumas mar ghearrscéalaí. Caithfear glacadh leis, go mba é fhéin agus SeanPhádraic Ó Conaire na ceannródaithe i bhforbairt an ghearrscéil i nua-litríocht na Gaeilge, agus ní beag ná suarach an teist é sin ar an dá Phádraic s’againne.

leabhrán, booklet; leadrán, slowness; ní raibh duine ná deoraí ann, there wasn’t a soul or sinner there; ina chadhan aonraic, all on his own; fuamán, noise; ón mbuaile, from the small grazing field; idirghabháil, intervention; eitinn, tuberculosis; rámhaillí, raving; an iomarca, too much.

.

.

.

.

.

.

.

en_USEnglish