a fhorbairt, to develop; Fealltóireacht, betrayal; scarúnaí, separatist; doshrianta, uncontrollable; féinsmacht, self-control; Aibhistín Naofa, Saint Augustine; do fríth liom, that I found; ionmhas, riches; claonadh folaigh, a hidden tendency

  .

I m B é a l a n P h o b a i l

Áilleacht an tSaoil Seo 8

Peadar Bairéad

Pearse the Poet

Ní hamháin gur thug an Piarsach faoi ghearrscéalaíocht na Gaeilge a fhorbairt, agus a oiriúniú don aois inar mhair sé, ach thug sé faoin bhfilíocht freisin, agus é d’aidhm aige, iad a bhunú ar chaint na ndaoine, in áit iad a bhunú ar Ghaeilge chlasaiceach an Chéitinnigh. Tugtar faoi deara, go bhfuil an-chuid dá dhánta bunaithe ar bhás, ar aois, ar uaigheanna, ar ghiorra an tsaoil seo, agus ar fhealltóireacht. Breathnaigh ar “Mise Éire”, mar shampla, áit a gcaoineann sé an chaoi ar dhíol Éireannaigh a dtír fhéin.

“Mór mo náir,

Mo chlann féin do dhíol a máthar”.

Mac Donncha

Féach mar a labhair Tomás Mac Donncha, fear nár thaobhaigh leis an nGaeilge é fhéin, ach fear a thuig cúrsaí litríochta, féach mar a labhair sé faoi dhánta an Phiarsaigh, “Suantraí agus Goltraí”, ina leabhar “Literature in Ireland”……

“I think them good poetry, and true poetry. The note of the book is sadness, but in the most solemn poems there is exultation too.

The production of this book is already a success for the new literature.”

Ba scarúnaí é an Piarsach, ach cén tairbhe a bheadh sa scarúint ón mBreatain, mura mbeadh cultúr dár gcuid fhéin againn, le cur leis. Ba den tábhacht é, mar sin, cultúr dár gcuid fhéin a fhorbairt, agus a léiriú, i dteanga, i litríocht, i ndrámaí, i gcluichí, i ndamhsaí, agus i gceol, agus b’in an chúis ar theastaigh uaidh an cultúr sin a fhorbairt ina shaothar fhéin, agus b’in an chúis freisin, ar spreag sé daoine eile déanamh mar a rinne seisean.

Introspeactive

Tá bunús a dhánta inbhreithnitheach, agus pearsanta, nó de réir mar a thuig seisean é, bíonn an t-ealaíontóir ag deighleáil leis an saol, mar a fheictear dósan é. Breathnaigh ar a chaoineadh, “Brón ar an mBás” agus feicfidh tú an chaoi a chasann a aigne thart ar chúrsaí báis is beatha. Tá mac an bhean tsléibhe básaithe, agus curtha, agus sa dán seo, tá an mháthair sin ag iarraidh a cás a thuiscint, agus a leagan os ár gcomhair amach. Ach, tríd is tríd, tá ualach trom an bhróin ag luí ar théada a croí istigh. Bhreathaigh ar an líne……

“Ach an léan seo im lár is mé ag caoineadh.”

Labhrann an t-údar, Aodh de Blácam, faoi na línte ….

“Brón ar an mbás, ní féidir a shéanadh,

Leagann sé úr is críon le chéile.”

Agus deir sé….

These lines echo in the mind like the best that ever a Gaelic Poet made. A terrific intensity informs these lines, and makes us forget all technical defects as the words lament mortality.”

Breathnaigh arís ar na línte deiridh sa dán, nuair a iompaíonn an mháithrín sléibhe ar an uaigh, agus nuair adeir sí…

“Is a mhaicín mhánla, is é mo chéasadh

Do cholainn chaomh bheith ag déanamh créafóig’.”

Sna línte sin, tagann an bhuairt doshrianta, agus an féinsmacht, ar an bhfód in éineacht, agus sílimse, gur dínit agus cumhacht is toradh ar an dteacht le chéile céanna sin.

Regret

Tóg dán eile leis, “Miana mo Chroí,” mar a ndeir sé “Cad chuige dhíbh dom chiapadh, a mhiana mo chroí? Agus tabharfaidh muid faoi deara, an chaoi a scrúdaíonn sé a mhianta fhéin, ach tar éis an scéal a chur faoi thóirse a choinsiasa, tuigtear dó, nach bhfuil sásamh ar bith i ndán dó ar an saol seo..

“Níl sásamh i ndán dom’ mhianaibh lem’ ré,

Óir ní sásamh an sásamh do mhianas inné.”

Macalla Aibhistín Naofa anseo, déarfainn. “Our souls will never rest until they rest in Thee.”

Dáinín deas eile is ea “ Níor Cruinníodh liomsa Ór.” Arís feiceann muid an file ag breathnú isteach ina chroí fhéin, agus é ag iarraidh breith eicínt a thabhairt ar na roghanna a dhein sé i rith a shaoil, féachaint an bhfuil tada déanta aige, a thuillfeadh cáil dó, sna laethe atá le teacht….

“Níor cruinníodh liomsa ór;

An clú do fríth liom, d’fheodh;”

Agus arís.

“De ionmhas nó de ghlóir

Ní fhágfad i mo dheoidh

(Liomsa, a Dhia, is leor)

Ach m’ainm i gcroí linbh.”

Macalla de mhian Chúchulainn anseo againn, an te úd nár theastaigh uaidh go mairfeadh sé i bhfad, chomh fada is a mhairfeadh a cháil i gcuimhne Gael, ina dhiaidh.

Another Poem

Rinne mé trácht do dhán eile dá chuid, sé sin, “A Mhic Bhig na gCleas”, ach níl fúm mórán a rá faoi anseo, bíodh go raibh roinnt mhaith le rá agam faoi sa léacht úd. Bhain Ruth Dudley Edwards úsáid as an dán seo, ina leabhar, The Triumph of Failure, le tabhairt le fios, gur léirigh sé claonadh folaigh áirithe i gcarachtar an Phiarsaigh, agus maíonn sí freisin, gur chuir Plunkett agus Mac Donncha a míshásamh in iúl dó, tar éis dó an dán sin a fhoilsiú, sa bhliain 1909. Ach i ndiaidh an iomláin, ní dheachaigh sí (Ruth Dudley Edwards) níos fuide ná sin leis an sceal. Caithfidh mé a admháil, nach mó ná sásta a bheinn fhéin leis an dán sin, ach oiread.

Lost Love

Ba chóir tagairt a dhéanamh anseo do chaoineadh eile, sa ghála seo, agus sin an dán “A Chinn Álainn.” Sa dán seo, caoineann an Piarsach a leannán fhéin, a bádh ar an mBlascaod, sa bhliain 1907. Bíodh gur dán gearr é, tá sé lom lán le brón agus briseadh croí, agus tá le clos ann, osna an chroí bhriste. Éist leis an gcéad véarsa…

A chinn álainn na mná do ghrádhas,

I lár na hoíche cuimhním ort;

Acht filleann léargus le gile gréine, –

Mo léan an chnumh chaol dod’ chnaoi anocht.

Tá fís an fhile, agus fírinne fhileata, le tabhairt faoi deara anseo, agus chomh maith le sin, tá smacht iomlán ag an bhfile ar a fhoclóir agus ar a mhothúcháin sa véarsa sin. Ní call dom a chur i gcuimhne dhuit, go bhfuil macalla “Brón an an mBás” le clos sa véarsa sin.

A New Vision

Ach le críoch a chur leis an bpíosa seo, déanfaidh mé tagairt do dhán amháin eile, dán a bhfuil aithne ag a lán air, agus sin, “Fornocht do Chonac thú” Sa dán seo, tháinig an file faoi ionsaí chathuithe an tsaoil seo, ach má sea fhéin, thug sé a chúl leo uilig. Ní raibh sé toilteanach géilleadh do chathú ar bith a rinne iarracht é a mhealladh, Cuma cé chomh tarraingteach is a bhí siad. Breathnaigh ar na véarsaí seo..

Do thugas mo chúl

Ar an aisling do chumas,

‘S ar an ród so romham

M’aghaidh do thugas.

.

Do thugas mo ghnúis

Ar an ród so romham,

Ar an ngníomh do-chím

‘S ar an mbás do-gheobhad.

Sea, thuig sé ina chroí istigh, go mba chóir dó a aire iomlán a dhíriú ar an ród a bhí roimhe, agus ar an mbeart a bhí le déanamh aige lena a thír a shaoradh. Tá roinnt dánta eile, arbh fhiú go maith do dhuine iad a léamh agus a scrúdú, nó bhí spioradáltacht agus fealsúnacht an fhile fhéin á léiriú aige, sna dánta céanna sin. Bí liom arís, amach anseo, nuair a bheidh, an Piarsach mar drámadóir, idir chamáin againn.

.

  .

en_USEnglish