Saolaíodh Áilleacht Uafar 7

.

Peadar Bairéad

.

.

Labhair muid cheana faoi “Íosagán”, mar dhráma, agus faoin nDráma Páise, a chuir an Piarsach ar an ardán, sa bhliain 1911, drámaí a thuill clú agus cáil dá n-údar, ach an tseachtain seo, caithfimid tamall ag breathnú ar an nDráma neamhghnách sin, “An Rí.” Sa bhliain 1912 a scríobh sé an Dráma sin, agus sa chás seo, d’éirigh leis, an laochas agus an creideamh a nascadh le chéile. Thaitin an Dráma céanna sin leis an Yeatsach, agus tar éis athruithe áirithe a dhéanamh ar an téacs, léiríodh ar ardán na Mainistreach é. Caithfidh go raibh síocháin snadhmtha idir an mbeirt sin, tar éis na mblianta! Bhí an Piarsach anois imeasc fhathaigh na Drámaíochta , agus chabhraigh na pingneacha, a shaothraigh sé as, le Scoil Éanna.

Sa Dráma seo, tá arm naimhdeach ag déanamh ar an Ríocht áirithe seo. Ba dhrochdhuine é Rí an Ríochta sin. I ngar dó, bhí Mainistir ina raibh daltaí ríoga á n-altramú ag Abb. Dúirt an tAbb leis an Rí, go mbrisfeadh an t-arm naimhdeach sin cath air, i ngeall ar a pheacaí, ach go bhfeadfaí buachaint orthu, trí cheannaire naofa a chur i mbun Arm an Rí. Troideadh an cath. Briseadh ar arm an Rí, agus chúlaigh sé chun na Mainistreach. Chuir an tAbb ar a shúile dó, a raibh le déanamh aige, lena Ríocht a shábháil. Ghéill an Rí. Thug suas a choróin. Ansin, roghnaigh an tAbb an té ab óige dá mhic altrama, agus dúirt leis, dualgaisí an Ri a ghlacadh air fhéin, mar oidhreacht, agus dúirt, go mbéarfadh an sé bua, i ngeall ar a mhacántacht, agus toisc nár dhuine uaillmhianach é. Thug Giolla na Naomh machaire an áir air fhéin, agus rug sé bua, bíodh gur cailleadh an Giolla fhéin bocht san iarracht sin. Sea, nárbh ‘in dearcadh an Phiarsaigh fhéin, faoi mar a léirigh ag uaigh Uí Dhonnabháin Rossa…….

“Splendid and holy causes are served by men who are themselves splendid and holy”

One Man Can Save

Ag an bpointe seo da shaol, leag sé béim ar íobairt an duine aonair, ar mhaithe lena phobal, sé sin, íobairt an duine neamhchiontaigh, mhacánta. B’fhéidir gurbh é a dhán fhéin a chuireann sé inár láthair sa dhearcadh seo, agus b’fhéidir gur air fhéin a bhí sé ag smaoineamh, agus páirt Ghiolla na Naomh á ghaibhniú aige. Féach mar a thuig an beathaisnéisí, La Roux an scéal, nó dár leis-sean, ba é a alter-ego fhéin a chuir sé os ár gcomhair, sa Dráma sin, “An Rí.” B’fhéidir gur chóir a lua anseo,

 gur sa bhliain sin 1913, a ghlac sé mionn Bhráithreachas na Poblachta.
 An bhliain chéanna sin roghnaíodh é le hóráid a thabhairt, ag Uaigh Wolfe Tone, i mBodenstown, agus freisin, ag cruinniú bunaidh Óglaigh na hÉireann.
 Agus taobh istigh de thrí bliana, chuirfeadh rois piléar críoch lena réim mar dhrámadóir
 Ón mbliain 1912 amach, dealraíonn sé, gur thuig an Piarsach go raibh tír le saoradh aige. Thuig sé a dhán agus a mhisean.

Scríobh sé dráma eile, sa bhliain 1913. “Eoin”, a bhaist sé air, agus suíodh é thiar i ré na bhFíníní. Bhí airm i bhfolach ag an múinteoir seo faoi urlár a sheomra ranga, sa scoil. Tháinig na póilíní. Theich an múinteoir. Scaoil na saighdiúirí, ach nuair a chuadar isteach sa scoil, baineadh geit astu, nuair a thug siad faoi deara, gur mharaigh siad gasúr óg lena rois piléar. Íobairt aonair, i gceist anseo arís. Sea, d’éirigh leis an údar, laochas agus an Chríostaíocht, a shnadhmadh le chéile, ina scríbhinní, agus b’fhéidir ina aidhmeanna, freisin.

His English Period

Uaidh sin amach, ba i mBéarla a scríobh sé a chuid drámaí. B’fhéidir go raibh se sásta, faoin am sin, go raibh an Drámaíocht i nGaeilge, curtha ar bhonn sábhála aige, agus go ndéanfadh daoine eile an t-iomaire sin a bhaslú feasta, nó faoin am sin, bhí a thodhchaí leagtha amach aige dó fhéin, agus ba thríd an mBéarla, a d’éireodh leis, bunús a phobail a shroichint.. Ní dócha go raibh Mac Donncha tar éis a dhearcadh fhéin a chur abhaile air! B’fhéidir freisin, go raibh a anamh cráite ag amhrais faoin ród a bhí tofa aige, agus b’fhéidir freisin, gurbh é sin a bhí i gceist aige sa scig-dhráma sin, “Eoin”. Ach i ndeireadh na dála, bheadh air léim an chreidimh sa dorchadas a ghearradh. Mar sin, tagann muid chuig a dhráma deiridh, “The Singer”. Dráma aonghnímh ba ea é, agus i mBéarla a scríobhadh é. Ba sa bhliain 1915 a chum sé é. Níor léiríodh an dráma sin le linn bheatha an údair. B’fhéidir, i ndáiríre, gur mar uacht a d’fhág sé an saothar seo dá phobal, lena ghníomhartha a mhíniú dóibh. B’in mar a cheap a lán, ag an am. Ach b’fhéidir go bhfuil ár ndóthain ansin, don tseachtain seo, agus fillfiidh mé leis an scéal sin a chríochnú, an tseachtain seo chugainn. Bí liom ansin. Go dtí sin..slán….

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

Mac Dara, The Singer

Ba é Mac Dara, amhránaí, file, agus scríbhneoir amhráin tíre, an príomhcharachtar. Suíodh an dráma i dteach a mháthar, san Iarthar, ach níor leag Mac Dara cos sa teach sin le seacht mbliana roimhe sin. Tá caint faoi Éirí Amach san aer, agus tá deartháir óg Mhic Dara réidh chun catha, agus é ag fanacht ar orduithe ó Ghaillimh. Tá caint, imeasc daoine, faoi amhránaí ainaithnid atá ag spreagadh na cosmhuintire lena chuid amhrán. Tuigtear do lucht na háite, go bhfuil guth mar bhuabhall aige. Baineann sé deora as daoine, agus tá fearg fíochmhar air . Feictear do dhaoine áirithe, gur laoch é, fhad is a fheiceann daoine eile mar aingeal é, nó mar Mac Mhuire fhéin.

Tagann cuairteoir isteach agus insíonn a scéal don seanmhúinteoir, faoin chaoi ar chaith sé seacht mbliana ag taisteal trí ghaineamhleach an amhrais. Chaill sé a chreideamh, ar feadh scathaimh, ach fuair arís é i measc na cosmhuintire. Iontusan chonaic sé aghaidh Dé….

“Ah! It is a tear-stained face, bloodstained, defiled with ordure, but it is the Holy Face”

Is dócha go bhfuil macalla na bhfocal sin le fáil i ndán a charad, Joseph Mary Plunkett, “I see his blood upon the rose.”

Agus arís deir sé…..

“When my mother greeted me, I thought of Mary meeting her son on the way to Calvary.”

Feiceann muid dearcadh an Phiarsaigh sa mhéid sin, agus an chaoi ar shnaidhm sé an Laochas agus an Chríostaíocht le cheile, faoi mar ba dhual dó.

Fad is atá Mac Dara ansin lena mháthair sa tseomra, téann a dheartháir óg, Colm, amach chun troda, gan orduithe a fhail, agus gan ina chomhluadar, ag tacú leis ach cúig dhuine dhéag. Nuair a chuala Mac Dara an scéal sin, dúirt sé gur chóir dó cheithre scór dul amach chun troda in éineacht le Colm. Ach ar ball, nuair a chuala sé gur cailleadh Colm, dúirt sé ansin….

“The fifteen were too many….One man can free a people as one Man redeemed the world. I will take my pike, I will go into battle with bare hands…. I will stand before the English, as Christ hung naked on the tree.”

Críochnaíonn an Dráma le Mac Dara ag deifriú i dtreo shaighdiúirí Shasana.

Sa dráma seo, bhain an t-údar úsáid as chaint na ndaoine, agus thóg sé an sintéis a shroich sé in “An Rí” céim eile chun tosaigh. Seo mar a chuir mé sa léacht úd é……….

The synthesis reached by Pearse in “The King” is taken to the ultimate point of Christian Parallellism in the Singer, and Pearse’s final statement in the Singer is telling us that war and killing are unnecessary…

Ní raibh gá le hár nó marú, le pobal a shlánú, dhéanfadh bás íobartaigh amháin an chúis, ach an té sin é fhéin a ullmhú i gceart don íobairt sin. Mór idir sin, agus an léamh a chuireann daoine áirithe ar a dhearcadh, agus ar a ghníomhartha!

Autobiographical ?

Níor admhaigh an Piarsach go mba dhráma dírbheathaisnéiseach é “The Singer”, ach déarfainn, go bhfuil an iomarca cosúlachtaí idir Mhac Dara agus an t-údar fhéin, le sin a chreidiúint ina iomláine. B’fhéidir nárbh olc an smaoineamh é, an píosa seo a chríochnú le athlua a dhéanamh ar rud adúirt General Blackader, Uachtarán na Cúirte Míleata a dhaor an Piarsach chun báis, dúirt sé le Countess Fingall, tráthnóna na trialach …

“I have just done one of the hardest tasks I have ever had to do……I have had to condemn to death one of the finest characters I have ever come across…..I dont wonder that his pupils adored him”

Leor sin do thuras na huaire seo.

.

.

en_USEnglish