A N C H Í N L A E F A O I C H A I B I D I L .

.

*************************************

.

A R S C A R A D H G A B H A I L

An fhéiniúlacht in Cín Lae Amhlaoibh Uí Shúilleabháin – ………………….2000.

l e

Proinsias Ó Drisceoil……………………………………………………£10.00…(€12.70.)

.

************************************

.

Ar léigh tú an leabhar breá seo le Proinsias s’againne fós? Bhuel, murar léigh, déan do leas, agus faigh cóip, ar an dá luas, agus léigh, mar is dóigh nach bhfuil Cainneach ar bith nach gcuirfeadh suim, agus dhá shuim, sa leabhar seo faoi Chín Lae Amhaoibh Uí Shúilleabháin.

Ní call dom a rá, gur chuir mé fhéin spéis sa leabhar seo, ó thús, nó is mór é mo spéis sa Chín Lae chéanna sin.

Tuige? Adéarfadh duine liom, b’fhéidir.

Chuile thuige, ach thar aon chúis eile, is dócha go bhfuil baint ag an spéis sin leis an léacht a thug mé anseo, ag Daonscoil Osraí, i gCill Chainnigh, bliain is fiche ó shoin anois, i nDeireadh Fómhair na bliana 1980. Anois, níorbh í an Chín Lae fhéin a bhí idir chamáin agam, an tráth sin, ach mé ag iarraidh saol agus saothar Amhlaoibh Uí Shúilleabháin a mheas, agus a leagan os comhair mo lucht éisteachta. Níl fhios agam anois ar éirigh liom sin a dhéanamh, nó nár éirigh, ach tá fhios agam, go mbeadh cibé taighde a bhain leis an léacht céanna sin i bhfad Éireann níos éasca, dá mbeadh an leabhar breá seo “Scaradh Gabhail” i gcló ag an am, nó tá tóirse a scoláireachta, a smaointe, agus a thaighde, dírithe ag Proinsias ar an gCín Lae fhéin agus ar fhéiniúlacht Amhlaoibh, faoi mar a léirítear í sa saothar céanna sin. Is dócha gurbh í cúis ar iarradh ormsa an léacht úd a thabhairt ar shaol agus ar shaothar Amhlaoibh ag an Daonscoil áirithe úd 1980, nó gur tuigeadh ag an am, gur rugadh Amhlaoibh na Dialainne i gCill Áirne, sa bhliain 1780, agus gur tuigeadh ag an am, go mba fheiliúnach an tráth é, le scéal an Dialannaí Challainnigh a ríomh anseo in Osraí, mar ar chaith sé bunús a shaoil. Bhuel, b’in mar a thuig mé fhéin an scéal, ach go háirithe, ag an am, nó seo mar a chuir mé i dtús mo chuid chainte é…

Agus anois a chairde, siaraigí liomsa sa stair, go dtí an bhliain 1780, an bhliain in ar rugadh mac do Dhonnchadh Ó Súilleabháin, máistir scoile, agus do Mháire Ní Bhuachalla, a bhean, i gCill álainn Áirne, i gCiarraí cianaosta na Mumhan.

Nach deacair a chreidiúint anois go bhfuil bliain is fiche sleamhnaithe uainn ó ghaibhnigh mé na focail chéanna sin, ach nach ‘in an saol agat, a mhiceo! Ach ní chuige sin atá mé, ach chuige seo, ní 1780 dáta a bhreithe, de réir Phroinnsiais, ach 1783, nó de réir fho-nóta (1), ar chaibidil a Dó, tá seo le léamh againn…

“Tá léirithe ag Éamonn Ó hÓgáin, i bhfianaise Dhaonáireamh 1821, gur i 1783 agus nach i 1780, mar a bhí ceaptha, a rugadh Amhlaoibh.”

Ach níor cuireadh an t-eolas sin ar fáil go dtí an bhliain 1985, rud a chuireann leithscéal eicínt ar fáil dom fhéin as mo bhotún, sa bhliain 1980! Ní ag iarraidh mé fhéin a chosaint atá mé anseo, ach mé ag iarraidh a chur ar do shúile dhuit, go bhfuil a thaighde déanta, agus déanta go maith, ag Proinsias Ó Drisceoil, sa leabhar seo.

Baineann an t-údar úsáid as an gCín Lae fhéin, na láimhscríbhinni atá le fáil in Acadamh Ríoga na hÉireann, sé sin, bunláimhscríbhinní na Dialainne a chuir Amhlaoibh de, idir an bhliain 1827 agus 1835. In éineacht le sin, baineann sé úsáid freisin as “Cín Lae Amhlaoibh Uí Shúilleabháin”, i gceithre imleabhar, leis an Athair Micheál Mac Craith, “an chéad duine (agus an duine deireanach) ar éirigh leis eagar a chur ar na dialanna ina n-iomláine. Foilsíodh toradh a shaothair sna blianta 1936 agus 1937. Is dócha go rabhthas ag iarraidh iad a chur i gcló sa bhliain 1935, toisc gur críochnaigh Amhlaoibh a shaothar dialainnúil, sa bhliain 1835, céad bliain, díreach, roimhe sin.

An tríú leabhar a dheineann an t-údar tarraingt as, ina shaothar taighde, nó Cín Lae Amhlaoibh” le Tomás de Bhaldraithe, sé sin “eagrán ciorraithe den dialainn a bhfuil caighdeánú déanta ar an téacs ann, maraon le réamhrá, nótaí, foclóir, agus liosta de fhoirmeacha na láimhscríbhinne”, faoi mar a chuireann an t-údar é.

Ní gá a rá go bhfuil liosta de na foinsí eile, ar dhein an t-údar staidéar orthu, le linn dó bheith i mbun an tsaothair scolártha seo, táid sin le fáil idir leathanach 137 agus leathanach 146.

Féach mar a chuireann an Drisceoileach an scéal os ár gcomhair amach ar leathanach 12 den Réamhrá….

Is í an phríomhthéis atá á chur chun cinn anseo ná gur téacs í An Chín Lae a chaitheann léas ar an bhféiniúlacht mar a thuig Amhlaoibh agus cuid áirithe de lucht a linne é, féiniúlacht a bhí ar scaradh gabhail idir an dúchas Gaelach lenar oileadh é agus saol nuachóirithe a bhí fréamhaithe ar Bhéarla. (Ar ndóigh, cé go dtráchtar ar ‘Amhlaoibh’ agus ar ‘Amhlaoibh Ó Súilleabháin’, is ar fhianaise ó théacsanna a scríobh sé, An Chín Lae ach go háirithe, agus ní ar an duine féin per se atáimid ag trácht ó cheart). Is dearbhú lárnach de chuid na téise é gur géaraíodh go mór ar thábhacht na féiniúlachta i saol Amhlaoibh de bharr na coimhlinte cultúrtha agus sóisialta seo agus de bharr coimhlintí ar lámh amháin idir an dúchas Ciarraíoch ar de é agus an saol Cainneach a chaith sé, agus ar an lámh eile idir a oiliúint mar mhac múinteora scairte agus an saol só a chaith sé mar cheannaí gearr. I mbeagán focal, is féidir an téacs a léamh mar théacs a bhfuil aothú ointeolaíoch féiniúlachta mar bhunús leis.”

Ní call a rá, gur scrúdaigh Proinsias na staidéir a bhí déanta ar Amhlaoibh ag údair agus ag scoláirí eile, ach dár leis, níor chuir na húdair sin ceisteanna áirithe faoi Amhlaoibh nó faoin gCín Lae…

Níor deineadh ach go háirithe, aon chíoradh ar an tuiscint bhaileach a bhí ag Amhlaoibh Ó Súilleabháin air fhéin mar bhall de shochaí Challainn, sochaí a raibh mórfhórsaí cultúrtha, polaitiúla agus sóisialta ag teannadh leis, fórsaí a d’fhágfadh saol na hÉireann sna 1820í agus 1830í faoi mhalairt reachta.

D’fhágfadh na fórsaí sin Amhlaoibh fhéin, dár leis an údar, ina “Janus” ag féachaint roimhe agus ina dhiaidh agus an stair ag scríobh a scéil fhéin thart timpeall air.

Is é an chéad rud a dhéanann an t-údar nó eagráin agus eagarthóirí na Dialainne a scrúdú, agus tagann sé le Tomás de Bhaldraithe nuair adeir sé, go gcruthaíonn saothar Amhlaoibh “deacrachtaí go leor do dhuine ar bith a fhéachann leis an mbunleagan a léamh” toisc gur scríobhadh é go “deifreach sleamchúiseach” “ar dhrochpháipéar, anuas uaireanta ar cheachtanna peannaireachta scoláirí scoile, nó ar sheanleabhair chuntais”. Cáineann De Bhaldraithe freisin a chaighdeán litrithe. Nach maith an scéal é mar sin, go bhfuil saothar Mhic Craith againn, mar a bhfuil eagar curtha aige ar shaothar uilig Uí Shúilleabháin.

Sa dara chaibidil den leabhar, scrúdaítear “An Ghné Phoibli” den Dialainn, ach i dtosach, scrúdaíonn sé an “Chín Lae” mar mheán litríochta. Cinnte, níor tháinig an cineál seo litríochta anuas chuige, nó ní raibh an traidisiún sin sa teanga, ach léiríonn an t-údar dúinn, conas a tharla Amhlaoibh ar an modh iontach seo lena smaointe a chur in iúl, ó ló go ló…”Gach lá líne”, an mana a thugann an Dialannaí dúinn sa Chín Lae fhéin.

Tar éis dó an ghné phoibli den Dialainn a scrúdú, iompaíonn an t-údar ansin ar an ngné phearsanta, sa tríú caibidil. Agus cuireann sé óige Amhlaoibh, agus an chaoi ar tháinig sé go Cill Chainnigh, agus an chaoi ar éirigh leis ansin, faoin míocrascóp. Ba dhuine é a d’fhás suas i dtraidisiún na láimhscríbhinní agus an léinn Ghaelaigh, agus ní hé amháin go mba dhuine é a chuir go mór le litríocht na teanga sin, é fhéin, ach lena chois sin, ba bhailitheoir láimhscríbhinní den scoth é, agus déantar tagairt do na láimhscríbhinní céanna sin i saothar an Drisceoileaigh.

Sa cheathrú caibidil, “An Ghné Intleachtúil” déantar trácht ar “Féiniúlacht na nGael in An Chín Lae,” agus ar an gcaoi ar caitheadh na sean-nósanna Gaelacha i dtraipisí, ar mhaithe le heigeamanaí na hEaglaise Caitlicí a thabhairt i gcrích. Sa chaibidil seo freisin, déantar tagairt do na fórsaí ón dtaobh amuigh, a chuaigh i gcionn ar Amhlaoibh, agus ar an dearcadh freacnairc a bhí aige ar shaol a linne. Dhírigh sé ar ábhair cosúil le heolaíocht, an dúlra, luibheolaíocht, seanfhocail, ársaoícht, an traidisiún liteartha, agus tuilleadh ar an dtéad céanna sin.

Ar deireadh thiar, chuireann Proinsias críoch lena shaothar scolártha le “Suimiú”, mar a gcuireann sé ar fáil dúinn a smaointe fhéin ar ábhar a thaighde agus a staidéir, agus caithfear a rá, gur díol spéise an piosa seo do dhuine ar bith ar mór aige Amhlaoibh Ó Súilleabháin agus a Chín Lae.

Níl fúm a thuilleadh a rá faoin leabhar breá seo, ach amháin gur léitheoireacht suimiúil, spreagúil, é do Chainneach ar bith , ach gur léitheoireacht éigeanatach é do dhuine ar bith, a dteastaíonn uaidh eolas eicínt a chur ar an gCín Lae, agus ar a údar. Is bocht an leabhragán nach bhfuil spás ann don sár-leabhar seo.

Tréaslaim a shaothar don údar. Nára fada go raibh leabhar eile uaidh, le méar ar eolas a dhéanamh dúinn ar bhóthar anacair, casta, an léinn.

.

***********************

Peadar Bairéad.

***********************

.

en_USEnglish