A r n a M i s i n . 3 .

.

**************************

.

ón Luan, an 11ú, go dtí an Domhnach, an 17ú, Lúnasa 2003.

Faoin am seo, bhíomar ag treabhadh linn tríd an dara seachtain de na laethe saoire Calafóirneacha seo, agus an moilliú diabhalta scairde sin curtha dínn againn, d’fhéadfá a rá, ach fós, ní raibh muid tagtha isteach ar an mbrothall loiscneach i bhí dár róstadh anseo in Encinitas. Deir na dúchasaigh thart anseo linn, nach bhfaca siadsan a leithéid d’aimsir sna bólaí seo riamh cheana. Deir na daoine atá sciliúil sna cúrsaí seo linn, gurb amhlaidh atá ruball de mhonsún tar éis a bhealach a dhéanamh anios, fan an chósta chugainn, ó Bhaja Chalafóirnia, agus go bhfuil teas agus taise neamhghnách á scaipeadh aige, sa dúiche seo. Droch rath air! Ach tar éis dúinn scathamh a chaitheamh ag comhrá, ar an bhfón, lenár muintir in Éirinn, tuigeadh dúinn gur bheag difir a bhí idir an cineál aimsire a bhí againne in Encinitas, agus an cineál aimsire a bhí i dtreis i Ríocht Osraí, ag an am gcéanna sin. Dhealródh sé, gurbh ón dteas go dtí an fuacht againne é, chomh fada is a bhain sé le cúrsaí aimsire! Ach, bhí de shólás againn, go raibh socraithe againn ár seolta a chrochadh, i gcionn roinnt laethanta, agus an bóthar a bhualadh ó thuaidh, suas fan chósta thiar Chalafóirnia, áit a mbeadh sé níos fionnuaire, dár linne, nó bhí an diabhal dearg ar an áit ina rabhamar, le taise, le róstadh agus teas, le roinnt laethanta anuas. Bhainfeadh an aimsir sin allas as dealbh cloiche fhéin!

Chaitheamar roinnt laethe ansin ar ár sáimhín só, i dtigh mo mhic, i gCardiff by the Sea, agus ní call dom a rá, gur dheas an áit í. Bhí an fharraige in aice láimhe, le deis a thabhairt dúinn sinn fhéin a fhuaradh, is a fhliuchadh, de réir mar a bhuail an fonn sinn, agus chomh maith le sin, bhí mám maith “Mall”anna Siopadóireachta sa chomharsanacht, áit a d’fhéadfadh duine seal a chaitheamh, ar a sháimhín só, ag siopadóireacht, ag spaisteoireacht, ag baint sult as an lá, ag ól caifé, b’fhéidir, i mbialann chompórdach aer-oiriúnaithe. Sea, mh’anam, d’fhéadfadh duine bheith in áit níos measa ná ansin i gCardiff cois cuain, ar chósta thiar Chalafóirnia, na laethe brothallacha sin. Ní call dom a rá gur thugamar corr chuairt ar Bhialann 101, in Encinitas, le lón taitneamhach, blasta, a chaitheamh ansin, nó bhí blas faighte againn ar a gcuid bia-san, trath raibh muid ar chuairt ansin cheana, bliain na mílaoise.

Tar éis dúinn an lá a chaitheamh go deas sómhar, bhí de nós againn breathnú ar scannán, san oíche. Bhaineamar taitneamh as scannáin cosúil le, “The Road to Perdition”, agus scéal an Uasail Schmidt, chomh maith leis an ngreannscannán taobh-phléascach sin le Bill Cosby. Ba bhreá an bealach é le “Windeáil anuas” mar adéarfá sa dara teanga oifigiúil, i ndiaidh strus agus tuirse an lae!

Dá mbeadh tuirse ar dhuine i lár an lae, d’fhéadfadh sé an nós Spáinneach a leanacht, agus “siesta” a ghlacadh, agus mura mbeadh, bhuel, ansin ba bhreá an bealach é le brothall an lae a lingint tharat, seal a chaitheamh sa linn snámha brea, fairsing, fionnuar, a bhí ansin in aice an tí againn.

Cloisim duine eicínt ag rá ansin, gurbh fhada ó linnte snámha a rugadh agus a tógadh Bairéadaigh na Druime, agus dár ndóigh, ní fhéadfainn an té sin a bhréagnú, agus níl le rá agam mar chosaint, ach, “an t-áth a mholadh mar a gheobhair”, agus mhol mise é, mar a bhfuair.

Faoin am seo, bhíomar ag teacht isteach ar rithim na beatha i gCalafóirnia, agus muid ag treabhadh linn, ar ár socracht, agus ar ár sástacht. Ar an nDomhnach, an 17ú de Lúnasa, d’éisteamar Aifreann arís i Halla St Margaret, in Oceanside, agus ní call a rá, gur bhaineamar taitneamh as an ócáid, agus gur thaitin an searmanas uilig ansin linn, ach i ndiaidh an Aifrinn, in áit dul ag siopadóireacht, nó ag guairdeall timpeall, thugamar cuairt ar chairde mo mhic, ansin in Oceanside. Bhí sin go breá ar fad, nó thug sé spléachadh dúinn ar shaol an ghnáthdhuine, taobh amuigh ar fad den chóras turasóireachta, sa dúiche sin. Thugamar faoi deara chomh fial flaithiuil is a bhí na daoine seo, agus iad ag deighleáil, i ndáiríre, le daoine nach dtiocfadh an bealach sin go deo arís, b’fhéidir. Chaitheadar linn, faoi mar ba bhaill dá gclann fhéin muid, agus caithfidh mé a admháil, gur bhraith muid go raibh muid i measc cairde, rud a d’fhágfadh nach mbeadh deifir ar bith abhaile ort! Sa chomhrá dúinn, deineadh trácht ar scannán a bhí ar teaspáint i bpictiúrlann, i gCardiff cois cuain, agus ó tharla go raibh am le diomailt againn an tráthnóna sin, shocraíomar ar dhul ag breathnú ar an scannán céanna sin, agus caithfidh mé a admháil, nach raibh aiféala ar bith orainn go ndeachaigh muid. Anois, b’fhéidir go bhfaca tú fhéin an scannán seo, ach chuaigh sé i gcionn chomh mór sin ormsa, go gcaithfidh mé tagairt a dhéanamh dó anseo, agus mura bhfaca tú cheana é, bhuel, má fhaigheann tú an deis chuige, bí cinnte go rachaidh tú chuige. “The Whale Rider”, an t-ainm a bhí ar an scannán sin, agus caithfidh mé a rá leat, gur fada an ló ó chonaic mé a chomh-mhaith de scannán. Suítear an scannán i measc dhúchasaigh na hAstráile, agus léirítear an gaol atá acusan leis an ndúlra timpeall orthu, agus go háirithe, i gcás an dreama seo, leis na míolta móra mara. Tá ann freisin, an choimhlint síoraí idir thraidisiún an chine agus an fonn athraithe, a bhíonn le tabhairt faoi deara i measc na n-óg. Sa scannán seo, leagtar an-bhéim ar fad ar an bhfrith-fheiminicheas a bhí fréamhaithe go doimhin i gcultúr agus in oidhreacht na ndúchasach sin, agus an tsíor-throid a deineadh, i gcoinne an dearcaidh sin, i saol laethúil chailín áirithe, ina coimhlint i gcoinne thaoiseach na treibhe, mar adéarfá. Ach fágfaidh mé an chuid eile fút fhéin, agus má fhaigheann tú an deis chuige, b’fhiú dhuit dul chuige, nó tá mé cinnte, go mbainfeá taitneamh as.

Dúirt mé cheana, go ndeachaigh muid timpeall na háite, ag siopadóireacht, ag spaisteoireacht, agus ag caitheamh aimsire, ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile, agus fad is a bhí na cúrsaí sin idir chamáin againn, bhuailimis go minic le muintir na háite sin, agus ó tharla go raibh cúrsaí polaitíochta go mór i mbéal na ndaoine, ag an am, d’éirigh linn tuairimí coitianta áirithe a thabhairt faoi deara. Ar an gcéad dul síos, bhí beagnach gach éinne ag caint faoi iarrachtaí Arnold Schwartzeneggar Gobharnóireacht Chalafóirnia a bhaint amach dó fhéin, agus tríd is tríd, bhí sé éasca a thabhairt faoi deara, nach raibh fonn ar thromlach na ndaoine Arnold a fheiceáil sa phost sin. Bhí, dár leo, an iomarca rudaí ina choinne, le post dá leithéid a bhuachan, i dtoghchán. Chomh maith le sin, níor thaitin sé le mórán díobh, go dtiocfadh sé i gcumhacht, toisc gan chleachtadh ar bith a bheith aige i gcúrsaí bainistíochta, nó riaracháin. An tráth sin, ní raibh aon pholasaí cruinn, cinnte, oibrithe amach aige fhéin, nó ag a lucht stiúrtha, agus dá bharr sin, bhí de nós aige, corr-bhotún a dhéanamh, ceal cleachtaidh, faoi mar a dhein sé, nuair a mhaoigh sé, go ngearrfadh sé tuilleadh cánach ar mhaoin agus ar shealúchas. Níor thaitin a leithéid le muintir Chalafóirnia, nó tá socrú acusan, gan thar ardú áirithe a ghearradh ar mhaoin, nó ar shealúchas, in aghaidh na bliana, agus luíonn a leithéid le réasún, i Stát a bhfuil luach na dtithe chomh hard sin, agus iad ag ardú tuilleadh, in aghaidh na bliana. Mar sin, an tráth sin, ach go háirithe, ní rabhthas ag súil go n-éireodh le Arnold post an Ghobharnóra a bhaint amach, an babhta sin, ach go háirithe. Anois, tá’s againn go léir, nach mar a shíltear a bhítear, go minic, agus gur athraigh cúrsaí chomh mór sin, san idirlinn, go mba é deireadh na mbeart é, nó gur toghadh Arnold s’againne ina Ghobharnóir ar Stát saibhir sin Chalafóirnia!

Ní gá a rá, go raibh ábhar eile a bhí go mór chun tosaigh freisin, i mbéal gach éinne, na laethe sin, agus b’in Cogadh na hIaráice agus a thoradh sin ar mhuintir Mheiriceá frí chéile. Cé go dtabharfá faoi deara, go raibh bunús na ndaoine i gcás idir dhá chomhairle faoin scéal, nó bhí le feiceáil go soiléir, go bhfuil an tírghrá, an bhratach, agus dílseacht dá nUachtarán, gafa chomh fada le smior na gcnámh sa chuid ba mhó díobh, bhí sé soiléir, ag an am gcéanna, nár aontaigh ach an corr-dhuine acu le fearadh chogadh sin na hIaráice.

Céard ‘tá á dhéanamh againn sa tír uafar, iargúlta sin? Agus cén fáth a bhfuiltear ag coinneáil ár saighdiúirí ar dualgas ansin fós, nuair atá an troid críochnaithe, agus an bua bainte?

Níl freagraí na gceisteanna sin le fáil acu, go foill, ar aon nós, ach tá an chosúlacht ar an scéal go mbeidh trioblóid sa tír sin fós, nuair a thosófar ar fhreagraí a éileamh ar na ceisteanna céanna sin.

Agus ag caint ar Chogadh na hIaráice, agus ar dhílseacht na saighdiúirí, a throid, agus a throideann fós, sa tír sin, níl dabht ar domhan ach go bhfuil na saighdiúirí céanna sin ina ndéithe beaga ag a muintir sa bhaile, agus dá chruthú sin, tá bratacha agus maisiúcháin crochta in airde i ngach baile, geall leis, ag móradh gníomhartha agus gaisce na saighdiúirí s’acusan, a throid sa chogadh sin, agus chomh maith le sin, thugamar faoi deara, go raibh liostaí de bhaill dá bpobal a bhí sna fórsaí míleaata thar lear, le léamh, in áit na honóra, sna séipéil chaitliceacha, ar thugamar fhéin cuairt orthu, le linn dúinn bheith thall. Gan dabht ar domhan, is í seo an fhadhb is crua le réiteach ag Meiriceánaigh, sea, agus an gad is giorra dá scornach freisin, ach tá súil agam, go mbeifear ábalta teacht ar fhuascailt chóir, chothrom, ar an ngné seo den Chogadh seo, atá á fhearadh ar Sceimhlitheoireacht Idirnáisiúnta.

Ach b’fhéidir gur leor sin don turas seo. Bí liom an chéad bhabhta eile, nuair a bheidh muid ar ár mbealach go Santa Barbara, ar thóir Mhisean Santa Barbara.

Go dtí sin…… Slán…

.

.

********************

Peadar Bairéad.

********************

.

en_USEnglish