.

.

I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

……………Ar leanuint on tseachtain seo caite………….

.

Bhíomar ag caint, an tseachtain seo caite, faoi eachtraí agus imeachtaí an 18ú Lúnasa, 2003, agus muid ar ár slí ó Chardiff by the Sea go Pismo Beach, fan chósta álainn Chalafóirnia. Seo cuntas ar imeachtaí an lae ina dhiaidh sin

.

An Mháirt, an 19ú Lúnasa 2003

Santa Barbara

In ár suí le giolc an ghealbhain, bíodh nár chualamar gíog nó míog ón éinín céanna sin, nó ó éan ar bith eile, dá ndéarfainn é, nó bhí an tÓstán, an Encina Lodge & Suites, suite i lár na cathrach, agus tar éis dúinn seal a chaitheamh dár n-ullmhú fhéin, agus tar éis dúinn bricfeasta blasta a chaitheamh, chaitheamar seal ag iarraidh rud eicínt a fhoghlaim faoi stair na cathrach seo, Santa Barbara. Is fada siar a théann scéal an ionaid álainn seo, nó bhí Indiaigh ag cur fúthu sna bólaí seo, i bhfad sular tosaíodh ag coinneáil cuntais ar stair a gciníocha. “Chumash” a thugtaí ar na daoine sin, agus táthar den tuairim, go mbíodh idir 8,000 agus 10,000 den chine sin, ag cur fúthu, an tráth úd, sa dúiche ina bhfuil Santa Barbara suite anois. Thógadar tithe dóibh fhéin, ach ó tharla gurbh as craobhacha, agus giolcacha, a tógadh iad, ní haon ionadh nach bhfuil a dtásc nó a dtuairisc le fáil ag seandálaithe, sa lá atá inniu ann. Mhair na daoine sin ar thoradh nádúrtha na talún, sa limistéar thart orthu. Bhíodh sméara, caora, préamhacha, síolta, coiníní, ioraithe, agus a leithéid, maraon le héisc agus sligéisc, mar bhia agus mar bheatha acu. Ba dhream iad a sheol fan an chósta freisin, i gcuracha móra fada, curacha a d’iompródh idir dheichniúr agus dháréag!

Juan Rodriguez Cabrillo

Briseadh isteach ar shaol sona na dtreabhanna sin áfach, sa séú haois déag, sa bhliain 1542, caoga bliain i ndiaidh do Cholumbus spág a leagan ar chósta an Domhain Úir a chéaduair, nuair a shroich Juan Rodriguez Cabrillo agus a lucht leanúna, i ndá long, an San Salvador agus an Victoria, nuair a shroich siad cósta Shanta Barbara, agus nuair a d’fhógair siad gur le Rí na Spáinne feasta, an fearann sin. Ba Phortaingéileach é Cabrillo, i seirbhís na Spáinne, agus é ag iarraidh teacht ar an “Northwest Passage”, agus tá’s ag an saol mór inniu, go mba shaothar in aisce dó é, a leithéid de shaothar a chur air fhéin, ach ní raibh a fhios sin aige, nó ag a lucht leanúna, ag an am sin. Chaill na Spáinnigh suim sa dúiche sin, ar feadh trí scór bliain, agus ansin, i Nollaig na bliana 1602, tháinig Vizcaino ar an dúiche sin arís, ar an gceathrú lá, de Mhí na Nollag, féile Santa Barbara, agus b’in mar a baisteadh Santa Barbara ar an ionad álainn sin.

Praesidiónna á dtógáil

Ach arís, níor ró-shuim leis an Spáinn an limistéar sin, nó i ndáiríre, níor chuir siadsan spéis ar bith i gCalafóirnia, go dtí déanach go maith san ochtú haois déag, nuair a chonacthas dóibh, go raibh cumhachtaí móra eile, an Rúis ina measc, ag cur suime nár bheag, i gcósta Chalafóirnia. Ba ansin a thug an Rí an t-ordú dá mhuintir i Ríocht Spáinneach Mheicsiceo, bunáiteanna, nó Presidiónna, a bhunú i San Diego agus i Monterey, le cos i dtaca sa limistéar sin, a thabhairt don Spáinn fhéin. In Aibreán na bliana 1782, thóg an lieutenant Jose Francisco de Ortega, agus a chuid saighdiúirí, Presidió mór, le freastal ar an limistéar sin. Anois, bhí ár seanchara, Junipera Serra, fear ar labhair muid faoi cheana, ar an bhfód freisin, agus é ar intinn aige Misin a thógáil ar na láithreacha sin freisin, ach cuireadh ina choinne, agus dhiúltaigh an Gobharnóir cead tógála dó i Santa Barbara, go dtí go mbeadh an Presidió tógtha, ach bhí Serra aosta, lag, spíonta, ag an am, agus ba é a dhein sé nó filleadh ar Mhonterey, le bás d’fháil. Sa bhliain 1793 d’fhógair Gobharnóir Chalafóirnia, go raibh Presidió Santa Barbara ar an bPresidió ab fhearr i gCalafóirnia uilig, agus nuair a bhí sé críochnaithe ar fad, sa bhliain 1797, chlúdaigh sé bloc cathrach. Ach le filleah ar scéal an Mhisin…

Misean Santa Barbara…1785…

Sa bhliain 1785, dhá bhliain i ndiaidh bhás Junipero Serra, tháinig aiféala ar an nGobharnóir nua, agus thug cead do na Proinsiascánaigh Misean a thógáil i Santa Barbara.

An bhliain dár gcionn, tháinig an Padre Fermin la Lasuén, agus beirt bhráthar ina chomhluadar, agus chuireadar rompu an Misean sin a thógáil. Bhí socraithe acu, an Misean a choisreacan, go hoifigiúil, ar an 6ú lá de Nollaig na bliana sin 1786, Lá ‘le Santa Barbara fhéin, agus cé nach raibh an Gobharnóir ar an bhfód, le páirt a ghlacadh sa cheiliúradh, leanadar ar aghaidh dá éagmais. Chuireadar searmanas eile ar siúl, tamall ina dhiaidh sin, nuair a tháinig an Gobharnóir ar chuairt chucu. Chuir Rí na Spáinne fhéin cloig chucu, don Mhisean sin. Tar éis dóibh bheith tamall i mbun oibre misinéireachta sa dúiche sin, bhí de thoradh ar a gcuid oibre, gur baisteadh 70 de threibh an Chumash, agus tháinig siadsan chun cónaithe sa Mhisean. “Neophytes” a tugadh orthusan, agus múineadh an creideamh dóibh, agus chomh maith le sin, múineadh scileanna i bhfeirmeoireacht, i siúinéireacht, i gcócaireacht, i mbuildeáil, agus i bhfíodóireacht dóibh. Taobh istigh de bhliain, bhí 307 Nuachreidmhigh ina gcónaí sa Mhisean, agus bhíodar tar éis Séipéal adóibe a thógáil, maraon le teach na mbráthar, gráinseach, cistin, ceardlann adhmadóireachta, agus seomra súdaireachta.

Fás as cuimse

Ní gá a rá, gur éirigh, thar na bearta, leis an Misean sin Santa Barbara, agus i ngearraimsir, bhí fás thar cuimse tagtha ar chuile ghné den tionscadal céanna sin. Agus, murab ionann is an Presidió, mar a raibh na saighdiúirí beo, bocht, gan léinte, gan airgead, gan pá, gan tada len iad a choinneáil sa Phresidió, ach a ndílseacht dá dtír agus dá n-oifigigh. Bhí lucht an Mhisin ag cur fúthu i dtír na flúirse, sa chaoi go raibh an áit féinchothaíoch, taobh istigh d’achar an-ghearr.

.

N’hfeadar ar mhaith libh tuilleadh a léamh faoin turas céanna sin, fan an Chosta, suas chomh fada le Pismo Beach?

Slán go fóill……….

.

.

.

.

.

en_USEnglish