.

A r n a M i s i n . 6 .

************************

.

Stopamar, an tseachtain seo caite, agus muid ar bord an bhus speisialta sin, a bhí le sinn a thabhairt ar thruas timpeall na cathrach áille sin Santa Barbara. Mar sin, le filleadh ar an scéal……..

Bus speisialta a bhí dár n-iompar, bus ar déanamh tram a bhí ann, agus tráchtaireacht á thabhairt dúinn, feadh an aistir, ag an tiománaí groí, lách, scéaltach. Thug an tiománaí céanna sin stair an bhaile dúinn, ach ó tharla go bhfuil roinnt mhaith den stair tugtha cheana agam, ní dhéanfaidh mé athinsint ar an gcuid sin den scéal. Labhair sé linn, faoi na sráideanna, agus faoi na foirgnimh, faoi na maithe agus na móruaisle a dhear agus a thóg an baile álainn seo, ach ní mar seo a bhí an baile seo chuile lá riamh, nó i dtús ama, ní raibh cuma nó dóigh air, ach chuile dhuine ag tógáil leis, de réir mar a bhuail an fonn é.

Ní raibh ann, ar feadh i bhfad, ach baile beag scoite, iargúlta, gan spéis ró-mhór ag éinne ann, ach trí tharlúintí domhínithe na staire, d’fhás agus d’fhorbair Santa Barbara, go dtí go bhféachtar air, sa lá atá inniu ann, mar “Venice” Dheisceart Chalafóirnia. Caithfear a rá, nach raibh aon chóras ar fónamh acu le cuairteoirí, nó lucht gnó a mhealladh chomh fada leo, ach bhí cuan réasúnta maith ansin, taobh leo, agus marach sin, bheadh siad ar an ngannchuid, bunús an ama. Ach déanta na fírinne, ba í a iargúltacht an bua ba mhó a bhí aige, i ndeireadh na dála. Bhí Sléibhte Santa Ynez mar bhalla cosanta, ar an dtaobh thoir de, bhí an fharraige ar an dtaobh thoir, agus ní raibh bóithre ar fónamh, ó thuaidh, nó ó dheas uaithi, agus sa tslí sin, coinníodh lucht na hórthóraiochta, tríd is tríd, amach uaithi. Choinnigh sí na himircigh, a thug a n-aghaidh siar, i ndiaidh Chogadh na Stát, amach uaidh freisin, sa tslí, nuair a bhí bailte móra eile ar chósta thiar Chalafóirnia ag fás as cuimse mór, agus ag bailiú saibhris chucu, faoi mar a bheadh Dia á rá leo, d’fhan Santa Barbara, beag, scoite, iargúlta, agus gan mórán airde ag éinne air.

Mar sin fhéin, bhí a bhuanna fhéin ag Santa Barbara. Bhí suíomh den scoth aige, bhí pobal deas, séimh, sibhialta, aige, agus bhí aeráid neamhaí ag roinnt leis freisin. Fritheadh ola go flúirseach sa dúiche sin freisin, agus roinnt áirithe de, faoin bhfarraige, agus, ar bhealach do-thuigthe anois, ceapadh ag an am, nach bhféadfá aer na háite sin a bhualadh, ar a shláintiúla is a bhí sé, agus tuigeadh go mba í cúis a bhí le sin, nó boladh an ola úd measctha ar aer sláintiúil na háite. Chomh maith leis na buanna sin, bhí flúirse ruibhthoibreacha sa dúiche sin freisin. Sa tslí sin, thosaigh daoine ag teacht chucu, ina nduine is ina nduine, ar dtús, agus ansin ina miondreamanna, agus ar ball, ina gcaise do-stoptha, agus ní ó na Stáit Aontaithe amháin a tháinig siad, ach ó cheithre hairde an domhain mhóir, agus iad uilig ar thóir na sláinte, na háilleachta nó na haeráide, nó ar thóir cibé bua a shanntaigh siad, agus a tuigeadh dóibh a bheith ar fáil go fial, i gcathair Santa Barbara.

Thug Charles Nordhoff cuairt ar Santa Barbara sa bhliain 1872. B’amhlaidh a chuir an “Southern Pacific Railway” timpeall Chalafóirnia é, le cuntas a scríobh faoina raibh le feiceáil, agus le tabhairt faoi deara, le linn a chuairte. Féach mar a chuir seisean é….

“Santa Barbara is on many accounts the pleasantest of all the places I have named……Santa Barbara has the advantage of a pleasant society and an exeellent school. It is in fact a cozy nest of New England and Western New York people, many of whom originally came here for their health, and remain because they are charmed by the climate.”

Sea, níor chuir a hiargúltacht isteach ar Charles. Ach cosúil le bailte eile, ag an am, ní raibh aige, ach thíos seal agus thuas seal.

Ach, tar éis dó blianta fada a chaitheamh ar thóir an dul chun cinn, agus tar éis dó an lámh in uachtar a fháil ar smugléirí, ar robálaithe, agus ar ghadaithe bóthair, d’éirigh leis teacht slán, agus diaidh ar ndiaidh, shleamhnaigh sé chun tosaigh, dá míle ainneoin. Agus bíodh go raibh baile álainn cultúrtha, seanaimseartha, ansin, ó aimsir na Spáinneach i leith, níor cuireadh aon bhéim ró-mhór ar an dul chun cinn, go dtí gur ghealaigh ré na Stát Aontaithe, fiú amháin i leagan amach na sráideanna, ní raibh bun nó barr leo, go dtí ré sin na Stát. Féach mar a cuireadh é……

Santa Barbara’s first neighbourhood was comprised of adobes scattered haphazardly around the Presidio. By 1850, the number of adobes had increased, but they were still built on sites with no apparent organisation. Americans brought with them a passion for organisation and knew that a logical street system was an essential first step. In 1851 the Common Council authorised Captain Salisbury Haley to survey and plat streets in square, uniform blocks 150 feet wide.

Bhuel, bhí an gnó sin déanta, agus déanta go maith, agus bíodh nár cuireadh an plean sin i gcrích láithreach bonn, ag an am gcéanna, bhí an plean ansin, agus diaidh ar ndiaidh, bhíothas ábalta tarraingt ar an bplean cumasach sin.

Ba bheag tionchar a bhí ag Cogadh na Stát ar Santa Barbara, no bhí an áit ró-iargúlta, agus is dócha freisin, nár breathnaíodh fós, i ndáiríre, ar Chalafóirnia, mar chuid dílis de na Stáit Aontaithe, sea, agus cuir le sin, go raibh Santa Barbara i bhfad amach ó láthair an chogaidh chéanna sin, a bhí ag réabadh leis na mílte míle soir uaidh, agus chomh maith le sin, thógadh sé, idir 20 agus 30 lá, do nuacht faoin gcogadh céanna sin iad a shroichint, nó ba mhinic cathanna an chogaidh sin á dtroid, thart ar thrí mhíle míle ar shiúl uathu.

Níor shroich an bóthar iarainn fhéin Santa Barbara go dtí tús an fichiú haois, ach uaidh sin amach, níor mhothaigh muintir Shanta Barbara scoite amach feasta. Bhí uisce reatha, leictreachas, ospidéil den scoth, ar fáil sa chathair sin feasta, agus nuair a tharla, sa bhliain 1922, gur éirigh leis an nDochtúir William Sansum insulin fad-oibríoch a fhorbairt, bhí tarriangt ag diabaetigh an tsaoil mhóir ar Santa Barbara, feasta.

Ach, i ndeireadh na dála, tuigeadh do na dúchasaigh, gurbh í an turasóireacaht an tionscal ba mhó a d’oirfeadh dóibh, sna blianta a bhí amach rompu, agus chuige sin, chuireadar chun oibre le fonn, le háiseanna oiriúnacha a chur ar fáil, leis an dtionscal sin a chothú agus a fhorbairt. Tuigeadh freisin, go mba bhreá ar fad an láthair é, d’fhilí, do phéintéirí, agus d’ealaíontóirí de chuile shórt.

Faoin am seo, áfach, tuigeadh go raibh sráideanna áirithe gránna go maith fós, ach thug crith talún na bliana 1925 deis dóibh, roinnt mhaith de na seansráideanna sin a chartadh amach, agus a atógáil, de réir Phlean Haley. Bhí daonra na cathrach nua seo ag dul i méad an t-am ar fad áfach, nó d’fhan roinnt mhaith de na turasóirí, agus chuireadar fúthu sa bhaile álainn sin Santa Barbara. Faoin mbliain 1950 tógadh ár seanchara, Saorbhealach 101, a bhí mar cheangal idir San Francisco, ó thuaidh, agus San Diego, ó dheas.

Bhí a sheal freisin ag Santa Barbara ar na scannáin, nó sa bhliain 1910, bhí an Saotharlann Scannán ba mhó ar domhan, suite sa chathair sin, agus faoin mbliain 1911, bhí trí chomhlucht scannán lonnaithe ann. Ar feadh scathaimh, mar sin, baineadh úsáid as sléibhte Santa Ynez, agus as tránna Santa Barbara, mar chúlra do na céadta scannán. Ní bhíonn in aon rud ach seal, áfach, agus faoin mbliain 1918, ocht mbliana gairide i ndiaidh bhunú an tionscail sa chathair álainn sin, faoi mar a bheadh sneachta na bliana anuraidh ann, bhí na comhluchtaí móra sin uilig scuabtha leo ó dheas, ar thóir na bhfoirgneamh ard, faoi mar a bhí le fáil acu i Los Angeles, nó theastaigh foirgnimh mhóra arda uathu, leis an saol uirbeach, a bhí mar chúlra anois do bhunús na scannán a bheadh á ndéanamh feasta, a léiriú.

D’éirigh lenár dtreoraí an t-eolas sin uilig faoi Santa Barbara a roinnt linn, agus muid ar ár mbealach timpeall na cathrach sin, ar ár sáimhín só. Thuirlingíomar fhéin den tram sin, seal, thíos ag an gcéibh, agus d’éirigh linn teacht ar bhialann oiriúnach, le lón a chaitheamh ansin, agus muid ag breathnú ar dhealbh cháiliúil úd na muc mara, atá suite taobh leis an gcéibh. I ndiaidh an lóin sin, chaitheamar seal ag breathnú thart ar an gcuid sin den chathair. Bhí áilleacht de chuile shórt leata amach ansin, os ár gcomhair amach, agus baill de chiníocha an tsaoil mhóir ag baint taitnimh as. Ar ball, d’éirigh linn suíochán a fháil ar ar dtram, a raibh cúrsa na cathraach tugtha aige, agus é ar a bhealach ar ais chuig Misean Santa Barbara arís. Chuamar ar bord. D’fháiltigh an tiománaí romhainn, agus lean air ag ríomh stair agus scéal na cathrach áille sin Santa Barbara. Thóg sé sinn suas chun dáta le scéal na cathrach, agus mhínigh an fhadhb ba mhó a bhí ag an gcathair, sa lá atá inniu ann.

Cén fhadhb, an ea?

Fadhb na tithíochta, d’eile!

Tá an fharraige ar thaobh amháin den chathair, agus na sléibhte timpeall uirthi, agus sa tslí sin, níl mórán áite acu le tuilleadh tithe a thógáil, agus dár ndóigh, is ar thaobh na sléibhte atá na boic mhóra ag lonnú, agus is beag deis atá ag oibrithe, cosúil leis an tiománaí fhéin, teacht ar theach, rud a chuirfeadh Baile Átha Cliath, agus cathracha eile na tíre seo, i gcuimhne do dhuine. Ach nach comhartha saibhris é sin? Sea, agus tiocfar ar a leigheas, amach anseo.

Bhuel, faoin am sin, bhíomar tagtha ar ais arís go dtí Misean Santa Barbara. Thuirlingíomar den bhus. Chaitheaamar seal ag guairdeall timpeall, agus ag tabhairt chuile shórt faoi deara, agus nuair a bhí lán ár súl bainte againn as an Misean, agus as a thimpeallacht, thugamar aghaidh ar ár dTeach Ósta, i Sráid Bath. Ní call dom a rá, go raibh an lá sin i ngar do bheith caite, agus d’ullmhaíomar sinn fhéin do dhinnéar na hoíche sin sa Teach Ósta, san Encina Lodge and Suites, agus ní call dom, ach oiread, a rá, gur dhein siadsan freastal fial, flaithiúil orainn, agus gur roinn siad nua gach bia agus sean gacha dí orainn, gan dochma gan gorta.

Ar ball, chaitheamar seal ag breathnú ar an teilifís, agus seal eile ag comhrá agus ag ullmhú don lá dár gcionn, nuair a bheadh muid ag tabhairt ár n-aghaidh ar Phismo Beach, cathair eile cois cuain, a bhí tamall ó thuaidh ó Santa Barbara, agus é cóngarach do San Luis Obispo

Ach b’fhéidir gur leor sin de chuntas ar Mhisean Santa Barbara, agus ar an gCathair a d’fhás aníos as dúshraith an Mhisin Spáinnigh chéanna sin.

Go dtí an chéad bhabhta eile, mar sin….

Slán………..

.

***************

Peadar Bairéad.

***************

.

.

en_USEnglish