Bóithrín na smaointe, memory lane; so-mharfacht, mortality; talamh cuir, arable land; ar an gcéad ásc, in the first place; gleáradh, racket; Lá Coille, New Year’s Day; san athbhliain, in the new year; “Tatie Hokers”, potatoe pickers.
A t h b h l i a i n F a o i M h a i s e D h a o i b h
I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad
An tráth seo bliana, téann seandaoine siar bóithrín na smaointe, mar tuigtear dóibh go bhfuil na blianta ag sleamhnú uathu ar nós na gaoithe, agus go bhfuil cloch eile ar a bpaidrín imithe trína méireanna, cloch nach bhfillfidh, agus is dócha go gcuireann sin a so-mharfacht fhéin i gcuimhne dóibh, mura n-éiríonn le tada eile sin a dhéanamh. Mo chuidse de, tuigtear dom nach ndéanann sé maitheas ar bith do dhuine, bheith buartha, brónach, faoi na cúrsaí sin, mar níl le déanamh aige ach ceirín den díchuimne a chur leis, agus é fhéin a ullmhú don bhliain úr atá ag síneadh roimhe amach, faoi mar a bheadh turas dúshlánach ag síneadh roimh oilithreach, á mhealladh, is á spreagadh, chun tosaigh arís.
Nuair a smaoiním fhéin ar an tráth seo bliana, téann mo chuimhne siar láithreach chuig an áit in ar rugadh mé, in Iorras Domhnann i gContae Mhaigh Eo, sea, siar chuig an tír úd a shíneann ó “Chnocán a’ Líne go dté tú go dtí an Fál Mór.” Smaoiním, i dtosach báire, ar an taobh álainn sin tíre, gona páirceanna loma, sceirdiúla; coinlíní anseo, agus iomairí bainte san áit eile; linnte uisce thall, agus sraitheanna féarmhara abhus; ach tríd is tríd, bhí a chuma ar chuile shórt nár ró-mhéith an talamh a bhí leata os do chomhair amach, bíodh go raibh chuile chosúlacht ar chúrsaí, go raibh dian-saothrú á dhéanamh ar aon talamh cuir, a bhí le fáil sna bólaí thart timpeall. Amuigh ar imeall na spéire, bhí na hoileáin feistithe go daingean i bhfarraige tóigthe, garbh, guagach.
New Year Memories
Ach, thar aon rud eile, smaoiním ar Oíche Chinn Bhliana, agus ar na nósanna agus ar na cleachtaí a bhain leis an bhféile suimiúil sin.
Céard iad na nósanna atá i gceist agam, an ea?
Bhí, ar an gcéad ásc, na nósanna dúchasacha, nósanna ar nós na rúin athbhliana a dhéantaí go forleathan, an tráth sin. Ba ghnáth-ábhar cainte é i measc na cosmhuintire, an tráth sin é.
“Cén rún athbhliana atá déanta agat fhéin don bhliain seo chugainn?”
“Bhuel, tá socraithe agam éirí as an diabhal píopa seo, sin má fhágann Dia an tsláinte agam.”
Déarfadh fear nó bean eile go raibh siadsan meáite ar dhul go hAlbain, le roinnt pingneacha a shaothrú san athbhliain, le seo nó le siúd a dhéanamh. Bhí nós eile i measc daoine, an tráth sin, fáil réidh le salachar na bliana a bhí ar an dé deiridh. Sea, ghlanaidís agus sciúiridís iad fhéin, sa chaoi go mbeidís glan, néata, ag dul isteach thar thairseach na bliana nua dóibh. Ní bhíodh daoine sásta aon airgead a chaitheamh Lá Cinn Bhliana, nó chreid siad dá ndéanfaidís go leanfaidís an nós céanna sin ar feadh na bliana a bhí rompu amach. Ó, mo dhearmad! bhí nós aisteach eile acu thiar inár measc an t-am sin freisin, agus b’in an pharáid tríd an mbaile, ag tosú ar bhuile an mheánoíche. Bhailíodh daoine óga an bhaile le chéile, i dtosach, agus duine ar bith a raibh aon chumas ceoil ann, bhíodh seisean ansin agus uirlis eicínt ceoil leis, agus ansin thosaíodh an ceol agus théadh an pharáid ó cheann ceann an bhaile, agus ceol agus glearadh ar siúl acu agus iad ag fáiltiú roimh an bhliain úr. Ar a mbealach ar ais, théidís isteach i dteach anseo is ansiúd agus chuirfí fáilte rompu, agus mhúchtaí a dtart tar éis tuirse na máirseála!
Foreign Customs
Chomh maith leis na nósanna sin, bhí in ár measc freisin, roinnt nósanna a tógadh isteach ón iasacht.
Conas a tharla a leithéid?
Bhuel! an t-am sin, théadh roinnt mhaith de mhuintir na háite go hAlbain le fataí a phiocadh d’fheirmeoirí móra na tíre sin. Ba spailpíní iad, agus ní gá a rá nach é saol an mhada bháin a bhíodh acu thall. Ní gá ach Tubaiste “Kirkintulloch” a lua, le sin a chur abhaile ar éinne a chaith seal ina “Tatie Hoker” thall. Ach ní chuige sin atá mé, ach chuige seo. Minic a d’fhanadh lucht pioctha na bprátaí thall ar feadh tréimhe i ndiaidh dóibh deireadh na bprátaí a bheith pioctha acu. Ag náibhíocht a théidís, de ghnáth, agus bhídís in Albain mar sin don bhféile is mó ag Albanaigh, sé sin, “Hogmaney”, nó Oíche Chinn Bliana, agus sa tslí sin, phiocadar suas nósanna Chinn Bhliana na tíre sin. Chaith m’athair roinnt mhaith blianta thall, le linn a óige, agus mar sin, níorbh aon ionadh go leagtaí béim faoi leith ar an “Hogmanay”, sa teach s’againne. Ba é nós an “First Footer” an chéad cheann de na nósanna sin, a chuaigh i gcionn orm fhéin, agus mé ag fás aníos thiar. B’in an nós a bhí acu fáilte faoi leith a chur roimh an chéad fhear a bhuaileadh isteach thar thairseach chucu Lá Coille. Anois, ná ceap go bhfuilimse ag rá go dtarraingeodh bean mí-ádh, nó droch rath, ar theaghlach, dá dtarlódh go mba í an chéad chuairteoir, thar thairseach isteach chucu, Lá Coille, ach nach bhfuil a fhios ag madraí an bhaile fhéin, gur mar sin a bhí cúrsaí in Iarthar na hÉireann, an tráth úd. Chonaic mé fhéin, le mo shúile cinn, beirt iascaire ag iompú ar a sála abhaile, toisc gur bhean an chéad duine a bhuail leo, ar a mbealach chun na farraige. B’in mar a bhí an saol an t-am sin. Bhaineadh fir óga leas as an nós sin, agus théidís timpeall an bhaile, sa chaoi go mbídís maith go leor, nuair bhíodh cúrsa an bhaile tugtha acu. Bhí col cúigir agam fhéin, agus bhí a nós fhéin aigeasean le fáilte a chur roimh an bhliain úr. Bhí seanbhuidéal gan tóin aige, agus thart ar mheánoíche, thagadh sé amach ag binn a thí agus shéideadh trí rois chluaisphléascacha as, – roiseanna a chuirfeadh an Barr Bua a shéideadh an Fhiann fadó, i gcuimhne do dhuine, – ag fágáil slán ag an tseanbhliain, agus ag fáiltiú roimh an bhlain úr, nós adeireadh sé, a d’fhoghlaim sé le linn a óige, agus nach raibh sé de chroí aige an nós céanna sin a bhriseadh, ar feadh a shaoil uilig. Tuigeadh dúinne go mba nós Albanach é an nós céanna sin freisin.
New Customs
Bhain na nósanna sin uilig le saol atá caite, caointe, adhlactha, anois, ach ní hionann sin is a rá nach bhfuil a nósanna fhéin ag daoine, sa lá atá inniu ann, nó tá, bíodh go bhfuil siad difriúil ar fad leis na nósanna a bhí acu fadó, ach ag an am gcéanna, feicfidh tú go bhfuil cosúlachtaí eatarthu freisin. Tóg mar shampla daoine ag séideadh adharca a ngluaisteán um mheánoíche Chinn Bhliana, nach cosúil é le nós mo chol cúigir? agus céard faoi nós na dtinte ealaíne a scaoiltear inairde sa spéir, agus na cloig a bhuailtear, le torann agus gleáradh a dhéanamh, le fáilte a chur roimh an bhliain úr? nach bhfuil cosúlachtaí idir sin agus an ceol agus an gleáradh a bhíodh ag óige an bhaile s’againne, fadó, agus iadsan ag fáiltiú roimh an bhliain úr, ina lá fhéin. N’fheadar an ndéanann éinne rún athbhliana sa lá atá inniu ann, ach déarfainn go bhfuil daoine ann a leanann an nós céanna sin freisin. Ach, nach cuma faoi sin, nó bíonn cineál eagla ar chuile dhuine againn agus muid ag buaileadh bóthair isteach trí chríocha úra na bliana nua. Mar sin, an tráth seo bliana, guímse rath agus séan ar chuile dhuine dem’ léitheoirí.
Athbhliain faoi mhaise dhaoibh uilig, agus gura seacht fearr a bheas muid uilig bliain ó anocht.
.
.
.
.
.
.
.
.
.