Leabhar spreagúil

.

American Youth……………………..Céadchló….2007

By

Phil Lamarche………………………………………..£12.99

.

.

De thimpiste a tháinig mé ar an leabhar seo, a chéaduair. Thíos i Leabharlann an Locha Bhuí a bhí mé, agus mé ag ransú liom trí na seilpeanna leabhar, féachaint an bhféadfainn teacht ar leabhar eicínt, a dhúiseodh aithinne na fiosrachta sa chroí istigh ionnam. D’oscail mé an leabhar seo, agus bhreathnaigh mé ar an leabhar úd, agus léigh mé brollach an leabhair úd eile, ach faic ní fhaca mé, a chorródh an croí istigh ionnam, ach ansin, de phlimp, chonaic mé an leabhar seo, a raibh clúdach spreagúil air, pictiúr láimhe a bhí deartha air, agus an chorr mhéar, agus an mhéar fhada, sínte amach, agus scríofa orthu siúd bhí…American Youth….Sea, agus os cionn na láimhe sin, ar an gclúdach, bhí, idir chomarthaí athluaite…

‘Gripping and memorable’

Colm Tóibín

Ba é a cheap mé i dtosach, nó go mba é Colm s’againne a scríobh an leabhar seo, agus ba mhó mo spéis ann dá bharr sin, ach ba ghearr gur thuig mé gurbh e a bhí i gceist, nó go raibh Colm tar éis an leabhar a léirmheas, agus tar éis an iomláin, bheartaigh mé triall a bhaint as an leabhar seo. Rinne mé a raibh le déanamh agam leis an leabhar a thabhairt abhaile liom, agus ar ball, nuair a fuair mé an deis chuige, thug mé faoin scéal a léamh.

I mbun Diabhlaíochta!

Osclaíonn an scéal le Teddy leClare, an príomhcharachtar, nó Theodore, mar a thugann daoine áirithe air, agus cara leis, Terry Duvall, agus iad amuigh leo fhéin, i mbun diabhlaíochta, nó chaitheadar buamaí peitril, féachaint céard a tharlódh. D’éirigh leo teacht saor ón ngábhadh sin, ach tugann an méid sin blas eicínt dúinn, ar a bhfuil idir chamáin ag an údar sa scéal seo. Ar ball, tagann comrádaithe eile le Teddy leClare isteach ar chuairt chuige, nó tá Teddy leis fhéin sa teach, agus ó tharla go raibh an-spéis ag athair Teddy i ngunnaí, bhí roinnt mhaith gunnaí timpeall an tí acu, agus theaspáin Teddy na gunnaí sin dá chairde, Bobby agus Kevin Dennison. Bhíodar ag útamáil leis na gunnaí céanna, agus cuir Teddy piléar isteach i gcraos ghunna acu. D’fhág sé na gasúir eile ag súgradh leis an ngunna, agus ba é toradh a bhí ar an eachtra sin nó gur scaoileadh an t-urchar sin, agus gur maraíodh duine de na deartháireacha. Bhí Bobby bocht sínte ar fhleasc a dhroma ar an urlár agus é gan aithne gan urlabhra. Ní gá a rá go raibh Teddy sáite go dtí na cluasa i dtrioblóid.

Strainséirí le díbirt

Ar ball, d’éirigh sé mór le buíon gasúr ina scoil, buíon antoisceach, a bhí eagraithe, le chuile iarracht a dhéanamh ar strainséirí a dhíbirt as an gcomharsanacht sin. George, ab ainm dá gceannaire. D’fhéadfadh sé tarlú go raibh tuistí na ngasúr sin páirteach i ngrúpaí antoisceacha, arbh fhuath leo, duine ar bith nach raibh sásta rómhar faoi mar a dhéanaidís fhéin é. Thit Teddy i ngrá le Colleen, an cailín, a raibh George ag siúl amach lei. Ar aon nós, bhí na gasúir seo sásta dul amach, faoi choim na hoíche, agus dochar a dhéanamh do shealús strainséirí ar bith, a raibh cónaí orthu ina measc. Anois, bíodh go raibh Teddy sásta taobhú leis an mbuíon seo, ar feadh scathaimh, ar deireadh thiar áfach, tuigeadh dó nárbh é an bealach ab fhearr é, nó ní bheadh de thoradh air, i ndeireadh thiar, ach fuath, trioblóid, agus foréigean. Sea, agus scar sé le Colleen, freisin.

Cora Crua an tSaoil

Mhol a mháthair do Teddy ráiteas bréagach a thabhairt do na póilíní, agus ghlac sé leis an gcomhairle sin ar feadh tamaill, ach i ndeireadh na dála, fuair sé a bhealach fhéin as an mbogach morálta ina raibh sé sáinnithe. D’inis sé an fhírinne do na póilíní, thréig sé an bhuíon antoisceach, agus tugann sé le fios dúinn, go raibh sé ag fáil an láimh in uachtar ar an gclaonadh do-bhuailte chun dochar a dhéanamh dó fhéin, a bhí a chrá le blianta. Sea, tá Teddy ag fás agus ag forbairt leis, agus bheadh dóchas ag duine, go n-éireodh leis teacht i dtír, mar dhuine maith meáite, morálta. Ar bhealach, is gnáth-ghasúr é Teddy, a dtagann cora crua an tsaoil sa mbealach air, agus an baol ann go dtreascródh siad é, ach ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile, nó b’fhéidir gur de thimpiste é, ach dhealródh sé, go n-éiríonn leis na deacrachtaí sin uilig a shárú, agus teacht slán. Téann an t-údar ar oilithreacht trí aigne do-thuigthe, do-mhúnlaithe, do-fhorbartha, na hóige, agus é ag iarraidh ciall a bhaint as an earra céanna sin.

B’fhéidir go mbainfeá fhéin taitneamh as an scéal seo? Nó is leabhar é a théann i bhfeidhm ar an léitheoir, agus a fhanann mar iarsma spreagúil ar théip na cuimhne.

.

Peadar Bairéad

  

.

en_USEnglish