The Storyteller

by

Jodi Picoult

—————————————————————————–

Scéal Sage Singer

Peadar Bairéad

hé seo an chéad úrscéal a shil ó pheann an údair sciliúil seo, Jodi Picoult, nó tá clú agus cáil idirnáisiúnta bainte amach aice cheana lena saothar liteartha, agus glactar leis anois, go bhfuil sí ar dhuine de bhanúdair cháiliúla na glúine seo. Sa leabhar spéisiúil seo, díríonn sí tóirse a taighde, agus a pinn, ar Champa Géibhinn Auschwitz i rith an dara Cogadh Domhanda, ar a mhodh oibre, agus ar a modh rialaithe, chomh fada is a bhain siad sin le daonra, agus le ceannairí an Champa scannrúil, mhídhaonna, céanna sin. Ach le díriú ar an scéal fhéin….

In aois a cúig bliana fichead, casadh Sage Singer agus Josef Weber ar a chéile, tráth raibh an bheirt acu ag freastal ar ghasra, a raibh sé d’aidhm acu cúl a chur ar a mbuairt, is ar a mbrón, iar bhás carad, nó gaoil. Cailleadh máthair Sage go gairid roimhe sin agus b’in an chúis gur tharraing sí ar an ngasra céanna sin. D’éirigh an péire sin mór le chéile, bíodh go raibh bearna de sheachtó bliain eatarthu, nó bhí Josef cúig bliana is nócha faoi’n am sin. Ó tharla go mba de shliocht Giúdach í Sage, agus ó tharla gur chaith Josef go huafásach le Giúdaigh i gCampa Géibhinn Auschwitz, mar ba dhuine de cheannairí an Champa sin é, i rith an Dara Cogadh Domhanda. Shocraigh Josef ina aigne, go n-iarrfadh sé ar Sage lámh chúnta ina bhás fhéin a thabhairt dó, nó bhí ag teip air ualach a chiontachta a iompar feasta, agus tuigeadh dó, go bhféadfadh Sage maithiúnas thar cheann na nGiúdach sin a thabhairt dó, ach is amhlaidh a thug sí cuairt ar Leo Stein, dlíodóir, fear a chaith a laethe ar thóir na Naitsithe úd a chealaigh cearta daonna na nGiúdach i gCampa Géibhinn Auschwitz. Ón bpointe ama sin amach, rinne Sage ‘chuile iarracht ar fhianaise a chrochta a bhailiú faoi Josef. Fuair sí amach, nárbh é Josef Weber a ainm in aon chor, ach gurbh é Reiner Hartmann a ainm ceart, agus go raibh sé i gceannas ar Roinn na mBan de Champa Auschwitz i rith an chogaidh, agus go raibh a dheartháir, Franz, mar cheannaire ansin freisin.

Minka agus Darija

Tarraingítear seanmháthair Sage isteach sa scéal freisin, nó nuair a bhí an tseanmháthair Ghdach sin, arbh ainm di Minka, ina cailín óg, ó tharla go mba de shliocht Giúdach í, seoladh í fhéin agus cara lei, Darija, go Campa Géibhinn Auschwitz. Tugann an eachtra sin deis don údar cur sios mion cúramach a dhéanamh ar mhodh oibre agus ar mhod rialaithe an Champa sin. Léiríonn sí chomh mí-dhaonna, chomh cruálach, agus chomh mór faoi smacht na gceannairí Gearmánacha, a bhí daonra an Champa chéanna sin. Ar ball, d’éirigh le Minka éaló ón gCampa, agus ar deireadh thiar, chuir sí fúithi sna Stáit Aontaithe, áit ar éirigh lei saol nua a bhunú di fhéin ansin. Rinne sise Reiner Hartmann a aithint i ngrianghraf a thaispeáin Leo Stein di, bíodh nach raibh deis aice é sin a dhearbhú os comhair chúirt dlí, nó fuair sí bás sula raibh an deis sin aice.

Maith dhúinn ár gcionta”

Ag an bpointe sin, éiríonn ceist morálta do Sage. Theastaigh ó Josef go gcabhródh Sage leis é a chur chun báis, mar mhodh le maithiúnas a fháil ina dhrochbhearta i gcoinne na nGiúdach, ach ansin scrúdaíonn an t-údar an dearcadh sin. Tuigtear don údar nach bhféadfaí maithiúnas a thabhairt ach do dhuine a chiontódh i do choinne fhéin, agus iompaíonn sí ar an ‘Ár nAthair’ leis an dearcadh sin a chruthú, nó sa Phaidir sin, guíonn duine go maithfeadh Dia a pheacaí dó, faoi mar a mhaitheann seisean dóibh siúd a pheacaíonn ina choinne fhéin.

Ar thug Sage an chabhair sin do Josef lámh a chur ina bhás fhéin? nó ar dhiúltaigh sí dó? Ar tógadh Josef os comhair cúirte lena chiontacht a chur sa mheá agus breith chóir a thabhairt air?

Le freagra na gceisteanna sin a fháil, caithfidh tú an leabhar spéisiúil sin a fháil, is a léamh. Bheadh sé deacair locht a fháil ar stíl nó ar chur chuige an údair sciliúil sa scéal seo, agus caithfidh mé a admháil, gur chuir mé fhéin speis, agus dhá spéis, sa leabhar céanna sin, ach b’fhéidir, dá mbeinn macánta amach is amuigh, nach mó ná sásta a bhí mé leis an gcríoch a chuir an t-údar leis an scéal corraitheach seo. Céard fútsa?

.

en_USEnglish