I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Ár nDaonlathas i mBaol?

Ní raibh saol an mhada bháin ag an bpobal s’againne ó d’fhág séathlú an Tíogair Cheiltigh san fhaopach sinn. Roimhe sin, áfach, bhí an lá faoin dtor ag roinnt áirithe dár ndaoine, nó bhí sparán an náisiúin, sparán a bhí teann go leor le roinnt mhaith acu a ardú ar dhroim na muice. I rith na tréimhse sin áfach, ní raibh mórán daoine anseo ag iarraidh fís fhadtéarmach an náisiúin seo a scrúdú, nó an ród seo romhainn a aimsiú, nó a lorg, fiú. Tuige a’ ndéanfadh, nó nach raibh a ndóthain mhór acu le saol sona sásta a chur in áirithe dóibh, fad a mhairfidís? Tá sé fíor nár scrúdaigh siad go ró-chruinn buaine a maoine, nó seasmhacht a saibhris, nó bealach a leasa, fiú. Leor don lá a fhadhbeanna fhéin! Nach raibh ár bPoblacht neamhspleách fhéin againn, sea, ár bpoblacht daonlathach fhéin, a baineadh amach trí chruatan, trí anró, trí fhuil, agus trí dhúthracht díograiseach, diongmhálta, ár ndaoine fhéin.

Democracy undermined

I rith an ama sin go léir áfach, bhí cruimheanna an leithleachais, agus na sainte, ag ídiú shubstaint a bhfíse, agus brí a ndaonlathais, i ngan fhios dóibh, d’fhéadfá a rá. Ní inné nó inniu a thosaigh an claonadh inár measc gan aon ró-aird a thabhairt ar ghlaine, nó ar shainghnéithe, an daonlathais fhéin. Bhí laigí in ár gcóras toghchánaíochta, nó níorbh iad an chosmhuintir fhéin a roghnaigh a n-iarrthóirí do na toghcháin sin, chuile bhabhta. Níorbh iad, nó nárbh iad ceannairí na gcumann, agus na bpáirtithe polaitíochta, a rinne an gnó tábhachtach sin, thar a gceann? Níor chuir sin isteach go ró-mhór ar an gcóras, chomh fada is a bhí Rialtais aon-pháirtí againn, ach ansin, nuair a theip ar aon pháirtí acu Rialtas a chumadh as a n-ionadaíocht fhéin, b’éigean dóibh smaoineamh ar Chomh-Rialtas a ghaibhniú as a bpáirtí fhéin, i gcomhar le páirtí, nó le páirtithe eile, agus chuige sin, b’éigean dóibh dul i mbun na margántaíochta le páirtí, nó le páirtithe eile. Sin, nó b’fhéidir go mbeidís sásta bheith ag braith ar roinnt áirithe Neamhspleách, le móramh a thabhairt dóibh sa Dáil. Go bunúsach, ní bheadh locht ar bith ar shocrú dá leithéid, ach nuair a bhí gá le margántaíoch, le sin a dhéanamh, bhuel, b’in scéal eile ar fad. Anois, ní inné ná inniu a tosaíodh ar an gcéapar céanna sin, nó nach bhfuil cuimhne againn uilig ar ainmneacha ar nós Jim Kemmy, agus a leithéid, ach cuireadh crot nua ar fad ar chúrsaí nuair a rinne Charles Haughey margadh le Tony Gregory, ar choinníoll go dtabharfadh seisean tacaíocht don Rialtas, i vótaí sa Dáil. Sa chás sin, b’éigean do Chathal geallúint a thabhairt do Tony go dtabharfaí buntáistí áirithe do mhuintir a dháilcheantair seisean, mar íocaíocht as an tacaíocht chéanna sin.

Duties of a T.D.

Anois, tá’s ag an saol, gurbh é dualgas an Teachta Dála freastal ar mhuintir an cheantair sin a thoigh é, trína gcás a thabhairt, agus a chur, os comhair na Dála, agus ansin, dá dtuigfí don Dáil go raibh buntáiste ar bith dlite dóibh, thabharfadh siad sin dóibh, ach nár scéal eile ar fad é, nuair a dhéanfadh an Teachta margadh leis an dTaoiseach an buntáiste sin a thabhairt dóibh, beag beann ar thuairimí na Dála, suite i bParlaimint, agus iad ag feidhmiú ar mhaithe leis an dtír uilig. Tugann socrú dá leithéid an iomarca cumhachta ar fad do Theachta aonair amháin, cumhacht nach bhfuil tuillte aige, nó dlite dó, agus cumhacht a thagann salach ar phrionsabail an daonlathais, agus ar Chothrom na Féinne freisin. Nár chóir dúinn glacadh leis mar phrionsabal, nár cheart ligint do pháirtí ar bith nach mbeadh, ar a laghad, seacht dTeachta acu, bheith páirteach i margántaíocht le Rialtas nua a bhunú, agus i gcás na margántaíochta céanna sin, níor cheart go mbeadh acu sa Rialtas sin ach ionadaíocht, agus cumhacht, bunaithe ar a neart. Chomh maith le sin, níor chóir go mbeadh cead ag Teachta Neamhspleách ar bith bheith páirteach i mbunú, nó in eagrú Rialtais ar bith. Go bunúsach, nach dtéann siad os comhair an phobail mar Neamhspleáigh, agus nár chóir go gcrosfadh sin orthu bheith páirteach i Rialtas ar bith. Cead acu vótáil ar son an Rialtais, nó ina choinne, de réir mar a thogródh siad, ach níor chóir go dtoileodh Taoiseach ar bith margadh déthaobhach a dhéanamh leo.

Independent !

Le ciall an leagan amach sin a fheiceáil, níl le déanamh againn ach breathnú ar chúrsaí faoi mar a bhí i Rialtas an lae inniu, nó tá an Rialtas sin ag brath ar thacaíocht roinnt bheag Neamhspleách, Neamhspleáigh a bhfuil margadh maith déanta acu, ar mhaithe lena nDáilcheantar fhéin, nó tá dílseacht vótála na dTeachtaí sin ag brath ar choinníollacha áirithe, coinníollacha a gheallfhadh Ospidéal anseo, Cuarbhóthar ansiúd, Scéim díogaithe san áit úd eile, agus mar sin de. Níl dabht ar bith ann ach go gcreimeann, go loiteann, agus go milleann, socruithe dá leithéid foinsí bunúsacha ár nDaonlathais. Anois an t-am le féachaint chuige, go mbeadh chuile dheis ag ár muintir, súil ghrinn, bhreithiúnach, a chaitheamh ar an gcóras daonlathach, a mbaintear úsáid as i dtoghadh, agus i roghnú, ár Rialtaisí. An bhfuil ceart againn chuige sin? Bí cinnte go bhfuil! nó geallann an Bunreacht chuile cheart don phobal. Nach bhfuil sé thar am againn féachaint chuige, go ndéanann ár gcóras freastal ar ár riachtanais, sa todhchaí.

en_USEnglish