Athbhliain faoi mhaise dhaoibh uilig.

Peadar Bairéad

(Some thoughts about years past, and years to come)

Bliain úr ina rás chugainn!

Is breá liom píosa a scríobh faoi bhás na seanbhliana agus faoi bhreith na bliana úire, agus ar ball ansin, píosa eile a scríobh faoi rúin athbhliana. Agus na píosaí seo á gcur i dtoll a chéile agam, bíonn de nós agam dul siar ar phíosaí a scríobh mé blianta ó shoin agus athlua a dhéanamh ar roinnt dár scríobh mé sna hailt sin freisin. Mar sin, cuirfidh mé tús leis an bpíosa seo le véarsa as an dán sin, In Memoriam’, le Alfred Lord Tennyson, ina gcaoineann sé bás a charad, Arthur Hallum, sa bhliain 1841.

“Ring out wild bells to the wild sky,

The flying cloud, the frosty lights;

The year is dying in the night,

Ring out, wild bells, and let him die.”

Sea, clingigí libh a chloig chaointe, nó tá an tseanbliain ag síothlú i lár na hoíche seo, clingigí libh, agus lig di bás d’fháil. Nuair a smaoiním fhéin ar an tráth seo bliana, téann mo chuimhne siar chuig an tír úd a shíneann ó “Chocán a’ Líne go dté tú go dtí an Fál Mór.” Smaoiním, ar pháirceanna loma, sceirdiúla; coinlíní geala anseo, agus iomairí bainte san áit eile; linnte uisce thall, agus sraitheanna féarmhara abhus, ach b chuile chosúlacht ar chúrsaí, go raibh dian-saothrú á dhéanamh ar aon talamh cuir a bhí le fáil sna bólaí thart timpeall. Amuigh ar imeall na spéire, bhí na hoileáin feistithe go daingean i bhfarraige tóigthe, gharbh. Sin iad na cuimhní a ritheann isteach chugam ar thonn na cuimhne anois.

Sean-nósanna

Ag caint ar na nósanna a bhí coitianta inár measc ag an am….Bhuel! an t-am sin, théadh roinnt mhaith de mhuintir na háite go hAlbain le fataí a phiocadh d’fheirmeoirí móra na tíre sin. Ní gá a rá nárbh é saol an mhada bháin a bhíodh acu thall. Ní gá ach Tubaiste “Kirkintulloch” a lua, le sin a chur abhaile ar éinne nár chaith seal ina “Tatie Hoker” thall. Cloisimse fós iad, mo dhaid agus a chomrádaithe ag scéalaíocht faoi na blianta a chaith siad thall. Seo cupla véarsa a scríobh mé, blianta fada ó shoin, faoin salaiocht chéanna sin…

Cloisimse anocht iad ar leacracha mo chroí,

Cuimhní cinn ag rince, thréis blianta ina luí.

First-footers agus Haggis, ba-toighthe do na Gaeil,

Naavaithe lena sluaiste, ábhar dáin is scéil.

Minic a d’fhanadh lucht pioctha na bprátaí thall ar feadh tréimhe, i ndiaidh dóibh na prátaí a bheith pioctha acu agus bhídís in Albain mar sin don bhféile is mó ag Albanaigh, sé sin, “Hogmaney”, agus sa tslí sin, phiocadar suas nósanna Chinn Bliana na tíre sin. Chaith m’athair roinnt mhaith blianta thall le linn a óige, agus mar sin, níorbh aon ionadh go leagtaí béim faoi leith ar an “Hogmanay”, sa teach s’againne. Ba é nós an “First Footer” an chéad cheann de na nósanna sin, a chuaigh i gcionn orm fhéin, agus mé ag fás aníos thiar. B’in an nós a bhí acu fáilte faoi leith a chur roimh an chéad fhear a bhuaileadh isteach thar thairseach chucu Lá Coille. Bhaineadh fir óga an-leas as an nós sin, agus théidís timpeall an bhaile, sa chaoi go mbídís maith go leor, nuair bhíodh cúrsa an bhaile tugtha acu. Bhí col cúigir agam fhéin, agus bhí a nós fhéin aigesean le fáilte a chur roimh an bhliain úr. Bhí seanbhuidéal gan tóin aige, agus thart ar mheánoíche, thagadh sé amach ag binn a thí agus shéideadh trí rois chluaisphléascacha as, ag fágáil slán ag an tseanbhliain, agus ag fáiltiú roimh an mbliain úr, nós adeireadh sé, a d’fhoghlaim sé le linn a óige, agus nach raibh sé de chroí aige an nós céanna sin a bhriseadh, ar feadh a shaoil uilig. Bhain na nósanna sin uilig le saol atá caite, caointe, agus adhlactha, anois.

Mar sin, ag tus na bliana 2015, guímse rath agus séan ar chuile dhuine agaibh.

.

.

.

.

.

.

                         .

.

.

en_USEnglish