I mB é a l a n P h o b a i l .
Cothrom na Féinne, an ea?
(B’fhéidir go n-athraíonn roinnt áirithe dár ndearcadh ar cúrsaí spóirt, ó am go chéile, ach fanann prionsabal Chothrom na Féinne mar aidhm, agus mar chuspóir, ag bunús chuile dhuine, ar mór leis srian a chur ar chomórtas agus ar choimhlint, faoi mar a nochtar iad i ndúchas an spóirt sa daonnaí. Scríobh mé an píosa seo thíos, tamall ó shoin, faoi na cúrsaí seo, agus an tseachtain seo, ba mhaith liom filleadh ar an ábhar céanna sin, le deis a thabhairt don léitheoir an cheist a athscrúdú, i bhfainaise tarlúintí ag ár gcluichí, le tamall anuas.)
Nach iontach go deo é an spórt, mar chaitheamh aimsire, mar thógáil anama, agus mar leigheas ar an ngalar dubhach. Nuair atá duine gafa i líon an spóirt, cuirtear a anam faoi gheasa, agus a chorp faoi dhraíocht, agus saortar a spiorad, ó bhuarthaí greamaitheacha an tsaoil anróitigh seo. Nach cuma, i ndáiríre, cén cineál cluiche atá idir chamáin againn, cluichí aonair nó cluichí foirne, chomh fada is a ghlacann an duine daonna fhéin páirt in imirt an chluiche sin, mar imreoir, nó mar dhuine den lucht féachana. I ndáiríre, is iad na cluichí foirne is mó a imríonn a ndraíocht orainn, go háirithe ár gcluichí náisiúnta fhéin, nó labhrann siadsan le smior na gcnámh istigh ionainn, toisc gur chuid inmheánach, doscartha, dár n-anam iad. Mo chuidse de, bhain mé taitneamh nár bheag as cluichí a imirt le linn m’óige, bíodh anois nárbh aon saineolaí sna cúrsaí sin mé, ag an am gcéanna, níorbh aon iománaí ar an gclaí mé, ach oiread.
Ach, b’fhéidir anois, go gcuirfeá ceist orm faoi chluichí an lae inniu, An mbainimse taitneamh astu? nó an gceapaim go ndéantar iad a imirt ar mhodh spóirtiúil, fearúil, nó banúil, de réir mar a oireann? An dtugtar Cothrom na Féinne d’imreoirí na gcluichí céanna sin?
Sport Today ?
Mar adeireadh an tseandream fadó, is fusa go mór ceist a chur ná ceist a fhreagairt, agus nach deacair an sean-nath céanna sin a shárú? Leis an gceist a fhreagairt i gceart, is dócha go mbeadh ar dhuine a rá, go bhfuil difir mhór idir na cluichí gairmiúla agus na cluichí amaitéaracha, nó glactar le caighdeán faoi leith sna cluichí gairmiúla, toisc nach ar son an spóirt amháin a imrítear na cluichí sin. Is é bun agus barr na himeartha sin nó buachaint, ar ais, nó ar éigean. Sea, agus mura bhfuil bealach spóirtiúil le scór a stopadh, ansin glactar leis, go coitianta, go bhfuil sé ceadmhach, feall gairmiúil, mar a thugtar air, a dhéanamh. Má fheiceann an Réiteoir an feall sin, gearrfaidh sé pionós, de shaghas amháin, nó de shaghas eile, ar fhear déanta na coire, agus sin sin. Anois, sna cluichí Náisiúnta, amaitéaracha, toisc gur ar son an spóirt a imríonn na himreoirí, bítear ag súil le cineál eile caighdeáin iompair ar fad iontusan, agus i gcás imreora a bhfuil fuadar scórála faoi, ní ghlactar leis go bhfuil sé ceadmhac feall gairmiúil a dhéanamh air. Ionann sin is a rá, mura bhfuil ar chumas an chosantóra, an t-imreoir sin a stopadh, de réir rialacha an spóirt, ansin, ba chóir dó scaoileadh leis, nó bhí bua imeartha faighte aige ar an gcosantóir sin. Sea, mh’anam, agus má stoptar an t-imreoir sin, go fealltach, ionann sin is a rá nár tugadh Cothrom na Féinne dó, agus murar tugadh, briseadh rialacha an spóirt, go hoscailte, agus go náireach, freisin.
Tá sin go breá, ach an mar sin a imrítear na cluichí amaitéaracha ar ár bpáirceanna imeartha, lá i ndiaidh lae, agus seachtain i ndiaidh seachtaine? Bíodh trí splaideog céille agat, a mhac! Nó cá raibh tú aimsir na súl? Nach bhfeiceann tú na buillí fill a thugtar don té a fhaigheann scór, mar fholáireamh dó gan a leithéid a dhéanamh arís, agus nach bhfeiceann tú freisin, faoi mar a bhuailtear an t-imreoir maith, len é a cheansú, a smachtú, nó fiú, a chur den pháirc.
Why Not?
Agus tuige? adéarfadh duine, b’fhéidir, tuige a tharlaíonn a leithéid?
Chuile thuige, nó imrítear na cluichí amaitéaracha anois faoi mar ba cluichí gairmiúla iad. Déantar diantraenáil ar na himreoirí amaitéaracha, sa lá atá inniu ann, agus bíonn siad cíocrach, díocasach, teanntaithe suas, le bua a bhreith ar a gcéilí imeartha ar an lá, ar ais nó ar éigean. Breathnaigh ar na himreoirí seo sul má chaitear an chaid, nó an sliotar chucu isteach in aon chor, agus tuigfidh tú cad chuige a bhfuilim. Tá siad ansin sna píobáin ag a chéile, iad ag soncáil a chéile, ag imirt faltanais ar a chéile, ag brú, ag priocadh, ag bulaíocht, agus chuile chleas eile faoi luí na gréine á n-imirt acu, le léiriú dá gcéile imeartha, go bhfuil siad níos láidre, níos contúirtí, níos dainséirí, mar dhuine, ná eisean, cuma sa tsioc faoina máistreacht ar scileanna an chluiche. Agus ní hé sin amháin é, ach leanann an cineál sin iompair tríd an gcluiche ar fad, chuile iarracht á dhéanamh le bua a bhreith ar an bhfear eile, ní hamháin trí mháistreacht i scileanna na himeartha, ach trí bhealach ar bith eile, taobh istigh, nó taobh amuigh den mháistreacht chéanna sin, sea, agus nach beag an drugall a bhíonn ar imreoirí áirithe buille fill a bhualadh, amannta. Breathnaigh freisin ar iompar na mbuaiteoirí, i ndeireadh na himeartha thiar. Nach minic a chaitheann siad a ndúthracht ag déanamh comhghairdis lena chéile, in ionad comhbhrón a dhéanamh lena gcéilí imeartha. Anois, ná síltear go bhfuilim ag maíomh anseo, gur mar sin a tharlaíonan chuile bhabhta a théann foirne amaitéaracha ag imirt, nó ní mar sin atá, Bheadh ar dhuine ar bith a rá, go n-imríonn bunús na bhfoirne, agus na n-imreoirí, go fearúil, féaráilte, onórach, agus go léirionn siad meas agus ómós dá gcéilí imeartha, agus go gcraitheann siad lámh leo, go carthannach, cairdiúil, i ndiaidh an chluiche, ach nach ar an dream eile a dhírítear ár n-aird, go minic.
Reality Check !
Anois, b’fhéidir nach dtabharfadh éinne aird dá laghad ar alt mar seo, ag an am gcéanna, ba chóir dúinn uilig, caighdeán ár gcluichí a chur sa mheá, corruair. B’fhearrde go mór ár gcluichí a leithéid a dhéanamh go rialta!
.