I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Loyal Readers

Tharla ar na mallaibh, ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile, go ndeachaigh an scéal amach i measc ár léitheoirí, go rabhthas le críoch obann a chur leis an gcolún seo, “I mBéal an Phobail”. Ní call dom a rá, gur thóg sé mo chroí, nuair a fuair mé amach, go raibh daoine amuigh ansin nár theastaigh a leithéid de chinneadh uathu! Bhí mé an-bhuíoch de Mhicheál Ó Diarmada, as an litir bhreá uaidh, a cuireadh i gcló sa Pháipéar seo, agus mo bhuíochas freisin dóibh siúd a labhair liom faoi na cúrsaí sin, ag an am, ach faoi mar a tharlaíonn sé, níl an colún i mbaol a thuilleadh, agus beidh deis ag ár léitheoirí dílse pléisiúr agus taitneamh a bhaint as an gcolún seo, go ceann i bhfad fós!! Ar aon nós, chuir na smaointe sin uilig siar bóithrín na smaointe mé, siar thar na blianta fada atá caite agam i mbun pinn, siar go dtí an tús, nuair a ghéaraigh mé gob mo phinn, a chéaduair, le mo smaointe a bhreacadh ar phár, agus an chaoi ar roghnaigh mé an chéad teanga oifigiúil, mar mheán, le sin a chur i gcrích.

The Year of the Pope

.

Bíodh go bhfuilim ag gabháil do cheird seo na scríbhneoireachta, agus na hiriseoireachta, le breis agus leathchéad bliain anois, níor thosaigh mé ar cholún rialta a shaothrú do nuachtán go dtí bliain an Phápa, sé sin, sa bhliain 1979, nó seacht mbliana is fiche ó shoin, anois. I rith na mblianta uilig san idirlinn, rinne mé tagairt d’imeachtaí na Gaeilge, thall is abhus, is ar fud na tíre. Rinne mé iarracht freisin, ar cholún rialta léitheoireachta a chur ar fáil dóibh siúd ar theastaigh a leithéid uathu, agus bíodh go bhfuil sé deacair a chreidiúint anois, ach chuireadh sé iontas an domhain ormsa, nuair a chloisinn ó dhuine eicínt, ar an dtaobh eile den domhan, a léadh an colún céanna sin, agus a bhaineadh taitneamh agus pléisiúr as! Chomh maith leis na seirbhísí sin a chur ar fáil do phobal na Gaeilge, thuig mé freisin, go raibh scoileanna áirithe a bhaineadh úsáid as an gcolún seo, ar bhonn rialta, le hábhar comhrá, agus diospóireachta, a chur ar fáil don rang Gaeilge, uair sa tseachtain, agus ní gá dhom a rá leat, go gcuireadh an scéal sin gliondar ar mo chroí. Agus taobh amuigh de na dualgaisí sin a choimhlíonadh dom’ phobal léitheoirí, thug an colún sin deis dom freisin mo scéal fhéin a chur i mbéal an phobail, Ar éirigh liom sin a dhéanamh, an ea?

D’éirigh cinnte, agus b’fhéidir, amach anseo, go ndéanfainn fhéin, nó duine eicínt eile, thar mo cheann, iarracht ar na hailt sin uilig a ghaibhniú le chéile i bhfoirm leabhair. Nár bhreá an toradh é sin ar an gcolún seo ‘gainne, I mBéal an Phobail?

A Weekly Column

.

Anois, bhí cleachtadh eicínt faighte agam ar an iriseoireacht, sular thosaigh mé ag scríobh don Kilkenny People, nó bhíodh píosaí agam ar Inniu, Amárach, Anois, agus chomh maith leis na píosaí sin, bhíodh ailt agam go rialta, freisin, sna hirisí Ghaeilge, i bhFeasta, san Ultach, agus i gComhar, gan tagairt a dhéanamh in aon chor do, An Sagart, nó An Timire. Ach má sea fhéin, thug an nuachtán, an Kilkenny People deis dom, scil na cumadóireachta, na hiriseoireachtaa, agus na scríbhneoireachta a chleachtadh go rialta, i gcolún seachtainiúil, agus b’iontach go deo an smacht intinne a bhí sa chleachtadh sin, mar, cuma cén scéal é, bíodh fonn oibre orm, nó ná bíodh, bhíodh orm suí ansin, seachtain i ndiaidh seachtaine, agus alt a ghaibhniú as abhras na bhfocal a ritheadh liom ag an am. Taithí a dhéanann máistreacht, adeireadh an seandream fadó, agus bíodh nár éirí liom riamh máistreacht a fháil ar an gceird chéanna sin, ag an am gcéanna, shroich mé pointe, nuair a d’fhéadfainn alt, míle focal nó mar sin, a scríobh faoi ábhar ar bith ar domhan, sea, agus déarfainn go bhfuil an cumas sin ionnam fós!, agus is féidir leat a bheith cinnte, dearfa, go ndéanfaidh mé mo shaindhícheall, chuile phíosa a shilfidh ó mo pheann, a shnasú, a chíoradh agus a phiocadh, sa tslí, go dtuigfidh an léitheoir, nárbh aon amadán, nó gobán, a ghaibhnigh, nó a chuir i dtoll a chéile iad!

.

.

en_USEnglish