BREACADH NA MÍLAOISE.
.
Seasaim anocht liom fhéin,
Ar cheis chaol idir dhá bhliain,
Ceis atá fós ina shaidhm,
Go daingean, idir dhá aois,
Is a mheallann sinne uilig
Thar dhroichead an ama siar
Go cimín féaruaine méith
An tríú mílaois iar Chríost.
.
Tá an bhliain nócha naoi anois sínte,
Go tréithlag faoi chiach is faoi chrá,
Is gan súil go dtiocfaidh sí slán
Ó ghalair an ama is an bháis,
Is táimse ag fanacht le fonn
Ar uair na meánoíche, gan chrá,
Nuair a dhiúgfaidh mé gloine go tóin,
Ag fáiltiú roimh bhliain náid a náid.
.
Fágfaidh muid slán go brách,
Le fichiú haois seo an léin,
Aois an chogaidh is na plá,
Aois na mire is na mbréag,
Um mheánoíche na gcártaí anocht,
Fágfaimid slán go deo
Lena barbaracht is lena hár,
Is nár fhille a samhail níos mó.
.
Ar uair na meánoíche anocht,
Raghaimid thar an gceis úd anonn,
Go misniúil, dána, gan bhuairt,
Is siúlfaidh go cróga, le fonn,
Thar thairseach na mílaoise nua,
Lán dóchais, is creidimh, is brí,
Mar scalann dúinn solas go glé,
D’ár mealladh chun bóthair is slí.
.
Dúnfar an leabhar anocht,
Ar bhliain, ar mhílaois, is ar ré,
Rud nach dtarlóidh arís,
Go mbeidh dhá scór glún eile faoin gcré.
Mar sin, le misneach, is le croí,
Ólaimis a sláinte gan tocht,
Is guímis fad saoil agus séan
Ar a maireann ar an saol seo anocht.
.
(Oíche Chinn Bhliana 1999)
.
**********************************
.