.

C ú i s M h ó r t a i s a g u s Á t h a i s .

.

*******************

.

Níl dabht ar domhan, ach go bhfuil cúis mhórtais agus áthais againne anseo in Oileán na Naomh is na nOllamh, na laethe seo, agus geallaimse dhuit é, nach mórtas tóna gan taca é, ach oiread. Ní hea, mh’anam! Nó d’éirigh leis an tír s’againne éacht a dhéanamh in eagrú na gCluichí Oilimpeacha Speisialta anseo, i mbliana. Ní fhéadfadh éinne a rá, go mba éasca an gnó é, tabhairt faoina leithéid, ach chuaigh lucht eagraithe na gCluichí i mbun a ngnó, le samhlaíocht agus le misneach, agus ní fhéadfadh éinne a rá, nár éirigh leo an chraobh a sciobadh, chomh fada is a bhain sé le Cluichí ar dóigh a chur ar fáil do na lúthchleasaithe speisialta seo. Agus nár bhreá go deo an smaoineamh é Páirc an Chrócaigh s’againne a úsáid, mar ionad do na Cluichí glórmhara céanna sin, sea, agus nár chóir trácht freisin, ar an Linn iontach Snámha a bhí tógtha, d’aon ghnó, le bheith inúsáidthe do na Cluichí seo 2003. Ach, má tá muid le craobhacha a bhronnadh, ansin ná déanaimis dearmad ar iad a bhronnadh freisin, ar na mílte, agus na mílte, a bhí sásta a gcúnamh agus a gcabhair a bhronnadh, saor in aisce, ar lucht eagraithe na gCluichí Speisialta seo.

Sea, agus cá bhfágfá na bailte, agus na cathracha, ó cheann ceann na tíre, a bhí ag baint na sál dá chéile, ag iarraidh bheith ina n-óstaí do lúthchleasaithe thíre eicínt a bhí le bheith páirteach sna Cluichí. D’fháiltíodar roimh na buíonta seo, isteach ina mbailte, faoi mar ba chairde iad, a bhí imithe uathu ar dheoraiocht, leis na blianta, agus ghlacadar isteach ina bpobal iad, le fonn is le flosc, sea, agus ansin, thugadar chuile thacaíocht dóibh, faoi mar ba bhaill dá bpobal fhéin iad, iad á ngríosadh, á moladh, agus á móradh.

Déarfadh duine b’fhéidir, go raibh éacht déanta, ag pobail na tíre seo, in eagrú na gCluichí Oilimpeacha Speisialta seo, agus glacaim leis go raibh, ach má bhí fhéin, fuaireamar i bhfad níos mó uathu, ná mar a chaitheamar orthu.

Céard a fuaireamar uathu, a bhí chomh luachmhar sin, an ea?

Bhuel, d’éirigh leis na lúthchleasaithe seo, ceachtanna a mhúineadh dúinne, ceachtanna nach bhféadfaí teacht orthu bealach ar bith eile.

Cén cineál ceachtanna atá i gceist agam, an ea?

Ceachtanna faoi fhulaingt agus faoi fhoighid, ceachtanna faoi mhisneach agus faoi mhúineadh, ceachtanna faoi spiorad agus faoi spionnadh an daonnaí. Léirigh na lúthchleasaithe speisialta seo, conas deighleáil le fadhbanna agus le laigí an choinníoll daonna. Chonaiceamar iad ag coimhlint, is ag spairn, le misneach is le háthas, le bród is le cineáltas. Níor naimhde iad na lúthchleasaithe lena raibh siad ag coimhlint, níorbh ea, muis! ach bráithre agus siúracha. Níor náir dóibh duine eile a bheith chun tosaigh orthu, níorbh ea, ach cúis mhórtais, go raibh ar a gcumas-san bheith in iomaíocht leo. Bhí úire, agus áilleacht, ag baint lena gcoimhlint, úire agus áilleacht a thógfadh do chroí, agus a thabharfadh le fios duit, gur mar sin a bhí againne freisin, i laethe glórmhara ár soineantachta.

Nach mór go deo idir an choimhlint sin, agus an choimhlint atá foghlamtha againne, i gcúrsaí spóirt agus cluichí, na laethe seo. Breathnaigh ar an gcaoi a mbíonn an cloch sa mhuinchille ag ár n-imreoirí dá gcéilí imeartha, sna cluichí a imrítear os comhair an phobail, sa lá atá inniu ann. Ní thógfadh sé Sherlock Holmes ar bith, le fáil amach, go raibh faltanas agus nimh, le tabhairt faoi deara, in imirt, agus i gcur chuige, ár n-imreoirí. Anois, ná ceap nach mbainimse taitneamh agus spraoi as bheith ag breathnú ar chluichí, nó bainim, agus ard-taitneamh, ach i ndáiríre, nach minic a chuireann iompar imreoirí áirithe déistean orainn. I ndáiríre, ní fir spóirt iad sin, nó ní thuigeann cuid acu an chiall atá le Cothrom na Féinne. Is é atá sa spórt, i ndáiríre, nó coimhlint ghéar idir dhaoine, atá sásta claoi le rialacha na coimhlinte sin. Má dhéantar a leithéid, ansin, bainfidh idir imreoirí agus lucht féachana, ard-taitneamh as an imirt, sea, agus molfar scil an imreora, nó na foirne, a bhuann, ach ag an am gcéanna, molfar an té a chailleann, as a spóirtiúlacht, agus as a chalmacht, nó tuigfear do chuile dhuine, go mbeidh lá eile ag fear caillte na himeartha. Sa tslí sin, bheadh duine ag súil go mb’fhéidir go bhfoghlaimeodh an lucht spóirt, frí chéile, ceacht eicínt ó dhearcadh, agus ó spiorad lucht na gCluichí Olimpeacha Speisialta. B’fhéidir fiú, go mbeadh siad sásta tús a chur leis an athrú sin tríd an chloch a bhaint as an muinchille, feasta! Anois, ní bheinn ag súil go mbeadh na himreoirí ag breith barróga ar a chéile, ach bheinn sásta dá n-éireodh siad as barróga a fháisceadh ar a chéile!

Tá mé ag súil go mbeidh tionchar nach beag an na Cluichí Speisialta seo ar dhearcadh ar Rialtais feasta, freisin. Chonaic siad faoi mar a fáiltíodh roimh na lúthchleasaithe iontacha seo, a tháinig chugainn, ó cheithre hairde an tsaoil mhóir. Chonaic siad freisin, an chaoi a raibh an pobal s’againne sásta cabhair agus cúnamh a thabhairt dóibh, iad ag iarraidh faiche leibhéalta a chur ar fáil dóibh, chomh fada agus a d’fhéadfaidís. Anois, is féidir leis an Rialtas s’againne glacadh leis, go mbeadh an pobal, agus sin iad na vótóirí, go mbeidís siúd sásta cead a gcinn a thabhairt do Rialtas ar bith, a bheadh toilteanach, áiseanna riachtanacha a chur ar fáil do lucht míchumais, de chuile chineál. Agus b’fhéidir, dá dtarlódh a leithéid, go mbeadh muid uilig sásta a rá, gur mhaith an tús é sin, ar Chothrom na Féinne a chur ar fáil do bhuíon dár gcathróirí, a bhfuil a leithéid tuillte go maith acu, mar shaoránaigh Éireannacha. Sea, mh’anam, bíodh beart dá leithéid againn feasta mar oidhreacht ar na Cluichí Oilimpeacha Speisialta seo, a eagraíodh anseo inár measc, sa bhliain seo, 2003.

Agus mar shaoránaigh, i dtír seo na hÉireann, caithfidh go mbeidh tionchar eicínt ag na Cluichí céanna orainne, freisin. Ní gá a rá, gur chóir dúinn súil a choinneáil ar an Rialtas s’againne, agus féachaint chuige, go gcuirfidh siad na háiseanna cuí ar fáil dár gcairde, nó dá fheabhas iad na háiseanna a chuirtear ar fáil dóibhsean, sea is fearr freisin na háiseanna a bheidh ar fáil dúinne, chomh maith?

Tá baol amháin sa chineál cainte, atá ar siúl agam, go nuige seo, sa phíosa seo, agus sin, go gceapfá gur chineál meathchráifeachta atá idir chamáin agam. Bhuel, ní hé sin atá i gceist agam, in aon chor, agus feasta, nuair a fheiceann muid duine i gcathaoir rothaí, nó duine a bhfuil míchumas eicínt ag baint leis, ná breathnaímis air, nó uirthi, le trua, mar ní díol trua in aon chor iad, is saoránaigh iomlána iad, cosúil linne, ach go bhfuil deachrachtaí áirithe le sárú acusan, deacrachtaí nach bhfuil ag cur as dúinne, ach ní trua a fheileann, ach Cothrom na Féinne. Ní béal bán, nó bladar, a dhéanfaidh cúis feasta, ach ceart agus reacht, sea, agus ceart agus reacht atá ag dul dóibh freisin, mar bhaill den phobal s’againne. Agus má tharlaíonn, gur féidir le duine ar bith againn, gar a dhéanamh dóibh, bhuel, ansin, ba chóir dúinn sin a dhéanamh le fonn, agus le buíochas.

Tá na Cluichí Oilimpeacha Speisialta thart anois, agus mothaíonn muid uilig uainn an spiorad iontach, corraitheach, daonna, a thugadar chugainn, agus a mhair linn, ar feadh na laethe, a raibh siad ag coimhlint go cairdiúil, anseo in ár measc. Tá ár mbuíochas ó chroí tuillte ag lucht eagraithe na gCluichí céanna sin, agus don 30,000 duine sin, a thug a gcúnamh, agus a gcabhair, do na lúthchleasaithe, agus dá lucht leanúna, tráth raibh siad anseo inár meascna. Sea, ár mbuíochas do chuile dhuine a chabhraigh, ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile, le féachaint chuige, go bhféadfaimid uilig bheith bródúil, mar chine, as na Cluichí Oilimpeacha Speisialta, a eagraíoch anseo in Éirinn, sa bhliain 2003. Nár laga an Rí iad, agus gura seacht fearr a bheidh siad, bliain ó anocht.

.

.

******************

Peadar Bairead.

*****************

  .

.

.

en_USEnglish