Cainneach Achadh Bó

Peadar Bairéad

Cathair Álainn Chill Chainnigh

.

The next, the stubborne Newre, whose waters gray

By faire Kilkenny and Rossponte boord,”

.

Ní haon ionadh in aon chor é, go bhfuil muintir na cathrach áille seo bródúil as a n-ionadnaithe anseo cois Feoire, nó bheadh sé deacair áit chomh hálainn leis a fháil sa bhith críoch. Sea, agus oireann áilleacht na háite do shéimhe, agus do chineáltas, a muintire. Ní haon ionadh mar sin, gur mheall an áilleacht chéanna sin uimhir do-áirithe deoraithe chuici thar na céadta bliain. Níor Osraíoch críochnaithe é Cainneach fhéin, fear a shéid isteach anseo ó Dhoire Cholmchille, b’fhéidir, bíodh go ndeirtear go mba Osraíoch déanta í a mháthair, Mál, a raibh cáil na naofachta bronnta ag daoine uirthi sa dúiche sin. File oilte taistil ba ea a athair Lughadh a chuir faoi i nDoire, file a raibh cail tuillte aige i bhfad agus i ngearr.

Rugadh an Cainneach seo ‘gainne i gContae Dhoire, thart ar bhliain ár dTiarna, 515, agus cailleadh é sa bhliain 600, rud a d’fhág go raibh bunaois mhaith aige tráth bhásaigh sé. Chaith sé seal ag déanamh léinn i Mainistir Chluan Ioraird, áit ar casadh Naomh Colmchille air. Ar ball, i lár chaogaidí an séú haois sin, thug sé cuairt ar an Róimh, le beannacht an Phápa a fháil ar a chuid misinéireachta ina thír dhúchais fhéin. Chomh luath is a d’fhill sé ar Éirinn, chuaigh sé i mbun oibre, ag bunú cealla in áiteacha éagsúla. Thug sé cuairt ar a sheanchara ó Chluan Ioraird, ar Cholmchille, a bhí ag leathadh an deascéil óna phríomh ionad misinéireachta ar Oileán Í. Ba ghearr go raibh sé ag saothrú leis thall ansin, áit ar bhunaigh sé roinnt ceall, do chum glóire Dé.

Ar Chuairt na bhFilí

Is cuimhin liom fhéin, tráth raibh mé in Albain, ar Chuairt na bhFilí, roinnt blianta ó shoin, gur thugamar cuairt ar oileán beag ar chósta thiar na tíre sin, arb ainm dó, ‘Tíríodh agus le linn ár gcuairte, thugamar cuairt ar scoil ansin, a raibh sruth lánGhaelice inti, agus nuair a mhínigh mé fhéin dóibh gurbh as Chill Chainnigh dom, dúradar go raibh fothrach sheanmhainistreach ar chósta an oileáin sin, ar a dtugtar Cill Cainnich. Tuigeadh domsa ag an am, go mba mhanach eile a bhí i gceist sa mhainistir sin, ach tá mé den tuairim anois, go mba Cainneach s’againne fhéin a thóg cill san ionad iargúlta sin, tarraingt ar mhíle go leith bliain ó shoin anois. Bhuel! nach fánach an áit ina bhfaighfeá breac, arsa mise liom fhéin, an lá céanna sin.

Achadh Bó

Níor chaith Cainneach an chuid eile dá shaol ar Oileán Í, nó ar Oileán Thíríodh, áfach, nó tuigeadh dó, go raibh lena cnamh i dr seo na hÉireanns, agus chuige sin, bhrostaigh sé anall. Chaith sé roinnt mhaith ama ag leathadh an deascéil i Ríocht na Mí agus in Osraí freisin, agus ba in Achadh Bó, i gContae Laoise, a thug Rí na dúiche sin ionad Mainistreach dó. Ba san ionad sin, a bhí Suí Chainnigh ar feadh roinnt mhaith blianta, agus ba ón ionad céanna sin a rialaíodh Fairche Osraí. Ach chuir Diarmaid Mac Giolla Phádraig críoch le sin nuair a dhóigh sé baile Achadh Bó, agus nuair a mhill sé scrín agus taisí an Naoimh san ionsaí sin, i lár an cheathrú haois déag. Ón am sin i leith, tríd is tríd, athraíodh lárionad na Fairche go Cill Chainnigh, áit a bhfuil sé go dtí an lá atá inniu ann.

id ann adeir, gurbh é Cainneach s’againne a chuir críoch le réim na nDraoithe sa tír seo, nuair a fuair sé bua ar an Ard-draoi fhéin agus a lucht leanúna anseo i gCill Chainnigh. B’fhéidir gurbh ‘in an chúis gur roghnaigh sé an t-ionad seo lena Chill a thógáil, thart ar an áit a bhfuil Ardeaglais Chainnigh sa lá atá inniu ann, agus a dúshraith i dteangmháil le cré stairiúil Chill úd Chainnigh, a foirgneamh ina seasamh sa lá beannaithe atá inniu ann, agus é ag mealladh pobal Osraí fan an oilithreacht daonna chun na síoraíochta, agus a túr cruinn ag síneadh méire i dtreo na síoraiochta céanna sin atá mar sprioc ag an duine daonna.   

.

.

en_USEnglish