Another little bit of Irish for Peter. I hope Peter that this will be of help in putting a letter together.

Remember to include…….1 Your address, 2 Date, 3 Opening of letter, 4 Body of letter, 5 Closing ( like…..Is mise etc.) 6 Your Signature…..Marks are given for each part.

.

Foclóir

.

An chéad smaoineamh a rith liom, the first thing I thought of; Na hOileáin Chanáireacha, the Canary Islands; Bloc mór Árasán, a large Block of Apartments; mar a d’iarrfadh do bhéal fhéin é a bheith, as you would wish it to be; an ghaoth ba lú, the shlightest breeze; aeráid neamhaí, heavenly climate; an leaba a thabhairt orthu fhéin, they go to bed; ar an dtaobh chontráilte den bhóthar, on the wrong side of the road; an chaoi a bhfuil mé tugtha don chluiche sin, how fond I am of that game; nua gach bia is sean gacha dí, the freshest of food and the oldest of drink; gan dochma, gan ghorta, without stint or sparing; dallamullóg a chur orainn, to hoodwink us; uisce buidéalaithe, bottled water; siúlóid, a walk; mo chuimhne, is mo dhearmad! Oh! I almost forgot. Iarscríbhinn, postscript.

*********************

Ceist

.

Bhí tú ar laethe saoire thar lear, agus anois teastaíonn uait litir a scríobh chuig cara leat, ag cur síos ar an tsaoire sin. Sa bhfreagairt duit, dean tagairt don tír ar thug tú cuairt uirthi, agus luaigh dhá nós faoi leith a bhaineann leis an tír áirithe sin, agus inis dó (nó di) faoi na rudaí ba mhó a thaitin leat le linn na saoire sin. O a Thiarcais; Gosh!

.

.

********************************************************************

.

Freagra

.

Áras Eoin,

5 Sráid an Mhuilinn,

Ceann Toirc.

8ú Meitheamh 2005.

.

A Sheáin, a chara,

Tá mé díreach tar éis teacht abhaile ón tsaoire ab fhearr a bhí agam riamh, agus ba é an chéad smaoineamh a rith liom nó, gur chóir dom an scéal ar fad a insint duit, mar ba mhinic a smaoinigh mé i rith na saoire sin, gur mhór an trua é nach raibh tú in éineacht linn, le toit agus sásamh ceart a bhaint as an ócáid. Ach ar aon nós, ba sna hOileáin Chanáireacha a chaith an chlann s’againne, an coicíos seo caite, agus bhíomar ag cur fúinn i rith an ama sin, sa Chorona Blanca, sin i mBloc mór Árasán, i lár Playa del Ingles, ar Oileán Ghran Canaria.

Ní gá dhom a insint duit, go raibh an aimsir mar a d’iarrfadh do bhéal fhéin é a bheith.

Bí ag caint ar spéartha glana gorma gan scamall! ar theocht sna fichidí arda chuile lá! gan ach an ghaoth ba lú ag séideadh! agus tuigfidh tú fhéin aoibhneas na haeráide neamhaí sin.

Is ait an dream iad na Canáirigh fhéin, agus tá nósanna dá gcuid fhéin acu, taobh amuigh de chúrsaí teanga ar fad! Ar an gcéad dul síos, tá nós an-ait go deo acu, agus sé sin, an leaba a thabhairt orthu fhéin i lár an lae ghil, nuair is fearr an aimsir, agus arís déanann siad a ngluaisteáin a thiomáint ar an dtaobh contráilte den bhóthar, i gcomparáid linne. Nós eile atá ag gasúir ansin nó, peil a imirt ar thalamh nach mbíonn ribe féir ag fás air! Sea, ait an dream iad na Canáirigh!

Ach thaitin rudaí eile go mór liom le linn mo shaoire ansin. Ar an gcéad dul síos, ní raibh faic le déanamh agam, ó mhaidin go hoíche, agus d’fhéadfainn dul ag imirt gailf chuile lá, agus tá’s agat fhéin an chaoi a bhfuil mé tugtha don chluiche chéanna sin. Agus céard faoi na bianna? Ó! a Thiarcais, a leithéid ní fhaca tú riamh, nó dáileadh nua gach bia, agus sean gacha dí, orainn gan dochma gan gorta, chuile uair a raibh ocras dá laghad orainn. Ná ceap anois, gur saor in aisce a tugadh na béilí breátha sin dúinn, nó bhí orainn íoc go daor astu, geallaimse dhuit é, ach nach breá an rud é, go bhfuil an Euro á úsáid anois mar airgead ansin acu freisin, nó cuireann sin cosc orthu dallamullóg a chur orainn i gcúrsaí airgid. Is breá an áit í, freisin, le gluaisteán a fháil ar chíos, agus ní bhíonn an táille sheachtainiúil leath chomh daor is a bhíonn anseo in Éirinn. Ní gá a rá go mbíonn fáil ar uisce buidéalaithe ansin ar phraghas an-íseal ar fad, agus deireann na daoine fásta liom, gurb é an scéal céanna é i gcás deochanna meisciúla freisin. Chaith mé fhéin roinnt mhaith ama ag siúl na dtránna, nó faoi mar is eol duit fhéin, is beag caitheamh aimsire is fearr liom fhéin ná an tsiúlóid chéanna sin cois trá.

Bhuel, caithfidh mé an chuid eile dem scéal a fhágáil go dtí go gcasfar ar a chéile sinn arís, an Domhnach seo chugainn, tráth bheidh muid ag imirt peile, thíos i bPáirc an Phiarsaigh, i gCeann Toirc. Go dtí sin, slán.

Is mise

Do chara go buan

Peadar Ó Giollagáin.

.

Iarscríbhinn,

Mo chuimhne is mo dhearmad, nár thosaigh mé fhéin ag foghlaim Spáinnise i rith na laethe saoire ceanna sin, agus geallaimse dhuit é go bhfuil fúm an Spáinnis a thógáil mar ábhar staidéir don Ardteistiméireacht, nuair a thosóidh muid ar ais ar scoil, Meán Fómhair seo chugainn, nó is deas, éasca, románsúil an teanga í!

Peadar.

en_USEnglish