I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Na Cait go Deo !

Nuair a chríochnaigh Cluiche Craoibhe san Iomaint 2012 ar chóscór trí sheachtain ó shin, bhí roinnt áirithe daoine ag ceapadh, go mbeadh an lá ag na Gaillimhigh san athimirt. Ba é fáth ar ceapadh a leithéid nó go bhfacthas do na daoine sin, go raibh na Cait éirithe tuirseach, agus go raibh maolaithe ar a ngoile do bhua agus do bhoinn. Anois, caithfear a admháil go raibh faobhar fonnmhar ar na Gaillimhigh an lá céanna sin, agus nuair a chuireann tú sin lena mbua i gCraobh Laighean, i mbliana, ní haon ionadh go raibh luchóga an amhrais ag creimeadh leo ar mhisneach lucht tacaíochta na gCainneach. Bhí daoine eile den tuairim, go raibh an oiread sin sásaimh agus pléisiúir tugtha don phobal ag iománaithe an Chontae seo, go raibh se an-deacair a bheith ag iarraidh orthu anois Páirc na hImeartha a thabhairt orthu fhéin, uair amháin eile, agus a mórdhícheall iomána a dhéanamh arís, le goile an phobail don iomáint ag an sár-leibhéal taitneamhach sin, a chur ar fáil dóibh, uair amháin eile. Ach, taobh amuigh de na tuairimí sin ar fad, bhí bunús an phobail den tuairim, go raibh idir ghoile agus fhonn fanta ag na Cait fós, agus nach raibh le déanamh ag éinne a cheap a mhalairt ach fanacht go bhfeicfeadh sé an iomáint ar Dhomhnach na Craoibhe.

Neodrach, an ea?

Chomh fada is a bhain sé liom fhéin, is dócha go bhféadfá a rá, gur fhan mé neodrach sa tuairimíocht chéanna sin, ach taobh thiar den neodracht sin, bhí mé ag ceapadh, go n-imreofaí sár-chluiche os ár gcomhair amach i bPáirc stairiúil an Chrócaigh sa chluiche ath-imeartha. Le teacht ar an dtuairim sin, chuir mé san áireamh, scil, misneach, agus fearúlacht na nGaillimheach, nó níl dabht ar domhan ach go bhfuil a gceird foghlamtha go seoigh ag imreoirí na dTreabh, agus ag an bpointe sin ama, is dócha go bhféadfá a rá, nach raibh an dara Contae sa tír seo a d’fhéadfadh a ndúshlán a thabhairt ar pháirc an bháire ach na Cait chróga. Sea, tugadh an dúshlan, agus thug an dá fhoireann Páirc an Chrócaigh orthu fhéin, ar an 30ú lá de Mhí Mheán Fómhair na bliana seo, 2012.

Bhí mé fhéin ar chipíní, ag súil leis an gcluiche céanna sin, nó bíodh gur Iorrasach, as Contae Mhaigh Eo, mé fhéin, agus bíodh nach bhfaca mé cluiche iomána, nó camán, nó sliotar fhéin fiú, agus mé ag fás aníos sa dúiche sin, chuir mé aithne ar na hearraí céanna nuair a thosaigh mé ar mo chuid meánscolaíochta i gColáiste Cónaithe, cóngarach do Bhall Álainn, sa Chontae céanna sin, agus geallaimse dhuit é, nár ró-éasca an cluiche le foghlaim é, ag an aois sin, ach mar sin fhéin, thug mé faoi, le fonn, agus d’fhéadfá a rá gur fhoghlaim mé an chuid ba mhó de scileanna an chluiche canna sin, agus b’in rud a chuir ar mo chumas, taitneamh agus pléisiúr a bhaint as bheith á imirt agus as bheith scathamh eile ar an gclaí, ag breathnú ar iontaisí sciliúla an chluiche sin. Agus sin an fáth a bhfuil mo chroí sáite fós in ealaíon agus i scil na hiomána, agus i scil cheardúil na mbáireoirí.

Ar an ‘Long Stand’

Labhair mé anseo, seachtain ó shin, faoi’n lá iontach sin a bhí agam, i Meán Fómhair na bliana 1951, agus mé sáite istigh ansin ar an Long Stand’ i bPáirc an Chrócaigh, ag breathnú ar fhoireann Mhaigh Eo ag sciobadh na Craoibhe sa Pheil leo, an lá sin. Bheul, an babhta seo, bhí mé suite cois tine, sa bhaile, i gcathair Chill Chainnigh, agus geallaimse dhuit é, gur bhain mé níos mó pléisiúr agus taitneamh as an gcluiche sin mar a bhain mé fiú, as bua Mhaigh Eo sa bhliain 1951! Ach, Fair Play do na Cait! Níor chaill siad riamh é. D’éirigh leo an Chraobh a sciobadh leo arís, an la cinniúnach sin. A Chonách sin orthu! agus gura fada buan iad mar sheaimpíní Éireann san Iomáint.

en_USEnglish