Peadar Bairéad

Cúlú Eacnamaíochta, adeir tú!

Peadar Bairéad

Crannchur gnóite

Nach beag duine a bhfuil sparán teann aige na laethe seo, laethe an chúlú eacnamaíochta, nó an té a bhfuil na pingneacha aige anois, ní call dom a rá, go bhfuil sé ar dhroim na muice, agus ní ró-olc an áit í sin, do dhuine ar bith, i laethe seo an ghanntain agus an ghorta. B’in iad na smaointe a rith liom, tamall ó shoin, nuair a fuair mé ríomhscéal, ag cur in iúl dom go raibh mé tar éis lab airgid a ghnóthú, i gcrannchur de chineál eicínt, bíodh anois nár chuala mé fhéin tada riamh faoi lucht eagraithe an chrannchuir chéanna sin agus bíodh freisin nach raibh ticéad,tada ar bith eile, agam i gcrannchur ar bith, ag an am. UK Lottery, de chineál eicínt a bhí i gceist, agus bíodh a fhios agat, nach pingneacha beaga nó suaracha, gan trácht in aon chor ar rua, a bhí idir chamáin acu sa chrannchur thuasluaite, níorbh ea muis! nó dúradar liom, go raibh mé tar éis ocht gcéad míle punt Sasanach a ghnothú sa chrannchur céanna sin, agus d’fhágfadh sin go raibh thart ar mhilliún Euro gnóite agam sa chrannchur fial, flaithiúil sin. Bhuel! nach fánach an áit ina bhfaighfeá breac, arsa mise liom fhéin, agus gan le déanamh agamsa ach roinnt bheag eolais a chur ar fáil don dream thall.

An dara splanc thintrí!

Bhí go maith! Ach breis bheag is dhá mhí ina dhiaidh sin, fuair mé litir tríd an bpost, an babhta seo.

Ná habair gur ghnóthaigh tú lab eile airgid?

Sin é díreach atá á rá agam, nó ba é an scéal a bhí sa litir seo nó go raibh lab eile airgid gnóite agam i gcrannchur Spáinneach, an turas seo, agus arís níor bheag, nó suarach, an méid a bhí i gceist sa litir chéanna sin.

Cé mhéad a ghnóthaigh tú sa Chrannchur Spáinneach seo, má sea?

Breis agus ocht gcéad míle Euro a bhí i gceist acu sa litir seo, litir a tháinig chugam ó Chathair Mhadrid na Spáinne.

Ná habair liom, nár dhein tú iarracht ar bith le greim a fháil ar an ualach asail sin de Euro, a bhí á thairiscint duit, ag na daoine uaisle sin?

Dheamhan iarracht, cuid de iarracht, a dhein mé, nó arís, nár cuireadh fainic na bhfainic orm, go mion minic, ar an Raidió, agus ar an Teilifís, gan aird dá laghad a thabhairt ar litreacha, nó ar ríomhscéalta, dá leithéid, mar nach raibh iontu ó thús deireadh ach caimiléireacht agus cleasaíocht coirpeach, agus iad ar a ndícheall dearg ag iarraidh greim a fháil ar cibé pingneacha fánacha, a d’fhéadfaidís a ghoid, nó a mhealladh, ó bhobarún eicínt.

Meirg an Amhrais

Agus níor dhein tú iarracht dá laghad crúb leat a leagan ar chuid eicínt, fiú, den saibheas sin?

Iarracht dá laghad níor dhein mé a theacht ar chuid eicínt den bhfáltas céanna sin, nó chreid mé a dúradh liom sna cláracha raidió, agus teilise sin a mhol dom litreacha dá leithéid sin a chaiteamh sa tine, nó a scrios, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Aon tuairim agat fhéin, a léitheoir, faoin ndeis úd nár thapaigh mé?

onn……. an Tríú hUair …….sona?

Cheap mé fhéin go raibh deireadh leis na céapair chéanna sin, ach do bharúil? nach bhfuair mé téacs ar an bhfóinín póca, cupla lá ó shoin.

Ná habair gur ghnóthaigh tú lab mór eile airgid?

D’fhéadfá sin a rá, nó an babhta seo, ba é adúradh a raibh gnóite agam nó….dhá mhilliún Dolar!!! An gcreidfeá sin anois? Cuirfidh mé geall nach gcreidfeadh, ach is é lomchlár na fírinne é. Seo an téacs a seoladh chugam….Your number has won you 2,000,000USD in the freelotto mobile promotion…….. Anois, céard deir tú? agus an seandream ag maíomh de shíor nach mbuailfead tintreach an áit chéanna, an dara huair as a chéile, riamh…..Ó, Bhail! nach ndeirtear freisin go mbíonn an tríú huair sona…..

Anois, do bharúil faoi sin? Meas tú ar sáraíodh na seanfhocail sa chás seo?

en_USEnglish