I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Dáithí Ó hÓgáin

Fuair mé scéala ar na mallaibh go mbeadh Aifreann Cuimhneacháin in omós do Dháithí Ó hÓgáin á cheiliúradh i Mainistir na gCaipisíneach, i Sráid na Mainistreach, anseo i gCill Chainnigh, ar an nDomhnach, an 9ú Nollaig 2012, agus ag an am gcéanna tugadh cuireadh dom fhéin bheith ar an bhfód don ócáid. Anois, caithfidh mé a admháil go raibh fúm bheith i láthair ag an Aifreann céanna sin, nó bhí ardmheas agam ar Dháithí, ach, ar an ndrochuair, níor éirigh liom sin a dhéanamh, a mhilleán sin ar an aimsir agus ar an aois. Ach, ó tharla gur scríobh mé píosa anseo cheana, mar chloch ar charn Dháithí, ba mhaith liom anois tagairt a dhéanamh do phíosa as an alt sin. Seo mar a chuir mé é sa phíosa sin….

Níorbh aon strainséar sna bólaí seo é Dáithí ciúinbhriathrach séimh, Ó hÓgáin., nó ba bhreá leis i gcónaí freastal ar Dhaonscoil Osraí, Ba as Cill Chainnigh dá thuistí, ar gach taobh den teach, agus sílim gur tuigeadh go maith dó, agus é ag tabhairt léachta uaidh anseo, go raibh sé i measc a mhuintire fhéin, Ní gá dhom a rá, go raibh Dáithí ar dhuine de scoláirí móra na Gaeilge Ba dhoimhin a chuaigh a spád i ngort tofa a spéise, le prátaí lonracha eolais agus léinn, idir bheag agus mhór, a nochtach os ár gcomhair, agus é ag tabhairt deis dúinne, toradh a chuid rómhair a phiocadh suas go saoráideach, cruinn.

Mhothaigh mé i gcónaí go mba dhuine uasal, geanúil, cneasta, cúthail é, agus ba shoiléir a ghrá don léann agus don taighde agus é i mbun léachta, nuair a d’fheicfeá an spréach gheal áthais sin ag lonradh trína shúile beoga, agus an chaoi a dtagadh na focail amach as a bhéal ina gcaise chorraitheach, dháiríreach do-stoptha.

Agus ó tharla nár eirigh liom bheith ar an bhfód don ócáid chuimhneacháin sin, mhothaigh mé go mba chóir dom iarracht a dhéanamh ar chloch eile a leagan ar Charn Dháithí, agus seo thíos cupla véarsa a shnaidhm mé le chéile, mar chloch ar a charn, agus le mo mheas ar ár Scoláire Gaelach Osraíoch fhéin a chur in iúl.

.

Laoch eile ar lár

.

Trom anocht croí éigeas Osraí,

Millteach mór ár gcaill,

Fear dána eile sínte, tréith,

Fleasc a cheirde sciobtha ar fán.

.

Tobar eolais, Foinse eagna,

Crann taca Gael go hiomlán.

Laoch sa bhearna in am an ghátair,

Ár gcosaint tréan gach am is tráth.

.

.

Cé sheasfaidh feasta sa bhearna bhaoil dúinn,

Nuair a thiocfaidh géar ar chine Gael?

Cé dhéanfaidh an taighde, lenar gcás a scaoileadh,

Nuair a dhéanfar ionsaí ar ár n-aos léinn.

.

Mothóidh muid uainn thú, anseo in Osraí

In aimsir álainn ár nDaonscoile glé

Nó ghlac tú chugat saorántacht ár Ríochta

Mar dhúthaigh ársa do chine fhéin

Solas na Soilse ag soilsiú na slí dhuit,

Is leaba gan chnaipe id chomhairse gach tráth,

Scoláireacht is taighde dod mhealladh le héifeacht,

Anois agus choíche, go bruinne an bhrátha.

.

Solas na soilse agus leaba i measc Naoimh Éireann go raibh agat inniu, agus i dtólamh. a Dhaithí Uasail Uí Ógáin…….

.

.

en_USEnglish