Dearg le Fearg

.

Peadar Bairéad

(This week we consider The Language Revival, past and present)

Lá Mór na Gaeilge

r idir inné agus inniu, faoi mar adeireadh an seandream fadó, nuair a bhídís ag cur síos ar na hathruithe a bhí tagtha ar an saol ó bhíodarsan ina ngasúir. Ní fhéadfainnse an ráiteas sin a bhréagnú ó mo chleachtadh fhéin ar an saol. Mar nuair a bhí mise ag fás aníos, in óige na haoise seo caite, bhí ‘chuile dhuine fós lomlán le spiorad Lucht an Éirí Amach, agus ní call dom a rá go raibh Saoirse na cosmhuintire, Athaontú na Tíre, agus Athbheochan na Teanga, mar chlocha riachtanacha ar Phaidrín chuile dhuine, geall leis. Chuaigh mé fhéin le sagartóireacht , ach tráth a raibh léann an tsagairt á chur orm, bhíomarna, micléinn, lomlán le spiorad an náisiúin freisin. Sin an cineál ruda atá i gceist agam. Theastaigh ó chuile dhuine, geall leis, dul le Gaeilge, feasta. Rinne an Rialtas a chion fhéin sa chuspóir náisiúnta sin, ag an am. Chreid chuile dhuine, beagnach, go mba thír gan anam í an tír nach raibh a teanga fhéin aice.

Athbheochan agus athphréamhú

Anois, caithfear a admháil, go raibh dáiríreacht ag baint le hiarrachtaí ár Rialtas leis an teanga náisiúnta a athheochan, agus a athphréamhú, arís, mar phríomhtheanga an náisiúin, agus na tíre, ar feadh roinnt mhaith blianta, ach de réir mar a chuaigh caitheamh sna laethe agus sna blianta áfach, tháinig meath ar chuid den dáiríreacht sin, agus ar ball, tuigeadh go mbeadh an dátheangachas níos ciallmhaire mar sprioc, agus mar chloch chora, ar ár mbealach chun na hathbheochana inmhianaithe. Tar éis tréimhse i mbun an chuspóra sin áfach, tuigeadh do roinnt áirithe daoine, go raibh ag teip orainn aon dul chun cinn suntasach a dhéanamh ar ár mbealach chun na sprice sin, ach oiread.

Dearg le Fearg

Deineadh an scéal a scrúdú, agus a athscrúdú, arís is arís eile. Leagadh an plean seo amach, is leagadh an plean úd eile amach, ach ba é an scéal céanna i gcónaí é. Bhí ag teip orainn cuspóir úd an Éiri Amach a bhaint amach. Tamall ó shoin, socraíodh ar straitéis fiche bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm, agus ceapadh Coimisiir Teanga, le féachaint chuige, go ndéanfadh an Earnáil Phoiblí, agus eagraíochtaí stát-urraithe chuile dhícheall lena gcuid seirbhísí uilig a chur ar fáil trí Ghaeilge, dóibh siúd arbh é a mian, gnó a dhéanamh leo tríd an dteanga náisiúnta sin. Agus glactar leis, nach trí fábhar a dhéanfaidís a leithéid ach toisc gurb é sin a gceart, mar shaoránaigh, sa Stát Dátheangach seo.

Ba é toradh a bhí ar an socrú sin nó gur éirigh an Coimisinéir, Seán Ó Curreáin, as a phost, toisc go raibh ag teip ar an Stát a thaobhsan den mhargadh a choimhlíonadh, trí gan comhoibriú leis an gCoimisinéir ina dhualgaisí i leith na teanga . Tá súil againn, go mbeidh comhoibriú níos fearr le fáil ag a chomharba, Rónán Ó Domhnaill, sa phost céanna sin. Má tharlaíonn sin, tabharfar seans eile don teanga bhocht. Agus nárbh oiriúnach an timpiste é gur eagraíodh Lá Mór na Gaeilge sna sála ar fhógairt an Choimisinéara Teanga go raibh socraithe aige éirí as oifig toisc nach raibh Cothrom na Féinne á thabhairt don chéad teanga náisiúnta. Agus ba é cuspóir an teacht le chéile sin nó dea-mhéin an phobail náisiúnta i leith na teanga a léiriú don Rialtas, agus le go gcuirfí ar a súile dóibh, go raibh leatrom á dhéanamh acu ar an dteanga, agus ar lucht a labhartha, toisc go bhfuiltear ag cur iachall orthu deighleáil leis an Stát trí mheán an Bhéarla, ce go bhfuil chuile cheart acu bheith ag súil le comhchearta le lucht labhartha an Bhéarla agus iad i mbun gnó leis an Stát. Féach mar a chuireann Conradh na Gaeilge é, nuair a éilíonn siadsan…

“Seirbhísí Stáit a chur ar fáil as Gaeilge do Phobal na Gaeilge ar chomhchaighdeán leis na seirbhísí as Béarla.”

Agus chomh maith le sin, éilíonn siad…

“Seirbhís Stáit as Gaeilge a chinntiú do phobal na Gaeltachta, gan cheist, gan choinníoll, faoi dheireadh 2016.

B’fhéidir gur leor sin, don bhabhta seo, ach amháin a rá, go bhfuil pobal na Gaeilge dearg le fearg faoi chúrsaí mar atá, agus go dteastaíonn “Beart de réir a mBriathar” uathu ón Stát s’againne, feasta.

en_USEnglish