D e i r e a d h R é

(This week we view a changing past, as recorded here a number of years ago.)

Deireadh feasta le ‘Boarders’

Ó, a Thiarna! ach nach iomaí scoláire cónaithe a chaith seal de bhlianta, ag déanamh léinn, i Hallaí ársa Choláiste Chiaráin anseo i gCill Chainnigh, ó bunaíodh an institiúid chéanna sin, sa bhliain 1782, díreach tar éis aisghairm na bPéindlithe. Is cuimhin le cuid againn na searmanais a cuireadh ar siúl ansin, sa bhliain 1982, nuair a bhí comóradh an dara céad á cheiliúradh ansin. Ní bréag a rá, gur tháinig maithe agus mór-uaisle Éireann uilig chugainn, an tráth úd, le bheith páirteach linn sa cheiliúradh sin, nó admhaíodh go forleathan, an t-am sin, gurbh é an Coláiste s’againne, an mheánscoil chaitliceach ba shine sa tír seo, agus ní focal beag nó suarach é sin.

Athruithe iomadúla.

D’imigh sin áfach, agus tháinig seo, agus in áit a bheith ag ceiliúradh ócáide móire eile anois, is amhlaidh atá an lá buailte linn nuair a chuirfear deireadh le Coláiste Chiaráin mar Choláiste Cónaithe. Ní chuirfear críoch leis an gColáiste mar Institiúd Léinn áfach. Leanfaidh an Coláiste ag freastal ar ógánaigh Osraí, ar bhealach a oireann don lá atá inniu ann. B’iad na hEaspaig Troy agus Dunne a shaothraigh go dian sa bhliain 1782, le chuile dheis a thabhairt do Choláiste Chiaráin oideachas oiriúnach a chur ar fáil do Chaitlicigh an dúiche seo, mar nach raibh fáil ar a leithéid, i gCríoch Fodla, an tráth úd.

Oideachas baile, feasta.

Níor chuir mé fhéin aithne ar an gColáiste oirirc, ársa, seo, go dtí Geimhreadh na bliana 1966. Bhí roinnt blianta caite agam i mbun oibre cois Life, agus bhí mé ag éirí tuirseach den Phríomhchathair, faoin am sin agus ar an ábhar sin, shocraigh mé ar mo sheolta a ardú, chomh luath is gheobhainn an deis chuige. I Samhain na bliana sin 1966, léigh mé i gceann de na nuachtáin, go raibh múinteoir Gaeilge ag teastáil uathu i gColáiste Chiaráin anseo i gCill Chainnigh. Chuir mé isteach ar an bpost sin, agus ar ball, fuair. Taobh istigh de roinnt seachtainí, bhí mo chip is mo mheanaithe bailithe agam, agus mé ar mo bhealach aneas. An Luan dár gcionn, bhí mé i mbun oibre i Hallaí ársa Choláiste Chiaráin.

Freastal fada, fial.

Ar mo chéad turas chun an Choláiste, ba bheag nár bhain áilleacht na háite radharc na súl díom. “Seo an áit domsa feasta,” arsa mise liom fhéin, “seo an áit a gcríochnóidh mé mo laethe mar mhúinteoir.” Ní call dom a rá, go mba Chliarscoil é Coláiste Chiaráin freisin, ag an am, agus ál maith ábhar sagairt á n-oiliúint ansin, le saothrú i bhfíonghoirt an Tiarna, ó cheann ceann na cruinne. Ba mhór é cabhair na n-ábhar sagairt céanna sin i seoladh na meánscoile, mar chinnirí, agus mar mhúinteoirí creidimh. Ach, ní horthusan a tharraing mé mo scéal, an babhta seo, ach ar na scoláirí cónaithe, a rinne freastal ar an gColáiste sin Chiaráin, ón mbliain 1782 anuas. Sea, agus caithfidh mé a admháil anseo gur baineadh geit asam nuair a léigh mé sa Kilkenny People, go rabhthas le críoch a chur leis an ngné sin d’obair an Choláiste i ndeireadh Bhealtaine na bliana 2004, nó snadhmadh mo dhán-sa agus dán na scoláirí céanna sin le chéile, thar thréimhse dhá bhliain is fiche, agus chomh fada is a bhaineann sé liomsa, bheadh sé deacair agam, a gcomh-mhaith de dhaltaí a fháil áit ar bith faoi luí na gréine, Nár laga an Rí fhéin iad, sna laethe ata romhainn amach.

Seo thios Rosc a chum mé do dhaltaí Choláiste Chiaráin roinnt blianta ó shoin….

Rosc Choláiste Chiaráin.

Through life’s many hazards, through life’s busy days,

We Kieran’s Household will follow his way,

                              Through work and through study,

Through play and through prayer,

We carry his message of love and of care.

Chorus

We follow St Kieran

The wide world through,

Let’s cheer for the old School.

St. Kieran’s Abú.

Sea, agus véarsa amháin eile, má sea!

So here’s to the old School, wherever you are,

To the College that shaped us,

                       Let’s follow it’s star.

The Winter is past now, let’s unite and sing,

Both Clerics and Laymen, let’s till for the Spring.

.

.

en_USEnglish