Caibidil 5

An Dream ar díobh mé

.

Feirmeoirí ba ea mo mhuintirse leis na glúnta, ach tar éis roinnt na bhfeirmeacha agus chuile shórt eile, ní raibh ag m’athairse ach feirm bheag, thart ar scór acra de thalamh cuir, maraon le píosa portaigh, agus ceaarta cladaigh. Nach beag duine a d’fhéadfadh clann a thógáil ar fheirm dá leithéid, sa lá atá inniu ann, ach saol eile ar fad a bhí ann, an tráth úd, agus déanta na fírinne, is dóigh go raibh dóthain duine sa mhéid sin talaimh, nuair a chuireann tú san áireamh, nach mbíodh gléasanna nua-aimseartha feirmeoireachta acu an t-am sin. Ach b’fhéidir gur chóir dom tuairisc eicínt a thabhairt daoibh ar an gcineál oibre a bhíodh le déanamh ar fheirm bheag, an tráth úd. Ní bhíodh mórán oibre le déanamh ag mo Dhaid i rith an Gheimhridh, taobh amuigh d’aire a thabhairt do na beithigh, díogacha a ghlanadh, agus a sciúraadh, agus claíocha a dheisiú, áit ar bith a raibh siad bearnaithe ag na bradaigh, a bhí flúirseach go leor ar na feirmeacha beaga, an tráth sin. Ach le teacht an Earraigh, chuirtí críoch le séasúr na gcártaí, agus dheinidís na spáda a ghlanadh, a sciúradh, agus a ullmhú, don obair a bhí le déanamh acu, nó le fírinne, ba í an spáid a dhéanadh an rómhar uilig, an tráth úd, ar na feirmeacha beaga, ach go háirithe. Ba chrua an obair í, lá i ndiaidh lae a chaitheamh amuigh ansin sa ghort, ag cur fataí in iomairí, iad ag baslú leo ó mhaidin go hoíche, chuile lá, ó Luan go Satharn. Thart ar thrí sheachtain a thógadh sé díol bliana d’fhataí a chur, sa tslí sin. Bhíodh ar Dhaid na hiomairí a shioscadh i dtosach, dhéantaí aoileach a scaipeadh orthu ansin, agus leagtaí na scoilteáin ar an aoileach sin. Ina dhiaidh sin, dhéanadh sé na hiomairí a bhaslú, le cré a chur mar chlúdach ar na scoileteáin. Nuair a bhíodh an obair sin críochnaithe, geallaimse dhuit é, go mbíodh bród an domhain ar an seanlead, as a shaothar deas néata, agus bhíodh chuile dhuine á mholadh as an saothar a bhí déanta chomh críochnúil, bláfar, pointeáilte si,n aige. Ní i ngan fhios dó fhéin, nó dá chnámha tinne a dhéanadh an fear bocht an saothar céanna sin, nó ba mhinic a chonaic mé é tugtha, sáraithe, strumptha, ag obair spáide an Earraigh. Ba ghearr ina dhiaidh sin, go mbíodh air an talamh a rómhar don arbhar. B’é a dhéanadh sé nó an áit a raibh fataí curtha aige, an bhliain roimhe sin, a rómhar leis an spáid, ansin dhéanadh sé an coirce a chraitheadh, lena láimh, sa ghort sin, agus ansin, thagadh comharsa chuige leis an ngort a fhuirseadh le cliath. Cé go mbíodh capall againn nuair a bhí mise an-og, cailleadh an fear bocht agus b’in deireadh leis an mustar, chomh fada is a bhain sé linne, nó feasta, ní raibh ag Bairéadhaigh na Druime ach bheith i muinín an asail!

Chomh luat is a bhíodh sin déanta, bheadh sé in am aige an mhóin a bhaint le sleán, agus geallaimse dhuidt é, nárbh obair do ghiolla na leisce é an sleánadóireacht chéanna sin. Bheadh sin ceart go leor, mura mbeadh ann ach an méid sin, ach ní bheadh sa mhéid sin ach an tús, nó bhíodh air ansin , le beagáinín cabhrach uainne, an mhóin a iompó, a ghróigeadh, agus a athghróigeadh, sára mbeadh sí tirim. Nuair a bhíodh an mhóin breá tirim, ansin bhíodh air an mhóin sin a chur amach ar thaoh an bhóthair le hasail, obair chrua mhaslaitheach. Ní bhíodh le déanamh ansin ach an mhóin a tharlú abhaile le capaill agus cairteacha, agus an chruach mhóna a thógáil i ndeas don teach, le freastal ar thine an Gheimhridh.

Ansin, bhí an t-ádh linne, nó bhí roinnt áirithe móna le fáil ar an bhfeirm, i ndeas don bhaile, agus sa tslí sin, bhíodh ar chumas mo Dhaid dóthain móna don bhliain a bhaint sa bportach sin, go háirithe nuair a bhí muidinne ró-óg le haon tsaghas cabhrach a thabhairt dó i bhfad ó bhaile.

Bhí gnó eile a bhí crua go maith ar an ndroim freisin, agus b’in an gortghlanadh a bhíodh le déanamh ar na fataí, ach go háirithe. Chomh luath is a thosaíodh na fataí céanna sin ag fás leo go rábach, thosaíodh na fiailí ag fás leo níos rábaí fós, agus ó tharla go raibh leasú á ngríosadh, ba ghearr go mbíodh siad ag plúchadh na ngas, geall leis, agus bhíodh gá ansin le gortghlanadh, le deireadh a chur lena rás. Ní raibh aon ineall acu, an tráth úd, leis an ngnó sin a dhéanamh, ní raibh mh’anam! ní raibh ann ach na méireanna, agus geallaimse dhuit é, go mbeadh droim tinn ort, ach lá iomlán a chaitheamh cromtha os cionn na n-iomairí, ag baint na bhfiailí diabhalta céanna sin. Droch rath orthu! Ar ball, bhíodh gá leis na gais chéanna a chosaint ón ndubh, trí spraeáil a dhéanamh orthu. Leis an obair sin a dhéanamh, ní bhíodh aon rogha acu, i dtosach báire, ach é a dhéanamh le scuab fraoigh, nó ar ball, dhéantaí an gnó le spréire droma, gnó a bhí maslaitheach go maith freisin. Bhí meaisín spraeála, i gcomhar, ag m’athair agus ag uncail liom, agus dhéanaidís an spraeáil, ar a seal, leis an meaisín sin.

Chomh luath is a bhíodh an gnó sin críochnaithe, bheadh se in am aige smaoineamh ar an bhféar a bhaint. Ní bhíodh aon ineall bainte aige, geeallaimse dhuit é! ní bhíodh aige ach an speal, cé gur cheap m’athair go mba iontach an gléas bainte é an speal, ó ba chuimhin lies-sean bheith ag baint le corrán, sna seanlaethe. ‘Faobhar a bhaineann’, adeireadh sé linne, nó ba dhiabhalta go deo an faobhar a chuireadh sé fhéin ar lann na speile. Agus arís, ní raibh sa mhéid sin uilig ach an tús, nó bhíodh orainn uilig ansin dul amach ag sábháilt an fhéir, agus ba chrua an obair í sin, go háirithe, nuair nach mbíodh an aimsir go maith, nó mar is eol do chách, soineann a shábháileann an féar! Nuair a bhíodh an féar uilig sábháilte agus cocáilte amuigh sna móinéir, ansin bhíodh súil in airde ag Daid le lá breá, leis an bhféar a tharlú abhaile, le cruach a dhéanamh de san iothlainn. Bhíodh muid ag brath arís ar dhuine de na comharsanna leis an ngnó sin a dhéanamh dúinn, ach ní raibh sa mhéid sin ach cuid de shean-nós na meithle, a bhíodh á chleachtadh i measc na gcomharsan, an tráth úd. Seachtain, nó mar sin, i ndiaidh lá na cruaiche, bhíodh gnó tuirsiúil eile le déanamh, nó bhí orhtu díon tuí a chur ar an gcruach, len í a choinneáil tirim le linn doineann an Gheimhridh.

Agus ó tharla ag caint ar spealadóireacht mé, tá sé chomh maith dom tagaiart a dhéanamh anseo do bhaint an arbhair. Arís, ba é Daid s’againne a dhéanadh an spealadóireacht é fhéin, agus arís, ba throm tuirsiúil an obair í, an spealadóireacht chéanna sin. Bhíodh muidinne ag teacht taobh thiar de, agus muid ag déanamh na bpunann agus á gceangal. Thagadh Daid sa tráthnóna agus dhéanadh sé stúcaí as na punanna sin. Ar ball, thógtaí an t-arbhar sin isteach san iothlainn, áit a ndéantaí é a thógáil ina stácaí. An t-asal a dhéanadh obair an asail, sa chás sin! Dhéantaí na punanna a cheangal i mbromóga, agus chrochtaí na bromóga sin ar dhá scoróg na srathrach, agus ansin, dhéantaí carn punann a líonadh idir an dá bhromóg sin. Nuair a bhíodh a dhóthain d’ualach ar an asal, cheanglaítí rópa trasna ó bhromóg go bromóg, leis an ualach a choinneáil socair, agus ansin, ar aghaidh leis isteach chun na hiothlainne leis an ualach sin, agus mar sin dó, go dtí go mbíodh an gnó críochnaithe. D’fhágtaí ansin ina stácaí san iothlainn é, go dtí go mbíodh sé breá tirim, agus ansin, dhéanadh Daid é a bhualadh ar chloch mhór, ar láthair ghlan, leis an ngrán a bhaint as. Sa tráthnóna, dhéantaí an grán sin a cháitheadh, leis an gcáith a bhaint as, agus ansin, chuirtí an grán i málaí, lena dhíol, nó lena choimead mar bhia do chearca, nó lena mheilt ina mhin-choirce, nó fiú, lena choinneáil mar shíol don chéad bhliain eile.

Faoin am sin, bhíodh na fataí aibí agus réidh chun a mbainte, gnó a thógadh thart ar thrí sheachtain arís. Nuair a bhíodh na fataí bainte, agus curtha i bpoill, amuigh sa ghort, ansin bhíodh an Geimhreadh buailte leo, agus é in am acu séasúr na gcártaí a oscailt arís. Níl sa mheid sin ach blas beag den obair mhaslaitheach a bhíodh le déanamh ag an bhfeirmeoir beag, an tráth úd. Níorbh é sin cás an fheirmeora mhóir, nó bhíodh inneallra aigesean, leis an anró a bhaint as an obair. Amach anseo, beidh tuilleadh le rá agam faoin saol a bhí suas agus mise ag fás aníos in Iorras na nIontas, breis mhaith is trí scór bliain ó shoin anois.

en_USEnglish