.

E a c h t r a i g h D ú i n n

Caibidil   18

.

Sa Chaibidil deiridh, labhair mé faoin chaoi ar shhocraigh mé éirí as an tsagartacht, agus filleadh arís ar shaol an tuata. Cheapfá nach mbeadh sé ró-dheacair a leithéid a dhéanamh, agus dár ndóigh, ní bheadh mórán deacrachta ag baint le cinneadh dá leithéid, sa lá atá inniu ann, ach saol eile ar fad a bhí i dtreis anseo, sa bhliain 1950. Ag an am sin, bhí gradam faoi leith ag gabháil leis an tsagartacht, agus ní hamháin go dtugtaí urraim agus onóir don duine fhéin, ach bhí an oiread céanna urrama agus onóra ag dul dá mhuintir, agus dá phobal, fiú. Níor dhuine príobháideach a thuilleadh é an t-ábhar sagairt, ba chuid dílis feasta é dá phobal, agus nuair a d’éireodh a leithéid de dhuine as an tsagartacht, chuir sé sin isteach ar an bpobal uilig, gan trácht in aon chor ar a mhuintir, nó ar a ghaolta fhéin. Leor a rá, mar sin, nach raibh sé chomh héasca sin ar fad, an tráth úd, filleadh ar do dhúchas i do shagart millte. Ba chineál masla é, nó chonacthas do dhaoine gur diúltaíodh duit, cuma má shocraigh duine fhéin ar éirí as, dá dheoin fhéin, nárbh é an dá mhar a chéile á? D’fhág sé na sagairt!

B’in iad na smaointe a bhí do mo chrá, is do mo chéasach, ar feadh scathaimh mhaith sul ar fhág mé an Chliarscoil, ach ar deireadh, rinne mé suas m’aigne, tar éis dom chuile shórt a chur sa mheá, agus ón bpointe sin amach, níor lig mé do na cúrsaí sin cur isteach go ró-mhór orm. Tuigeadh dom, nach raibh an dara rogha agam, ach éirí as. Nílim á rá anois, go raibh sé éasca, uaidh sin amach, nó ba chuid dem’ shaol é an traenáil sin don tsagartacht, agus caithfidh mé a admháil freisin, gurbh í an traenáil chéanna sin a mhúnlaigh mé, agus a shocraigh prionsabail, agus béasa beatha, sa chroí istigh ionnam.

Ar deireadh thiar, tháinig an lá mór. Bhí mé liom fhéin, i ndeireadh na dála. Ní raibh éinne ansin le teacht i gcabhair orm, leis an ualach buartha sin a roinnt liom. Tógadh i ngluaisteán chun stáisiún na traenach ag Iúr Chinn Trá mé. Fágadh ansin mé. Bhí léim dhroichead na n-alt caite agam. Agus leis an scéal sin a dhéanamh níos measa fós, bhí de nós ag an gComhluadar s’againne, an SMA, ar dhein mé tagairt go minic cheana dó, bhí de nós acusan, droim láimhe a thabhairt leis an té a d’fhágfadh an Comhluadar sin. Moladh dóibh, ina mbunreacht, gan aon bhaint a bheith acu feasta, leis an té a d’imíodh uathu. Moladh dóibh, gan aon pháirt a bheith acu feasta leis an té a bhainfeadh a láimh den chéachta. Caithfidh mé a admháil anois, gur chuir an nós sin isteach go mór orm, agus caithfidh mé a admháil freisin, gur tuigeadh dom, chuile lá riamh, go mba fhrithChríostaí, amach is amuigh, an nós é. Ach b’in an nós, agus geallaimse dhuit é, nár bhris mo chomhleacaithe fhéin an nós céanna sin, ach chomh beag le héinne eile. Sea, mh’anam, agus anuas go dtí an lá atá inniu fhéin ann, ní raibh aon teangmháil, gurbh fhiú trácht air, idir mé fhéin agus mo chomhleachaithe, dá bhféadfainn sin a thabhairt orthu, bíodh go raibh tarraingt ar naoi mbliana caite ag cuid againn i bhfochair a chéile, trí shonas, is trí dhonas, trí bhuairt, is trí lúcháir, trí shoineann, is trí dhoineann, ach nach ‘in an saol agat, a mhiceo!! I ndáiríre, ní raibh á dhéanamh acu, ach faoi mar adúradh leo, agus nach cuimhin libh scéal an Nóibhísigh a chuir na plandaí bun os cionn! Nach bhfuil do sháith ansin agat!

Nár bhrónach, uaigneach, gruama, an turas abhaile dhom é, ó Chliarscoil Dhroim an tSín, go baile na Droime in Iorras? Geallaimse dhuit é, gur chaitheas laethe níos sona, sásta, lúcháirí, ná an lá céanna úd, is mé ag taisteal siar abhaile go hIorras. Conas a d’éireodh liom thiar? An bhfearfaí fáilte romham? Céard faoi na comharsanna? Cad a dhéanfainn in aon chor anois, nó anuas go dtí an pointe sin, ní raibh ach ród amháin romham, dár liomsa, ach anois, bhí an bealach sin crosta ormsa feasta, ach bheadh am agam, ar ball, leis an bhfadhb sin a scaoileadh. Nach rabhas óg, láidir, misniúil, ag an am, agus mé réidh deighleáil le cás ar bith, dá dheacra é.

Trí Bhaile Átha Cliath sea chuas, agus caithfidh mé a admháil dhuit anseo, go mbíodh áthas orm, chuile bhabhta, nuair a thuirlingínn de thraein an Tuaiscirt, ag Stáisiún Shráid Amien. Níor thaise don bhabhta sin é. Sea, bhíos ar ais i dtír na muintire, bíodh go raibh píosa le dul agam fós, sára n-aireoinn cré Iorrais faoi mo spága arís. In Earrach na bliana 1950, a tharla na heachtraí sin, ach filleann siad orm anois, chomh glé, glas, glinn, is dá mba inné a tharla siad, a chéaduair!

Chaith mé oíche i mBaile Átha Cliath, agus an mhaidin dár gcionn, bhí mé réidh chun bóthair arís le giolc an ghealbhain, agus tar éis lá a chaitheamh ag taisteal, shroich mé Béal an Átha, cois Muaidhe, an oíche sin, agus chuir mé fúm ansin, sa Néifin, an oíche sin, agus an mhaidin dár gcionn, fuair mé síob amach go Béal an Mhuirthead ar veain an Phosta. Ní raibh sé ró-dheacair agam ansin mo bhealach a dhéanamh abhaile ó Bhéal an Mhuirthead, agus gan aon ró-mhoill, bhí mé ar ais sa bhaile, agus murar cuireadh fáilte Uí Cheallaigh romhamsa, an mhaidin sin, bhuel, ní lá fós é! Bhí mo Dhaid is mo Mham ina gcéad cuid thart orm, agus chuile iarracht á dhéanamh acu, a chur ina luí ormsa, go raibh na múrtha fáilte á gcur acu romham abhaile. Chuir an fháilte sin faoi gheasa mé, agus ón nóiméad sin amach, ní raibh amhras orm riamh faoi dháiríreacht na fáilte céanna sin. Nílim ag maíomh anois go raibh sé éasca agamsa, teacht isteach arís ar rithim agus ar cheol an tí s’againne, i mbaile na Droime, nó bhíos ró-fhada ar dheoraiocht, chuige sin. Bhíos ró-fhada scartha óm mhuintir, agus nósanna agus béasa strainséartha pioctha suas agam. Bhí chuile shórt as compás, mar adéarfá. An seomra seo ró-bheag, na fallaí ró-íseal, agus na hurláir ró-gharbh. Bhí mé millte, tríd is tríd, ag an timpeallacht inar chaith mé, tarraingt ar dheich mbliana. Níor tháinig an cineál saoil sin, a chleacht mé i rith na mblianta fada sin, leis an gcineál saoil a bhí á chaitheamh ag mo mhuintir fhéin. Bhí mé im éan cuideáin i measc mo mhuintire fhéin, sea, agus thógfadh sé roinnt mhaith ama leis an scéal sin a chur ina cheart arís, sé sin, dá mbeadh a leithéid indéanta, in aon chor. Bhíos-sa ag teacht, ón dtaobh amuigh, ar shaol an chomhthionóil, mar adéarfá. Ach, níorbh iad na deacrachtaí sin na clocha ba mhó ar ár bpaidrín, an mhaidin áirithe sin, in Earrach na bliana 1950, i lár na haoise seo caite. Rinneamar ár gcomhrá go béasach, cairdiúil, grámhar, ach má dhein fhéin, bhí fhios againn uilig, go raibh an dochar déanta, agus nach mbeadh cúrsaí riamh go deo arís, faoi mar a bhí, sular fhág mé an baile, le dul sna sagairt, a chéaduair. Bhris an scaradh sin sreang an imleacáin, agus d’fhág an Eaglais lorg a láimhe orm, lorg nach bhféadfaí a chealú, choíche. Thóg sé blianta orm glacadh go huile is go hiomlán le fírinne an ráitis sin, ach, bhain na cúrsaí sin uilig leis an todhchaí, agus ní raibh muid fiú ag smaoineamh ar a leithéid, an tráth sin.

Bhain deacrachtaí lem’ ionad feasta sa chlann, chomh fada is a bhain sé liomsa, ach go háirithe. Tháinig mé abhaile chucu im dhuine uasal, mé gléasta suas im chulaith Domhnaigh, fad is a bhí chuile dhuine eile sa teach gléasta ina n-éadaí oibre. Ní fhéadfainn fanacht cois tine, an lá ar fad, im shuí ar chathaoir, im dhuine uasailín. Bhí obair le déanamh. Bhí síolta le cur, móin le baint, aoileach le scaradh, agus diaidh ar ndiaidh, rinne mé iarracht teacht isteach ar na graithí céanna sin. Sílim go bhfaca na múinteoirí, i Scoil na Cille Móire Iorrais, an cás ina raibh mé, agus tháinig siadsan i gcabhair orm. Tharla ag an am áirithe sin, go raibh múinteoir sealadach ag teastáil uathu, agus d’iarr siad ormsa an post sin a líonadh, ar feadh scathaimh. Bí cinnte go raibh mé fhéin lán-tsásta tabhairt faoin bhfiontar sin. Bhailigh mé mo chip is mo mheanaithe, agus bhíos ag doras na scoile go breá luath, an mhaidin dár gcionn.

en_USEnglish