Eachtraigh Dúinn

Caibidil 20

.

Gheall mé dhaoibh go bhfillfinn ar an tsraith seo aistí arís, gan aon ró-mhoill. Ach, mar adeireadh an tseandream fadó, an rud a théann i bhfad, téann sé i bhfuaire, agus ba é an dála céanna agamsa é. Thosaigh mé á chur ar an méar fhada, ó sheachtain go seachtain. Bhuel, caithfidh mé a admháil freisin, nach raibh aon ró-fhonn orm tosú arís ag scríobh faoi thráth dem’ shaol, a d’iompair siar mé go dtí na laethe casta, céasta, buartha, sin, nuair a thréig mé an Chliarscoil, ar chúiseanna áirithe, agus nuair a chuir mé romham arís, mo bhealach a dhéanamh trí shaol guaireach, cráite, a bhí tréigthe agam leis na blianta, agus saol ar cuireadh fainic na bhfainic ormsa faoi, le linn na mblianta fada a chaith mé ag ullmhú don tsagartacht. Bhí sin thart anois, agus bheadh ormsa feasta, réiteach eicínt a dhéanamh le saol corrach, coireach, cam, an fichiú haois.

Labhair mé faoi dhul go hOllscoil na Gaillimhe, i bhFómhar na bliana 1950, an Bhliain Bheannaithe. D’inis mé dhaoibh freisin, go raibh mé ag cur fúm amuigh i nGarraithe an Léana Bhuí, ar imeall na cathrach, agus mhínigh mé freisin, faoi na rincí a ndéanadh mé fhéin is mo chomrádaí, Jimmy Albanach, freastal orthu, i Seapoint agus sa tseanHangar freisin, corruair. Anois, sílim nach raibh mórán taithí ar an saol mór, millteach, faighte ag Jimmy s’againne, ach an oiread liom fhéin, agus do bharúil, nach dtéadh muid beirt chuig scoil rince, cupla uair sa tseachtain, nó cuimhnigh, nach raibh taithí dá laghad, ag ceachtar againn, ar dhamhsaí, nó rincí, agus bíodh nár theastaigh uainn an scéal sin a chraobhscaoileadh i measc ár naimhde, nó fiú imeasc ár gcairde fhein, ag an am gcéanna, nuair is crua don chailleach caithfidh sí rith! Agus ba é an dála céanna againne é, nó theastaigh uainn beirt, tosú ar ghnáthshaol a chaitheamh feasta, agus ar an ábhar sin, ní raibh an dara rogha againn, dár linne, ach rince a fhoghlaim, agus sin ar an dá luathas, nó bheadh sin i bhfad níos fearr ná bheith i muinín rince na bpréachán, faoi mar a bhíomar beirt, ag an am. D’éirigh linn go réasúnta maith, sa bhfiontar sin, agus ba ghearr go mbíodh muid amuigh ar an urlár, agus muid ag rince linn, faoi mar a bheadh Dia á rá linn. Bhí an ceart ag ár seanchara, Mártan an Tairbh, nuair a dúirt sé linn dul amach ar an urlár, faoi mar ba linne an t-urlár céanna sin! Sea, mh’anam, ba ghearr go raibh toit á baint as urlár “Seapoint” againn beirt, mé fhéin is mo sheanchara, Jimmy, ní lena chéile, dár ndóigh, ach le cailíní áille na dúiche.

Ba mhór go deo an difir idir shaol an mhac léinn Ollscoile an tráth úd, i lár na haoise seo caite, agus saol an mhac léinn Ollscoile, sa lá atá inniu ann. Ó tharla go mba í sin an Bhliain Bheannaithe, cuireadh misean ar siúl do mhic léinn Choláiste na hOllscoile, Gaillimh, agus m’fhocal is mo lámh dhuit, go mbíodh an séipéal ag cur thar maoil do chuile léacht, agus don Aifreann freisin, chuile mhaidin. Sílim gur mhair an misean céanna sin ar feadh seachtaine. Ach fan ort neomat ansin, nach bhfuilim, anois díreach, tar éis teacht ar phictiúr beag, a bronnadh orm ag an misean céanna sin, agus do bharúil? nach bhfuil sé agam fós, nó choinnigh mé im Bhíobla é, rud a choinnigh deas, glan, néata, é, thar bhreis is leathchéad bliain. B’fhéidir gur mhaith leat a fháil amach, céard tá scríofa ar an bpictiúr beag beannaithe céanna sin? Bhuel, seo chugat é…..

Souvenir of My Retreat at University College, Galway

Holy Year

22 – 29 October 1950

in honour of The Solemn Proclamation

by His Holiness Pope Pius XII

of the Dogma of the Glorious Assumption

of The Blessed Virgin Mary.

Sea, breathnaigh ar sin anois, agus ba é an tAthair Paul Waldron, Maynooth Mission to China a bhí i mbun an Chúrsa Spioradálta chéanna sin. N’fheadar an mbeadh a leithéid ar siúl in ár nOllscoileanna, sa lá atá inniu ann? Sea, mór idir inné agus inniu!

Agus ó tharla gur ag tagairt do chúrsaí spioradálta atá mé, bhíodh rud eile ar siúl againne mic léinn freisin, rud nach dtarlódh sa lá atá inniu ann, tá mé cóir a bheith cinnte! Tharla go ndeachaigh sé amach ormsa, gur cuireadh léann an tsagairt orm, agus tuigeadh dá bharr sin, go mbeadh ar mo chumas ceisteanna morálta a scaoileadh dom’ chomhleacaithe. Dá bharr sin, thagadh mic léinn chugamsa, go rialta, ag iarraidh orm treoir eicínt a dhéanamh dóibh. Ba iad na fadhbanna ba mhinicí a bhíodh á mearú nó fadhbanna gnéis. Deiridís gur dheineadar seo, nó siúd, agus iad amuigh ag suirí, nó ag pleicíocht dóibh, agus theastódh uathu a fháil amach, ar pheaca marfach é a leithéid a dhéanamh, agus ar chóir dóibh é a lua ina bhfaoistin? Bhí cíocras an domhain orthu eolas dá leithéid a fháil, agus ag breathnú siar ar na cúrsaí sin anois, is dócha gurbh é ba chúis leis uilig, nó nár mhínigh éinne scéal na mbeach is na n-éan riamh dóibh, agus b’in iad ansin, iad fásta suas, iad ag dul amach le cailíní, agus gan rialacha an bhóthair foghlamhta fós acu, mar adéarfá. Rinne mé mo dhícheall iad a chur ar an eolas, chomh fada is a d’fhéadfainn, nó tuigeadh dom, nach raghaidís chuig anamchara nó comhairleoir ar bith eile, mura n-éireodh liomsa a dtart a mhúchadh!

Tríd an obair sin go léir, bhí mé fhéin ag foghlaim uathusan freisin, agus diaidh ar ndiaidh, bhí mé ag cur eolas ar chúrsaí an tsaoil daonna seo, agus dá bharr sin, ba ghearr gur thosaigh mé fhéin ag tionlacan cailíní abhaile ó na damhsaí. Ní call dom a rá, gur bheag dochar a bhí sa tionlacan céanna sin. Is dócha nach raibh ann ach bheith i gcomhluadar ban, bheith ag comhrá leo, ag iarraidh iad a thuiscint, ag baint taitnimh as a n-áilleacht, agus ansin, póigín neamhurchóideach ag geata theach an chailín, mar luach saothair, nó mar mhisniú, corruair, b’fhéidir. Sea, caithfidh mé a admháil anois gur bhain mé fhéin agus Jimmy taitneamh nár bheag as ár n-eachtraí sna Hallaí Damhsa, i rith na bliana Ollscoile céanna sin, 1950 – ’51. Agus chomh maith le sin, d’éirigh liom fhéin breacaithne éadomhain a chur ar an gcorrdheoch freisin. Ba chuid dem’ oiliúint ar chúrsaí an tsaoil mhóir é, agus geallaimse dhuit é, nár fhás aon ró-charadas idir mé fhéin agus na deochanna meisciúla céanna sin, an tráth úd, nó riamh ó shoin, nó tharla nach raibh mé tugtha dóibh, nó aon ró-fhonn orm éirí mór leo! Sea, nár inis mé dhaoibh faoin mbuidéal fíona úd a d’ólamar ar ár mbealach go Cóbh Chorcaí fadó, agus faoin gceacht a d’fhoghlaimíomar an lá sin?

Ná ceap anois gur chaith mé an t-am uilig ag dul chuig na damhsaí agus ag ól, nó ní mar sin a bhí. Bhí mé ansin le “H. Dip in Ed.” a bhaint amach, ag deireadh na bliana sin, agus caithfidh mé a rá, gur luigh mé isteach ar an ngnó sin, le fonn, agus le flosc, agus nuair a tháinig deireadh na bliana sin, bhí mé breá ullamh chuige.

.

en_USEnglish