E A C H T R A I G H D Ú I N N

Caibidil 3.

.

An tríú lá sa Choláiste dúinn, fuaireamar amach gan aon ró-mhoill, go raibh deireadh leis an tsaoire feasta, agus go raibh an t-am tagtha le luí isteach ar an obair, i ndáiríre. Mar a dúirt mé cheana, nuair a bhuailtí an clog dúinn ag a sé ar maidin! b’fhéidir gur fhreagraíomar an “Benidicamus Domino” lenar “Deo Gratias” slóchtach, codlatach, leisciúil, ach ní ón gcroí a tháinig an “Deo Gratias” céanna sin uainn, geallaimse dhuit é. De réir mar a chuaigh caitheamh sna laethe, áfach, tháinig muid isteach ar nós an mhochóirí, ach bíodh sin mar atá, ní dóigh liom gur thaitin an mochóirí céanna sin liom fhéin riamh, ach tuige nach dtabharfadh duine buíochas do Dhia, chuile mhaidin, as sinn a choinneail slán i rith na hoíche a bhí thart? Bhí sé greannmhar, ar bhealach, breathnú thart ort, ar uair antráthach sin na maidine, le súil a chaitheamh ar na gasúir óga eile thart ort id’ shuanlios. Dheineadh cuid acu chuile iarracht fad a bhaint as a seal sa leaba, trí chupla noiméad eile a chaitheamh faoin bpluid, ach bhí fear amháin, ach go háirithe, fear a bhí sa leaba taobh liom fhéin, agus chuirfeadh seisean na cait fhéin ag gáire leis na cluichí aite a d’imríodh seisean, chuile mhaidin, le fad a chur lena thréimhse faoin bpluid. Thógadh sé a spléacaí i dtosach, agus dheineadh iad a ghlanadh agus a shnasadh, ansin, thógadh sé chuile bhall éadaigh leis, agus dhéanadh sé iad a scuabadh lena scuab éadaigh, agus ar deireadh thiar, nuair a bhíodh sin uilig críochnaithe aige, thógadh sé a stocaí, agus dhéanadh an cleas céanna leosan freisin. Ar deireadh thiar áfach, ní bhíodh an dara rogha aige ach éirí, agus dheineadh sé sin chomh mall, gearánach, cneadach, agus a d’fhéadfadh sé.

Tháinig mé fhéin isteach ar chleachtas an Choláiste tapaidh go leor, nó i ndáiríre, ní raibh le déanamh ag duine ach léimt as a leaba amach, chomh luath is a chuala sé an clog, agus ansin, d’fhéadfadh sé an chuid eile de ghraithí beaga na maidine a dhéanamh, gan aon ró-stró. Agus bíodh nach raibh aon uisce reatha, nó leictreachas, acu sa Choláiste, nárbh é an scéal céanna againn fhéin é sa bhaile, in Iorras, ag an am sin, freisin.

.

Ní gá dhom a rá, go raibh dath dubh ar ár gcuid éadaigh uilig, taobh amuigh de na léinte. Nárbh ábhar sagairt a bhí i ngach aon duine riamh againn, bíodh nach raibh ionainn ach gasúir. Ach b’in nós na haimsire sin. Sea, mh’anam, cultacha dubha, léinte bána, agus carabhait dubha, ar chuile dhuine riamh againn, agus dá bhfeicfeá muid amuigh ag siúlóid, chuile Dhomhnach, agus muid gléasta inár gcultacha Domhnaigh, agus ceann de na caipíní áiféiseacha, pice, sin, a chaití ag an am sin i gColáistí ardnósacha, buailte anuas ar cheann chuile dhuine againn, cheapfá nach bhféadfadh gasúir dá leithéid, smaoineamh fiú, ar dhiabhlaíocht dhe shaghas ar bith, gan trácht ar í a dhéanamh. Ach mh’anam, go mbeadh breall ort, geallaimse dhuit é!

.

Ach, fillimis ar chleachtas na maidine. Chomh luath is bheadh duine nite, pioctha, cíortha, agus gléasta, thabharfadh sé an tAireagal air fhéin, nó bhí orainn teacht le chéile ansin, ag a leath uair tar éis a sé, ar maidin. Líonadh idir ghasúir agus shagairt, nó ba shagairt iad na múinteoirí uilig, geall leis, líonaidís isteach ina suíocháin, agus arís, bhíodh a ionad fhéin, ina shuíochán fhein, ag chuile dhuine againn. Chuirfeadh sagart ceann ar na paidreacha, agus nuair a bhíodh paidreacha na maidine ráite, bhíodh thart ar leathuair a chloig le caitheamh againn, ag machtnamh, nó ag “meditate-áil”, dúinn fhéin. Ó, a Thiarna, nár dheacair fanacht i do dhúiseacht le linn an mhachtnaimh fhada, chéanna sin. Ach, ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile, dhéanadh muid an cleachtas sin, agus ansin, ag a seacht a chlog, bhíodh an tAifreann againn, ní gá a rá go mbíodh an tAifreann á léamh sa Laidin, ag an am sin, agus ba ghearr go raibh ar ár gcumas chuile phaidir, agus léamh, acu sin, a léamh agus a rá sa teanga ársa sin. I ndiaidh an Aifrinn, bhíodh tamall gearr againn, le cupla paidir buíochais a rá dúinn fhéin, agus ansin, ag a leath i ndiaidh a seacht, d’fhágadh muid an tAireagal, agus ag an bpointe sin, bhíodh obair tí le déanamh againn, a ghnó fhéin ag chuile dhuine againn. Fear ag scuabadh, agus fear ag snasú, fear ag ní agus fear ag glanadh, fear eile fós ag sciúradh, agus mar sin dúinn, go dtí a hocht, agus geallaimse dhuit é, go mbíodh tuirse ár ndóthain orainn ag deireadh an ama sin, sea, agus muid stiúctha leis an ocras freisin. Leite, arán agus im, maraon le cupán tae a bhíodh againn don bhricfeasta, chuile mhaidin. Leamh go maith! déarfa, ach geallaimse dhuit é, nach bhfuair muidinne aon blas den bhia céanna sin tur, agus gur chaitheamar chuile ghreim de go buíoch, beannachtach, nó is maith an t-anlann an t-ocras.

.

I ndiaidh an bhricfeasta, bhíodh seal leathuaire againn, le bheith ag spraoi nó ag súgradh. Ba thráth é do chaitheamh aimsire, agus chaitheadh an chuid ba mhó de na gasúir an t-am sin ag siúlóid timpeall, ag caint, is ag comhrá. Ag a naoi, thosaíodh an obair scoile. Mhaireadh na ranganna thart ar chúig nóimead is daichead, agus bhíodh na gnáth ábhair scoile againn. Gaeilge, Béarla, Mata, Stair, Tíreolaíocht, Teagasc Críostaí, Laidin, Fraincis, agus Eolaíocht. Ní raibh rogha ar bith againn, nó bhí ar chuile dhalta na hábhair sin uilig a dhéanamh. B’in an gnáth chlár oibre a bhí leagtha amach dúinn, agus arís, caithfidh mé a rá, gur tháinig mé fhéin isteach ar an obair chéanna sin, tapaidh go leor, agus ba ghearr go raibh mé ag baint taitnimh as chuile rang acu, agus bíodh go dtugtaí an-chuid obair thinteáin dúinn, nó ní raibh ach dhá bhliain againn le cúrsa na Meanteistiméireachta a chríochnú, níor chuir an taobh sin den obair isteach ormsa, a bheag nó a mhór. Agus nach orm a bhí an t-ionadh, agus an mórtas, ag deireadh an chéad téarma sin, nuair a tháinig mé fhéin sa chéad áit, i scrúduithe na Nollag. Uaidh sin amach, bhíos im scolaire cruthanta, agus im mhac díograiseach léinn, chuile bhabhta.

Thart ar leath i ndiaidh a dódheag, bhíodh ar lón againn, ní lón a bhí ann, i ndáiríre, ach dinnéar! Bhíodh anraith againn i dtosach, anraith agus arán, agus bhaineadh sin an faobhar dár ngoile! Ansin bhíodh an príomhchúrsa againn.

Céard a hhíodh againn don phríomhchúrsa, an ea?

Bhuel, bhraitheadh sé ar céard a bhí flúirseach acu sa chistin ag an am, ach de ghnáth, gheobhaimis fataí bruite, giota feola, agus ní gá a rá, nár den scoth í an fheoil chéanna sin, agus nár chuala si trácht riamh ar “cordon bleu”, ach oiread, ach b’fhearr ann nó as di, agus chomh fada is a bhain sé linne, ba é a locht a laghad, go minic. Chomh maith le sin, bheadh glasraí de chineál éigin againn, turnapa, gabáiste, biatas dearg, cainneann, nó a leithéid, agus arís, ba mhaith an t-anlann an t-ocras, agus ba bheag den ghlasra sin a bheadh fágtha im’ dhiaidh ar mo phlátasa, ach go háirithe. Dá mbeadh an t-ádh orainn, bheadh anlann eicínt ar an bpláta freisin. Beirt de na mic léinn a dhéanadh an freastal orainn. Ó! sea, agus bhíodh gloine uisce le dul leis an ndinnéar sin, ag chuile dhuine againn. Dár ndóigh, nuair a bhíodh ceann de na Féilte móra á cheiliúradh againn, bhuel, ansin bhíodh buidéal de shú líomóide fágtha ar an mbord do chuile mhac a’ pheata againn! Ní gá dhom a rá, go mbíodh fáilte agus fiche againn roimh shólaistí dá leithéid. Ansin, bhíodh milseog de chineál eicínt againn, le críoch a chur leis an mbéile. Lá amháin bheadh úlla bruite againn, lá eile, glóthach agus custard, ach thar aon rud eile, ba é ba mhinicí mar mhilseog againn nó maróg ríse. Anois bhí cuid de na gasúir thart orm, ag an mbord, roinnt beadaí, agus cleachtadh acu ar chuile shórt beadaíochta sa mbaile, b’fhéidir, agus dá bharr sin, ní leagaidís smut ar na gnáthmhilseoga sin. Anois, níor dhuine beadaí mé fhéin, ag an am, agus bhíodh an oiread milseog le fáil agamsa is a theastíodh uaim, nó shíneadh na buachaillí beadaí sin a milseoga chugamsa. I ndiaidh an dinnéir, théadh muid ar chuairt chuig an Aireagal, agus an salm, De Profundis, á rá againn, fan an bhealaigh. Ar ball, tar éis scathaimh eile ag spraoi dúinn fhéin, thosaíodh na ranganna arís, agus leanaidís go dtí a trí, nó mar sin.

I ndiaidh na ranganna sin, bhíodh obair de chineál eicínt, nó cluiche, b’fhéidir, leagtha amach dúinn, ar a seal. Lá amháin, bheadh muid ag leagan crainn, agus á ghearradh suas le toireasc beirte, sa chaoi go mbeadh connadh againn do thinte an Choláiste. Lá eile, bheadh muid amuigh ag cur bail’ eicínt ar na bóithríní timpeall na scoile, agus lá eile fós, bheadh muid amuigh ag imirt peile, nó iománaíochta, i bpáirc an bháire. Thugadh an tréimhse sin seans dúinn aclú coirp a fháil, agus chuireadh sé bealach ar fáil dúinn le fáil réidh leis an mbreis teaspaigh a bhí ionainn, ag an aois sin. Ar aon chuma, bhíodh goile againn don tae a thagadh ar ball. Arís, ní bhíodh bianna beadaí le caitheamh againn, don tráth sin, ach bhíodh, b’fhéidir, brúitín, maraon le h-arán, margairín agus braon tae. Dheamhan locht ar bith a bhí le fáil agamsa ar an mbia céanna sin, nó nach raibh cogadh mór ag réabadh leis ar fud na hEorpa, ag an am, agus bhí rudaí ag éirí gann, ó ló go ló.

Tamall againn ansin le spraoi a dhéanamh roimh dhul ag staidéar dúinn fhéin. Tháinig muid le chéile sa Halla Staidéir, áit a raibh a bhinse fhéin ag chuile dhuine den trí scór againn. Shuíodh an Cinnire ag cúl an staidéir, agus choinníodh sé súil ar chuile dhuine, nó bhí de dhualgas airsean féachaint chuige nach dtógfadh duine ar bith rí-rá, nó raic, le linn an staidéir, agus dá dtarlódh go dteastódh rud ar bith ó mhac léinn ar bith, théadh sé chuig an Cinnire sin, le cead a fháil uaidhsean dul ar a lorg. Duine dínn fhéin ba ea an Cinnire, dár ndóigh, a roghnaigh na húdaráis don phost sin, toisc go raibh sé staidéartha, intaofa. Bhíodh a dhóthain le déanamh ag chuile dhuine againn lena choinneáil gnóthach go ham suipéir. Bhíodh an obair thinteáin, maraon le cibé léitheoireacht, nó athscrúdú, a bhí le déanamh againn, le críochnú i rith an ama a bhíodh againn sa Halla Staidéir. Gheofá an corrdhalta ag iarraidh úrscéal, nó scéal lorgaireachta, a léamh, os íseal, le linn an staidéir, ach ní bheadh duine ar bith ag iarraidh nuachtán a léamh, nó ní raibh cead againn nuachtán a cheannacht, nó a léamh, fiú na nuachtáin Chaitliceacha!

I ndiaidh an staidéir sin uilig, bhíodh muid tuirseach go maith ag a naoi a chlog, agus bhíodh fáilte againn roimh chupán tae agus canta aráin, agus níos fearr fós, i ndiaidh an tsuipéir sin, bhíodh tamall eile againn amuigh faoin aer, ag siúl, nó ag cleasaíocht. Ag deireadh thiar, thart ar a leath i ndiaidh a naoi, thugaimis an tAireagal orainn fhéin, uair amháin eile, lenár bpaidreacha oíche a rá. Ba í an phaidir a bhíodh againn an tráth sin, nó an Paidrín Páirteach fhéin, agus chomh fada agus is cuimhin liom anois, ba sa Laidin a deirimis é.

Ar ais linn i ndiaidh na bpaidreacha sin go dtí an Suanlios, agus geallaimse dhuit é, go mbíodh ár sáith tuirse orainn, tar éis an lae ghnóthaigh a bhí caite againn óna sé a chlog ar maidin. An searmanas céanna arís. Bhí fiacla le scuabadh agus le glanadh, aghaidh le ní, agus báisín le líonadh le huisce i gcóir na maidine. Ansin, an léine oíche sin arís, agus sin uilig gan focal as duine ar bith againn, mar nárbh é sin tréimhse an “Grand Silence”. Nach raibh a leithéid mínádúrtha go maith do ghasúir thart ar cheithre bliana déag d’aois? Ní bhíodh gá le duine ar bith a insint dúinn go raibh sé in am luí, nó thugadh chuile dhuine againn an sop air fhéin, chomh luath géar is a bhí sé réidh chuige, agus minic go leor bhíodh cuid againn inár gcodlach roimh mhúchadh na soilse ag a deich.

.

Bhuel sin agat clár an ghnáthlae i gColáiste an Chroí Ró-Naofa, Béal an Átha Fhada, Contae Mhaigh Eo, i Meán Fómhair na bliana sin 1940, breis is trí scór bliain ó shoin anois, agus cé gur leadránach go maith an t-ábhar é, ag an am gcéanna, cheap mé gurbh fhiú mo chuimhní ar an ábhar sin a chur ar phár, nó tá mé cinnte nach mbeidh a leithéid ann arís, nó is mór idir inné agus inniu.

Go dtí an chéad uair eile…

Slán…..

.

********************

Peadar Bairéad.

********************

.

.

.

    .

.

en_USEnglish