E a c h t r a i g h D ú i n n

Caibidil 5

.

Is beag nach bhfuil mé críochnaithe anois le mo chuimhní ar Choláiste an Chroí Ró-Naofa, Béal an Átha Fhada, i gContae Mhaigh Eo. Ach caithfidh mé a admháil dhuit, a léitheoir, go bhfuil leisce áirithe orm fós, an tseanáit sin a fhágáil taobh thiar díom, nó ba ansin a chaith mé dhá bhliain órga de laethe geala m’óige, agus bíodh go raibh mé scartha ó mo chine, agus ó mo mhuintir, agus bíodh nach raibh aon arán saor le fáil agam san áit chéanna sin, mar sin fhéin, is geal lem chroí na cuimhní a ritheann chugam fós, aniar as an tréimhse sin de laethe m’óige.

Sa chaibidil seo, is amhlaidh a phiocfaidh mé amach eachtraí, nó cuimhní, áirithe, a tharla le linn dom bheith im mhac léinn sa Choláiste breá sin. Ba é an chéad rud a chuaigh i gcionn ormsa, nó an scoil fhéin. B’fhathach de theach, amach is amuigh, é, agus é galánta, dea-dheartha, dea-dhéanta, ó bhun go barr. Ní raibh tada dá leithéid feicthe agamsa, ar mo shúile cinn, le mo bheo roimhe sin. Is amhlaidh a d’fhás an t-áras taibhseach sin suas as an mbán glanbhearrtha, a bhí leagtha amach os a chomhair amach, agus faiche a bhí bearrtha go bun na dúide, thart air. B’in mar a bhi sé an chéad lá ar leag mise súil air, i Meán Fómhair na bliana, 1940. Ach níor sheó go dtí é san Earrach, nuair a bhíodh an fhaiche sin ar fad ina brat órga ag lusa luascacha an chromchinn, agus iad leagtha amach ina mbuíonta, agus ina gcipí, faoi mar a bhí na saighdiúirí socruithe, ullmhaithe. do chath Waterloo. Is dócha go ndéarfadh duine gur bheag a bhí le déanamh ag daoine sna laethe úd fadó, faoi rá is go gcaithfidís a ndúthracht ag plandáil na lusa cromchinn ar an dóigh neamhghnách sin, ach beatha dhuine a thoil, mar adeireadh an seandream fadó, agus nach acu a bhí an ceart. Agus lena chois sin, nár bhoc mór, amach is amuigh, é an t-únaeir, an Cunta Llewellyn De Bláca fhéin, oidhre na mBlácach i Cloghballymore House, i gContae na Gaillimhe, a bhronn a thithe agus a thailte ar na Misin Choigríocha. Rinne mé cur síos cheana daoibh ar an leagan amach a bhí ar an gColáiste, ar an dtaobh istigh, ar na seomraí, an Bhialann, an Suanlios, an t-Aireagal, agus an Halla Mór Staidéir, agus níl fúm a thuilleadh a rá anseo fúthu sin, ach b’fhéidir nárbh aon dochar é, tagairt a dhéanamh, go sciobtha, anseo, do na faichí imeartha a bhí againn, i ngar don scoil. Chomh fada is a théann mo chuimhne anois, bhí péire páirceanna againn, mar pháirceanna imeartha, agus b’ansin a d’fhoghlaim mé fhéin, agus gasúir eile chomh maith liom, scileanna na gcluichí náisiúnta, mar cé go rabhthas dár dtraenáil do na misin choigríocha, bhí an náisiúnachas de dhlúth agus d’inneach i gcóras oideachais na tíre seo, ag an am sin. Agus, bíodh go raibh breac-eolas ag cuid againn ar na rialacha a bhain leis na cluichí sin, mar sin fhéin, bhí oiliúint agus traenáil sna scileanna cuí, ag teastáil go géar uainn. Níor imir mé fhéin mórán cluichí roimhe sin riamh, ach amháin na cluichí a d’imríomar cosnochtaithe, i gcoinne foirne Bhéal an Mhuirthead, nuair a bhain na “townies” na rúitíní agus na loirgne dínn, lena mbróga siopa, ach ba ghearr gur tháinig muid isteach ar na cluichí céanna sin, agus go raibh ar ár gcumas iad a imirt go seoigh.

Ba sa scoil sin an Chroí Ró-Naofa, a chuir mé aithne den chéad uair, freisin, ar na lámhainní dornála. Mar seo a tharla. Bhí sagart óg inár mbun, ag an am, agus is dócha go raibh suim faoi leith aige fhéin sa dornálaíocht. Bhuel, ní shásódh tada an fear céanna, go raibh cró dornálaíochta leagtha amach aige dúinn, agus ansin, rinne sé chuile iarracht ar scileanna na ceirde sin a mhúineadh dúinn. Is dócha gur tuigeadh dó, go mbeadh gá ag sagairt leis an scil chéanna sin, sa todhchaí! Ar aon chuma, ba bheag mo spéis fhéin sa chluiche chéanna sin, ach corruair, ní raibh aon dul as agam. Caithfidh go raibh mé contráilte go maith, na laeathe úd, murab ionann is anois! go háirithe, nuair a bhínn ag imirt cluichí, nó a leithéid. Bhuel, nuair a d’éiríodh idir aon bheirt againn, agus nuair a thagadh an sagart óg sinn orainn, i mbun troda, – agus thagadh, – meas tú céard a dhéanadh sé, le deireadh a chur leis an argóint?

Tá an ceart agat. Shocraíodh sé am faoi leith, agus bhíodh ar an mbeirt trodairí bheith i láthair sa chró dornálaíochta, ag an am spriocáilte, agus iad ullamh ina lámhainní dornála, le troid a dhéanamh os comhair na scoile ar fad, agus an sagart óg úd ina réiteoir ar an mbabhta dornálaíochta sin. Fanann cuimhne na laethe úd liom go dtí an lá atá inniu ann, agus is féidir liom boladh leathar na lámhainní a fháil fós im pholláirí, agus é chomh bréan inniu is a bhí sé breis is trí scór bliain ó shoin anois. B’fhuath liom fhéin na troideanna céanna sin, nó ba rud amháin é, troid a thosú nuair a bheadh rabharta feirge ar dhuine, ach níorbh ionann sin in aon chor agus troid a dhéanamh le gasúr eile, agus gan fearg, nó tada dá leithéid ort leis, agus an scoil ar fad ag breathnú orainn, agus dár ngríosadh chun troda, ach mhaolaigh sé go mór ar aon fhonn troda a bhí beirthe sa chnámh ionnamsa, geallaimse dhuit é. Ba chosúil é sin, dár liomsa, agus an chaoi a gcuireadh muidinne gasúir na madraí ag troid fado. Ba rud fuarchúiseach, amach is amuigh é, ach ag an am gcéanna, is dócha gur chabhraigh sé linn srian eicínt a chur ar ár bhfearg, sa chaoi gur mhúin sé dúinn, conas smacht agus guaim a choinneáil orainn fhéin, earraí a bhí chun ár leasa, sna blianta a bhí romhainn amach. Mar sin, maithim don sagart óg sin a dhúil mhallaithe sa dornálaíocht, agus sa bhfuil, dár linne, le linn m’óige-se. Chuireadh an sagart óg sin lá spóirt sa tsiúl dúinn, anois is arís, nuair a thógadh sé dornálaithe ó Chlub dornálaíochta i gCaisleán an Bharraigh isteach go Coláiste an Chroí Ró-Naofa, i mBéal an Átha Fhada, le comórtas dornálaíochta a eagrú eatarthusan agus gasúir an Choláiste. B’in an áit a mbíodh an fhuil, geallaimse dhuit é, ach i ndeireadh na dála, ní dóigh liom go raibh gasúr ar bith inár measc-na a chloígh leis an dornálaíocht, mar spórt, nó mar chaitheamh aimsire, fiú, ina dhiaidh sin.

Sea, geallaimse dhuit é, go raibh bealaí acu sa Choláiste sin, le smacht a chur i bhfeidhm ar ghasúir cosúil linne. Is cuimhin liom, go mbíodh sé de nós againn, freastal ar na boird, le linn na mbéilí, ar ár seal. Bhí buntáistí ag gabháil leis na ngnó sin, nó nuair a bhíodh a mbéile críochnaithe ag na daltaí eile, agus ag na sagairt freisin, d’imíodh siadsan chun an Aireagail, le cupla paidir a rá, agus d’fhanadh na giollaí boird sa mbialann, lena mbéile fhéin a chaitheamh, ar a sástacht. Anois, thugadh sin deis dóibh im, earra a bhí gann go maith ag an am, agus sólaistí eile freisin, a thógáil ó bhord na sagart, agus ba gheall le hór buí an t-im céanna sin i measc na ndaltaí, nó ní bhíodh le fáil acusan ach an margairín, earra nár thaitin leis na daltaí a raibh aon bheadaíocht in aon chor ag baint leo. Bhuel, tharla lá amháin, gur rugadh ar roinnt áirithe againn i mbun na hoibre sin, agus geallaimse dhuit é nár ligeadh saor gan pionós sinn. Ba é a dheineadar linn, nó gan aon bhricfeasta a thabhairt dúinn ar feadh seachtaine, agus leis an scéal a dhéanamh níos measa fós, chuireadar iachall orainn, an t-am sin a chaitheamh, ag gíotáil, os comhair na Bialainne amach, sa chaoi go raibh radharc iomlán ag chuile dhuine sa scoil orainn, agus tuiscint mhaith acu freisin, ar an fáth a bhí leis an bpionós sin a gearradh orainn. Is dócha gur múineadh ceacht eicínt dúinn an tráth sin freisin, ach níl mé cinnte amach is amuigh cén ceacht é. Déarfadh duine, b’fhéidir, gur múineadh dúinn nár chóir baint le cuid na gcomharsan, agus déarfadh daoine eile, b’fhéidir, gurbh é an ceacht a múineadh dúinn nó a bheith níos cúramaí, an chéad bhabhta eile! Bíodh do rogha agatsa, ach mo chuidse de, ní dóigh liom gur mhúin sé tada dhom ach fuath don chur chuige sin mar mhodh múinte, b’fhéidir, nó níor thaitin sé riamh liom, ó shoin anuas, duine ar bith a fheiceáil á náiriú go poiblí.

B’fhéidir gur mhaith le duine eicínt ceist a chur orm faoi chúrsaí gnéis, agus a leithéid, áit a raibh thart ar thrí scór ógánach teanntaithe istigh le chéile, agus gan comhluadar ban ar an “menu”, mar adéarfá, olc maith nó dona, agus sin ag tarlú tráth a raibh a gcuid hormón ag tabhairt trí léim táilliúra as a gcorp agus as a gcabhail sa chroí istigh iontu?

Bhuel, ba ghnáth-ógánaigh iad i ngach uile shlí, agus bíodh go raibh siad teanntaithe istigh sa Choláiste ar feadh bhunús na bliana, bhídís ar saoire sa bhaile ar feadh thart ar cheithre mhí, i rith na bliana, agus i rith an ama sin, bhíodh fáil acu ar chomhluadar agus ar chomhairle ban. Chomh maith le sin, bhíodh roinnt cailíní óga ag obair sa Cholaiste, rud a thugadh deis dóibh a ngairm chun na sagartachta a thástáil, agus dár ndóigh, bhí na ceathanna fuara ansin i gcónaí, leis an teaspach a bhaint as duine ar bith a bheadh ina ghátar sin! Ba dhéagóirí iad na hábhair óga sagairt sin, a raibh múineadh an tsagairt a chur orthu, gnó nach raibh, agus nach bhfuil, éasca, am ar bith, ach nuair a chuireann tú le sin óige na ngasúr, tuigfidh tú go raibh fonn níos mó orthusan, an tráth úd, éisteacht le dea-chomhairle ó dhaoine fásta, agus seans níos fearr ann, go ndéanfaidís dá réir. Ní gá dhom a rá, sna cúrsaí seo, nach dtabharfaí an dara seans do dhuine ar bith a gheofaí ciontach i mbreathnú thar chlaí na haontumhachta amach! Sea, ach tharlaíodh a leitheid corruair.

Cuimhne eile a fhanann glas liom, go dtí an lá atá inniu ann, agus déarfainn go gcuirfeá fhéin suim ann freisin.

Cén chuimhne atá i gceist agam anois, an ea?

An modh taistil a bhí againne, daltaí, agus muid ag dul i mbun na Meánteistiméireachta.

Agus cén modh taistil é fhéin?

“Jaunt”, mar a thugadh muintir Árann air, blianta fada ó shoin, agus b’fhéidir go bhfuil an focal céanna sin in úsáid ar Inis Mór, Árann, go dtí an lá atá inniu ann. Sea, Carr Cliathánach, b’in an modh taistil a bhí againn, le sinn a iompar ó Choláiste an Chroí Ró-Naofa go Caisleán an Bharraigh, turas de dheich míle, b’fhéidir, ó tharla nach raibh ionad scrúduithe dár gcuid fhéin againne, an tráth úd, agus bhí spás dúinn i St. Geralds College, i gCaisleán an Bharraigh. Is cuimhin liom fós, boladh an chapaill, agus torann an úim agus na gcrúb, agus muid ag bogadh linn, ar sodar, fan an bhóthair fhada sin. Thug an turas sin deis dúinn, ceisteanna a phlé agus a chur trí chéile, agus muid ag gluaiseacht ar ár sáimhín só chun an bhaile mhóir. Sea, b’in iad laethe geala na hóige, nuair a bhí ceol agus rithim aerach i ngach rud faoin speir, sea, agus taitneamh agus tairbhe le baint as gach aon cheo.

B’in iad na laethe, nuair a théadh muid ag siúlóid, chuile mhaidin, síos bóthar an Choláiste, go dtí dealbh Phádraig, ag bun an bhóthair sin, agus nuair a bhíodh an uain go breá, bhíodh radharc iontach, álainn, spreagúil, le fáil againn, ar Chruach fhíor-álainn Phádraig.

Ach anois, fágfaidh mé an tréimhse spreagúil, uaigneach, corraitheach sin, dem’ shaol taobh thiar díom, agus leanfaidh mé sruth na beatha, faoi mar a shil sé leis, ó laethe Choláiste an Chroí Ró-Naofa úd, ar aghaidh, agus déanfaidh mé iarracht, sa chéad ghála eile, cur síos ar Choláiste Sheosaimh Naofa, i Wilton, a bhí suite ar imeall Chathair Chorcaí an t-am sin, mar a raibh mé fhéin im’ mhac léinn sagartachta, ar feadh trí bliana corraitheacha eile.

en_USEnglish