E a c h t r a i g h D ú i n n

Caibidil 8

.

Sa chaibidil deiridh, labhair mé faoi na laethe a chaith mé i gColáiste Sheosaimh, i Wilton Chorcaí, agus mé ag ullmhú don Ard Teistiméireacht, i ndaichidí na haoise seo caite, agus faoi na heachtraí a bhain dom, le linn na mblianta sin ó Mheán Fómhair 1942 go Meitheamh na bliana 1944. Ní gá a rá nár chaith muid ag ullmhú don Scrúdú céanna sin ach dhá bhliain, agus ní gá a rá, ach oiread, go raibh an-chuid oibre le déanamh againn, agus sinn ag fáil réidh don scrúdú poiblí sin, go háiraithe, nuair a chuireann tú san áireamh, nár chaitheamar ach dhá bhliain freisin, ag ullmhú don Mheán Teistiméireacht, agus cuir le sin, go raibh muid ag ullmhú don Mháithreánach freisin sa tréimhse chéanna sin idir 1942 agus 1944, agus tuigfidh tú ansin cé chomh gnóthach is a bhíomar, le linn na mblianta sin.

Ach b’fhiú an tairbhe an trioblóid, nó nuair a bhí an dá bhlain sin caithe againn sa Mheánscoil, agus an Ardteistiméireacht, agus an Máithreánach, gnóite againn, nár mhór ansin an chéim suas sa tsaol é dúinne an Mheánscolaíocht a fhágáil inár ndiaidh, agus aghaidh á thabhairt againn ar an Ollscoil, mar, ar bhealach, dár linne, ba chosúil le príosún í an Mheánscoil. Bhíomar gafa istigh ansin agus gan chead againn an áit a fhágáil, Domhnach nó Dálach, nó tada a dhéanamh nach dtoileodh na máistrí a bhí orainn chuige. Sea, agus an chathair mhór, álainn, ansin inár n-aice, agus gan chead againne blaiseadh de, olc, maith nó dona! Ach, ag freastal ar an Ollscoil! Bhuel, b’in scéal eile ar fad Bhí saoirse ag na mic léinn Ollscoile. D’fhéadfadh siadsan Coláiste Sheosaimh a fhágail ar maidin, agus bunús an lae a chaitheamh istigh san Ollscoil, sea, agus chomh maith le sin, bheadh cead acu siúl amach trí shráideanna na Cathrach, nó dul ar bhus, ó gheata an Choláiste i Wilton, agus a mbealach a dhéanamh síos chomh fada leis an gColáiste Ollscoile. Nár mhéanar go deo dúinn, dár linne! Nó anois, bhí an Útóipe sin sroichte againne, agus bhíomar cinnte, go mbainfeadh muid toit agus spórt as. B’fhéidir gur chóir a lua go raibh cónaí orainn i gColáiste Sheosaimh, i rith na bliana Ollscoile sin, ach má bhí fhéin, bhíomar saor ó smacht na scoile, bunús an ama, d’fhéadfá a rá!

Nár mhór an spórt é bheith ag roghnú ábhar don bhliain a bhí le caitheamh againn i gColáiste na hOllcoile, Corcaigh? Roghnaigh mé fhéin Loighic, Gaeilge, Béarla, Laidin, agus Tíreolaíocht, don chéad bhliain Ollscoile sin. Cláraíodh sinn mar mhic léinn, agus bheadh orainn cineál éide faoi leith, éide an mhic léinn, a chaitheamh, chuile bhabhta a bheadh muid ag freastal ar léacht, san Ollscoil sin. Nár mhór idir sin agus nósmhaireacht na meánscoile? Sea, mh’anam, bhí an bhuaic sroichte againn, i ndeireadh na dála!

Thaitin an staidéar agus na léachtaí go mór liom. Nár mhór an pléisiúr é bheith ag gabháil don léann?

“Aoibhinn beatha an scoláire

A bhíos ag déanamh léinn,

Is follas daoibh a dhaoine

Gur dó is aoibhne in Éirinn.”

Nár bhreá go deo an áit í an Ollscoil? Ba bheag nár bhain méad agus uimhir na Hallaí, agus na seomrai a bhí sa timpeall, radharc na súl díom. Ó, sea, agus an oiread sin mic léinn ag brostú leo thall agus abhus. Nár bhreá an radharc iad an hOllúna gona róbaí breátha, fairsinge, gradamacha, a fheiceáil ag seoladh leo chuig a seomraí. Sea, bhí an oiread sin léinn sa timpeall, go mbeadh sé éasca ag duine ar bith a dhóthain den earra céanna sin a phiocadh suas, ar a sháimhín só, cheapfá!

Chuir mé spéis ar leith sna hOllúna agus na léachtóirí a bhí agam fhéin. Cé d’fhéadfadh dearmadh a dhéanamh ar an Ollamh Daniel Corkery, scoláire agus scríbhneoir. Bíodh go raibh bunaois mhaith aige faoin am sin, mar sin fhéin, ní raibh cuma na haoise air, ach é éirimiúil, spleodrach, óigeanta. B’annamh a shuíodh sé síos, ach é ag bacadaíl thart, an t-am ar fad, nó bhí coiscéim bhacaí ann, an fear bocht. Fear tanaí, íseal, liath, beoshúileach, a bhí ann, agus feicim anois fhéin é, trí shúile na cuimhne, agus é ag aisteoireacht leis, trí ghníomh corraitheach eicínt de Mhacbeth, nó de dhráma eile le Shakespeare. Nár mhinic a thóg sé mo chroí, lena scileanna, lena gháire ainglí, lena Ghaelachas, agus an chaoi ansin a chuirfeadh sé in iúl dúinn gur bhain Shakespeare úsáid as focal áirithe, abair “Rome” an oiread sin uaireannta, sa ghníomh áirithe sin, a bhí idir chamáin againn an lá airithe sin. Lá eile, théadh sé ar thóir fhocail áirithe, focal Eislíseach, b’fhéidir, féachaint an raibh an focal sin beo fós, inár ndúthaigh fhéin, sa mbaile. Is cuimhin liom gur chaitheamar tamall ag tagairt don bhfocal Béarla sin, “mearing”, nó fainic nach meering a bhí aige, an focal a d’úsáidtí thiar, fadó, ar theorainn, go háirithe an teorainn idir dhá fheirm, agus ansin sílim gur cheangail sé an focal sin leis an bhfocal “Mír” sa Ghaeilge. Ó ba scoláire ildánach é Dan s’againne, gan aon agó. Bhí meas agus cion againn uilig air, agus lenár n-ómós dó a léiriú, ba bheag duine againn nach raibh leabhair Dan léite aige, leabhair ar nós The Hidden Ireland, The Hounds of Banba, The Threshold of Quiet, agus tuilleadh. Níl dabht ar bith ach go raibh Daniel Corkery ar dhuine d’údair mhóra a linne. Rud eile a chuireadh ionadh orainne, nó chomh cúramach agus a mharcáileadh sé ár n-aistí, nó cibé cleachtadh eile a leagfadh muid os a chomhair.

I gcás na Gaeilge, ba é an léachtóir a bhí againn nó Eamonn Ó Donnchú, deartháir do Thadhg Ó Donnchú (Tórna) file, agus arís, ba dhuine é a mhúsclódh grá don Ghaeilge i mac léinn ar bith, a shuíodh tamall ag a ghlúin. Cormac Ó Cadhlaigh a bhí ina Ollamh le Gaeilge, i gCorcaigh ag an am. Duine de scoláirí móra Gaeilge a linne, ba ea é, é ard scafánta, lán dínit, ach b’fhearr linne Eamonn. Ba náisiúnaí é Eamonn, agus b’fhurasta sin a thabhairt faoi deara ina chuid léachtaí. Nárbh é a chuireadh dánta a dhearthár, Tadhg, ina seasamh, ina steille bheatha, os ár gcomhair amach. Mar chuid den obair a bhí le déanamh againn, i rith an bhliain Ollscoile sin, bhí orainn freastal ar oiread áirithe seisiúin le Pádraic Ó Nuatáin, a d’fheidhmigh mar sheanchaí do Roinn na Gaeilge san Ollscoil Náisiúnta sin. Nár chiallmhar, fadcheannach, an nós ag Ollscoil ar bith é, a leithéid de leagan amach a bheith acu an tráth úd? Caithfidh mé a admháil gur bhain mé fhéin an-taitneamh go deo as scéalta Phádraic, nó ba dhuine é, a raibh seanchas agus stair a dhúthaigh fhéin de dhlúth agus d’inneach ann. Nárbh é a d’fhéadfadh scéal an Athar Peadar a ríomh go binn agus go blasta? Agus nárbh aige a bhí an Ghaeilge líofa, chruinn, bhlasta? Nach aige a bhí stair agus seanchas na gCárrthach go cruinn, ceart, ó thús deireadh? B’iomaí uair a chloig a chaith mé i seomra na ndaltaí, ag éisteacht le Pádraic ag eachtraíocht dúinn ar a mhíle dhícheall, agus bíodh go mbíodh sé ag dul siar ar stair na muintire, go cruinn, cúramach, thuigfeá, ag an am gcéanna, go raibh súil eile aige i gcónaí ar stíl agus ar chruinneas a chuid cainte.

Bhí Ollamh iontach againn don Loighic, an Dochtúir Séamas, nó “Dr. James,” mar a thugtaí de ghnáth air, agus tuigeadh dúinne, nach raibh déchosach beo ar thalamh na cruinne, a bhí inchurtha leis. Ba é a mhúin dúinn castacht agus cinnteacht an réasúin daonna. Ba é a leag síos dúinn na bealaí le siollóg a thógáil, nó nárbh ‘in an bealach ba chinnte le cur lenár stór eolais. Agus léirigh sé dúinn an chaoi ar luigh sé le réasún, dul ón dteoiric ghinearálta go dtí an argóint aonair, mar shampla, luíonn sé le réasún a dhearbhú go bhfaighidh Seán bás, má dhearbhaím, i dtosach, go bhfaighidh chuile dhuine bás, agus gur duine é Seán. Caithfidh mé a admháil anois, nár chaill mé mo shuim riamh sa Loighic chéanna sin, agus a bhuíochas sin don Sagart oilte, eolgaiseach, ildánach sin, an Dochtúir James.

Fear eile a chuaigh i gcionn go mór orm, le linn na bliana sin a chaith mé in Ollscoil Chorcaí, ba ea Dan Treston, an tOllamh le Laidin a bhí inár mbun, an bhliain sin. Claisicíoch, agus scoláire den scoth ba ea é, agus é foighdeach, cineálta, leis. Cuma cé chomh holc is a bheadh do phíosa Laidine, ba é adeireadh an tOllamh ildánach sin nó nach mbainfeadh Cicero úsáid as tógáil dá leithéid, ach go raibh chuile sheans ann, go ndéarfaí a leithéid de dhrochLaidin áit eicínt san Impireacht Rómhánach, fadó! Nár charthannach, fial, an dearcadh é sin? Ach, ag an am gcéanna, d’fhéadfadh duine eile a rá, go mba ghéar, binbeach, an teanga a bhí ag an bhfear céanna sin, nó go raibh an chloch sa mhainchille aige, agus é ag cur do chuid Laidine-se i gcomparáid leis an Laidin ba thuataí a labhradh riamh. Sea mh’anam, bíonn an dá thaobh ar chuile scéal, nach mbíonn?

Agus anois, cé a bhí againn mar Ollamh Tíreolaiochta? Sílim gur O’Connell a bhí air, agus arís, ba dhuine é, a chuaigh i gcionn go mór orainn uilig. Rinne sé ábhar spéisiúil, spreagúil, den tíreolaíocht. Suas go dtí an pointe sin, b’ábhar tur, tuirsiúil, tirim, é an tíreolaíocht chéanna sin, ach d’oscail an tOllamh Ó Conaill fuinneoga fairsinge ar iontaisí an ábhair sin dúinn. Bhíodh grianghrafanna, scannáin, agus téipeanna, aige á léiriú dúinn, ina halla, agus ba mhór a chuaigh siad sin i gcionn ar chuile dhuine againn, agus in éineacht le sin, thóg an tOllamh O Connell amach faoin dtuaith sinn, le hiontaisí na tíre seo a léiriú dúinn, chomh fada is a bhain siad lena ábhar fhéin. Thug sé sinn amach le bruacha abhann na Laoi a iniúchadh. Lá eile, bhíodh ár gcuairt ar Ghleann na Laoi, agus mar sin dó, go dtí go raibh tuiscint mhaith againn ar na cúrsaí éagsúla a bhí idir chamáin aige, ina léachtaí. Mhúscail an tOllamh céanna sin ár spéis sa mheitéareolaíocht, agus sna prionsabail atá taobh thiar de chúrsaí aimsire, freisin. D’fhéadfá a rá, gur éirigh leis an bhfear céanna sin muid a chur faoi gheasa lena scileanna, lena chur chuige, agus lena léann. Sea, agus chomh maith le sin, b’fhear deas, cineálta, lách, carthannach é, agus fear a chuaigh i gcionn go mór ar a mhic léinn. Ba dhuine uasail den scoth é dár linne, mic léinn.

Tar éis dom an oiread sin dem chuimhní ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, a thabhairt chun cruinnis anois, feictear dom, go ndeachaigh an bhliain sin i gcionn go mór orm, nó bhí mé ábalta ainmneacha na nOllamh, agus na léachtóirí, a bhí inár mbun, a thabhairt chun cuimhne, agus chomh maith le sin, bhí ar mo chumas, dul ar ais ar chuairt chuig na hallaí inar oileadh sinn, agus ar chuid áirithe de na rudaí breise a cuireadh ar siúl, ar mhaithe linne, mic léinn.

Rud eile inar chuir mé fhéin an-spéis ar fad, ba ea na léachtaí speisialta a chuirtí ar siúl dúinn, taobh amuigh ar fad den obair acadúil a bhíodh idir lámha againn ag an am. Is cuimhin liom Liam Ó Briain, ó Choláiste na hOllscoile, Gaillimh, ag teacht ar chuairt chugainn, le léacht a thabhairt, ar an bpáirt a ghlac sé fhéin i mbunú an Stáit s’againne. Chuaigh a Ghaeilge agus a smaointe i gcionn go mór ormsa. Ba chosúil le gála aniar é, ag glanadh smionagar agus truiféis na meán as béal an phobail. Sea, ba dhuine ar leith é Liam Ó Briain.

Fear eile a chuaigh i gcionn go mór orm ba Alfred O’Rahilly, Uachtarán Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, ag an am. Thugadh an tOllamh Ó Rathaille sraith léachtaí uaidh, sa Charghas, chuile bhliain, faoi chéasadh ár Slánaitheora ar an gCrois, agus an chaoi nach bhféadfadh na tairní a bheith díreach mar a bhíonn siad de ghnáth sa chrois chéasta. Níor chuir sé ionadh ar bith orainne, nuair a chuaigh Alfie sna sagairt, i ndeireadh na dála, agus gur chríochnaigh sé a shaol, agus a ré, mar shagart.

Níl mórán eile le rá agam, an babhta seo, faoin mbliain úd a chaith mé san Ollscoil, i gCorcaigh, ach amháin a rá, gur mhór go deo an difear a bhí idir na ranganna a bhíodh againn sa Mheánscoil agus na léachtaí ar ar fhreastail muid, san Ollscoil, agus ceann de na difríochtaí ba mhó a bhí eatarthu, nó go raibh cailíní, agus mná óga, ar an bhfód, ag na léachtaí Ollscoile, sa bhliain acadúil sin 1944-’45. B’in an chéad uair againne bheith i láthair ban óg, agus sinn i mbun staidéir agus oibre, agus ba mhór ar fad a thiochar sin orainn. Cuimhnigh freisin go raibh an chuid ba mhó againn ag tarraingt ar naoi mbliana déag, ag an am, ach gan chleachtadh dá laghad againn ar an saol mór a bhí thart orainn. Ní raibh gliceas sráide, nó tada dá leithéid foghlamtha fós againn, agus ní haon ionadh mar sin, is dócha, go bhféadfá a rá, gur thit roinnt mhaith againn i ngrá leis na mná óga, áille, céanna sin, bíodh nach raibh sa titim chéanna sin ach cur i gcéill, ó tharla go raibh muid ag treabhadh linn i dtreo na haontumhachta, ag an am gcéanna sin, ach cibé ar thit, nó nár thit, níor tharla tada dá bharr, nó b’úlla na haithne dúinne iad na cailíní óga, áille, céanna sin, úlla nach raibh cead againne dul ina ngar, nó blaiseadh díobh, olc maith nó dona. Bhuel, nach raibh na cithfholcthaí fuara againne le teocht na hormón buile úd a ísliú dúinn, sa tráthnóna thiar, dá mbeadh aon ghá lena leithéid! Mo chuidse de, maireann cuimhne na laethe úd glas liom go fóill, sea, agus maireann cuimhne na mban óg, álainn, úd, liom freisin, agus ar ócáidí áirithe, is beag nach bhféadfainn a n-aghaidheanna dathúla a fheiceáil ar scáileán na gcuimhní, fiú!

Fad is a bhí mé ag freastal ar an Ollscoil sin Chorcaí, bhí deis agam, aithne a chur ar chluichí áirithe freisin, cluichí nach bhfaca mé fhéin á n-imirt riamh roimhe sin, cluichí ar nós rugbaí, agus haca, maraon le camógaíocht, agus ní call dom a rá, gur bhain mé taitneamh agus spraoi as bheith ag féachaint ar na cluichí céanna sin á n-imirt, ar fhaichí na hOllscoile.

Sea, d’fhoscail Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, na súile dom, agus thug dom freisin mo chéad radharc ar an saol comhaimseartha, nó ní raibh aon chleachtadh agamsa ar an gcineál sin saoil, roimhe sin. Tógadh mise mar bhall de shochaí mheánaoiseach, agus fuair mé mo chuid meánscolaíochta i gcliarscoileanna, a raibh beatha na mainistreacha meánaoiseacha á gcleachtadh iontu. Nár mhór an oscailt súl é, mar sin, don ghasúr Iorrasach, seal a chaitheamh, ag an aois sin, i bhflaitheas léinn dá leithéid? Bhí a rian orm, nó ón am sin i leith, samhlaíodh domsa, go mba shaoránach den chathair cheannairceach sin mé.

Thug mé cuairt ar Chorcaigh, blianta fada ina dhiaidh sin, agus bhain an chuairt sin dán beag i mBéarla asam. B’fhéidir nárbh olc an tseift í, cupla véarsa as a shníomh isteach anseo…

         Lusty Lee.

.

Lusty Lee of yester-year,

I pace your banks once more,

To see if you can thrill me still,

With curve and nook and shore.

.

You toss up with abandon,

Memories long long dead,

Like tresses of a past year,

Around my aching head.

.

My God, you never lost it,

My heart still jumps for joy,

To see your plunging smoothness,

Through the clear eyes of a boy.

.

The thoughts you rouse are painful,

The heart you stir, now sad,

Be gentle Lee, be kindly,

For I loved you as a lad.

.

Leor sin do thuras na huaire seo, ach beidh tuilleadh le rá agam sa chéad chaibidil eile, nuair a bheidh mé ag cur síos ar na blianta a chaith mé im nóibhíseach, i “Cloughballymore”, Cill Cholgáin, i gContae na Gaillimhe, mar ar chaith mé dhá bhliain im’ nóibhíseach ag foghlaim ceird na cráifeachta agus na naofachta!

en_USEnglish