sclaimh, a bite; cumhach, homesick; lena gcomhaoisigh, with their contemporaries; gan dochma, without privation; feitheoireacht,supervision; gan aon agó, without a lie; tairbhe, benefit; ag cur thar maoil, overflowing; damhán alla, a spider.

  .

A New Life

.

Peadar Bairéad

.

Bhí deireadh go deo leis na seanlaethe, nó bhí saol nua tosaithe agam anois. Ní raibh gá ar bith feasta bheith dom ullmhú fhéin don saol a bheadh romham ar na Misin san Aifric, nó bhí a mhalairt de ród roghnaithe agam le taisteal anois. Faoi mar a chuir an File é, fadó,

“Múineadh scoile ab obair dom laethe,

Is tá’s ag an saol gurbh fholamh an cheird í.”

Sea, mh’anam, agus bhaineadh sí sclaimh mhaith as m’oícheanta freisin, nó bhíodh an t-uafás obair cheartúcháin agus ullmhúcháin le déanamh agam, an tráth sin, ach sin ráite, bhíodh taitneamh le baint as an sclábhaíocht sin uilig freisin, nó, i ndáiríre, is deacair slí bheatha níos taitneamhaí ná an mhúinteoireacht a fháil, nó nuair a éiríonn le do dhaltaí, éiríonn leatsa freisin, tríothusan.

Scoil chónaithe ba ea Coláiste Mhuireadhaigh, agus ba scoláirí cónaithe bunús na ndaltaí a bhíodh againn sa Choláiste céanna sin, an tráth úd. Ní bhíodh saoire dheireadh seachtaine acu, nó aon tsaoire lár-téarma, ach oiread. Théadh na daltaí isteach ansin i dtús Mheán Fómhair, agus ní raghaidís abhaile arís go dtí an Nollaig. Nár chrua an cás é ag dalta chéad bliana, agus gan é ach thart ar dhá bhliain déag d’aois, ag an am? Níl dabht ar domhan, ach go mba chrua an saol é ag gasúr ar bith, agus níl dabht ar domhan, ach oiread, ach gur luigh an dán sin go trom ar bhunús na scoláirí cónaithe, a bhíodh ag freastal ar na Coláistí Cónaithe, ag an am sin, ach caithfear a chur san áireamh, agus an scéal seo idir chamáin ag duine, go raibh an saol mór fhéin, a bhí thart orainn, dian go maith ar óg agus ar aosta, an t-am sin. Bíodh sin fíor bréagach, ba bheag an sólás é sin don ghasúr óg, agus é cumhach, deorach, i ndiaidh a mhuintire. Caithfidh mé a admháil, go mbíodh trua agam do na gasúir chéanna sin, ach, ag an am gcéanna, le himeacht aimsire, d’imíodh an cumha deorach céanna sin, agus shnadhmadh na gasúir sin caradas lena gcomhaoisigh, agus dár ndóigh, bhíodh deis ag na tuismitheoirí teacht ar chuairt chucu, anois agus arís, lena gcroí a thógáil, agus le hualach asail de dheasa deasa a iompar isteach chucu! Sea, bhíodh cluichí agus caitheamh aimsire acu, bhíodh ceachtanna agus staidéar, bhíodh béilí agus am saor acu, le toit agus taitneamh a bhaint as an saol, agus nuair a chuirfeá na tionchair sin uilig le chéile, is iontach mar a d’éiríodh leo carachtar agus pearsantacht na ndaltaí a fhorbairt agus a sciomradh, a shnasadh agus a dhealbhú, sa tslí, tar éis dóibh a dtéarma a chur isteach ag freastal ar an gColáiste, go mbeifeá bródúil as chuile mhac an pheata acu, geall leis.

Winning, not everything

Labhair mé faoi na cluichí, agus gan dabht ar domhan, ba chuid tábhachtach de shaol an scoláire iad na cluichí céanna sin, agus lena scileanna sna cluichí sin a chruthú, bhíodh cluichí comórtais acu le Coláistí eile. Uaireanta thagadh siadsan chugainne, lena bhfoireann agus lena lucht leanúna, idir mhúinteoirí agus daltaí, agus geallaimse dhuit é go mbíodh spórt agus spraoi againn ag na cluichí céanna sin, ach má bhí fhéin, níor dhada é sin i gcomórtas leis an bhféasta a bhíodh againn i ndiaidh an chluiche chéanna sin. Bhíodh nua gach bidh agus sean gacha dí ar bord againn, gan gorta gan dochma, sea, agus múchadh ár dtart go fial is go flaithiúil dúinn, freisin. Ba é an nós a bhí ag Coláiste Mhuireadhaigh, ag an am sin, nó gan aon pháirt a ghlacadh sna Comórtaisí Oifigiúla, nó dár leo, mharódh comórtas dá leithéid spiorad an spóirt i gcroí na ndaltaí, agus tuigeadh d’Údaráis an Choláiste, go mba olc an margadh é sin ag aonach ar bith. Agus mar fhonóta, b’fhéidir go bhféadfadh duine a rá go raibh tionchar ag an dearcadh céanna sin ar dhearcadh Mhaigh Eo ar Chomórtaisí Peile, anuas go dtí an lá atá inniu fhéin ann. Tuigtear dóibhsean, gurbh é an ghné is tábhachtaí den imirt, nó taitneamh a bhaint as, agus má bhuann tú, bhuel sin rud sa bhreis, ach is é an chuid is tábhachtaí nó srian a ligint le do scileanna imeartha, agus led’ shamhlaíocht, i spiorad an chluiche fhéin. Agus cé déarfadh nach raibh cuid mhaith den cheart acu?

Supervising Examinations in Dublin

Ag deireadh mo chéad bhliana sa Choláiste, chuir mé isteach ar Fheitheoireacht a dhéanamh ar na Scrúduithe Teistiméireachta. Fuair mé an post sin, agus cuireadh i mbun oibre mé i Scoileanna Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath. Anois, bíodh go ndeachaigh mé trí Bhaile Átha Cliath cupla babhta roimhe sin, b’in an chéad uair agam cur fúm tamall sa chathair sin. Fuair mé loistin i ngar don Scoil, agus bhí mé ar an bhfód go breá luath, chuile mhaidin, le dul i mbun mo dhualgais mar Fheitheoir. Ba ghearr gur thug mé faoi deara an difríocht ollmhór a bhí idir an Scoil seo, agus an cineál meánscoile, a raibh cleachtadh agamsa uirthi. Tuigeadh dom, nár ró-spéis le húdaráis na Scoile mé, dubh, bán, nó riabhach, agus níor mhothaigh mé go raibh aon ró-dhifir idir na húdaráis sin, agus na daltaí a bhí faoina gcúram acu. Tuigeadh dom freisin, go raibh an rogha ceart déanta agam, nuair nár thóg mé post múinteoireachta sa chathair, go dtí go mbeadh tuilleadh taithí agam ar cheird na múinteoireachta!

Mór idir inné agus inniu! Tharla oíche amháin, tráth raibh mé ag feitheoireacht i Scoileanna Uí Chonaill, san Ardchathair, go ndeachaigh mé amach, i gcomhluadar duine eicínt, go himeall thuaidh na cathrach. Ar bhus isea chuaigh mé, ach bhí ceataí sa scéal, nó nuair a thosaigh mé ar mo thuras arais go lár na cathrach, thug mé faoi deara, go raibh na busanna deireannacha bailithe leo! Bhuel, ní raibh an dara rogha agam, nó ó tharla nár smaoinigh mé fiú ar thacsaí, bhí orm dul abhaile de shiúl na gcos. D’éirigh go breá liom, ar feadh scathaimh, ach ar deireadh thiar, chuaigh mé amú!

Lost, at night, on Dublin Streets

Bhí mé caillte istigh i ngréasán casta, achrannach, na sráideanna, i ngréasán a bhí thart orm anois, faoi mar a bheadh téadracha iomadúla dhabháin alla. Ar ball beag, chonaic mé scata fear ina seasamh, ag comhrá, ar thaobh sráide. Déarfainn go raibh thart ar sheachtar acu ann. Rinne mé orthu, gan faitíos, nó eagla orm, agus mhínigh mé mo chás dóibh. D’éist siad liom, agus nuair a bhí mé críochnaithe, rinneadar chuile iarracht mé a chur ar an eolas, agus chuile shórt a mhíniú dom, sa chaoi go raibh ar mo chumas a dtreoracha a leanúint, agus Cúinne na gCúig Lampaí a bhaint amach, gan dua. Níor stró ar bith orm an teach lóistín a bhaint amach ansin. Ach, nuair a smaoiním anois ar an oíche sin, agus nuair a dhéanaim cúrsaí an tráth úd a chur i gcomórtas le saol an lae inniu, is ansin a fheictear dom, gur mór go deo idir inné agus inniu. Dá ndéanfainn inniu, faoi mar a dhein mé an t-am sin, an gceapfá go dtiocfainn abhaile slán? Ní dóigh liom go ndéanfainn.

Wonderful Churchgoers

Sea, agus rud eile a thug mé faoi deara, nó an oireadh sin daoine a théadh ar Aifreann, chuile mhaidin, sa Ardchathair, an tráth úd. Ba bheag nach mbíodh na séipéil ag cur thar maoil, ag Aifrinntí na maidine. Caithfidh mé a rá leat, gur thaitin na Bleácliathaigh go mór liom, an tráth úd, nó dár liomsa, ba dhream soineanta, lách, cabhraitheach, iad, agus dream a bhí foighdeach, agus iad ag iarraidh méar an eolais a dhéanamh do lucht na tuaithe, tráth gcaillfidís a slí sa Chathair, agus b’in rud a tharlaíodh, minic go leor, an tráth úd. Sea, mh’anam, mór idir inné agus inniu.

Le críoch a chur le gála na seachtaine seo, ba chóir dom a lua, go ndeachaigh mé go mullach Bhinn Éadair i rith na tréimhse sin freisin. Ar an dTram, is ea chuaigh mé go dtí an Bhinn, agus caithfidh mé a rá leat, gur bhain mé taitneamh agus tairbhe as an lá breá, gréine, a chaith mé amuigh ansin, nó chaith mé seal freisin ag bádóireacht, thíos ag an gCé. Ba lá dem’ shaol é, gan aon agó.

Agus murab ionann agus an gnáth BhleáCliathach, d’éirigh liom barr Cholún Nelson a bhaint amach freisin. Lá breá, brothallach, greine, a bhí ann freisin, agus bíodh go raibh sé tuirsiúil go maith na céimeanna iomadúla sin a dhreapadh, ag an am gcéanna, b’fhiú an tairbhe an trioblóid, nó nuair a shroich mé an barr, bhuel, ba bheag nár bhain an radharc an anáil díom, nó leata os mo chomhair amach ansin, bhí Cathair ollmhór Átha Cliath, agus bhí radharc le fáil agam freisin, ar na cuanta sa timpeall, maraon le habhainn na Life, agus í ag sníomh a bealaigh trí nead siongán na cathrach, ar a bealach chun na farraige síos. Sea, fanann cuimhne an lae sin liom, anuas go dtí an lá atá inniu fhéin ann. Sin iad na cuimhní a ritheann liom anois, agus mé ag smaoineamh siar ar na blianta úd, a chaith mé mar mhúinteoir i gColáiste Mhuireadhaigh, i mBéal álainn an Átha, i gCaogaidí na haoise seo caite.

.

en_USEnglish